summaryrefslogtreecommitdiff
path: root/78815-0.txt
diff options
context:
space:
mode:
Diffstat (limited to '78815-0.txt')
-rw-r--r--78815-0.txt959
1 files changed, 959 insertions, 0 deletions
diff --git a/78815-0.txt b/78815-0.txt
new file mode 100644
index 0000000..21b01fd
--- /dev/null
+++ b/78815-0.txt
@@ -0,0 +1,959 @@
+*** START OF THE PROJECT GUTENBERG EBOOK 78815 ***
+
+
+
+
+LEABHRA GAEDHILGE: A H-AON
+
+MAIDEAN I MBÉARRA
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+ MAIDEAN I MBÉARRA
+ AGUS DÁNTA EILE
+
+ CRÁDH CROIDHE EIGEAS
+
+ DO SGRÍOBH
+
+
+
+
+ MARTIN LESTER, LTD.
+ ÁTH CLIATH
+ 1920
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+ An tarna cur
+ CORRIGENDA
+
+ Ar
+ leathanach líne i n-ionad léigh
+
+ 7 22 feichfidhe feicfidhe
+ 8 12 nGarsúin nGarsún
+ 19 8 saorthair saothair
+ 23 10 tréithre tréithe
+ 24 29 chaomh caomh
+ 27 17 snuaidh snuadh
+ 31 24 thaitneadh thaitnfeadh
+ 32 13 maithe mhaithe
+ 37 21 siublach siubhlach
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ RÉIMHSGÉAL
+
+
+Nuair a chuireann duine a chuid sgríbhinní le chéile chun leabhair bhig
+a dhéanamh díobh, is gnáth leis a rádh gurab iad a charaid is
+freagarthach leis an leabhar, mar gurab iad do ghríosuigh chuige sin é.
+Is dócha ná bíonn sa chaint sin uaireanta acht camaflás, ach bíodh san
+mar atá sé, ní fhéadaim-se cuimhneamh ar a mhalairt de leathsgéal anois.
+Na dánta atá cruinnighthe annso, tá a bhformhór fé chló le tamall maith,
+cuid aca le breis agus fiche bliadhain.
+
+Tá roinnt aithriseóireachta ’na measg--agus ná beireadh an léightheóir
+leis gurab ionann aithriseóireacht agus _recitation_, mar ní headh. An
+dán do cumadh mar aithris ar chaint an Ghall-Ghaedhilgeóra, ní abraim ná
+gurab é an dán is measa dár cumadh riamh é. Níl blas ná ceart ann. Na
+focail, suidheamh na bhfocal, na fuaimeanna, an aiste, taid go léir bun
+os cionn leis an nGaedhilg. Ach is beag tuathal sa dán san ná feicfidhe
+a leithéid annso ’s annsúd i sgríbhinníbh éigin tá cúig bliadhna déag ó
+shin ann, nuair do céad-chuireadh an aithris i gcló. Ní raibh uaim ach
+adhbhar suilt, agus ní rabhas a’ gabháil ar aon sgríbhneóir fé leith.
+Dar ndó dob olc an mhaise do dhuine bheith a’ magadh fé lucht foghlamtha
+na Gaedhilge toisg gan í bheith aca go blasta, ach cad chuige dhóibh
+bheith a’ ceapadh dánta, mar ’dheadh? Má tá éinne ann anois agus a
+leithéid sin de dhroch-Ghaedilg dá sgrí aige--agus dá cur i gcló--ní
+mise sgéifidh air.
+
+Is fuiriste aithris a dhéanamh ar chaint bhriste, ach bhí de
+dhánaidheacht ionnam an uair sin tabhairt fé chaint Eoghain Ruaidh Uí
+Shúilleabháin. Do cheap Gaedheal i Lonndain freagra i bpearsain
+‘Gharsúin an Chéad Leabhair,’ dá rádh gur do féin d’oir casóg agus
+béabhar Eoghain. Tá éileamh an ghársúin le fagháil i _mBanba_. I
+bhfreagra air sin do cheapas-sa _Freagra Eoghain Ruaidh ar an nGarsún_.
+
+
+ CRÁDH CROIDHE ÉIGEAS.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+MAIDEAN I MBÉARRA
+
+Fonn: Londonderry Air
+
+
+ Is é mo chaoi gan mise maidean aerach
+ Amuigh i mBéarra ’m sheasamh ar an dtráigh,
+ Is guth na n-éan am tharraing thar na sléibhtibh cois na fairrge,
+ Go Céim an Aitinn mar a mbíonn mo ghrádh.
+ Is obann aoibhinn aiteasach do léimfinn,
+ Do rithfinn sáor ó anabhroid an tláis,
+ Do thabharfainn druim le sgamallaibh an tsaoghail seo,
+ Dá bhfaghainn mo léir-dhóthain d’amharc ar mo chaoimh-shearc
+ bhán.
+
+ Is é mo dhíth bheith ceangailte go faon-lag,
+ Is neart mo chléibh dá thachtadh ’nnso sa tsráid,
+ An fhaid tá réim na habhann agus gaoth ghlan na fairrge
+ Ag glaodhach ’s ag gairm ar an gcroidhe seo ’m lár.
