summaryrefslogtreecommitdiff
path: root/78840-0.txt
diff options
context:
space:
mode:
Diffstat (limited to '78840-0.txt')
-rw-r--r--78840-0.txt1156
1 files changed, 1156 insertions, 0 deletions
diff --git a/78840-0.txt b/78840-0.txt
new file mode 100644
index 0000000..0499311
--- /dev/null
+++ b/78840-0.txt
@@ -0,0 +1,1156 @@
+*** START OF THE PROJECT GUTENBERG EBOOK 78840 ***
+
+
+ LÉIGH----
+
+
+ AN CLAIDHEAMH SOLUIS
+
+
+ Gach Uile Sheachtmhain.
+
+ BÍONN SGÉALTA, SEANCHAS, DÁNTA, AMHRÁIN.
+ AGUS CEÓL ANN I nGAEDHILG.
+
+ Tá ceachta ann le haghaidh Lucht Foghluma na Teangadh; ⁊ cheachta
+insan Modh Réidh le Gaedhilg d’Fhoghluim.
+
+ Ina teannta soin, tá tuairisg ann ar an gcuma is fearr leis an teanga
+do mhúnadh do pháisdibh sgoile; ⁊ cunntais ar imtheacht na
+nGaedhilgeóirí ins gach áit ina bhfuilid. Níl air acht Pinginn ’san
+tseachtmhain.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+TÁ SNAS NUA AR
+
+
+ IRISLEABHAR NA GAEDHILGE.
+
+
+ TÁ EALDHANTAS AGUS EASARLUIGHEACHT,
+ CEÁRDUIGHEACHTA
+ GNÓTHACH AG CUR PICTIÚIRÍ ANN.
+
+ Tá malairt fosda ar na blúiribh Gaedhilge atá ann. Tá níosa mó
+nuaidheacht ann, acht níor sguireadh ag tabhairt na mínighthe do ba
+gnáthach a chur ar an nGaedhilg neamh-choitcheann.
+
+ NÍ’L AIR ANOIS ACHT TISDHIÚN.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ AODH Ó NÉILL.
+
+
+ “CONÁN MAOL”
+
+ Do sgríobh.
+
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ Clodh-bhuailte
+ AG LUCHT na MAINSTREACH,
+ I n-Oifig “An Claidheamh Soluis,”
+ 9 Sráid Mór an Trágha,
+ ÁT-CLIATH.
+
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ Aodh Ó Néill
+
+
+ DRAMA,
+
+
+ Do sgríobh
+
+
+ “Conán Maol.”
+
+
+ (TÓGTHA Ó’N gCLAIDHEAMH SOLUIS).
+
+
+[Tarraingeoireacht: An séala Chonnradh na Gaedhilge, le an mana “Tír is
+Teanga.”]
+
+
+ Ar n-a chur amach
+ do
+ CHONNRADH NA GAEDHILGE
+ I mBaile Átha Cliath,
+ 1902.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ COMHLUADAR:
+
+ MEÁIBLE BAGENAL, bean-uasal Sagsan.
+ ESTAR (bean uasal), cara Mheáible.
+ SÍOGRÁBH, Gaedheal-Ghall.
+ BAGENAL, Taoiseach Airm Shasana, dearbhráthair Mheáible.
+ MAC UILLIAM, an Fear Ionaid Bainrioghana.
+ UA NÉILL ULADH.
+ Triúr Gallóglach (Tighearnaí i gculaithibh gallóglach).
+ Dóirseóir, fir friothálta, giolla.
+ CÁIT DHUBH, Gaedheal-Ghall.
+ Teachtaire Bainrioghana.
+ Fear rabhadh, nó ballsaire.
+ Gallóglaigh, ceithearnaigh, agus braighde.
+ Cláirseóir.
+ Píobaire.
+ Rinnceóir.
+ SEAGHÁN UA hÓGAIN, rúnaire Uí Néill.
+ Easbog.
+ Ollamh Uí Néill.
+ Beirt fhear faire.
+ Móirsheisear saighdiúirí.
+
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ AODH Ó NÉILL.
+
+
+
+
+ RADHARC I.
+
+
+ ÁIT: Teach clúthmhar i nDroichead-Átha. UAIN: Oidhche ghealaighe
+ shamhraidh.
+
+ [Beirt cailíní ag fuagháil gréasa.]
+
+MEÁIBLE.--A Estair, dún an fhuinneóg; tá faitchios orm anocht.
+
+ESTAR.--Cad tá ar mo ghrádh gil anois? Tá an oidhche ciúin agus geal; tá
+ ba ’na suan ar mhachairíbh míne agus caoirigh go clúthmhar ag
+ cogaint a gcíorach ar sgáth na bhfál.
+
+M.--An chaora ’na suaimhneas, acht cá bhfuil an t-uan, a Estair?
+
+E.--Cá mbéadh sé, a laogh, acht le cois a mháthar.
+
+M.--Fóiríor! is fada ó na máthair Meáible Bagenal. Mo léan! gan mé lem’
+ mháthair. Cogar i leith, a Estair; chonnac-sa sgáil ó chiainibh
+ thuas annsain le taobh an toir droighin. Ba chosmhail le taidhbhse
+ í, má tá a leithéidí ann.
+
+E.--Ná tabhair srian do shílteannaibh agus ná géill do phiseógaibh, a
+ chaithis mo chroidhe.
+
+M.--Chonnac an sgáil go háirithe; agus creideann na hÉireannaigh go
+ mbíonn daoine maithe ag damhas lasmuich nuair ghileann an rae na
+ ceanntair.
+
+E.--Daoine maithe! Cúis gháire chúgainn. Ba bhaoth an smuaineadh é, acht
+ shíleas aon uair amháin gur droch-dhaoine muinntir na hÉireann go
+ léir----O, a Dhia! cad é sin?
+
+M.--Amhastraigh ⁊ sceamhuigheal na bhfaol-chon; níor mhaith liom bheith
+ lasmuich anocht.
+
+ [Cloiseann an bheirt bhan cos i n-áirde capaill, búithre adhairce, ⁊
+ bualadh dian ar chnap cómhlann na faithche.]
+
+Dóirseóir [lasmuich].--Cia tá annsúd--namhaid nó cara?
+
+Fear.--Mise Síográbh. Fosgail go déaghair--tá mo chapall tabhartha.
+ Gléas dhá chapall láithreach, ⁊ sgaoil na coin fá’n dtír.
+ D’fhóbair go stolfadh na macatíre mé--nár chualuighis ag
+ amhastraigh iad?
+
+ [Tigeann an Ridire SÍOGRÁBH isteach.]
+
+SÍOGRÁBH.--Móra dhíbh, ⁊ duit-se go sonnradhach, a bhruinneall óig. Badh
+ mhaith liom suidhe led’ chois go fóill, ’gus éisdeacht leis an
+ nguth do dhúisigheann grádh na laoch, acht sé mo rabhadh dhuit
+ bheith gan mhoill ar muin na lárach duibhe tá ins an mainreach
+ thíos d’á gléasa ag an bhfear.
