summaryrefslogtreecommitdiff
path: root/16122-8.txt
diff options
context:
space:
mode:
Diffstat (limited to '16122-8.txt')
-rw-r--r--16122-8.txt952
1 files changed, 952 insertions, 0 deletions
diff --git a/16122-8.txt b/16122-8.txt
new file mode 100644
index 0000000..7dd1bf5
--- /dev/null
+++ b/16122-8.txt
@@ -0,0 +1,952 @@
+The Project Gutenberg EBook of Leabhráin an Irisleabhair--III
+by "Chonán Maol", "Beirt Fhear", An tAthair Pádraig Ó Duinnín, agus "Gruagach an Tobair"
+
+This eBook is for the use of anyone anywhere at no cost and with
+almost no restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or
+re-use it under the terms of the Project Gutenberg License included
+with this eBook or online at www.gutenberg.org
+
+
+Title: Leabhráin an Irisleabhair--III
+ Seanaid na nGaedheal
+
+Author: "Chonán Maol", "Beirt Fhear", An tAthair Pádraig Ó Duinnín, agus "Gruagach an Tobair"
+
+Release Date: June 23, 2005 [EBook #16122]
+
+Language: Irish
+
+Character set encoding: ISO-8859-1
+
+*** START OF THIS PROJECT GUTENBERG EBOOK LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR--III ***
+
+
+
+
+Produced by Brendan O'Connor and the Online Distributed
+Proofreading Team at https://www.pgdp.net
+
+
+
+
+
+
+LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR.--III.
+
+
+[Illustration: Seanaid na nGaedheal]
+
+
+SCOIL GHAEDHEALACH.
+
+Aistí ó
+
+"CHONÁN MAOL," "BEIRT FHEAR," "AN tATHAIR PÁDRAIG Ó DUINNÍN," Agus
+"GRUAGACH AN TOBAIR."
+
+Ar n-a chur amach do CHONNRADH NA GAEDHILGE,
+
+Baile Átha Cliath.
+
+1903.
+
+
+
+
+CLÁR AN LEABHRÁIN SEO.
+
+
+ I. Scoil Ghaedhealach, ó "Chonán Maol."
+ II. Scoil Ghaedhealach, ó "Bheirt Fhear."
+III. Scoil Ghaedhealach, ó'n Athair Pádraig Ó Duinnín.
+ IV. Cuirtear Corc sa Bhairile feasta, a Uaisle, ó "Ghruagach an Tobair."
+
+
+
+
+RÉAMHRÁDH.
+
+
+Tháinig na haistí leanas annso amach i nIRISLEABHAR na GAEDHILGE, agus
+táimíd dá gcur i gcló arís le súil go ndéanfaid tuilleadh maitheasa,
+agus go gcabhróghaid chum brostughadh ar an lá go mbeidh scoileanna agus
+oideachas na hÉireann go fíor-Ghaedhealach.
+
+Is é an rud atá 'gár lot agus gar gcoimeád siar acht ná fuilimíd ag
+déanamh úsáid dár dteangaidh féin chum gach éan-tsaghas gnótha do chur i
+gcrích. Labhraimís Gaedhilg leis na leanbhaí scoile, múinimís ealadhna
+is eile dóibh tríd an nGaedhilg, is annsoin is gairid an mhoill go
+mbeidh Éire Gaedhealach amuigh 's amach.
+
+FEAR AN IRISLEABHAIR.
+
+
+
+
+I. SCOIL GHAEDHEALACH.
+
+
+Sula dtosnuighthear tigh, léirighthear an talamh, baintear an fód,
+rómharthar go bhfaightear bun daingean dlúth & cuirtear an
+chloch-chúinne annsoin. Támuid-ne ag léiriughadh na talmhan. Is gnó
+tairbheach é & gnó trom. Támuid ag árdughadh tighthe leis acht i n-ionad
+a gclocha cúinne do dhingeadh síos mar a bhfuil an chré ghlas chruaidh
+is eadh is baoghlach go bhfuilmíd 'gá gcur ar thalamh bhog do chritheann
+fá n-ár gcosaibh.
+
+Tá bun is na ceanntraibh Gaedhealacha agus má shuidhtear tigh air sin ní
+réabfadh gaoth ghuairneáin na nIndiatha Thoir na tigh sin.
+
+Measaim gur bh'iascaire d'árduigh an chéad tigh i mBaile-Átha-Cliath i
+bhfad ins na ciantaibh. Ní raibh aige chuige acht cleathacha adhmaid
+chum fallaí, & scrath an tailmh chum dín a thighe, acht as an gcéad
+thosughadh soin d'fhás Sráid Uí Chonaill mar a gcuireann Connradh na
+Gaedhilge fútha indiu.
+
+Cuirimís-ne leis tigh ar bun--scoil Ghaedhealach, i gceanntar
+Ghaedhealach--is cuma cá mbeidh sí suidhte, thiar, thuaidh nó theas,
+acht go mbeidh an áit Gaedhealach. Caidé an cuma is fearr chum a déanta?
+Is eól d'ár dtimthirí an áit is oireamhnaighe le n-a leithéid do chur ar
+bun acht dála na cuma is fearr chum an ghnótha do chur chum cinn bheinn
+buidheach do chách a chomhairle thabhairt dúinn.
+
+Dar liom-sa tá an scoil curtha suas cheana agus ní fhuil againn acht a
+cruth d'atharrughadh. 'Sí an scoil Bhéarlach úd í do thóg an sagart
+paróiste le cabhair an Bhuird Oideachais. Tá sé riachtanach orainn ar
+dtúis cead an tsagairt agus cead tuismidhe na leanbh d'fhagháil agus an
+scoil do cheannach ó'n mBord. Díolfaidh an bord í go mear má bheidh
+fhios aca go bhfuilmíd dáiríribh agus go bhfágfamuis a scoil 'n-a
+fotharach folamh aca chum scátha thabhairt d'uanaibh lá fearthainne.
+Muna bhfuil sí oireamhnach d'ár ngnó dhéanfainn ceann nuadh. "Cad do
+dhéanfar leis an máighistir mbocht atá annsúd?" adéarfaidh duine éigin.
+An méid seo go deimhin. Má tá fios a ghnótha aige, sé sin má tá sé 'n-a
+chumas Gaedhilg is léigheann maith do mhúineadh do'n aos óg, tógfar é ó
+smacht an Bhuird Oideachais, tabharfar tuarastal níos fearr dó ná tá
+aige agus coinghill freisin go bhfuighidh sé an tuarastal soin ar feadh
+a bheathadh acht a ghnó do dhéanamh go maith & aire thabhairt dó féin.
+
+Déarfainn gur bh'fhiú fear maith tuarastal 200 púnt 'sa mbliadhain, do
+mhúinfeadh an leanbh ó thosach i nGaedhilg, & do dhéanfadh clár oibre
+mar leanas:--
+
+GARSÚIN IS GEARRCHAILLÍ I n-ÉINFHEACHT AMUIGH IS AMACH LE SÉ BLIADHNA
+D'AOIS,
+
+An chéad bhliadhain:
+
+ Gaedhilg amháin is Teagasc Crióstuidhe.
+
+An dara bliadhain, & as soin go dtí an t-aonmhadh bliadhain déag:
+
+ Gaedhilg, Stair, Teagasc Críostuidhe, Áireamh, léar-eólas,
+ Béarla--gach nídh múinte thre Ghaedhilg.