+ Is milis bríoghmhar leathan-bhog an t-aer ann,
+ Is gile ón ngréin go fairsing ar an mbán,
+ ’S ochón, a Rígh-bhean bhanamhail na gcraobh-fholt,
+ Gan sinn-ne araon i measg an aitinn mar do bhímis tráth!
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+CAOINEADH AR PHÁDRAIG Ó LAOGHAIRE
+
+
+ Tá ceó ar na cnocaibh,
+ ’S ar thaoibh an ghleanna,
+ Tá glór an tsrotha
+ Do shíor am aice,
+ Is brónach osnadh
+ Na gaoithe i gcrannaibh,
+ ’S is deórach doiligh
+ Mo chroidhe-se, a chara.
+
+ Is lúthmhar láin-mhear
+ Do bhíos-sa sealad,
+ Ag siubhal na mbánta
+ I n-aoinfheacht leat-sa;
+ Gan chumha gan cháineadh,
+ Gan díth, gan easbaidh,
+ Gan súil, a bhráthair,
+ Le sgaoileadh an cheangail.
+
+ Ba sháimh do thriallainn
+ I n-úire an tsolais,
+ Do ráidhte im chliabh-sa,
+ ’S gach rún dá nochtadh;
+ Gur fhág an ghrian sinn,
+ Gur dhubhuigh a loise,
+ ’S gur crádhadh mé id dhiadh-sa
+ Dom brúdh gan chosnamh.
+
+ Ba ghile t’fháilte,
+ ’S do bhriathra caomha,
+ ’Ná duille is blátha,
+ ’Gus niamh na spéire.
+ Anois níl áthas
+ Ar shliabh ná ar ghaortha,
+ Ach duibhthean d’fhág mé
+ Id dhiaidh im aonar.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+CAOINEADH EILE AR PHÁDRAIG Ó LAOGHAIRE
+
+
+ Múchta ar loisne, Mumha is lom,
+ an t-ég do ghoid ar ngradam,
+ gile is greann do chuir ar gcúl,
+ do ghearr ar mbile mbarrúr.
+
+ Searc na suadh, do chaill anois
+ a dhúthracht ndéin ’s a dhíoghrais,
+ gloine a thobair iúil go n-aoibh,
+ mar chlogaibh ciúil i gcnúchraoibh.
+
+ Tugais, a chara gan cheilg,
+ gean do chroidhe don Ghaoidheilg;
+ gan mhustar do dháilis di
+ gustal láinfhis do líne.
+
+ Brónach Bérra na mbeann maol,
+ do chaill míonbhláth a mhaccaomh,
+ gan tuir, gan chabhair, gan cheann--
+ a shamhail cuin do-chífeam?
+
+ MÚCHTA.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+A THEANGA NA RÍOGH
+
+Fonn: No Surrender
+
+
+ A Theanga na ríogh dob aoirde réim
+ I dtir na Féinne cródha calma,
+ Is fada do bhís go híseal faon,
+ Gan bhrígh gan chabhair i ngábhatar;
+ Do chlú ’s do chéim dá mbrúdh gach lae,
+ ’S gan dúil ag éinne id chaomhna ón dearmad--
+ Géar an aithis do chlannaibh na dtreón,
+ ’S ná dearcaid an duibhthean tá a’ druidim go duairc
+ Le seanchas gruama an tsluaigh do thréig
+ A n-uaisleacht féin ar bhéasaibh eachtrann,
+ Tarcuisne truagh gur fuaigheadh, mo léan,
+ Dá síltreibh aigeantaigh ársaidh.
+
+ An labhairt is líomhtha ag snighe gach sgéil,
+ ’S i laoithibh léigheannta is mórdha maiseamhail,
+ Mairg do dhíolfadh caoimhe a sgéimhe
+ Ar dhaoirse glafarnaighe gránna.
+ Is úrghlan aobhdha a cúrsa caomh
+ ’Na thonntaibh tréana a’ téacht go taitneamhach--
+ Réim na habhann i ngradam a glóir.
+ Ó beatha don fhile b’eadh binneas a fuam
+ I dTeamhair na ndruadh, ’s i gCruachain déin,
+ ’S i sluagh geal éachtach aerach Eamhna,
+ Is aiteas gan fhuaire suadh ’gus naomh
+ I ríogh-bhrugh Chaisil na gcláirseach.
+
+ ’S a ghasradh an chroidhe nár claoidheadh, ba léir
+ Bhur ndíograis naomhtha i neól dubh neamhshuime,
+ Is dearbh gur chríochnuigh oidhche an léin,
+ Tá an tsoillse a’ taitneamh go sáimh deas.
+ Is lúthmhar laochda glonnmhar géar,
+ ’S is fonnmhar faobhar-ghlan saothrach seasmhach
+ Gléineach galach ár gcatha sa ghleó;
+ ’S is gairid go gcluinfimíd friotal na suadh
+ Fé mheas ag an sluagh idir tuata is cléir,
+ ’S i nduantaibh Gaedhilge ag éigsibh Ealga,
+ Is canfam go huallach buaidh na nGaedheal
+ I gcríochaibh draganta Cláir Luirc.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+AMHRÁN DÓCHAIS
+
+Fonn: Mór Chluana
+
+
+ Slán go deó le brón is buaidhirt,
+ Slán gan mhoill dár gcaoine dhuairc;
+ Canam laoithe dóchais
+ I dteangain bhinn na Fódla,
+ ’Gus seasaimís go beómhar
+ Os comhair an tsaoghail.