+
+MEÁIBLE.--Cad é fáth an turais seo? Ní thuigim é, ná fós an bhrigh atá
+ led’ chainnt. Tá lár na hoidhche ann; ní gnáthach lem’ leithéid-si
+ triall le fear im’ aonar thríd an tír nuair bhéas an saoghal ’na
+ shuan.
+
+S.--Tá do chúmhal id’ theannta; máiseadh bíodh capall eile ullamh di,
+ gidh gur b’é órdughadh an ridire Bagenal thusa féin amháin do
+ thabhairt ’na láthair.
+
+M.--Táim-se im’ mharcach mheathta istoidhche, agus fós tá’n mactíre
+ lasmuich do chuirfeadh sgéan ar mo chapall.
+
+S.--D’á olcas é an mactíre tá níos measa ’ná é lasmuich, acht inneósaidh
+ do dhearbhráthair duit fáth an deabhaidh; tá Aodh Ó Néill ar tí tú
+ fhuadach. Ná bíodh eagla ort ar a shon sain, mar tugaim na móide
+ dubha go mbéidh Síográbh na Sagsan fá na sháil sul mbéir-si id’
+ leanán aige.
+
+M.--Chualas trácht ar Aodh Ó Néill, agus chonnac é leis aon uair amháin;
+ ní ceart duit beart do chur ’na leith ná béidh sé cionntach di ar
+ ór an tsaoghail.
+
+S. [I leath taoibh]--Dar Rí na nDúl, béidh fuil a chroidhe agam. [Ós
+ árd.] Tá an oidhche ’gá caitheamh; is cóir dúinn bheith ar
+ siubhal, a bhean uasal mhánla. Béidh an ridire Bagenal ag
+ feitheamh linn go neamh-bhfoidneach.
+
+ [SÍOGRÁBH as láthair.]
+
+E. [ag féachaint ’na dhiaidh]--Go n-éirghidh an t-ádh leat! Do b’fhearr
+ linn do chúl ’ná do cheannaighthe.
+
+M.--A Estair, caithfeam gluaiseacht. Is é nós na mban géilleadh. Dá
+ bhfaghainn mo rogha, do b’fhearr liom suidhe annso ag éisteacht le
+ hochón na dtonn ag briseadh amuich ag béal na Bóinne.
+
+E.--Fan, mar sin, agus leig do Shíográbh filleadh ar n-ais, a chuaird i
+ n-aisdear.
+
+M.--Ní lámhfainn é, a Estair. Ní fheacuighis riamh súla mo dhearbhráthar
+ ag lasadh suas le feirg. Fosgail an fhuinneóg go mbéidh gaoth
+ ghlan fhuar na hoidhche ag séide ar mo leabaidh fholamh.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ RADHARC II.
+
+
+ ÁIT: Seómra ríoghachda i gCaisleán Bhaile-áth-Cliath.
+
+ UAIN: Maidin go moch.
+
+ [An Ridire BAGENAL agus SÍOGRÁBH ’na suidhe ag bórd.]
+
+BAGENAL--Cár fhágais an bhean óg, mo dheirbhshiúr ghrádhmhar?
+
+SÍOGRÁBH--I nGlas Neidhn lem’ shiúr. Ceapaim gur mór léi Aodh Ó Néill.
+ D’eitigh sí triall lem’ chois aréir ó Dhroichead-Átha gur bhagaras
+ fearg a dearbhráthar uirthi. Dubhart léi go raibh Ó Néill ar tí í
+ fhuadach; acht, mo thruagh mhór thú! níor chuir sin garrabhuic
+ uirthi, agus dar liaigh, chúm sí leithsgéal dó láithreach.
+
+B.--Má mhairim, a dhuine, is amaideach í do chainnt.
+
+S.--Má’s amaideach is fírinneach.
+
+B.--Dar Naomh Seóirse, gidh gur mór liom í, dá gcreidfinn tú, do
+ chuirfinn i slabhraibh láithreach í ins an gcuas is doimhne ⁊ is
+ dorcha i bhfíor-iochtaraibh an Chaisleáin.
+
+S.--Ná déin a leithéid; acht comharluighim thú fir faire do chur ’na
+ feidhil nó béidh Ó Néill ’na dhearbhráthair céile agat.
+
+B. [ar buile le feirg]--Ní lúgha liom an deamhan ’ná an fear sain, ná
+ luaidh arís a ainm fá’m chómhair. Méirleach ’na chroidhe istigh is
+ eadh é, tá sé ag cabhrughadh le hÓ Dómhnaill i gan fhios; acht tá
+ sé chomh glic le mada ruadh, agus ní fhuil againn acht amhras fós
+ air.
+
+S.--Is clos dom go bhfuil mórán luaidh fá dhíon an tighe aige.
+
+B.--Is fíor sain, acht is sé a leithsgéal do Fhear Ionaid na Bainrioghna
+ gur i gcomhair dín dá thighthibh atá an luaidh úd aige.
+
+S.--Mar dh’eadh!
+
+B.--Seadh, atá an butún air ’sa deireadh ámh; dhiúltuigh sé Sirriam do
+ leigean ’na chríochaibh, ⁊ chuir an Fear Ionaid fios air
+ láithreach bonn, agus béidh sé annso i mbárach chum cunntuis
+ cruinn do thabhairt ar a thréighthibh.
+
+S.--Is binn liom do ghlór. Acht fan go fóill--fillfidh sé abhaile slán,
+ is dócha?
+
+B.--Ní fhuil air acht amhras fós, adeirim leat, agus go mór mhór tá
+ cloichead nó sgríbhinn coimirce ó’n bhFear Ionaid aige, agus ní
+ leómhfar bárr méire do bhualadh air, toisg go mbéidh Cúige Uladh
+ ag brúchta le buile ’na thaobh.
+
+S.--Brúchtadh sí léi. Chífeam cad do chífeam.
+
+ [Fosglann dóirseóir an doras. Seasann beirt fhear friothálta ar gach
+ taobh de’n ursain ⁊ umhluighid. Preabann SÍOGRÁBH ⁊ BAGENAL ’na
+ seasamh ⁊ umhluighid. Buaileann an Fear Ionaid, MAC UILLIAM,
+ isteach ⁊ suidheann ag an mbórd. Tugann a ghiolla litreacha
+ chuige ar mhias airgid.]
+
+MAC UILLIAM.--Do shroich Ó Néill annso go moch. Is úmhal an fear é.
+
+BAGENAL.--A thighearna, ceapaim go bhfuil sé ag crith ’na chroiceann.
+
+ [Bualadh ag an ndoras. Fosglann an dóirseóir.]
+
+ [Ó NÉILL agus Triúir Gallóglach ar láthair.]
+
+Ó NÉILL [Ag umhlughadh a chinn go huaibhreach do’n Fhear Ionaid].--Dia ⁊
+ Muire dhuit a phríomh-Iarla Mac Uilliam. Mo mhear sár-úmhal
+ duit-se agus dod’ chomhluadar.
+
+ [Ní chuireann an Fear Ionaid cor de acht féachann go géar ar Ó
+ Néill].
+
+B. [I nguth árd]--Crom do ghlún do’n Fhear-Ionaid.
+
+ [Ní chuireann Ó NÉILL suim ann].