+
+An t-aonmhadh bliadhain déag:
+
+ Ealadhna eile, Tómhas Cruinne, & Úclid.
+
+Ó'n t-aonmhadh bliadhain déag suas:
+
+ Caithfear bean-mhúinte do sholáthar do na cailíníbh i dteannta
+ an mháighistir, do mhúinfidh Fuagháil, Cniotáil, Nigheachán,
+ Cócaireacht is gach nídh do bhaineann le tigh, is le
+ héanlaithe.
+
+Ba chóir go bhfuighthidhe a leithéid sin de mhúinteóir ar chéad go leith
+'sa mbliadhain & ar an oiread céadna fear do mhúinfeadh míniughadh
+talmhan do na buachaillíbh.
+
+ Caithfear trí acra do cheannach cois na scoile i gcóir gach
+ saghas míniughadh talmhan do mhúineadh dhóibh ní amháin as
+ leabhraibh acht as obair lámh. Is leis na haosánaigh toradh na
+ talmhan soin & cuirfear i dtaisce dhóibh a luach, mar díolfar
+ ar an margadh na barraí.
+
+Is é míniughadh talmhan an t-eólas is oireamhnaighe d'ár ndaoinibh
+indiu. Níor múineadh fós dóibh é, agus tá a rian air, támuid creachta ag
+tíorthaibh deórata toisc nach bhfuil an t-eólas cruinn againn le sochar
+do bhaint as an dtalamh. Deir fir eólacha go mbainfidhe a chúig n-oiread
+sochair as an dtalamh so againn is baintear as indiu. Dá mbainfidhe féin
+ba bheag an bhrigh dhúinn-ne é mar bheadh sé go dtí seo ag an bpéist sin
+an máighistir talmhan. Tá breacadh an lae chughainn ámh, agus is mithid
+d'fheirmeóiríbh na hÉireann iad féin do ghléasadh. Tá daoine eile
+lasmuigh ag déanamh airgid as a gcuid talmhan agus ár dtír-ne ag dul
+chum fiadhantais.
+
+Thall i nAlbain an t-am so de bhliadhain is gnáthach le feirmeóirí na
+scioltháin do chur i mboscaíbh istigh i dtighthibh agus ithir is
+aoileach do chur leó go séideann na bog-ghais thre shúilibh na sciolthán
+soin. 'Sa mhí seo chughainn sáithfear na scioltháin sin i dtalamh is
+beidh prátaí nua san Abrán atá chughainn aca súd. Chonnac fiche púnt dá
+thabhairt ar thonna prátaí nua roimh Bhealtaine i gcathair Lúnduin. Ní
+áiteómhadh an saoghal orm 'ná go bhfuil sé i gcumas feirmeóirí na
+hÉireann an rud céadna do dhéanamh. Tháid siad chomh gasta is chomh
+críochnamhail leó súd thall, acht amháin nach bhfuil eólas mínighthe
+talmhan aca. Ní féidir leó dá réir sin dhá bharra prátaí do bhaint as an
+dtalamh i n-éin-bhliadhain amháin & an leasughadh ceart do chur ar n-ais
+ann gcás ná raghadh an talamh soin i ndísc.
+
+"An as scoilín Gaedhealach do mheasann tú an t-eólas soin do mhúineadh
+do na feirmeóiríbh?" adéarfaidh duine éigin, is é ag leamh-gháiridhe. Go
+réidh, a dhalta. Ni fhuil síol-chnó na daire chómh mór le méaracán, acht
+féach ar bhile na coille d'fhásann uaidh, a cheann go hárd, a phréamha
+go doimhin, a chabhail thoirteamhail, a ghéaga reamhra, righne. D'fhás
+an crann uaibhreach soin as beagán, ní raibh deabhadh 'ná deithneas air,
+acht níor staon sé riamh gur fhás sé. Féach go cruinn air, is
+machtnuigh!
+
+D'éis an chéad scoil Ghaedhealach do chur ar bun & taithighe bheith
+againn ar an ngnó, is féidir linn scoileanna eile d'fhagháil mar a
+múinfear gach uile chéird do theastóchaidh uainn i nÉirinn, mar atá
+leasughadh leathair, gréasuidheacht, figheadóireacht, táilliúireacht,
+siúinéireacht, & cearda eile. Cuirfear árdscoil ar bun i mBaile Átha
+Cliath, nó gCorcaigh, nó i nGaillimh, le haghaidh gach ealadha
+thairbheach do mhúineadh as Gaedhilg do'n aos óg do thoghfar as na
+scolaibh Gaedhealacha. Chuir ár sinsir scoileanna na Teamhrach is
+Chluana, Bheannchoir is Árdmacha ar bun, & leath a gcáil ar fuid an
+tsaoghail. Tá an fhuil chéadna ionnainne. Misneach, a chlann ó! Is
+linn-ne tír gheal-innseach na hÉireann, & is gearr go mbeidh sí againn
+le congnamh Dé.
+
+ * * * * *
+
+ Mar a gcuireann C. na G. fútha, _where the G.L. put up
+ (reside)_. Tuismidhe, _parents_. Áireamh, _Arithmetic_.
+ Léar-eólas, _Geography_. Tómhas Cruinne, _Geometry_. Míniughadh
+ talmhan, _Agriculture_. Aosánaigh, _youngsters_. Tíortha
+ deórata, _foreign countries_. Scioltháin, _"cut" potatoes for
+ seed_. Ithir, _earth-mould_. Ní áiteomhadh &rl. _The world
+ would not persuade me_. Críochnamhail, _industrious_. Síol-chnó
+ na daire (no darach), _the seed nut of the oak, acorn_.
+
+CONÁN MAOL.
+
+
+
+
+II. SGOIL GAEDHEALACH.
+
+
+Tá an ceart ar fad ag Conán Maol. Teastuigheann sgoil Ghaedhealach
+uainn. Ní múineadh atá againn i nÉirinn anois acht creachadh, & tá a
+rian orainn. Tá an donas a' teacht ar ár dtír. Ní'l againn acht
+bliadhain níos measa 'ná a chéile. Tá muinntir na tuaithe a' scaipeadh
+agus a' meathadh, & tá na sráid-bháiltí beaga ag dul i n-olcas gan
+aonach gan margadh foghanta.
+
+Féachaimís ar an dtalamh agus ar churadóireacht na tíre. Tá an chuid is
+mó de'n talamh leath-bháithte le huisge, & ní hamháin an talamh ísiol
+acht leicne árda. Is ortha tá na barraí breaghtha luachra a' fás & gan
+duine ná daoine a rómharfadh díog chun iad a thiormughadh. Féach
+feirmeóirí na hÉireann a' díol a gcod' coirce ar dhá theistiún an chloch
+& a' tabhairt sgillne ar _Castalia_ nó ar rud éicint eile go bhfuil ainm
+mhór air.
+
+Féach ár dtír agus í maol ó chrannaibh. Nuair do b'fhéidir leis na
+huaislibh crainn a chur níor chuireadar iad. Dá gcuirfidís ní bheidís
+anois mar bheadh bacaigh a dúthaigh ag iarraidh déarca ar Bhuindeam.