+ O, canam, etc.
+
+ Ní bheam feasda leasg gan luadhail
+ Cráidhte, cromtha, fann-lag, fuar.
+ Neart is brígh na hóige
+ Dár dtarrac tríd a’ gcomhlann,
+ Is bainfimíd-ne an ceó so
+ Do phór na dtréan.
+ O, neart, etc.
+
+ Clanna Gaedheal fí réim gan ruaig!
+ Beid siad saor is béarfaid buaidh.
+ Leanfaimíd-ne an lóchrann
+ Do las ár sinnsir romhainn,
+ Is ní heagal linn go bhfeódhfaidh
+ A gcró ’nár ndéidh.
+ O, leanfaimíd-ne, etc.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+SGARADH
+
+
+ Má’s sgaradh liom-sa is rogha leat,
+ A theann-chara shéimh,
+ Is eadrainn gur shleamhnaigh
+ An clampar ’s an bhréag,
+ Do shlighe-se féin má’s gabhtha dhuit,
+ Imthigheam ó chéile i gcarthannacht,
+ ’S dá dhuibhe mo réim-se it easbaidh anois
+ Guidhim samhradh ort-sa im dhéidh.
+
+ Ní fada ó shin do shaoileas,
+ Ar dhílseacht ár ngrádha,
+ Gur snaidhmeadh linn an snaidhm sin
+ Ná sgaoilfidhe go brách.
+ Mó chrádh ’s mo chumha mar teasgadh é
+ Le ráidhtibh tnútha is cealgadh,
+ Do bháidh ’s do mhúch an caradas
+ Ba chaoine bhí ar fagháil.
+
+ ’S aréir i ndoimhneas suain dam
+ Do chuala do ghlór,
+ Is d’fhéachais mar ba dhual duit
+ Sul fuaradh do chló.
+ Fóríor mar d’eirigh an mhaidean gheal,
+ Chuir críoch le meidhre is meanmain,
+ ’S do sginn an taidhbhreamh taitneamhach
+ Le gluaiseacht an cheóigh.
+
+ An ceó san ó sna bántaibh
+ Fuair árdach ón ngréin,
+ Ach ceó is truime ón dtráth san
+ Ní fhágfaidh mo raon.
+ Mo thruaighe fé dhó fad mhairfead-sa,
+ Nach duairc go leór an bheatha so,
+ Gan uaigneas fós dár gcailleamhaint,
+ ’S ár náimhde fí réim?
+
+ Ach bíodh san mar atá sé--
+ Seo sláinte ort óm chliabh,
+ ’S do dhíol de charaid ghrádhmhar
+ Bheith láimh leat im dhiaidh.
+ Pé treó ’na raghair óm amharc-sa,
+ Gan brón ná treighid ad leanamhaint,
+ ’S go deó gan deaghailt ná sgaramhaint
+ ’Na sgáil ar do rian.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+DUAN OSGAILTE AN TAISBEÁNTA
+
+I GCORCAIGH, 1902
+
+
+ Ó druididh linn, a shluaighte gur dual díbh bheith Gaedhealach,
+ Tar muar-chnoc is réidhteach, tar chaol-ghleann tar sáil;
+ Ar mhothuigh sibh an nua-chuisle a’ luasgadh ’s a’ léimnigh?
+ Tá’n suan fada ’á raobadh, ’s ga gréine ar an mbán.
+ Airighmíd, airighmíd a hosnadh le dóchas;
+ Aithnighmíd, aithnighmíd ár ndiol-bhuime Fódla;
+ ’Sí féinig, is beó í,
+ ’Sí Spéirbhean na hóige í,
+ Do thaobhnuigh fad ó linn ’nár dtámh.
+
+ Ba mhinic mise a’ gluaiseacht ar fuaid fearann Eibhir,
+ Go gruaidh-fhliuch im aonar, arsa éin-shearc na ndámh,
+ Gur thuiteas seal i mbuan-taise, suarach nár éagas,
+ Le fuaire mo chlaon-mhac fí dhaor-gheasa an bháis.
+ Eirighmís, eirighmís! A gcloistí a glórtha?
+ An draoidheacht san do bhí orainn is briste go deó í.
+ Nar léir díbh a beól binn
+ A’ réidhteach na comhairle
+ De shaorfadh ar bhrón sinn go brách?
+
+ Seo cruinnighthe i gcluain gheal ar bhruach Laoi na ngéise.
+ I nua-hallaíbh néata cois gaortha go sámh,
+ Gach obair chliste bhuacach dár smuain gliocas daonna,
+ ’S dá luaidhtear i nEirinn ar shaor-sgoil na gceárd.
+ ’Nar dtimcheall, ’nar dtimcheall tá cosnamh ár gcóra,
+ Fíor-shaoirse Mac Míleadh, ’s a n-ursana ar fhóirneart.
+ Le chéile má gheóbhthar,
+ Ní baoghlach go gclófar,
+ Uainn féin atá foghnamh le fagháil.
+
+ Seadh! tigidís go suairc idir thruagh-dhuine is tréinfhear,
+ Fir ualaigh an léighinn is fir saothair na lámh:
+ Seo cuireadh dhóibh is fuagra, gluaiseam i n-éinfheacht
+ Chun cuarda ar an bhféasta tá gléasta ’nár ndáil.