+
+MAC UILLIAM [go géar].--Chím Iarla Thír Eoghain ar láthair.
+
+Ó N.--Led’ thoil do bhronn an bhainrioghain an tíodal san orm.
+
+MAC U.--Is clos dúinn nach mór led’ mhuinntir féin an tíodal sain ⁊ go
+ nglaodhaid go coitcheann “Ó Néill” ort. An dtaithnigheann an
+ tsean-shloinneadh easumhail sin leat?
+
+Ó N.--Ná tóg orm é, do b’é siúd nós mo shinnsear rómham ar feadh na
+ gcéadta bliadhan, agus admhuighim go mb’fheárr liom féin bheith
+ im’ Ó Néill Uladh ’ná im’ rí ar Spáinn.
+
+ [Do dhuibh ⁊ do dhearg ag MAC UILLIAM, nocht BAGENAL ⁊ SÍOGRÁBH a
+ gclaidheamhtha; sheasaimh dhá ghallóglach ar ghualainn UÍ
+ NÉILL.]
+
+MAC UILLIAM.--Gach claidheamh ’na thruaill. Éist, a Iarla, cuirfidh
+ baoth-chainnt mar í sin do cheann i gceannrach. Tá dlighe i
+ bhfeidhm do choisgeas ort-sa an ainm sin “Ó Néill” do ghabháil
+ chúgat féin, ⁊ géill do’n dligheadh.
+
+Ó N.--Géillim di, acht má’s maith le triath i gCúige Uladh Ó Néill do
+ ghairm orm, ní choisgfead é.
+
+MAC UILLIAM [le feirg].--Cuirfead-sa d’fhiachaibh ort é, ámh.
+
+Ó N.--Fhiachaibh!--ní háil liom an focal. Má tá coir im’ leith agad-sa,
+ éistfead léi ⁊ freagróchad tú, acht ní maith liom aighneas
+ díomhaoin mar so.
+
+MAC U.--Is clos dúinn gur ghríosuighis Ó Domhnaill chum eirghe amach. An
+ séanann tú é?
+
+Ó N.--Cá bhfuil do dhearbhadh?
+
+MAC U.--An séanann tú é? a deirim leat.
+
+Ó N.--D’fhreagras cheana le sgríbhinn do cheist. Ceapaim go bhfuil
+ amhras miosgaiseach agat orm, acht muna gcreidir mé, tá machairí
+ míne i dTír Eoghain, agus tabharfam sásamh duit annsúd.
+
+B.--Gabh é láithreach. Méirleach is eadh é.
+
+ [Séideann SÍOGRÁBH stoc, agus gluaiseann móirsheisear saighdiúirí ar
+ láthair, “Ó Néill abú!” adeir na trí Gallóglaigh i nguth árd ⁊
+ casaid a dtuagha go bagarthach.]
+
+MAC UILLIAM.--Síothcháin, adeirim. Tá an tIarla fá’m choimirc. Is é mo
+ thoil go bhfillfidh sé chum a thighe gan mhoill, acht
+ freagróchaidh sé do’n Bhainrioghain go héasguidhe.
+
+Ó N. [go mín, measardha]--Freagróchad.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ RADHARC III.
+
+
+ ÁIT: Coill cois na Bóinne. UAIN: Tuitimín an tráthnóna.
+
+ [Na capaill ag tógaint sgith. Tighearnaí i gculaithibh
+ gallóglacha--MÁGHNUS Ó DÓMHNAILL, ART Ó NÉILL, CÚCHONNACHT
+ MAGUIDHIR--agus Ó NÉILL.]
+
+Ó NÉILL.--Is cóir dúinn bheith ag druidim abhaile. Béidh na capaill
+ cortha. Ní bhfuaradar féin ná a marcaigh fleadh ná féasda i
+ gCaisleán Bhail’-áth-Cliath; acht, dála an fhéasda, do b’fhearr as
+ ’ná ann é.
+
+MÁGHNUS.--Cionnus sain, a gharbhráthair? Is maith linn fialmhaireacht.
+
+Ó N.--Acht níor mhaith leat nimh, is dócha? “Seachain an fíon, a Uí
+ Néill!” do ráidh an dóirseóir.
+
+ART.--Dream an fheill! Is minic do chualas an seanfhocal, “Gáire
+ Sasanaigh, dranntán madra.”
+
+CÚCHONNACHT.--Mhaise, mo mhíle greann na Sasanaigh, ní dhéanfainn amhras
+ díobh! Acht, dar m’airm gaisge, béimíd suas leo fós. Is minic
+ adeir mo dhearbhráthair Aodh ná brisfear cuing na hÉireann
+ choidhche go mbéidh leoghan Thír Eoghain ’na thriath ar Chlann na
+ nGaedheal.
+
+Ó N.--Labhair socair, a Chúchonnacht na n-arm glé; bíonn cluas ar an
+ gcoill. Tá cladarach i ngar dúinn, ⁊ chuirfinn geall go bhfuil
+ duine éigin ann.
+
+CÚCH. [I n-árd a chinn ’sa ghutha]--Cia tá annsúd?
+
+ [Dhruid na duilleabhair imeasg na gcloch, agus
+ bhuail bean uasal amach chúca as an gcladarach.
+ D’umhluigheadar dí.
+
+BEAN-UASAL.--Móra dhíbh, a thighearnaí Uladh, agus duit-se, a Uí
+ Néill--níor mheath do shúil riamh ort. Tá scata fear ag Áth na
+ Bóinne ag feitheamh libh; agus, má éirigheann leó, béidh fuil bhur
+ gcroidhe aca.
+
+Ó N.--Cia thú féin, a bhruinneall?
+
+BEAN-U.--Mise Estar, cara Mheáible.
+
+Ó N.--An ’mó fear ann, a phlúr na mban?
+
+ESTAR.--Dhá fhear dhéag, agus Síográbh Mór mar cheann ortha.
+
+Ó N.--A cháirde gaoil, tá ceathrar againn ann. An ngéabhamuid thríotha?
+
+MÁGH.--Lean ar aghaidh, a bhuinneáin Néill.
+
+ART.--Tá triúr annso ná meathfaidh ort i mbeárnain.
+
+CÚCH.--An cath ar bhur gcoimirc, a Uí Néill--gluais!
+
+E.--A bhuidhean an mhisnigh, ná leanaidh ar aghaidh go fóill. Chuir
+ Meáible Bagenal mise ar bhur dtóir, agus tá mo chapall tabhartha.
+ Impighim ort-sa, a Uí Néill, ná heitigh filleadh liom chum
+ labhartha le Meáible, mar mhóidigh an Ridire Bagenal go gcaithfidh
+ sí--pé olc nó maith léi é--an Tighearna de Graé do phósadh.
+
+Ó N.--Tá an spéir-bhean i nDroichead Átha ar ár mbóthar, airighim.
+
+E.--Ní fhuil i n-aon chor. D’fhág sí é go deórach. Tá sí theas i nGlas
+ Neidhn fá dhíon tighe shiúir de Shíográbh, ⁊ ceapaim gan dearmad
+ go bhfuil seisean ar buile i ngrádh léi.