+Bheadh airgead i n-a bpócaíbh aca & bheadh obair ag lucht oibre atá
+anois a' teitheadh as Éirinn. Agus cad is cionntach leis seo? An saghas
+tabhairt suas a fuaireadar. Níor cheap éinne go mba cheart d'uaislibh na
+hÉireann eólas do bheith aca ar thalamh na hÉireann. 'Seadh! tá toradh a
+ndeagh-oibreacha aca anois, & is baoghlach liom-sa nach ag dul i
+bhfeabhas a bheidh an sgéal aca feasta.
+
+Acht cad deir an feirmeóir? Ceapann seisean ná fuil éan-mhaitheas i
+gcrainn acht iad do ghearradh & a dhóghadh. "Ní'l siad acht a' sughadh
+brighe an tailimh." Ní baoghal dó-san crann a chur. Gearrann sé an crann
+mar gheall ar a bheith 'sa' tslighe air, acht bíonn na mílte feóchadán &
+geósadán a' fás i n-a pháirc aige.
+
+Nuair a bhí sé seo 'n-a gharsún a' dul ar sgoil fuair sé árd-mhúineadh.
+Bhí fhios aige cia'ca an cnoc is aoirde 'sa' domhan. Do 'neósfadh sé
+dhuit an méid uisge ghabh le fánaidh le bliadhain i n-abhainn mhóir
+íochtair Aimeirice, & bhí cúnntas cruinn aige ar athair agus ar mhathair
+ríogh bhí 'sa' Róimh na mílte bliadhan ó shoin. Badh dhóigh le duine gur
+adhbhar captaín a bhí 'sa' gharsún agus an saghas foghluim a fuair sé ar
+sgoil. Nár chóir go mbeadh an bheag nó an mhór d'eólas le fagháil aige
+ar an tslighe bheathadh bhí i ndán dó. Acht ní mar sin a bhí. Chonnaic
+sé na crainn a' fás; chonnaic sé an duilleabhar a' séideadh ins an
+Earrach & a' tuitim 'sa' bhFoghmhar; acht níor chuir éinne 'n-a cheann
+ná raibh ó'n gcrann úd ar thaobh an bhóthair acht greim fhagháilt ar an
+dtalamh & go mbeathóchadh an t-aer é.
+
+Is cuimhin liom-sa sean-daoine nár chaith lá riamh ar sgoil, & geallaim
+& deimhinghim gur mó an t-eólas a bí aca ar churadóireacht & ar
+nidhthibh a bhaineann le saothrughadh na talmhan 'ná bhíonn anois aca so
+a chaitheann na bliadhanta ar sgoil.
+
+Ní héin-iongnadh an sgéal a bheith mar seo ag ógánaigh na haimsire seo.
+Tagann mórán d'ár gcuid eólais chughainn ó dhúthchas. Pé eólas a bhí ag
+ár seacht-sinsearaibh is i nGaedhilg do b'fhéidir leó é chur i n-umhail
+dá gclainn; acht ní raibh éin-mhesa aca-san ar Ghaedhilg. Chaitheadar
+uatha í, & i n-a theannta sgaradar le heólas na sean-daoine a tháinig
+rómpa. B'fhéidir go raibh beagán d'eólas a shinsear ag an bpáisde ar
+dhul ar sgoil dó ar dtúis. Acht, má bhí, níor b'fhada gur stracadh as na
+préamhachaibh an t-eólas so, & má fhágadh éan-chuid de gan stracadh, do
+múchadh é le carta an Bhéarla sara raibh an leanbh leath-bhliadhain ar
+sgoil. Thug na múinteóirí iarracht ar síol an Bhéarla a chur. Ní raibh
+an ithir ró-oireamhnach, & ba mhinic an síol go holc, & ba mheasa é an
+leasughadh, & b'é deireadh an sgéil é gur fhág an sgoláire an sgoil & é
+gan Bhéarla gan Ghaedhilg.
+
+Bhfuil leigheas le fagháil ar an aicíd seo? Tá, gan amhras. Tá an
+leigheas ag an ndorus againn. Tá an leigheas i dteangain ár sinsear.
+Moladh le Dia! tá an leigheas ag oibriughadh anois. Tá síol curtha i
+n-ithir mhaith. Ba mhaith linn-ne dá bhfeicimís an geamhar a' teacht
+suas níos treise & níos tiugha 'ná atá sé. Acht bíodh foidhne againn.
+"Tagann gach maith le cáirde," & "I ndiaidh 'chéile dhéantar na
+caisleáin." Beidh barra maith againn fós, le congnamh Dé.
+
+Ní doig liom féin gur tháinig an t-am fós chun Sgoil Ghaedhealach
+"Chonáin Mhaoil" a chur ar bun.
+
+'Sé is ceart dúinn úsáid a dhéanamh des na sgoileanna atá againn. Má is
+maith leis na stiúrthóirí é, is féidir leó Sgoil Ghaedhealach a dhéanamh
+d'éan-sgoil atá fútha. Anois ní fuláir nó tá sagart le fagháil i
+Gceanntar Ghaedhealach a chuirfeadh Sgoil Ghaedhealach ar bun. Agus muna
+bhfuil a leithéid seo le fagháil, cuirimís sgoil oidhche suas. Tá
+airgead le fagháil ó'n Riaghaltachas ar an obair seo. Is féidir linn-ne
+greim fhagháil ar chuid de chun na Gaedhilge a mhúineadh & ní dóigh
+liom-sa go bhfuil aon scairt 'sa' bhearnain le cosg a chur orainn.
+
+ "An té ná bíonn láidir
+ Ní fuláir do bheith glic."
+
+Ní'lmid-ne láidir fós, & nuair ná fuilmid, 'sé is fearra dhúinn a
+dhéanamh 'ná greim a bhreith ar gach buntáiste & úsáid a dhéanamh díobh
+ar son na Gaedhilge.
+
+"Glac a bhfaighir & díol a bhféadfair."
+
+BEIRT FHEAR.
+
+Gluais.
+
+Creachadh, _spoiling_. A' scaipeadh & a' meathadh _scattering and
+decaying_. Sráid-bhailtí, _villages_. Leicne árda, _high hill-sides_.
+Dhá thuistiún an chloch, _eightpence a stone_. Maol ó chrannaibh, _bare
+of trees_. Crainn a chur, _to plant trees_. Ag iarraidh déarca, _seeking
+alms_. Cad is cionntach, _what is to blame for this_. Tabhairt suas,
+_up-bringing, education_. Ní baoghal dó-san crann chur, _no fear of his
+planting trees_. Cia'ca an cnoc is aoirde, _which is the highest
+mountain_. Ghabh le fánaidh, _went down_. An bheag nó an mhór d'eólas,
+_some little or much knowledge_. Curadóireacht, _agriculture_. Is i
+nGaedhilg do b'éidir leó, _in Irish they were able to make it known to
+their children_. Stracadh as na préamhacha, _torn out of the roots_. An
+ithir, _the soil_. Geamhar, _young grass_. Scairt sa bhearnain, _a bush
+in the gap_.
+
+
+
+
+III. SCOIL GHAEDHEALACH.