+ Cruinnighdís, cruinnighdís! Tá sult againn rómpa:
+ Is líonta iad ár gcroidhthe ’s is osgailte ár ndóirse,
+ Go bhféachaimid comharthaí
+ An lae dhul i ngnóthacht,
+ Mar chéir i gcoirceógaibh na gceárd.
+
+ ’S a Chorcaigh mhilis chuan-chlothair bhuan-tsrothach bhraonach,
+ Go mbuadha beannacht Dé leat, a chraobh gheal na mbláth.
+ Nár theipidh t’ainm uaibhreach ar nua-chairt na hEireann,
+ An uair a bheidh Eire ar fad Gaedhealach ’na cáil.
+ ’Sé ghuidhmíd, ’sé ghuidhmíd, gach sonas fé dhó ort!
+ Gan draoidheacht ar do dhaoinibh dá mbrosdadh tar bóchna.
+ Caithréim insa ghleó cheart
+ Ar Sgéith na dTrí gCróinneach,
+ Is Réilteann an Eólais is fearr.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+AN SÍOL-AMHRÁN
+
+Fonn: Baile an Doire
+
+
+ Ó cuiridh an síol, a Mhuimhnigh mhaithe,
+ A ghasradh bhinn na laoithe sámh,
+ Tá’n branar go cumhra ’s beatha fén úir,
+ ’S an ithir a’ feitheamh le lúth ár lámh.
+ Síol hó, síol hó!
+ Go mairidh bhur mbuidhne rinnce ’s reatha,
+ Nár chaillidh bhur gcríocha a gcéim go brách,
+ Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
+ ’S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.
+
+ O cuiridh an síol i gcríochaibh Uladh,
+ A ghasradh dhílis nár claoidheadh le crádh--
+ Tá’n branar go cumhra ’s beatha fén úir,
+ ’S an ithir a’ feitheamh le lúth ár lámh.
+ Síol hó, síol hó!
+ Nár chaillidh bhur gceólta glóir an ghradaim
+ Bhí i nEamhain na slógh fí réim gan bádhadh,
+ Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
+ ’S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.
+
+ O cuiridh an síol i gcríochaibh Connacht,
+ A ghasradh chaoin an chroidhe gan cháim--
+ Tá’n branar go cumhra ’s beatha fén úir,
+ ’S an ithir a’ féitheamh le lúth ár lámh.
+ Síol hó, síol hó!
+ Nár chaille sibh togha ’gus rogha na fola
+ Bhí i gcuisleannaibh amhra Gaedheal gan tlás,
+ Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
+ ’S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.
+
+ O cuiridh an síol a dhaoine an oirthir,
+ A ghasradh mheidhreach Laighneach lághach--
+ Tá’n branar go cumhra ’s beatha fén úir,
+ ’S an ithir a’ feitheamh le lúth ár lámh.
+ Síol hó, síol hó!
+ Na nósa do dhíol bhur sinnsir oraibh,
+ Is córaide dhíbh-se a saoradh ón mbás,
+ Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
+ ’S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.
+
+ O cuiridh an síol arís a’ tuitim
+ Ar thalamh na Midhe ba shíolmhar tráth--
+ Tá’n branar go cumhra ’s beatha fén úir,
+ ’S an ithir a’ feitheamh le lúth ár lámh.
+ Síol hó, síol hó!
+ Ná caillidh an bhrigh thug díbh-se an ceannas
+ O Theamhair na Ríogh ar gach taobh go tráigh,
+ Ach sgaipidh an síol ó maidin go hoidhche,
+ ’S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+LÁ ’LE PÁDRAIG, 1913
+
+
+ A Chlanna na nGaedhael ’s a ghaolta ár gcuirp
+ Tá sgaipithe i gcéin ó Eire anois,
+ Seo beannacht ár gcroidhe thar fairrge dhíbh,
+ Is teachtaireacht aoibhinn áthais.
+
+ Canaimís dréacht le chéile indiu:
+ Tá atharrach saoghail a’ téacht ’na rith,
+ Thug óg is sean gan cheó gan mheath
+ Le dóchas aibigh láidir.
+
+ Ná habradh éinne--is baoth a mheas--
+ Gur seanabhean tréith gan réim gan rath
+ An Ríogain uaibhreach bhríoghmhar bhuacach
+ Aoibhinn uasal álainn.
+
+ Níor chaith sí a ré, ’s ní baoghal gur thuit:
+ Tá beatha ’na géaga is fraoch ’na fuil,
+ Tá brígh ’gus fuinneamh ’na croidhe ’sna cuislinn,
+ Is chífar ise i n-áirde.
+
+ An fhaid a bheidh tréad ar féar ann so,
+ An fhaid a bheidh gaoth a’ séideadh ar chnoc,
+ Craobh ar chrann is éisg i n-abhainn,
+ Ní thréigfidh a clann an Mháthair.
+
+ An fhaid a bheidh éan san aer amuigh,
+ Is taitneamh na gréine ar Shléibhtibh Mis,
+ Seasfaidh a bonn ar a talamh go teann
+ Is ní leagfar a ceann le náire.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+TRÍ TRÉITHE NA FÉINNE
+
+
+ Ceist ag Pádraig, grádh na nGaedheal,
+ Lá ar laoch an liath-fhuilt,
+ Caoilte mac Rónáin na sgéal,
+ Tráth i nEirinn iath-ghlais.