+
+Ó N.--A bhráithreacha grínn, bíodh leo ag an áth; fillfeam ar ais go
+ Glas Neidhn.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ RADHARC IV.
+
+
+ ÁIT: Glas Neidhn--tigh chinn tuighe. UAIN: Meadhón oidhche.
+
+ [Coinneall ar lasadh i bhfuinneóig. MEÁIBLE ag fuagháil agus ag
+ sileadh na ndeór. Sean-bhean (CÁIT DHUBH) ag crónán cois na
+ teineadh.]
+
+ CÁIT DHUBH.--Tá faol-choin a’ faire ar áithibh na habhann;
+ Tá’n triath úd ’s a aicme--an síolrach na ndeamhan!--
+ Dá dtraochadh le Síográbh ár mbláth-fhear na lann.
+ Béidh liughraigh i nUladh nuair cloisfear ar ball
+ Gur leagadh an aicme le Síográbh na nGall;
+ Béidh deóra ar ainnir mar leanbh le breall,
+ Mar mealladh an ainnir le draoidheacht ’s le feall;
+ Acht is tréith é an fear borb ó chúige na mbeann
+ ’Gus an triúr i n-aice ’na gcorpaibh gan cheann.
+
+ [ESTAR ar láthair.]
+
+ESTAR.--Cad do chloisim? Bádhbh ag cnámhdán. Cad do chím? Bean óg
+ uaibhreach ag gol ’sa’ caoi mar tá a tighearna sa’ mhainreach.
+
+ [Caitheann MEÁIBLE uaithe an fhuagháil, nighean sí a lámha ’gus a
+ súla, filleann sí a gruaig, agus buaileann uirthe féin brat
+ liath.]
+
+ [Bualadh ag an ndoras. Fosglann ESTAR ⁊ umhluigheann. Ó NÉILL ar
+ láthair. Umhluigheann do MHEÁIBLE agus pógann a lámh.
+ Umhluigheann MÁGHNUS, CÚCHONNACHT agus ART di.]
+
+CÁIT DHUBH.--Is é seo an Tighearna de Graé gan aon amhras. Fáilte is
+ fiche romhat-sa, a thighearna áluinn chumasaigh. Is tusa rí na
+ bhfear; is geal é do chneas agus is módhmharach í do shúil. Molaim
+ óm’ chroidhe do bhean.
+
+E.--A Cháit na teangan líomhtha leimhe, is é seo an Tighearna tréan Ó
+ Néill Uladh.
+
+CÁIT.--Ó! luighe na bhfód ort féin ⁊ ar do shliocht, a Thighearna dhuibh
+ Thír Eoghain! Fág mo thigh go déaghair. Mo chreach chráidhte! gan
+ Síográbh na mbéimeann mór annso anocht go ndéanfadh sé smior dod’
+ chnáimh.
+
+ [Cuireann ESTAR bos ar a béal. Ní fhéachann Ó NÉILL ar CHÁIT, acht
+ caitheann sé sparán airgid ’na hucht.]
+
+ CÁIT.--Dar Rí na nDúl! is sáir-fhear é,
+ An tighearna séimh i dtuaidh;
+ Go raibh sonas ’s séan
+ Gan gruaim gan léan
+ Ar gach n-aon do thiocfadh uaidh.
+
+ [Druideann ESTAR, an triúr Gallóglach, agus CÁIT DHUBH as láthair.]
+
+Ó NÉILL.--A Mheáible óig na gcochall mbán, cad é fáth an turais seo?
+
+MEÁIBLE.--Tá mo mháthair i Sasana, agus má iarras tusa mar athchuinge ar
+ an bhFear-Ionaid mé leigean ar n-ais chúice tabharfaidh sé do
+ ghuidhe dhuit.
+
+Ó N.--Is mór é do dheabhadh ag fágaint na hÉireann d’ár ndóich.
+
+M. [Ag cromadh ar ghol]--D’innis Estar duit an fáth, b’fhéidir?
+
+Ó N.--A Mheáible Bagenal, ó’n lá úd do chuireas rinn mo rosc ort ag
+ Meala Fuinnte is tusa amháin grádh mo chléibh. An nglacfair mo
+ lámh ⁊ mo chroidhe?
+
+M. [Go mánla]--Fearg mo dhearbhráthar liom! An áirigheas tú é sin? Ní
+ leómhfainn é ar m’anam.
+
+Ó N.--Leómhfair é má’s maith leat féin é. Má ghoilleann sé ar do
+ dhearbhráthair, bíodh leis.
+
+ [Téidheann MEÁIBLE go dtí an fhuinneóg, sileann sí na deóir,
+ filleann sí ar n-ais, buaileann sí a ceann ar chuislinn UÍ
+ NÉILL, ⁊ pógann seisean a gruadh.]
+
+Ó N.--Ní éalóchair liom, acht béarfad liom thú láithreach bonn.
+
+M.--Mo chlú?
+
+Ó N.--Do chlú ar mo choimirc-se. Tá easbog ins an tigh.
+
+ [Buaileann Ó NÉILL cluigín. CÁIT DHUBH ar láthair.]
+
+Ó N.--A Mhághnuis Uí Dhomhnaill!
+
+ [MÁGHNUS, CÚCHONNACHT, agus ART ar láthair, agus an tEasbog
+ SEÓNSACH.]
+
+SEÓNSACH.--A bhean-uasal óg, an nglacann tú Iarla Thír Eoghain? A Iarla
+ Thír Eoghain, an nglacann tusa an bhean-uasal Meáible Bagenal?
+ Tagaidh liom go seomra eile mar a bhfuil altóir gléasda.
+
+ [Amhrán go bhfillidh an lánamhna.
+
+ [An lánamhna ⁊ a gcuideachta ar láthair arís d’éis an phósda.]
+
+MÁGHNUS, CÚCHONNACHT, agus ART:
+
+ Go mairir do bhean, a Uí Néill!
+ Go mairir eisean, a bhaintighearna!
+ Go raibh an rathamhnas oraibh araon,
+ Agus sliocht agus séan ó’n dTighearna!
+
+ [Bualadh ag an ndoras. Fosglann CÁIT DHUBH.
+
+ [Fear ar láthair ag cur alluis de.]
+
+An FEAR.--Tá fhios ag cách go bhfuil Ó Néill annso--táthar ar bhur dtí.
+ Féachaidh amach!--tá soillse ar Mhachaire Lífe. Tá Sasanaigh ann;
+ beidhfear ar bhur dtóir láithreach.
+
+Ó NÉILL.--Suidhidh go socair, a cháirdí. Tá bean nuadh-phósta Aodh Uí
+ Néill annso, ⁊ mo thruagh an dream do chuirfeadh ’na gceann baint
+ léi.
+
+MÁGH., CÚ., ART.--Hup--hurú--ú! Ó Néill abú!
+
+CÚC.--Tóg leat an sgéal sain, a fhir dheórata. Tá Ó Néill Uladh annso
+ gan beann ortha.
+
+ [Tugann MÁGHNUS dualgus do’n Fhear. Imthigheann an Fear.]