+
+
+Is beag an mhaitheas dúinn bheith ag trácht thar Ghaedhilg & ag áiteamh
+ar dhaoinibh gur beó-theanga í muna bhféadfaimíd í shaothrughadh mar
+shaothruighthear gach beó-theanga 'san Eóraip. Is beag an mhaitheas
+bheith ag iarraidh smacht a chur ar dhaoinibh bochta gábhataracha, ar
+lucht iascaireachta, ar lucht sclábhaidheachta, is ar a leithéididhibh,
+bheith ag iarraidh maide a thabhairt dóibh muna labharfaid Gaedhilg iad
+féin is muna labharfaid Gaedhilg le n-a bpáistidhibh & bheith ag gearán
+ná fuil ruainne do'n Spioraid Ghaedhealaigh fágtha 'n-a measc nuair a
+mhothuightear an tuile ag trághadh & gan caoi ar chasadh aici. Is beag
+an mhaitheas é sin go léir muna bhféadaimíd gach nídh bhaineann le n-a
+ngnó saoghalta do mhúineadh dos na daoinibh i nGaedhilg. Muna bhfuil
+brigh 'san Ghaedhilg fé láthair acht chum iasc do chomhaireamh nó cearca
+do dhíol ar mhargadh nó déirc a lorg ó thigh go tigh nó fós chum amhráin
+shultmhara do chanadh le hais na teineadh, ní fada fhanfaidh fiú na
+bríogh soin féin innti, agus is beag an mhaitheas dúinn bheith ag
+gabháil dí agus ag tabhairt iarrachta ar í choimeád 'n-a beathaidh. Ní
+féadfaidh daoine bheith i gcomhnuidhe ag díol cearc nó ag comhaireamh
+éisc nó ag lorg na déirce--caithfear a lán rudaidhe nach iad a dhéanamh,
+& muna mbeidh sé i gcumas na ndaoine iad a dhéanamh i nGaedhilg déanfar
+i mBéarla iad agus léigfear an Ghaedhilg le fuacht is le faillighe. Má
+fhanann gach duine óg is aosta, a labhrann Gaedhilg is ná fuil tabhairt
+suas i mBéarla air, má fhanann sé 'n-a _illiterate_, má's éigin dó a
+mharc (×) a chur i bpáipéar i n-ionad a anma, má's éigin dó múinteóir
+Béarla d'fagháil dá chlainn nó iad a bheith 'n-a n-_illiterates_ mar é
+féin--má leantar do'n chleas soin, is gearr a bheidh a leithéidí sin d'
+_illiterate_ n-ár measc, is geárr a bheidh Béarla ag éinne acht
+drabhghail bheag gan bhrigh. Cad do ruaig an Ghaedhilg as Conntae
+Luimnigh, as Conntae Tiobrad Árann, as ur-mhór de Chonntae Chorcaighe,
+as Cathair Chorcaighe agus as conntaethibh is cathrachaibh nach iad? Cad
+do chuir an fán uirthi, ó aimsir an droch-shaoghail go dtí seo?
+'Neosad-sa díbh cad do chuir fán is ruagairt ar ár dteangain.
+Leath-chéad bliadhan o shoin nó ós a chionn bhí sí dá labhairt go
+flúirreach ag óg is aosta ar fuaid na Mumhan, & ba dhóigh le duine ná
+tiocfadh aon bhriseadh go bráth uirthi. Bhí filidheacht le fagháil
+aisti, bhí scéalta fiannaidheachta le fagháil aisti, bhí comhrádh suilt
+is grinn le fagháil aisti. Dar ndóigh ba mhaith an rud sain. Acht ní
+fhéadfadh daoine maireachtaint ar rannaibh filidheachta, is ní
+bhainfeadh eachtraidhe ar Oisín is ar Oscar an tart ná an t-ocras de
+mhuirighean óg neamh-chongantach. Níor féadadh dul chum cinn le gnó an
+tsaoghail gan tabhairt suas éigin oireamhnach, & ní raibh an tabhairt
+suas soin le fagháil i nGaedhilg, & bhí sé le fagháil i mBéarla. Dá
+bhrigh sin cuireadh an Ghaedhilg i leath-taoibh & tá a rian uirthi
+indiu. Tá an rud céadna soin ar siubhal fá láthair. Táthar ag cur na
+Gaedhilge i leath-taoibh d'fhonn tabhairt suas tairbheach d'fhagháil i
+mBéarla. Agus beifear dá cur i leath-taoibh go mbeidh sé 'n-ar gcumas
+teagasc oireamhnach tairbheach a thabhairt i nGaedhilg do'n aos óg a
+labhrann í do réir dhúthchais. Is maith an rud timthiridhe do scaoileadh
+amach fá'n dtuaith; is maith an sud craobhacha do chur ar bun annso is
+annsúd 'sna críochaibh Gaedhealacha. Ní'l aon locht agam le fagháil
+ortha, acht creid mise leis ní réidhteochaidh timthiridhe an cheist go
+lá an chunntais. Dá mbeadh timthire againn i gcóir gach sráid-bhaile nó
+gach baile Gaedhealach & gach timthire a bheith ag obair go dian
+dúthrachtach ó cheann ceann na bliadhna, dá mbeadh craobh do Chonnradh
+na Gaedhilge i ngach baile & na leabhair is deise 'san domhan dá gcur
+amach gach seachtmhain agus an ceól is bríoghmhaire i nÉirinn dá
+spreagadh agus an rinnce is anamamhla le fagháil fá ghléas againn--ní
+chuirfeadh na neithe sin go léir sonas ná bail ar ár dteangain dá mbadh
+rud é gur bh'éigin do'n aos óg iompódh ar an mBéarla chum an tabhairt
+suas d'oireann dóibh dá ngnó saoghail d'fhagháil. Is mar sin atá an
+scéal fá láthair, agus is mar sin a bheidh an scéal go gcuirfear
+scoileanna fíor-Ghaedhealacha ar bun. Acht mar adeir Conán Maol,
+tosnuightear le héan-scoil amháin. Bíonn gach aon tosnughadh lag.
+Lastaréan-choinneal bheag amháin mar thosnughadh, agus is gearr go
+mbeidh soillse ar ndóthain againn. An bhfeacabhar riamh an chuma i n-a
+lastar na coinle 'sna heaglasaidhibh. Nuair a bhíonn cruinniughadh mór
+bailighthe le chéile agus coinneal i láimh gach duine aca, faghthar aon
+bhuaiceas bheag amháin; lastar í; lastar coinneal i láimh dhuine éigin
+léi, druideann an duine sin a choinneal ar lasadh chum coinle a
+chomhursan, & lasann a choinneal; lasann siúd coinneal an té bhíonn le
+n-ais, agus dá réir sin ritheann an teine ó dhuine do duine, agus is
+gearr an mhoill go bhfeictear blaodhm solais ag gealadh na heaglaise go
+lonnrach agus ag cur compórd is áthas ar na daoinibh ar fad. Is mar sin
+a bheidh an scéal againn i dtaoibh na scoile, cuirtear aon scoil amháin
+ar bun; lastar an choinneal bheag amháin, agus is gearr le congnamh Dé
+go mbeidh blaodhm soluis ag éirghe ó chúig áirdibh na hÉireann ná
+múchfar go deó na ndeór. Is mithid dúinn tosnughadh. Is cuma cá
+gcuirfear an scoil sin ar bun--i nDún na nGall, i gConntae na Gaillimhe
+nó i gCiarraidhe. Acht ó's Ciarraidheach Conán Maol, ó's Ciarraidheach
+"Beirt Fhear" agus ó's Ciarraidheach mé féin, agus nuair ná fuil aon
+chríoch ná Conntae eile ag tabhairt fá'n obair seo, is dóigh liom gur
+fearra dhúinn tosnughadh le Ciarraidhe--áit éigin thiar an fad i mBaile
+an Fheirtéirigh nó i nÍbhráthach nó i nGleann Beithe. B'fhearr liom aon
+scoil fíor-Ghaedhealach amháin 'ná dhá thimthire. Caithfear airgead do
+sholáthar acht ní dóigh liom go bfágfaidh na Ciarraidhigh cibé áit i n-a
+bhfuil siad aon easnamh orainn, agus ní'l amhras ná go dtabharfaidh an
+Árd-fheis congnamh dúinn agus go mbeannóghaidh sí ár n-obair.