+
+ “Innis dúinn, a sgéalaighe bhinn,
+ Créad thug daoibh-se an tighearnas?
+ Nó créad do choinnibh sibh gan mheath,
+ An oiread mhair na Fianna?”
+
+ “Trí tréithe do dhaingnigh sinn,”
+ D’fhreagair Caoilte ciallmhar,
+ “Gloine ár gcroidhe ’gus neart ár ngéag,
+ Is beart do réir ár mbriathar.”
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+DO GHAEDHEALAIBH BÉAL FEIRSDE
+
+
+ Beatha ’gus sláinte don tsáir-shliocht acfuinneach shuairc
+ Ná leagfar ar lár san ár lá caismeartha cruaidh,
+ Is daingean iad lámha a mál is gan mhalairt is buadhach,
+ Agus canfad go hárd a gcáil i gCathair na gCuan.
+
+ I gCathair na gCuan is buan ár mbeannacht ón gcliabh
+ Ar fhearaibh gan fhuacht is luaithe ag cabhair go fial,
+ Is neartmhar a sluagh lastuaidh ’s is draganta dian,
+ ’S dar mh’anam is truagh gan chuairt dam tamall ’na rian.
+
+ ’Na rian níor léan tréimhse do chaitheamh go fóill,
+ Is ba mhian liom féin éisteacht le maitheas a mbeól:
+ Ní iarrfainn-se gné spéise ná a mhalairt de ghnó,
+ Ach a dtriatha do ghéir-fhéachaint, dá bhfanainn ’na gcóir.
+
+ ’Na gcóir ba thaitneamh liom labhairt gach caomh-oide,
+ Is ceól dá spreagadh gan mhairg gan éin-cheilg,
+ Oigfhir ghlana ’gus gailtheanna is glé-dheise,
+ Bród is barra-chruth Banba is Béil Feirsde.
+
+ I mBéal Feirsde gan éin-leimhe tá leathan-treabh láidir,
+ Saor-theisteas a nglé-sgoile ghaibh sealbh im lár-sa.
+ Déin deithneas a chaol-chleite go mbreacair mo phár dam,
+ Is chun caomh-fheise na tréin-treibhe cuir beatha ’gus sláinte.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+DO GHARSÚN
+
+DO RUG AN PHRIOMH-DHUAIS SA GHAEDHILG
+
+
+ A chara dhil de sheana-stoc na saoi léigheanta,
+ Rug barra leat is gradam gach ealadhan aosta,
+ Is mairg liom ná feaca seal do ghnaoi aerach,
+ ’S gur bh’fhearra bheith a’ labhairt leat ná a’ sgrí’ bhéarsa.
+
+ Cé maith do chuiris aithne--tá fínné agam--
+ Ar Laidin is ar labhra na caoin-Ghréige,
+ ’S ar theangain mhilis Ghallia na ngrinn-sgéalta,
+ Níor ghabhadar san sealbh ar do chroidhe Gaedhealach.
+
+ Mo bheannacht ort, a phreabaire ’s a phrímh-éigis,
+ Mar leagais gach ar casadh ort le fír-éifeacht,
+ Is mar bhainis as na reathaibh ar an rígh-réim sin,
+ Gur leathanuigh do theastas is gur líon Eire.
+
+ Is feasta, a mhic, ó’s leat-sa anois an aoird-chéim sin,
+ Go maire tú do cheannas, agus ní baoghal duit!
+ Nár laguighthear do rath ort, ná do bhrigh i n-éan-rud,
+ Sin teastas fir thug taitneamh duit ’s a ghuidhe id thaobh-sa.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+AN LITRIÚ(GHADH)
+
+1. AN SEANDUINE BRÓNACH
+
+
+ Mh’ atuirse ’s mh’fhada-chreach shíor-thínn!
+ Lucht teangan na Banba sgrí’ síos
+ Gan filleadh, gan feacadh,
+ Gan chaime, gan chasadh
+ Ach gach litir dá labhairt go símplidhe!
+
+ Ca bhfuil an seanchas bhí síos?
+ Is ca bhfuil na leabhair ba bhínn línn?
+ Dá mbriseadh ’s dá stracadh
+ ’Ge foirinn gan faisean,
+ Gan time, gan taise, gan chaoin-chroidhe.
+
+ Gach litir bhreagh bhalbh do bhí i mbrígh
+ Ag druithibh i dTeamhair le línn Chuínn
+ Dá ruagadh ’s dá ngearradh
+ ’Na sluaighte as gach leabhar!
+ Ní chuala-sa creacha ba nimhnighe.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+AN LITRIÚ(GHADH)
+
+II. AN T-ÓGÁNACH
+
+
+ Fóill iriú a chara, ’s ná gluais úainn
+ Go brónach dubh feargach gruadh-dhuairc;
+ Níl bac ar do shamhail
+ Bheith a’ breacadh a chuid leabhar
+ On tseachtmhain seo feasda go Sluagh an Luain.
+
+ Gach faraire charas an cruas buan,
+ ’S gach cailín nár bh’fhearra léi a luadh i nduain
+ ’Ná foghlaim is fuirseadh
+ Na seanndachta is sine--
+ Ní labharfad ’na gcoinne sin fuaim uaim.