+
+MÁGH.--Má tá fíon agat, a bhean tighe, ólfamuid sláinte na lánamhan.
+
+CÁIT.--Tá ⁊ fáilte. Leig dom faluing Uí Néill do phógadh ⁊ mala
+ bhaintighearna Uí Néill.
+
+ [D’óladar sláinte, le “Hup--hurú--ú!”]
+
+Ó N.--Gléasaidh na capaill. Tá an bhainis agus an fleadh a’ fuaradh i
+ dTulach Óg.
+
+BEAN UÍ NÉILL.--Má’s cóir dom labhairt lem’ Thighearna mór Thír Eoghain,
+ tá Síográbh thuas ar Áth na Bóinne. Tá feall ’na chroidhe, ’gus
+ cruimh ’na shróin, ’gus dhá fhear dhéag aige siúd rómhainn-ne.
+
+ Ó NÉILL.--Cad é ar mbeann
+ Ar bhodach teann,
+ ’S a dhaosgar sluagh ar bealach rómhainn-ne?
+ Ní chloisfir ann
+ An claidheamh ná an lann,
+ Ní fhuil samhail na namhaid ar Áth na Bóinne.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ RADHARC V.
+
+
+ ÁIT: Dúngeanainn. UAIN: Maidean.
+
+ [OLLAMH ag trácht le MEÁIBLE agus ESTAR ar shinnsear UÍ NÉILL.
+ MEÁIBLE ag cuimilt cínn con.]
+
+ [Ó NÉILL agus a Rúnaire ar láthair.]
+
+Ó N.--Chífir a chéile-rúin fiaguigheacht indiu; béidh na coin ⁊ na
+ sealgairí ullamh aimsir eadartha.
+
+ [Buaileann MEÁIBLE ⁊ ESTAR a ndá ndeárna le h-áthas.]
+
+M.--Cuirim ort, a Uí Néill, cia aca b’fhearr leat go dtí sin, cluiche
+ fithchille, nó ceól na cláirsighe?
+
+Ó N.--Bíodh do rogha agat-sa.
+
+ [Buaileann sé cluigín, freagaran giolla.]
+
+Ó N.--Cláirseóir ⁊ clár fithchille.
+
+ [Cláirseóir ar láthair.]
+
+CLÁIRSEÓIR.--Cad é badh mhaith leis an mbuidhean ríoghamhail.
+
+Ó N.--Bíodh do rogha agat-sa, a bhean tighearna, an ceól is maith
+ leat-sa is maith liom-sa é. Seinn suas, a chláirseóir, ⁊ má’s
+ maith léi-si ná staon go gcloisimíd glór na gcon ag uail ar
+ iallaibh.
+
+M.--Seinn ⁊ can an Róisín Dubh.
+
+ [Seinneann an Cláirseóir “An Róisín Dubh,” Ó NÉILL ag éisteacht,
+ agus a lámh ar a smeigín aige, gur críochnuigheadh an t-abhrán.]
+
+ [Bualadh ar an ndorus: fear ar láthair.]
+
+FEAR.--Is mise teachtaire bainrioghna.
+
+ [Síneann sé litir chum UÍ NÉILL.]
+
+RÚNAIRE UÍ NÉILL.--Ar do ghlúnaibh i láthair Uí Néill, a theachtaire.
+
+TEACHTAIRE.--Ní gnáthach é i bhfiadhnuise Iarla, d’umhluigheas dó.
+
+RÚNAIRE.--Ar do ghlúnaibh go déaghair i bhfiadhnuise Uí Néill, a deirim
+ leat.
+
+ [Feacann an teachtaire a ghlúna go gruaimeach.]
+
+Ó N.--Éirigh a theachtaire.
+
+ [Éirigheann sé. Imthigheann an bhanntracht as láthair: léigheann Ó
+ NÉILL an litir, ⁊ preabann sé ’na shuidhe.]
+
+Ó N.--A rúnaire, séid an buadhbhal láithreach agus cuir an ghairm amach,
+ ceapaim go bhfuil arm na námhad gléasda ar ár dteórannaibh ⁊ béidh
+ sé anuas orainn muna ngéillmíd do’n litir seo, ⁊ ar m’onóir ní
+ ghéillfeam. Cad do bhéarfadh go gcuirfeadh Mac Uilliam a leithéid
+ seo de litir dhrochmhúinnte chúgam, mo bhean nuadh-phósta do chur
+ na geall síothchána go Baile-Áth-Cliath agus bannaidhe thabhairt
+ ná cabhróchad le hÓ Dómhnaill. Bailigh, adeir an fear mí-iomchuir
+ seo, gach fear claidhimh id’ thír ⁊ id’ chomhluadar le haghaidh
+ congnaimh do thabhairt chum Ó Dómhnaill do ghabháil.
+
+RÚNAIRE.--Ná léigh a thuilleadh dhi, a Uí Néill.
+
+ [Glacann Ó NÉILL cleite agus sgríobhann.]
+
+Ó N.--Sin é cloichead coimirce, a theachtaire, má bhéidh fear im’
+ cheanntar ar tí bárr méire do bhualadh ort teasbáin é sin do. Ní
+ fhuil freagra agam do’n Fhear Ionaid. Gread leat.
+
+ [Teachtaire as láthair.]
+
+ [Bualadh ar an ndorus. Beirt Fhear Faire ar láthair.]
+
+An Chéad FHEAR FAIRE.--Chonnarcas sluagh ag Árd Macha ar maidin indiu, a
+ n-aghaidh i ndeas.
+
+An Dara FEAR FAIRE.--Chonnarcas dóighteán ar teórainn Mhuineacháin
+ tráthnóna indé, ⁊ sluagh ag triall i ndeas.
+
+Ó NÉILL.--Bíodh leó. Támuid ullamh i gan fhios dóibh, buidheachas mór le
+ Dia; shílidh muinntir an fheill go rabhamar ’nár gcodladh.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ RADHARC VI.
+
+
+ UAIN: An tráthnóna céadna le luighe gréine.
+
+ [Ó NÉILL gléasda, armtha. Sluaighte Uladh--a bpíoba a’ seinnm--ag
+ triall ó gach áird go faithche Dhúingeanainn. Labhrann Ó NÉILL
+ leó.]
+
+Ó NÉILL.--A bhuidhean nár thréig an cath, tá an namhaid chealgach ar ár
+ dteórainn. Tá an oidhche, le n-a sgamalaibh, ag tuitim anuas ar
+ Uladh na laoch; acht éireóchaidh an ghrian go taithneamhach i
+ mbárach, ⁊ éireóchaidh ’na teannta, grian an chirt ⁊ brígh ⁊ buadh
+ na bhfear gcalma, sliocht Chuinn ⁊ Airt, nár ghéill do
+ dhaoirseacht riamh. Gluaisidh!
+
+ [Na sluaighte i n-aon ghuth: “Lámh Dearg abú!”]
+
+ [Gluaiseacht sa n-oidhche go Druimfhliuch. Ó Néill le h-éirghe an
+ lae ar chárnán, ag féachaint ó dheas, ⁊ a thaoisigh le n-a
+ chois. Tagann ceathrar Gallóglach ar láthair ⁊ dhá bhraighde
+ aca. Labhrann CÚCHONNACHT leó.]