+Tosnuighmís le congnamh Dé agus do réir mo thuairime níor rinneadh obair
+riamh ar son ár dteangan níos fearr 'ná an obair do cheap Conán Maol.
+
+PÁDRAIG UA DUINNÍN.
+
+
+
+
+IV. CUIRTEAR CORC SA BHAIRILE FEASTA, A UAISLE.
+
+
+Nuair bhíos-sa ar scoil sa tseana-shaoghal, ní raibh námhaid ba mhó agam
+ná bairile. Seo mar a thárlaidh sin. An mí-fhortún máighistir a bhí
+againn, ní raibh oiread mo dhuirn ann, acht bhí béic asail aige, & rud
+ba mheasa na soin, slat chomh fada le slat Mhaoise. "Anois" adeireadh sé,
+agus é ag rástáil síos agus suas, agus ag fáscadh na slaite ar tí na súl
+a bhaint asainn, "tá bairile áirithe ann agus dhá pholl ann--poll 'n-a
+bhun agus poll 'n-a bharr, agus dhá corc ionnta. Dá mbeadh an bairle lán
+d'uisce agus go dtarraiceoghthá an corc thíos do bheadh an bairile
+follamh i gcionn deich nóimití; acht dá mbeadh sé follamh & go leogfá
+uisce isteach ann tríd an bpoll thuas, do bheadh sé lán i gcionn dhá
+nóimit déag. Cuir i gcás anois go mbeadh an bairile lán, agus go
+dtarraiceoghthá an dá chorc i n-éinfheacht, cahuin a bheadh sé i n-dísc?"
+
+Is ar an gceist seo do chuimhnigheas an lá fé dheireadh nuair chonnac
+aiste Chonáin Mhaoil mar gheall ar an scoil Ghaedhealaigh. Mar is
+solaoid d'Éirinn an bairile úd. Bhí sí ar scéidhe de Ghaedhilg--cnuasach
+saothair intinne ár sinsear romhainn. Annsoin, do tháinig an fealltóir
+Sasannaigh, & do dhein sé poll i dtóin an bhairile, agus siúd an
+t-uachtar saidhbhir le fánaidh. I n-ionad an phuill a stop is amhlaidh a
+bhíomar-na, ar nós bhraisile leanbh timcheall locháin ar thaobh sráide
+glagair, ag rinnce & ag bualadh bas le spórt nuair choncamair na caisí
+geala ag gabháil síos, agus do rop cuid againn ár méaranna sa pholl ghá
+fhairsingiughadh i gcás go mbeadh tuile níos mó againn.
+
+Sul a raibh an tubaist ar fad déanta againn do tháinig fir chalma
+Chonnradh na Gaedhilge d'ár gcose. D'éis aghaidh béil a thabhairt
+orainne do chuadar ag stop an phuill. Acht níor leog an Sasannach dóibh
+é.
+
+"Pé nídh is mar a dheineann an Bairile," ar sé, "is liom-sa an poll
+soin, agus ní leómhthaidh sibh barra méire a leogaint air."
+
+"Déinimís poll i gceann an bhairilie" arsa na fir, "agus cuirimís
+tuilleadh uachtair ann."
+
+Do déanadh mar sin, agus do chuireadar fios ar uachtar ar fuid na tíre
+le cur 'sa' bhairile; acht, foríor! tá uachtar gann i nÉirinn anois.
+Cuireadh stranncán maith ó Bhaile Mhúirne chúcha, cuid ó'n nGailimh,
+cuid ó Chiaraidhe. Do chuir an tAthair Peadar tuna uaidh féin chúcha;
+agus do bhailigh Cú Uladh, an fear bocht lán poitín dóibh thall 'sa
+abhus i dTír Chonaill. 'N-a n-éaghmais sin, is minic ná raibh le fagháil
+aca acht an bainne géar, an lionn caol, & an bhláthach. Ní ag
+lochtughadh na ndaoine n-a thaobh soin atáim, mar thugadar uatha go
+toilteanach é, & ní raibh a mhalairt aca.
+
+Tá atharrach scéil le tamall againn, agus ó tá is dóigh liom-sa nár
+mhisde dhúinn a tharrac chugainn. D'fhág na Sasannaigh an bairile fúinn
+féin. Nach mithid dúinn an corc a chur ann? Bhí tuigsint mhór i mbairile
+ag an máighistir úd a bhí orm-sa, agus déarfadh sé ná tiucfadh leis an
+nGobán Saor féin é líonadh faid a fágfidhe a leogaint uaidh tríd an
+uathais mhóir úd 'n-a thóin é.
+
+Ní ag dul i gcumhainge atá an uathais seo, tá seacht gcomhachta ag
+cabhrughadh le chéile chun í leathanughadh ó ló go ló. Farsingi-gheann
+rith uisce poll choidhche. Ní'l éan-duine a thógadh suas le galldachas
+ná déanfaidh sé na daoine a bheidh 'n-a chomhluadar gallda mar é féin.
+Chonnac-sa an lá eile triúr leanbh óga nár chuaidh ar scoil riamh ghá
+dhéanamh so le na sean-mháthair agus í i n-aois a ceithre fichid. Bhí
+"_tiss_, a laogh," agus "_neo_, a laogh," agus "_mindeen yoursel_, a
+chuidín," ar bharra a teangan ó mhaidin go hoidhche aici dhóibh. Tá an
+traen agus na camthaí seirbhíseach a bhíonn na feidhil á dhéanamh; tá an
+post, & buachaillí an phuist a théidheann ó thigh go tigh san tuaith dá
+dhéanamh; tá páipéar na seachtmhaine á dhéanamh; an gnó céadna ar
+siubhal san scoil & san séipéal; na timthirí atá amuigh ó sna Bórdaibh
+seo a bhíonn ag comhairliughadh na bhfeirmeóirí; na tighthe ósta & na
+cuairteóirí & a lucht leanamhana--tá siad so uile ag méadughadh an
+phuill úd, mar tá siad ó cheann ceann de'n bhliadhain ag dingeadh Béarla
+isteach ár gcluasaibh.