+
+ Friotal ár gcine do fuair buaidh
+ Ar bhinneas, ar chruinneas, ’s ar chruas, uair,
+ Mo ghrádh-sa an té thuigfeadh
+ A háilleacht sa bhfoirm
+ Is ársa ’s is cruinne ’s is cruaidhe snuadh.
+
+ Leanaidh, má’s maith libh, den chruaidh chruaidh,
+ Is caithidh fé tharcuisne an nuacht uaibh,
+ Ach má fachtar sibh feasda
+ A’ cur smacht ar ár n-acfuinn-ne
+ Is eagal d’bhur gcathaibh an Sguab Mhuar!
+
+ Tá atharrach saogail a’ dlúthú
+ Le Clanna na hEireann, ’s ní rún dúinn.
+ An sean is an t-éifeacht
+ Mura dtagaid le chéile,
+ Dob fhearra liom féin Letiriú Ur.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+FILE NA GALL-GHAEDHILGE
+
+
+ Ótsig liom-sa d’fheicsin go bhfuil mise cóar,
+ Có follus is radharc mo chuid súl,
+ Is tá sibh-se uile i ndorcadas móar,
+ Muna géillean sibh dam go fleathúl.
+ ’Sé geárbhas na Géidhilge atáim déinimh mín,
+ Mar rinne gach náisiún na suadh,
+ ’Gus is é an fáth so nach rin’ sibh-se sin,
+ Atá sibh có fada amudha.
+
+ Féach ar an slúgh móar lér thaitnighean mo chroidhe;
+ Támuid-ne ’nár Néidhilgeóraibh úr’,
+ ’Gus támuid ’nár lucht bhéas fó mheas i mBlea’ Clí,
+ Nuar béidh sibh-se marbh is fúr.
+ Do ritheann ár bhfocla theas thúidh agus thiar,
+ Os cionn Earann gach uar don lae ghil,
+ Is leathann ár bhfilidheacht tsimcheall na tsíor’
+ I míle lochánaibh gan moil.
+
+ Níl maith in bhur gnímhibh a dhaoiní, mar tá
+ Sibh ceangailt’ do nósaibh an am’
+ Chúdh thart, agus d’imthighe acoidche an tráth
+ Raibh meas ar bhur sean-chaint tá cam.
+ O glacaidhe mo chomharla, ’s méadóchaidhe sibh neart
+ An tseangga do labhar Néimh Bruighid,
+ Néimh Pádruig, Colm Cille ’s Rí Cármac Meaic Airt,
+ Núr bhí Eiria lán sróil agus síod’.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+FREAGRA EOGHAIN RUAIDH
+
+AR FHILE NA GALL-GHAEDHILGE
+
+
+ Éistidh lem bréithribh, a chaomh-fheara an ghrinn,
+ Nár ghéill do lucht baoise is bladair gan bláth,
+ Go réidhfead mo sgéal díbh ar chlaon-bhearta an Chlíc
+ D’fhúig glé-theanga Ghaoidheal faoi ghalar an bháis.
+ ’Sé mo chreach nimhneach bheir m’intinn an mhearathal.
+ Daosgar-sprot daoithe drabhuíolach dúr-labharthach
+ Ag féachaint le hí chur i ngeimhleachaibh smachta
+ Gan braon d’fhuil na beatha ’na creatalach cnámh.
+
+ Aon-labhairt éigeas ba shéis-bhinne linn
+ ’Ná éanlaithe i gcoill ar maidin go sámh,
+ Géir-shearc na spéarbhruinngheal mbéil-mhilis mbinn
+ Bhréagadh mic ríogh ’gus flatha gan cháim,
+ Acfuinn gach ughdair chirt mhúinte i gclár Bhanba
+ Caithte fé chúram an trú san dá tearmainn!
+ Amach léi! ní thabharfainn-se trumpa gan teanga uirthi,
+ Níor bh’fhiú liom mar bhail uirthi beatha seoch bás.
+
+ Sgréachaire sméirle gan spréachadh ’na chroidhe,
+ Straere díomhaoin is glagaire práis,
+ Baoth-ghaige péacach na Gaedhilge do chlaoi,
+ Do chlaonadh as a slighe, do chamadh ’s do chrádh.
+ Féach annsan tall é ’s an chomplacht do mheallann sé,
+ Is léigheannta an Chéad-Leabhair de ghlain-mheabhair ag gach fear
+ aca!
+ Céim do-bheir togha cirt is rogha nirt dá n-aigne,
+ Foghlaim ghlic d’aithint thar phraisigh ar phár.
+
+ Cé chuir i gcéill dá leithéid sin do dhaoi
+ Go bhféadfadh a bhrígh ’gus cabhair a lámh
+ Eigse na hEireann do shaoradh, ’gus í
+ Daortha ’s i dtaoibh leis d’fharaire i gcás?
+ Tusa ’gus t’obair-se, a choirbthigh chealgaigh!
+ Focal ód phusaibh ná cloiseam, a chlabaire.
+ Corraigh ort! imthigh leat! sgrios as ár n-amharc,
+ Nó sgoiltfear do phlaitinn is leagfar san láib.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+FREAGRA EOGHAIN RUAIDH
+
+AR AN NGARSÚN Ó LONNDAIN
+
+
+ Éiligh go béasach, a straere firín,
+ Na gréithre do thigheann dod shamhail do ghnáth.