+
+CÚCHONNACHT.--Cia hiad so agaibh?
+
+GALLÓGLACH.--Ag triall dúinn trasna Áth na Dubhabhann roimh lá
+ chonncamar laoch mór ar an bport theas, ⁊ bheannuigheamar dó, acht
+ thug sé na mionna móra dá leanamuís ar aghaidh go mbéadh ar gcinn
+ aige. Leanamar, ámh, ⁊ thug sé cúl orainn. Ghabhamar an bheirt seo
+ i mbóithrín cois na háite ⁊ scéithidh ceann aca. Deir sé gurab é
+ Síográbh an laoch úd, agus go rabhadar araon agus eisean ar a
+ slighe go Dúngeanainn chum Bhaintighearna Uí Néill d’fhuadach.
+
+Ó NÉILL.--Cad deir an fear sain?
+
+GALL.--Deir an fear so do ghabhamar, a thighearna, go bhfuil Síográbh ar
+ do thí-se. Tá sé ar tí cómhraic aen-fhir do chur ort.
+
+Ó N.--Ní sgéal nuadh é sin; tá an sgéal dá aithris i mBaile Áth Cliath
+ le mí.
+
+GALL.--Chuala an bhean-sídhe ag caoineadh aréir i gCluain Tiobraid. Is é
+ Síográbh na Lann an fear is tréine imeasg na Sagsan. Iarraim mar
+ athchuinge ort, a Uí Néill, gan troid leis; bainfead-sa féin cor
+ as id’ ionad-sa.
+
+Ó N.--Go raibh míle maith agat, a Dhómhnaill mhóir Maguidhir. Sguir ó’n
+ sgéal úd an cor so; acht ar innis an braighde dhuit an ’mó fear
+ atá leis an Sasanach i gCluain Tiobraid?
+
+GALL.--Chonnac lem’ dhá shúil féin an sluagh ’na suidhe ar Chluain
+ Tiobraid, agus d’áirmhigheas ann le solus gealaighe, dar liom, trí
+ mhíle fear. Adeireas fós an príosúnach so liom go bhfuil cheithre
+ mhíle fear ’na suidhe ag Druimfhliuch. Acht seachain tú féin, a Uí
+ Néill, ar Shíográbh calma na Lann. Impighim an méid sin ort.
+
+Ó N.--A Mhághnuis, a Chúchonnacht, ⁊ a Airt, an cath ar bhur gcoimirc.
+ Tá sluaighte líonmhara i n-aghaidh Uladh. Tá sé d’fhiachaibh
+ orainn an namhaid do chlaoidh ar Chluain Tiobraid. Gluaisidh!
+
+ [Glór na gclaidheamh i bhfad uainn, ⁊ seinnm árd na bpíob.
+ Gluaiseann Ó NÉILL tarsna an mhachaire agus gríosuigheann sé
+ Clann Uladh. Casann SÍOGRÁBH air ar bruach na habhann ⁊ cuireann
+ liugh as.]
+
+SÍOGRÁBH.--Seasaimh, a Iarla dhuibh Thír Eóghain! Tá do ghnó déanta
+ anois. I gcionn lae go n-oidhche béidh Meáible mhánla ’na leanán
+ agam. Béidh seabhaic agus fiag dhúbha na gcnoc ag troid ós cionn
+ do choirp, ’gus gan aon dod’ chomhluadar mhalluighthe suas, le
+ dorn cré do chaitheamh ort.
+
+Ó NÉILL.--A bhodaigh mhóir na Sagsan, do cheap le meatacht ⁊ feall mo
+ sgórnach do ghearradh ag Áth na Bóinne, tarraing i leith, mar tá
+ ampladh chum do chonnablaigh ar mhadraibh geárra.
+
+ [Cómhraicíd siad. Cuireann sé Ó NÉILL i ndiaidh a chúil agus
+ cuireann air go dian. Sgreadann MÁGHNUS, CÚCHONNACHT, agus ART.
+ Éirigheann mire ar UA NÉILL, tiomáineann sé i ndiaidh a chúil
+ SÍOGRÁBH, buaileann sé baic-bhéim air; teanntuigheann SÍOGRÁBH
+ leis agus bheireann barróg air, acht caitheann Ó NÉILL é ar
+ phleasg a dhroma, buaileann sé blosg-bhéim air ar tuitim, ⁊
+ cuireann sé a chos ar a chliabh. Tarraingeann SÍOGRÁBH an
+ anál--bás SHÍOGRÁBH. Liugh na bhfear.]
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ RADHARC VII.
+
+
+ ÁIT: Béal Átha Buidhe. UAIN: Éirghe an lae.
+
+ [Ó NÉILL, MÁGHNUS, CÚCHONNACHT, ART ⁊ ceathrar eile i gcomhairle
+ cogaidh.]
+
+Ó NÉILL (ag preabadh ’na shuidhe).--Cloisim, má mhairim, píoba
+ gluaiseachta Thír Chonaill. Béidh Aodh Ruadh annso láithreach.
+
+MÁGHNUS.--Cloisim-se leis iad, agus eiteallann mo chroidhe--acht éist!
+ cluinim ceól ag gabháil aniar ⁊, dar mo bhaiste, tá Aodh Mag
+ Uidhir i dtosach, an laoch is calma do tháinig riamh ó cuireadh
+ ’sa s-úir Osgar óg na bhFiann.
+
+Ó N.--Acht féach anoir, a bhráithre! Tá Bagenal ar siubhal go moch. Thug
+ sé na móide go mbiaidh a dheirbhshiúr Meáible ’na baintreabhach
+ sul chaillfeadh an crann-úbhall a thoradh.
+
+ART.--Tá an claidheamh i ngar do threasgar Síográbh.
+
+CÚCHONNACHT.--Nach dán iad dream an fheill d’éis an ghreas do
+ bhuaileamar ortha i gCluain Tiobraid agus i nDruimfhliuch; acht
+ bheirim-se liaigh go ngeobhaid siad cluiche indiu go mairfidh a
+ chuimhneamh fad do bhéidh sruth ag triall chum sáile.
+
+Ó N.--Cuireann do chainnt i gcuimhne dhom go rabhais-se agus mise i
+ nguais ár mbáthadh ar lár na fairrge. D’éirigh bean-scéimh áluinn
+ go hobann as cúbhar na mara, agus thairig sí dhomh-sa
+ minríoghachda na hÉireann; acht d’áitímhis orm diúltadh dhí, mar
+ dar leat dubhairt an ghruagach leat nach raibh sé ’ndán d’aon
+ fhear de Chlann Uí Néill seasamh a thuilleadh ar an Lia Fáil thíos
+ i dTeamhar na Ríogh. Badh mhaith liom fáistine d’fhagháil ar sin,
+ acht chím an mheirg mheablach ag druidim linn. Séid an buadhbhal,
+ a churaí an lae chruaidh.
+
+MÁGH.--Chonnarc-sa féin im’ aisling aréir an ghruagach thíos imeasg na
+ gcorp----
+
+Ó N.--Sguiream de chainnt ar throm-luighe an cor so. Tá an námhaid ag
+ gabháil ’nár dtreó. Dia le hÉire!