+
+Féachaimís anois an bhfuil ár sciath-chosanta leathan láidir a dhóthain
+chun na náimhde uile seo a choimeád uainn amach. Tá ár seasamh ar na
+páistíbh. Chíonn gach éinne é sin. Caillimís iad, agus tá sé chomh maith
+againn 'slán beó' fhágaint ag ár mbairile go deó. Coimeádamís
+Gaedhealach iad, agus tá an lá linn. Ní fheadar an dtuigid do
+léightheóirí deacracht an nídh seo ámhthach. Labhradh éan-athair cloinne
+atá ag casadh le n-a leanbhaí féin a thabhairt suas mar badh chóir. Badh
+mhaith liom focal ó Pheadar Ó Laoidhléis ar an gceist seo. Sé lóbh is
+dóigh liom adeir gur cogadh síoraidhe beatha dhuine ar an saoghal. Acht
+deirm-se ná fuil sa chogadh so acht neamh-nídh seachas an cogadh a
+bhíonn ar gach teinteán i n-a mbítear ag casadh le leanbhaí do choimeád
+Geadhealach i n-indheóin na náimhde do áirimhigheas thuas. Agur má's mar
+seo atá an scéal ag leanbhaí na nGaedhilgeóirí connus atá sé ag an
+marcsluagh ná tabharfadh a dtúismidhthe biorán buidhe ar ciaca bheidís
+Gaedhealach nó Gallda! Cad do dhéinimíd-na, muinntir na Gaedhilge, do
+sna leanbhaíbh seo.
+
+Múinimíd páidreacha Gaedhilge dhóibh, ach is i mBéarla déanfaidh an
+sagart agus an t-Easpog iad do cheistiughadh; múinimíd dóibh connus
+Gaedhilg do léigheamh, acht óir is scoil Bhéarla í, caithfidh an Béarla
+bheith i mbun 's i mbárr ár gcuid oibre. Múinimíd rinnce Gaedhealach
+dhóibh, acht is i mBéarla dhéanfaid siad cainnt air agus úsáid de n-a
+dhiaidh sin. Sé an scéal céadna ag gach nídh eile é. Ní'l an fear soin
+cruthanta fós a dhéanfadh nídh do bh'fearr de leanbhaíbh leis an saghas
+so oideachais ná _Anglo Irishmen_. Sin é go cruínn atá againn dá
+dhéunamh díobh. Ní'l ann acht ag casadh le baraile na tóna briste do
+líonadh.
+
+Ní'l réiteach na ceiste seo, ná sábháil na teangan le fagháil taobh
+amuigh de'n scoil Ghaedhealaigh. Is éigin na leanbhaí do chur uirthi, &
+gach nídh d'oirfidh dóibh a mhúineadh i nGaedhilg. Ní dhéanfadh an
+galldachas díth ná dochair annsoin dóibh. Do thuitfeadh sé siar síos
+díobh mar a thuiteann an braon de'n lachain. Ní féidir an teagasc so
+thabhairt i n-éan-scoil náisiúnta indiu. Ní'l sa cheann is fearr aca so
+go fíor acht scoil ghallda. Caithfimíd féin, ar an adhbhar soin, costas
+na scoile d'fhulang sa chéad fháscadh.
+
+Ní'l amhrus ar domhan, ar a shon sain, má chuirfimíd suas í, & má
+théidheann an obair chun cinn innti--má thigeann linn gnó tairbheach a
+dhéanamh innti--níl amhras ar domhan ná go ndíolfadh an bórd léighinn
+asti i gcionn chúpla bliadhain, & ná go leogfaidís dúinne leanamhaint
+do'n obair do chuireamair ar bun innti.
+
+Is dóigh liom féin go mbeidh eagla an chostais ar an gCoiste Ghnótha;
+agus má bhíonn is dócha gur bh'fhéidir do dhaoinibh lasmuigh de'n
+Choiste an t-airgead do dhéanamh suas. Táim chomh cinnte go bhfuil an
+scoil ag teastáil uainn, chomh cinnte go ndíolfadh an Bórd i gcionn
+chúpla bliadhan aisti, agus annsoin gur bh'fhéidir dúinn mórán dá saghas
+a bheith againn; chomh cinnte go bhfuil saoradh na teangan innte, go
+dtabharfad £5 d'éan-fhuireann Gaedhilgeóirí a chuirfidh le chéile chun í
+do sholáthar.
+
+Tá saothar mór déanta le deich mbliadhna againn. Ba ró-lag é ár
+dtosnughadh: Ní'l bliadhain a ghabhann tharainn ná tugamaoid coiscéinn
+chun cinn--ná téidhimíd pas beag níos aoirde. Is maith é sin. Leanamís
+de. _Excelsior_ choidhche! Tá coiscéim na bliadhna so gan tabhairt fós
+againn. Tugaimís chun scoile Chonáin í.
+
+GRUAGACH an TOBAIR.
+
+ * * * * *
+
+AN CLÓ-CHUMANN, (Teóranta),
+
+Clódóirí Gaedhilge, Sráid Mhór na Trágha,
+
+Baile Átha Cliath.
+
+ * * * * *
+
+
+
+
+
+
+
+
+End of the Project Gutenberg EBook of Leabhráin an Irisleabhair--III
+by "Chonán Maol", "Beirt Fhear", An tAthair Pádraig Ó Duinnín, agus "Gruagach an Tobair"
+
+*** END OF THIS PROJECT GUTENBERG EBOOK LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR--III ***
+
+***** This file should be named 16122-8.txt or 16122-8.zip *****
+This and all associated files of various formats will be found in:
+ https://www.gutenberg.org/1/6/1/2/16122/
+
+Produced by Brendan O'Connor and the Online Distributed
+Proofreading Team at https://www.pgdp.net
+
+
+Updated editions will replace the previous one--the old editions
+will be renamed.
+
+Creating the works from public domain print editions means that no
+one owns a United States copyright in these works, so the Foundation
+(and you!) can copy and distribute it in the United States without
+permission and without paying copyright royalties. Special rules,
+set forth in the General Terms of Use part of this license, apply to
+copying and distributing Project Gutenberg-tm electronic works to
+protect the PROJECT GUTENBERG-tm concept and trademark. Project
+Gutenberg is a registered trademark, and may not be used if you
+charge for the eBooks, unless you receive specific permission. If you
+do not charge anything for copies of this eBook, complying with the
+rules is very easy. You may use this eBook for nearly any purpose
+such as creation of derivative works, reports, performances and
+research. They may be modified and printed and given away--you may do
+practically ANYTHING with public domain eBooks. Redistribution is
+subject to the trademark license, especially commercial
+redistribution.
+
+
+
+*** START: FULL LICENSE ***
+
+THE FULL PROJECT GUTENBERG LICENSE
+PLEASE READ THIS BEFORE YOU DISTRIBUTE OR USE THIS WORK
+
+To protect the Project Gutenberg-tm mission of promoting the free
+distribution of electronic works, by using or distributing this work
+(or any other work associated in any way with the phrase "Project
+Gutenberg"), you agree to comply with all the terms of the Full Project
+Gutenberg-tm License (available with this file or online at
+https://gutenberg.org/license).
+
+
+Section 1. General Terms of Use and Redistributing Project Gutenberg-tm
+electronic works
+
+1.A. By reading or using any part of this Project Gutenberg-tm
+electronic work, you indicate that you have read, understand, agree to
+and accept all the terms of this license and intellectual property
+(trademark/copyright) agreement. If you do not agree to abide by all
+the terms of this agreement, you must cease using and return or destroy
+all copies of Project Gutenberg-tm electronic works in your possession.
+If you paid a fee for obtaining a copy of or access to a Project
+Gutenberg-tm electronic work and you do not agree to be bound by the
+terms of this agreement, you may obtain a refund from the person or
+entity to whom you paid the fee as set forth in paragraph 1.E.8.