+ Is baoghal dod leithéid bheith ar saothar mar taoi,
+ Eist liom, suidh síos, is tarraing t’anál.
+ Loitfir do sgórnach, a cheólaire mh’anma,
+ A’ rith ar na bóithribh, a’ brón-ghol sa’ callaireacht;
+ Triomuigh do dheóra, ní leómhfar thu leadradh.
+ Seólfad thar n-ais tu: sin agat mo lámh.
+
+ B’éachtach an sgéal é dá ngéillinn dod ghuidhe,
+ ’S go mbéarfá tar tuinn leat m’fhallaing gan smál,
+ Mo bhéabhar breagh féin, is cluith éadaigh fir ghroidhe,
+ Ba faon an chomaoin é, a pheata gan fás.
+ Tusa, a gharsúin bhig, dá n-iompar cois Tamesis!
+ A’ tuitim ’sag únfairt, ad mhúchadh ’s ad thachtadh leó!
+ Fé choimirc gach lúbaire Lúndainigh leacan-duibh--
+ Iompuigh ort, faire! glac eagna i dtráth.
+
+ Béabhar breagh néata dá dtéigheadh ort, dar linn,
+ Dob éigin duit puill do ghearradh ’na sgáil,
+ Nó caochfaidhe gach aon rud ó éadan do chinn
+ Go caor do smigín tais leanbaigh lághaigh.
+ Brat ar do ghuaillibh ar luasgadh ní thaitnfeadh leat,
+ Glanfaidhe an luaithre ’s do sguabfaidhe an lathach leis,
+ Caithfidhe é bhuaint díot, ’s a chruachadh féd bhacalainn,
+ Ualach ná rachadh tar caladh go brách.
+
+ Bréithre mí-bhéasacha, a laogh liom, ní cuibhe
+ D’éinne do ríomhadh ar chlannaibh na mbárd:
+ Tréig-se an droich-mhéinn sin, is b’fhéidir gan mhoill
+ Go ndéanfa mé laoi do sgaipfeas do chrádh.
+ Féachann tú id thimpeall go fíochmhar droch-aigeantach,
+ ’S gach aon chuisle id chroidhe beag a’ fír-chrith le heagla,
+ Is léir nach le hintinn dá ríribh do labhrais;
+ Is cuimhin liom nach fear thu, is maithim dod chás.
+
+ Eist, a mhic léighinn bhig na n-ae ’stigh go cruinn,
+ Go ndéarfa mé nídh mar mhaithe led cháil,
+ Do-bhéarfaidh gó baodhach tu, ’s do réidhfidh do shlighe,
+ Má théigheann tú i n-aois ’s i n-acfuinn na ndán.
+ Dob fhiú dhuit-se claoi leis a’ bhfíor-chaint do chleachtadar
+ Prionnsaí Mac Míleadh ’gus binn-sgoth na Banba,
+ Is Múirnigh na maoine, fir ghroidhe do rug barra leó
+ I gcolmheasgar an chatha ’s i gcaismirt na ndámh.
+
+ Aonduine d’éistfeadh le séise na saoi
+ Ba léir-bhinne líomhtha taitneamhach tráth,
+ ’Sé mo mheas féinig ná géillfeadh sé arís
+ Do bhéice gan bhrígh gan tathac gan tábhacht.
+ Ba bheag ar a chluasaibh do mhuar-fhocail bhacacha,
+ ’S iad cruinnighthe cuarduighthe cruadh-chasta crapaithe
+ Sgiobaithe fuaduighthe a cnuasach Uí Rathailligh--
+ Thruaillfeadh a samhail an teanga dob fhearr!
+
+ Ní hé do leithéid-se do ghéar-ghoin mo chroidhe,
+ Ná Gaedhilfhir an tsaoighil, a fhir chanta na ndán,
+ Ach sgaotha ceann-éadtroma Béarlacha i mbrígh,
+ Is Gaedhilg na ríogh dá tachtadh gan tlás,
+ Ní brón liom fir thall do ghabh sgannradh fém rannaibh-se,
+ Ach clódóiri Gallda gan chabhair do-rin praiseach díobh;
+ Fógair-se an leabhar úd Uí Ghramhna ar gach fear aca,
+ Is foghlaim do cheachta féin farra gach lá.
+
+ Ach féach ann so taobh linn an tréan-bharc ar tuinn,
+ Is séideadh na gaoithe ’á gairm thar sáil,
+ Glaodh na mairnéalach ag éirghe go binn,
+ Is téada dá sgaoileadh ó chaladh-phort Fáil.
+ Is mithid dod shórt-sa bheith tóirseach ód thaistealaibh;
+ Imthigh ar bórd leat, tá lón agus leabaidh ann;
+ Seo pingin is póg duit; bí it óigfhear mhaith feasta;
+ ’S go seóltar thar n-ais tu go Sasana slán.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+DO THORNA
+
+NUAIR A THUG SÉ _GUTH_ NUA LEIS _ÓN MBREATAIN_[1]
+
+
+ Sonas ort-sa a Thorna shéimh,
+ a mhic na bhfilidhe, a bhinn-bhéil,
+ a chroidhe cheannsa an tsuaircis te,
+ dod leabhar-sa ní cuibhe cáineadh.