+
+ [Séideann an buadhbhal ⁊ cruinnigheann na fir.]
+
+Ó N.--A bhuidhean mo chléibh, a laochra Uladh, cabhair Dé chugainn!
+ Bíodh neart ’nbhur lámha ⁊ dóich ’nbhur gcroidhe, ⁊ mairfidh bhur
+ gclú go Lá an Luain. Tá an sean-námhaid--dream agus síol na
+ ndeamhan--os bhur gcomhair, do lot bhur dtír, do sgaip bhur
+ gcineadh, ⁊ do dhéanfadh tráillí dhíbh. Buailidh mar bhuailfeadh
+ bhur sinnsear romhaibh--buailidh le neart, buailidh le fuaim,
+ buailidh ⁊ brisidh na cnámha ’s na cinn, buailidh mar bhuaileann
+ an tonn ar an tráigh, millidh mar mhilleann an lasair an crann,
+ stracaidh mar stracfadh na faolchon an fiadh, gearraidh mar
+ ghearran an sgian thré mhairt-fheóil, sgaipidh na Danair mar
+ sgaipfeadh an síon cáithleach an choirce ⁊ borrach an lín.
+
+Na FIR go léir.--“Lámh Dearg abú!”
+
+ [Cath an Átha Bhuidhe, fuaim na mbuillí, gleó na
+ bhfear ’sa’ bhruighin; an námhaid ag teitheadh. Meirg
+ Uí Néill ar bárr. Liúgh agus lúthgháir na bhfear.
+
+
+
+
+ RADHARC VIII.
+
+
+ ÁIT: Dúngeanainn. UAIN: An tráthnóna.
+
+ [Fáilte UÍ NÉILL. Ceól--an phíob agus an chláirseach. Abhrán
+ buadhthach (“Ó Dómhnaill Abú,” nó ceann eile). Rinnce os comhair
+ UÍ NÉILL.]
+
+
+ (CRÍOCH.)
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ GAELIC LEAGUE PUBLICATIONS.
+
+
+ Gaelic League Series.--Simple Lessons in Irish.
+
+ Post Paid
+
+ s. d. s. d.
+
+ 1. =Simple Lessons in Irish=, giving the pronunciation of 0 3 0 4
+ each word. By Rev. Eugene O’Growney. Part I. (35th
+ Edition, 211th Thousand).
+
+ 2. Do. do. (17th Edition, 76th Thousand) Part II. 0 3 0 4
+
+ 3. Do. do. (9th Edition, 35th Thousand) Part III. 0 6 0 7
+
+ 4. Do. do. (5th Edition, 19th Thousand) Part IV. 0 6 0 7
+
+ 5. Do. do. (3rd Edition, 13th Thousand) Part V. 0 6 0 7
+
+
+
+ Gaelic League Series--Irish Texts.
+
+
+ 1. =Dánta, Amhráin is Caointe Sheathrúin Céitinn.= The 1 0 1 3
+ Poetic Works of Rev. Geoffrey Keating, D.D. Edited
+ with Introduction and Vocabulary, by Rev. J. C.
+ MacErlean, S.J., B.A. Crown 8vo, 224 pages. Paper
+ Wrapper. Net
+
+ Do. Cloth, gilt 1 6 1 9
+
+ Do. Leather, gilt edges 2 0 2 3
+
+ 2. =Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin.= The Songs of 1 6 1 9
+ Eoghan Ruadh O’Sullivan. Edited, with Introduction
+ and Vocabulary, by Rev. P. S. Dinneen, M.A. Crown
+ 8vo, 260 pages. Paper Wrapper Net
+
+ Do. Cloth, gilt 2 0 2 3
+
+ Do. Leather, gilt edges 2 6 2 9
+
+ 3. =Amhráin Sheagháin Chláraigh Mhic Dhomhnaill.= The 1 6 1 9
+ Songs of Seaghán Clárach MacDonnell. Edited, with
+ Introduction and Vocabulary, by Rev. P. S. Dinneen,
+ M. A. Paper Wrapper
+
+ Do. Cloth, gilt 2 0 2 3
+
+ Do. Leather, gilt edges 2 6 2 9
+
+ 4. =Dánta Shéafradh Uí Dhonnchadha an Ghleanna.= The Poems 1 0 1 2
+ of Geoffrey O’Donoghue of the Glen. Edited, with
+ Vocabulary, by Rev. P. S. Dinneen, M.A. Paper Wrapper
+
+ Do. Cloth, gilt 1 6 1 9
+
+ Do. Leather, gilt edges 2 0 2 3
+
+ 5. =Dánta Piarais Feiritéir.= The Poems of Pierce
+ Ferriter. Edited, with Introduction and Vocabulary,
+ by Rev. P. S. Dinneen, M.A. (In the Press).
+
+
+
+ Gaelic League Series.--Popular Booklets.
+ (Demy 8vo. 16 pages.)
+
+
+ 1. =An tAithriseóir.= An Irish Recitation Book. Edited by 0 1 0 1½
+ Tadhg O’Donoghue and P. H. Pearse, B.A.,
+ Barrister-at-Law. Part I. (2nd Edition, 6th Thousand)
+
+ 2. =Ráiteachas.= Conversational Ulster Irish (Republished 0 1 0 1½
+ from Nelson’s “Introduction to the Irish Language.”)
+ Part I. (2nd Edition, 6th Thousand)
+
+ 3. =I dTaoibh na hOibre.= A Pamphlet for Irish Speakers. 0 1 0 1½
+ By Owen Naughton
+
+ 4. =Greann na Gaedhilge.= Humorous Short Stories. By Henry 0 1 0 1½
+ Morris. (2nd Edition, 6th Thousand)
+
+ 5. =Tadhg Gabha.= A Humorous Tale of Kerry Life. By J. J. 0 1 0 1½
+ Doyle. (2nd Edition, 6th Thousand)
+
+ 6. =Sean-Fhocail na Mumhan.= The Proverbs of Munster. 0 1 0 1½
+ Collected by Tadhg O’Donoghue. Part I.
+
+ 7. =Blátha Bealtaine.= Three Short Stories, translated 0 2 0 3
+ from the English of Mary E. L. Butler, by Thomas
+ Concannon, 24 pages. Illustrated
+
+
+
+ Gaelic League Series--Gaelic Journal Booklets.
+
+
+ 1. =Grádh ⁊ Crádh.= A Short Story by Agnes O’ Farrelly, 0 1 0 1½
+ M.A. 28 pages.
+
+
+
+ Gaelic League Series.--Original Irish Works.
+
+
+ 1. =Cormac Ua Conaill.= An Historical Romance, dealing 1 0 1 2
+ with the fortunes of a Kerry peasant lad during the
+ Desmond wars in the 16th century. By Rev. P. S.
+ Dinneen, M.A. Crown 8vo. 90 pages Net
+
+ Do. Cloth, gilt 1 6 1 8
+
+
+
+ Gaelic League Series--Original Irish Works (con.)
+
+
+ 2. =Cill Áirne.= A Description of the Scenery of the 2 0 2 2
+ Killarney Lakes. By Rev. P. S. Dinneen, M.A.