+
+1.B. "Project Gutenberg" is a registered trademark. It may only be
+used on or associated in any way with an electronic work by people who
+agree to be bound by the terms of this agreement. There are a few
+things that you can do with most Project Gutenberg-tm electronic works
+even without complying with the full terms of this agreement. See
+paragraph 1.C below. There are a lot of things you can do with Project
+Gutenberg-tm electronic works if you follow the terms of this agreement
+and help preserve free future access to Project Gutenberg-tm electronic
+works. See paragraph 1.E below.
+
+1.C. The Project Gutenberg Literary Archive Foundation ("the Foundation"
+or PGLAF), owns a compilation copyright in the collection of Project
+Gutenberg-tm electronic works. Nearly all the individual works in the
+collection are in the public domain in the United States. If an
+individual work is in the public domain in the United States and you are
+located in the United States, we do not claim a right to prevent you from
+copying, distributing, performing, displaying or creating derivative
+works based on the work as long as all references to Project Gutenberg
+are removed. Of course, we hope that you will support the Project
+Gutenberg-tm mission of promoting free access to electronic works by
+freely sharing Project Gutenberg-tm works in compliance with the terms of
+this agreement for keeping the Project Gutenberg-tm name associated with
+the work. You can easily comply with the terms of this agreement by
+keeping this work in the same format with its attached full Project
+Gutenberg-tm License when you share it without charge with others.
+
+1.D. The copyright laws of the place where you are located also govern
+what you can do with this work. Copyright laws in most countries are in
+a constant state of change. If you are outside the United States, check
+the laws of your country in addition to the terms of this agreement
+before downloading, copying, displaying, performing, distributing or
+creating derivative works based on this work or any other Project
+Gutenberg-tm work. The Foundation makes no representations concerning
+the copyright status of any work in any country outside the United
+States.
+
+1.E. Unless you have removed all references to Project Gutenberg:
+
+1.E.1. The following sentence, with active links to, or other immediate
+access to, the full Project Gutenberg-tm License must appear prominently
+whenever any copy of a Project Gutenberg-tm work (any work on which the
+phrase "Project Gutenberg" appears, or with which the phrase "Project
+Gutenberg" is associated) is accessed, displayed, performed, viewed,
+copied or distributed:
+
+This eBook is for the use of anyone anywhere at no cost and with
+almost no restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or
+re-use it under the terms of the Project Gutenberg License included
+with this eBook or online at www.gutenberg.org
+
+1.E.2. If an individual Project Gutenberg-tm electronic work is derived
+from the public domain (does not contain a notice indicating that it is
+posted with permission of the copyright holder), the work can be copied
+and distributed to anyone in the United States without paying any fees
+or charges. If you are redistributing or providing access to a work
+with the phrase "Project Gutenberg" associated with or appearing on the
+work, you must comply either with the requirements of paragraphs 1.E.1
+through 1.E.7 or obtain permission for the use of the work and the
+Project Gutenberg-tm trademark as set forth in paragraphs 1.E.8 or
+1.E.9.
+
+1.E.3. If an individual Project Gutenberg-tm electronic work is posted
+with the permission of the copyright holder, your use and distribution
+must comply with both paragraphs 1.E.1 through 1.E.7 and any additional
+terms imposed by the copyright holder. Additional terms will be linked
+to the Project Gutenberg-tm License for all works posted with the
+permission of the copyright holder found at the beginning of this work.
+
+1.E.4. Do not unlink or detach or remove the full Project Gutenberg-tm
+License terms from this work, or any files containing a part of this
+work or any other work associated with Project Gutenberg-tm.
+
+1.E.5. Do not copy, display, perform, distribute or redistribute this
+electronic work, or any part of this electronic work, without
+prominently displaying the sentence set forth in paragraph 1.E.1 with
+active links or immediate access to the full terms of the Project
+Gutenberg-tm License.
+
+1.E.6. You may convert to and distribute this work in any binary,
+compressed, marked up, nonproprietary or proprietary form, including any
+word processing or hypertext form. However, if you provide access to or
+distribute copies of a Project Gutenberg-tm work in a format other than
+"Plain Vanilla ASCII" or other format used in the official version
+posted on the official Project Gutenberg-tm web site (www.gutenberg.org),
+you must, at no additional cost, fee or expense to the user, provide a
+copy, a means of exporting a copy, or a means of obtaining a copy upon
+request, of the work in its original "Plain Vanilla ASCII" or other
+form. Any alternate format must include the full Project Gutenberg-tm
+License as specified in paragraph 1.E.1.
+
+1.E.7. Do not charge a fee for access to, viewing, displaying,
+performing, copying or distributing any Project Gutenberg-tm works
+unless you comply with paragraph 1.E.8 or 1.E.9.
+
+1.E.8. You may charge a reasonable fee for copies of or providing
+access to or distributing Project Gutenberg-tm electronic works provided
+that
+
+- You pay a royalty fee of 20% of the gross profits you derive from
+ the use of Project Gutenberg-tm works calculated using the method
+ you already use to calculate your applicable taxes. The fee is
+ owed to the owner of the Project Gutenberg-tm trademark, but he
+ has agreed to donate royalties under this paragraph to the
+ Project Gutenberg Literary Archive Foundation. Royalty payments
+ must be paid within 60 days following each date on which you
+ prepare (or are legally required to prepare) your periodic tax
+ returns. Royalty payments should be clearly marked as such and
+ sent to the Project Gutenberg Literary Archive Foundation at the
+ address specified in Section 4, "Information about donations to
+ the Project Gutenberg Literary Archive Foundation."
+
+- You provide a full refund of any money paid by a user who notifies
+ you in writing (or by e-mail) within 30 days of receipt that s/he
+ does not agree to the terms of the full Project Gutenberg-tm
+ License. You must require such a user to return or
+ destroy all copies of the works possessed in a physical medium
+ and discontinue all use of and all access to other copies of
+ Project Gutenberg-tm works.
+
+- You provide, in accordance with paragraph 1.F.3, a full refund of any
+ money paid for a work or a replacement copy, if a defect in the
+ electronic work is discovered and reported to you within 90 days
+ of receipt of the work.
+
+- You comply with all other terms of this agreement for free
+ distribution of Project Gutenberg-tm works.
+
+1.E.9. If you wish to charge a fee or distribute a Project Gutenberg-tm
+electronic work or group of works on different terms than are set
+forth in this agreement, you must obtain permission in writing from
+both the Project Gutenberg Literary Archive Foundation and Michael
+Hart, the owner of the Project Gutenberg-tm trademark. Contact the
+Foundation as set forth in Section 3 below.
+
+1.F.
+
+1.F.1. Project Gutenberg volunteers and employees expend considerable
+effort to identify, do copyright research on, transcribe and proofread
+public domain works in creating the Project Gutenberg-tm
+collection. Despite these efforts, Project Gutenberg-tm electronic
+works, and the medium on which they may be stored, may contain
+"Defects," such as, but not limited to, incomplete, inaccurate or
+corrupt data, transcription errors, a copyright or other intellectual
+property infringement, a defective or damaged disk or other medium, a
+computer virus, or computer codes that damage or cannot be read by
+your equipment.