+
+ Báird na Breatan, árd a gclú,
+ uatha do thuillis th’árdú:
+ i gcoill chumhra a bhflaithis mhóir
+ do chaithis ubhla an il-cheóil.
+
+ Na hubhla, ní rádh gan rath,
+ ní tim an té do chéad-chaith;
+ ó théigheann a mblas i mbeól fir,
+ ceól na n-éan ag an fhear-sin.
+
+ Lá dhuit thoir dár ithis ubhall,
+ d’airigh gach file fíor-úr
+ ’san choill ghéiggil fonn ná feódhann,
+ uair éigin thall mar shídhe-cheól.
+
+ “An glór so,” ar cách, “cuma linn
+ no ceól an éin darb ainm
+ linn ’san bhfóid-bhreac-fhonn a-bhos
+ i dtír Oig-Bhreatan Eos.”[2]
+
+ Cruinnighid gan mhoill mar mheasaid
+ timcheall an bhinn bhróin-chleasaigh:
+ fear ’na shuidhe fé chrann do-chíd,
+ a chaint thall is í airighid.
+
+ “Cia hé,” ar gach duine don dáimh,
+ “fuair ubhla órdha an ioldáin?
+ Ní brath breith air, ’s a buain de,
+ má bheir uainn creich na críche.”
+
+ Do labhair a n-ollamh árd:
+ “Ná loittear libh, is fíor-bhárd!
+ fréamh-fhuil Eireann an caomh cas,”
+ ar glé-Ghuin séimh-gheal Seónas.[3]
+
+ Tusa an fear-san do-fuair buaidh
+ i dtír Bhreatan ón bhinn-shluagh:
+ do laoidh, lá dá mbíonn dá meas,
+ ní _Crádh_ do _Chroidhe_ fhíor-_Eigeas_.
+
+ S.O.N.A.S.
+
+-----
+
+Fonóta 1:
+
+ Aithris an dán so ar nós filidheachta na sean, ach fuaim na
+ Nua-Ghaedhilge ar na foclaibh.
+
+Fonóta 2:
+
+ Ionann eos sa Bhreatnais agus _nightingale_ sa Bhéarla.
+
+Fonóta 3:
+
+ T. Gwynn Jones, fear atá ar na filidhibh is mó clú sa Bhreatain indiu.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+DON FHEAR CHÉADNA
+
+AITHRIS AR A NÓS FÉIN
+
+
+ Asháir-fhir chalma is feardha ag fuiliú lann,
+ Is d’fhág i gcathaibh gan cheanna na miliúin Ghall!
+ Cuir lámh chun meamraim, breac é le bior nú peann,
+ Is árduigh m’aiteas le freagra is fileamhail fonn.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+WANDERLUST
+
+(Do S F., 4.9.1914)
+
+
+ Ní hé Nennius is cás liom, dá ársaidhe a chlú-san,
+ Ná Gofraidh Fionn O Dálaigh, dhin bárda do mhúineadh,
+ Ná leathan-hallaí lána, cé breághtha iad ná Lúna,
+ Ach na bóithre fada bána ’s iad am shámh-tharraing chútha.
+
+ A malairt sin níor bh’fearr liom ach bád seasgair siubhlach,
+ ’S í a léimrigh le fánaidh is lán srotha fúithe;
+ Eamonn geal bheith láimh linn ’s do lámh-sa dár stiúradh,
+ ’S a chara dhil na n-árann, nár bh’álainn an triúr sinn!
+
+ Mhuise caithimís i dtráth uainn Pokárny ’gus Brúgmann,
+ ’S a leabhair throma ghránna nach fearrde an té sgrúd iad.
+ Cad é an mhaith a bhfuil i gClár Luirc dé dhántaibh is d’ughdair
+ Seochas bóithre fada bána nú bád seasgair siubhlach?
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ÓN MBÉARLA
+
+Fonn: Móirín Ní Chuileannáin
+
+
+ Bhí uainín beag ag Máirín,
+ Ba bhreágh flíos mar shneachta ló,
+ ’S gach áit ’na dtéigheadh an bháb mhín
+ Ba ghnáth í ag teacht ’na treó.
+ Do lean sí isteach sa Chláiste í--
+ Nár dhána í, gan chead ón mBórd?--
+ Gur sgairt amach ar gháiridhe
+ Gach páistín le gean don spórt.
+
+
+
+
+NÓ MAR SEO!
+
+
+ Uanéne la Móiríni lomrad snechtai fair,
+ cip ed tech hi tégedsi gnáth a petta istaig.
+
+ Téit, ba turus aindligid, nos len isin scoil.
+ tibis cách íon úanéne tuc don légund toil.
+
+------------------------------------------------------------------------
+
+
+
+
+ Nótai Tras-Scríobhaí
+
+
+Úsáideann an ríomhleabhar seo _fostríoca_ chun cló iodálach a
+comharthaigh.
+
+Cuireadh gach na “corrigenda” i an ríomhleabhar seo.
+
+Tá ealaín clúdaigh nua le an ríomhleabhar seo tíolactha do an fhearann
+poiblí.
+
+*** END OF THE PROJECT GUTENBERG EBOOK 78815 ***