+ Illustrated. Leather, gilt edges Net
+
+ Do. Cloth, gilt ” 1 6 1 8
+
+ Do. Paper wrapper ” 1 0 1 2
+
+ 3. =Beatha Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin.= The Life of 0 9 0 10
+ Eoghan Ruadh O’Sullivan. By Rev. P. S. Dinneen, M.A.
+ Paper
+
+ Do. Cloth, gilt 1 3 1 4
+
+ Do. Leather, gilt edges 1 9 1 10
+
+ 4. =Seóda na Sean.= A Collection of Old Tales re-told. By
+ Thomas Concannon. Illustrated. (In the Press.)
+
+
+
+ Gaelic League Series.--Irish Folklore.
+
+
+ 1. =Sgéalaidhe Fearnmhuighe.= A Collection of Monaghan 0 9 0 11
+ Folk-tales. Edited, with short Notes and Glossary, by
+ J. H. Lloyd. 128 pages. Paper wrapper Net
+
+ 2. =Trí Sgéalta.= The Three Stories which won First Prize 0 9 0 11
+ in Folk-Lore competition at _Oireachtas_, 1900.
+ Edited, with Vocabulary, by Douglas Hyde, LL.D. Paper
+
+
+
+ Gaelic League Series.--Irish School Readers.
+
+
+ 1. =Prímhleabhar Gaedhilge le haghaidh na Naoidheanán.= An 0 1 0 1½
+ Irish Infant Primer. 32 pages. Illustrated. (5th
+ Edition, 29th Thousand)
+
+ 2. =An Chéad Léightheóir Gaedhilge.= The First Irish 0 2 0 3
+ Reader. 64 pages. Illustrated
+
+
+
+ Gaelic League Series--Irish Songs and Music.
+
+
+ 1. =Cláirseach na nGaedheal.= A collection of Irish Songs, 0 3 0 3½
+ with Airs in Staff and Tonic Sol-fa Notations. Edited
+ by Brendan Rogers and J. H. Lloyd. Demy 4to, 12
+ pages. Part I.
+
+ Do. Part II. 0 3 0 3½
+
+ 2. =Ceatha Ceóil.= Popular Irish Songs, with
+ Accompaniments. Arranged by Carl G. Hardebeck.
+
+ =Siubhail, a Ghrádh= 0 2 0 2½
+
+ =An Draighneán Donn= 0 2 0 2½
+
+ =Róisín Dubh= 0 2 0 2½
+
+
+
+ The Oireachtas Proceedings.
+
+
+ 1. =Imtheachta an Oireachtais=, 1897. 124 pages Net 1 0 1 2
+
+ 2. Do. do 1898. Edited by Tadhg O’Donoghue and Norma 1 6 1 8
+ Borthwick. 100 pages Net
+
+ 3. =Imtheachta an Oireachtais=, 1899. Edited by S. J. 1 6 1 8½
+ Barrett. 174 pages Net
+
+
+
+ Gaelic League Pamphlets.
+
+
+ =Gaelic League Pamphlets, 1 to 24, 1d. each, post free, 1½d.; 9d. per
+ dozen, or 5s. per 100, post free.=
+
+
+
+ Gaelic League Leaflets.
+
+
+ 1. =Dhá Ádhbhar Déag.= Twelve Reasons for knowing Irish 0 1 0 1
+
+ 2. =Two Schools: A Contrast.= By Mary E. L. Butler 0 1 0 1½
+
+ _The above may be had at 9d. per doz., or 5s. per 100, post free._
+
+
+
+ Students’ Handbooks.
+
+
+ 1. =Leabhar Cainte.= The Prize Oireachtas Phrase Book. By 1 0 1 2
+ J. J. Doyle. Edited by S. J. Barrett. Crown 8vo, 172
+ pages. Paper wrapper Net
+
+ Do. Cloth, gilt 1 6 1 9
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ Nótai Tras-Scríobhaí
+
+
+Úsáideann an ríomhleabhar seo _fostríoca_ chun cló iodálach a
+comharthaigh, agus úsaídeann =síneacha chothroime= chun cló trom a
+comharthaigh.
+
+Chlóigh an leabhar seo ó bhunús i gcló Gaelach le poncanna séimhithe.
+Úsáideann an ríomhleabhar seo =cló trom= chun cló Gaelach isteach an
+roinn cló Rómhánach a comharthaigh.
+
+Rinneadh na ceartúcháin seo:
+
+ • l. 6: Cuireadh lánstad tar éis “Fear” agus roimh an frása “Mise
+ Síográbh.”
+ • l. 7: Cuireadh camóg in ionad lánstad sa frása “is cóir dúinn bheith
+ ar siubhal, a bhean uasal mhánla.”
+ • l. 11: Cuireadh “SÍOGRÁBH” in ionad “SIOGRÁBH” sa frása “Preabann
+ SÍOGRÁBH ⁊ BAGENAL ’na seasamh ⁊ umhluighid.”
+ • l. 11: Cuireadh “bhfuil” in ionad “bhfiul” sa frása “A thighearna,
+ ceapaim go bhfuil sé ag crith ’na chroiceann.”
+ • l. 11: Cuireadh “Ó NÉILL” in ionad “O’NEILL” sa frása “Ní chuireann Ó
+ NÉILL suim ann.”
+ • l. 11: Cuireadh “Ó N” in ionad “O’N” roimh an frása “Led’ thoil do
+ bhronn an bhainrioghain an tíodal san orm.”
+ • l. 12: Cuireadh “Ó Néill” in ionad “O’Néill” sa frása “go mb’fheárr
+ liom féin bheith im’ Ó Néill Uladh ’ná im’ rí ar Spáinn.”
+ • l. 12: Cuireadh “SÍOGRÁBH” in ionad “SIOGRÁBH” sa frása “nocht
+ BAGENAL ⁊ SÍOGRÁBH a gclaidheamhtha.”
+ • l. 12: Cuireadh “Ó N” in ionad “O’N” roimh an frása “Cá bhfuil do
+ dhearbhadh?”
+ • l. 12: Cuireadh “Ó Néill” in ionad “O’Néill” sa frása “acht má’s
+ maith le triath i gCúige Uladh Ó Néill do ghairm orm.”
+ • l. 13: Cuireadh “Séideann” in ionad “Séideannn” sa frása “Séideann
+ SÍOGRÁBH stoc.”
+ • l. 20: Cuireadh lánstad tar éis “CÚC” agus roimh an frása “Tóg leat
+ an sgéal sain.”
+ • l. 23: Cuireadh “Éirigheann” in ionad “éirigheann” sa frása
+ “Éirigheann sé.”
+ • fógraí: Baineadh lúibín iomarcach tar éis an frása “In the Press.”
+ • fógraí: Cuireadh lánstad tar éis “L” sa frása “Two Schools: A
+ Contrast. By Mary E. L. Butler.”
+
+Tá ealaín clúdaigh nua le an ríomhleabhar seo tíolactha do an fhearann
+poiblí.
+
+*** END OF THE PROJECT GUTENBERG EBOOK 78840 ***