+
+1.F.2. LIMITED WARRANTY, DISCLAIMER OF DAMAGES - Except for the "Right
+of Replacement or Refund" described in paragraph 1.F.3, the Project
+Gutenberg Literary Archive Foundation, the owner of the Project
+Gutenberg-tm trademark, and any other party distributing a Project
+Gutenberg-tm electronic work under this agreement, disclaim all
+liability to you for damages, costs and expenses, including legal
+fees. YOU AGREE THAT YOU HAVE NO REMEDIES FOR NEGLIGENCE, STRICT
+LIABILITY, BREACH OF WARRANTY OR BREACH OF CONTRACT EXCEPT THOSE
+PROVIDED IN PARAGRAPH F3. YOU AGREE THAT THE FOUNDATION, THE
+TRADEMARK OWNER, AND ANY DISTRIBUTOR UNDER THIS AGREEMENT WILL NOT BE
+LIABLE TO YOU FOR ACTUAL, DIRECT, INDIRECT, CONSEQUENTIAL, PUNITIVE OR
+INCIDENTAL DAMAGES EVEN IF YOU GIVE NOTICE OF THE POSSIBILITY OF SUCH
+DAMAGE.
+
+1.F.3. LIMITED RIGHT OF REPLACEMENT OR REFUND - If you discover a
+defect in this electronic work within 90 days of receiving it, you can
+receive a refund of the money (if any) you paid for it by sending a
+written explanation to the person you received the work from. If you
+received the work on a physical medium, you must return the medium with
+your written explanation. The person or entity that provided you with
+the defective work may elect to provide a replacement copy in lieu of a
+refund. If you received the work electronically, the person or entity
+providing it to you may choose to give you a second opportunity to
+receive the work electronically in lieu of a refund. If the second copy
+is also defective, you may demand a refund in writing without further
+opportunities to fix the problem.
+
+1.F.4. Except for the limited right of replacement or refund set forth
+in paragraph 1.F.3, this work is provided to you 'AS-IS', WITH NO OTHER
+WARRANTIES OF ANY KIND, EXPRESS OR IMPLIED, INCLUDING BUT NOT LIMITED TO
+WARRANTIES OF MERCHANTIBILITY OR FITNESS FOR ANY PURPOSE.
+
+1.F.5. Some states do not allow disclaimers of certain implied
+warranties or the exclusion or limitation of certain types of damages.
+If any disclaimer or limitation set forth in this agreement violates the
+law of the state applicable to this agreement, the agreement shall be
+interpreted to make the maximum disclaimer or limitation permitted by
+the applicable state law. The invalidity or unenforceability of any
+provision of this agreement shall not void the remaining provisions.
+
+1.F.6. INDEMNITY - You agree to indemnify and hold the Foundation, the
+trademark owner, any agent or employee of the Foundation, anyone
+providing copies of Project Gutenberg-tm electronic works in accordance
+with this agreement, and any volunteers associated with the production,
+promotion and distribution of Project Gutenberg-tm electronic works,
+harmless from all liability, costs and expenses, including legal fees,
+that arise directly or indirectly from any of the following which you do
+or cause to occur: (a) distribution of this or any Project Gutenberg-tm
+work, (b) alteration, modification, or additions or deletions to any
+Project Gutenberg-tm work, and (c) any Defect you cause.
+
+
+Section 2. Information about the Mission of Project Gutenberg-tm
+
+Project Gutenberg-tm is synonymous with the free distribution of
+electronic works in formats readable by the widest variety of computers
+including obsolete, old, middle-aged and new computers. It exists
+because of the efforts of hundreds of volunteers and donations from
+people in all walks of life.
+
+Volunteers and financial support to provide volunteers with the
+assistance they need, is critical to reaching Project Gutenberg-tm's
+goals and ensuring that the Project Gutenberg-tm collection will
+remain freely available for generations to come. In 2001, the Project
+Gutenberg Literary Archive Foundation was created to provide a secure
+and permanent future for Project Gutenberg-tm and future generations.
+To learn more about the Project Gutenberg Literary Archive Foundation
+and how your efforts and donations can help, see Sections 3 and 4
+and the Foundation web page at https://www.pglaf.org.
+
+
+Section 3. Information about the Project Gutenberg Literary Archive
+Foundation
+
+The Project Gutenberg Literary Archive Foundation is a non profit
+501(c)(3) educational corporation organized under the laws of the
+state of Mississippi and granted tax exempt status by the Internal
+Revenue Service. The Foundation's EIN or federal tax identification
+number is 64-6221541. Its 501(c)(3) letter is posted at
+https://pglaf.org/fundraising. Contributions to the Project Gutenberg
+Literary Archive Foundation are tax deductible to the full extent
+permitted by U.S. federal laws and your state's laws.
+
+The Foundation's principal office is located at 4557 Melan Dr. S.
+Fairbanks, AK, 99712., but its volunteers and employees are scattered
+throughout numerous locations. Its business office is located at
+809 North 1500 West, Salt Lake City, UT 84116, (801) 596-1887, email
+business@pglaf.org. Email contact links and up to date contact
+information can be found at the Foundation's web site and official
+page at https://pglaf.org
+
+For additional contact information:
+ Dr. Gregory B. Newby
+ Chief Executive and Director
+ gbnewby@pglaf.org
+
+Section 4. Information about Donations to the Project Gutenberg
+Literary Archive Foundation
+
+Project Gutenberg-tm depends upon and cannot survive without wide
+spread public support and donations to carry out its mission of
+increasing the number of public domain and licensed works that can be
+freely distributed in machine readable form accessible by the widest
+array of equipment including outdated equipment. Many small donations
+($1 to $5,000) are particularly important to maintaining tax exempt
+status with the IRS.
+
+The Foundation is committed to complying with the laws regulating
+charities and charitable donations in all 50 states of the United
+States. Compliance requirements are not uniform and it takes a
+considerable effort, much paperwork and many fees to meet and keep up
+with these requirements. We do not solicit donations in locations
+where we have not received written confirmation of compliance. To
+SEND DONATIONS or determine the status of compliance for any
+particular state visit https://pglaf.org
+
+While we cannot and do not solicit contributions from states where we
+have not met the solicitation requirements, we know of no prohibition
+against accepting unsolicited donations from donors in such states who
+approach us with offers to donate.
+
+International donations are gratefully accepted, but we cannot make
+any statements concerning tax treatment of donations received from
+outside the United States. U.S. laws alone swamp our small staff.
+
+Please check the Project Gutenberg Web pages for current donation
+methods and addresses. Donations are accepted in a number of other
+ways including including checks, online payments and credit card
+donations. To donate, please visit: https://pglaf.org/donate
+
+
+Section 5. General Information About Project Gutenberg-tm electronic
+works.
+
+Professor Michael S. Hart was the originator of the Project Gutenberg-tm
+concept of a library of electronic works that could be freely shared
+with anyone. For thirty years, he produced and distributed Project
+Gutenberg-tm eBooks with only a loose network of volunteer support.
+
+Project Gutenberg-tm eBooks are often created from several printed
+editions, all of which are confirmed as Public Domain in the U.S.
+unless a copyright notice is included. Thus, we do not necessarily
+keep eBooks in compliance with any particular paper edition.
+
+Most people start at our Web site which has the main PG search facility:
+
+ https://www.gutenberg.org
+
+This Web site includes information about Project Gutenberg-tm,
+including how to make donations to the Project Gutenberg Literary
+Archive Foundation, how to help produce our new eBooks, and how to
+subscribe to our email newsletter to hear about new eBooks.
+
+*** END: FULL LICENSE ***
+