summaryrefslogtreecommitdiff
path: root/old/50913-0.txt
diff options
context:
space:
mode:
Diffstat (limited to 'old/50913-0.txt')
-rw-r--r--old/50913-0.txt12451
1 files changed, 0 insertions, 12451 deletions
diff --git a/old/50913-0.txt b/old/50913-0.txt
deleted file mode 100644
index be318a7..0000000
--- a/old/50913-0.txt
+++ /dev/null
@@ -1,12451 +0,0 @@
-The Project Gutenberg EBook of Niamh, by Peadar Ua Laoghaire
-
-This eBook is for the use of anyone anywhere in the United States and most
-other parts of the world at no cost and with almost no restrictions
-whatsoever. You may copy it, give it away or re-use it under the terms of
-the Project Gutenberg License included with this eBook or online at
-www.gutenberg.org. If you are not located in the United States, you'll have
-to check the laws of the country where you are located before using this ebook.
-
-Title: Niamh
-
-Author: Peadar Ua Laoghaire
-
-Release Date: January 13, 2016 [EBook #50913]
-
-Language: Irish
-
-Character set encoding: UTF-8
-
-*** START OF THIS PROJECT GUTENBERG EBOOK NIAMH ***
-
-
-
-
-Produced by David Starner and the Online Distributed
-Proofreading Team at http://www.pgdp.net (This book was
-produced from scanned images of public domain material
-from the Google Books project.)
-
-
-
-
-
-
-
-
-
-
- NIAMH
-
- [Illustration: Dollard
- Forbadh Éilimh
- Tigh an Chló
- Baile Átha Cliath]
-
-
-
-
- Niamh
-
- Ó’N ATHAIR
- PEADAR UA LAOGHAIRE,
- CANÓNACH, S.P.
-
- BAILE-ÁTHA-CLIATH:
- MUINTIR NA LEABHAR GAEDHILGE,
- 6 Sráid d’Olier.
-
- 1907.
-
-
-
-
-Fógarthar gach ceart ar cosnamh.
-
-
-
-
-AN CLÁR.
-
-
- LEABHAR A H-AON.
-
- Caibidiol. Leathanach.
- I. Imirt Anama. 7
- II. Tadhg agus Amhlaoibh. 10
- III. Inntinn Bhriain. 16
- IV. Ó Bhealach Leachta go Gleann Máma. 19
- V. Creideamh ’á ghlacadh. 24
- VI. Adhbhar an tSagairt. 28
- VII. An Legáid. 31
- VIII. An Bosca. 36
- IX. “Is éagsamhlach na daoine iad!” 42
- X. Dúlainn Óg. 48
- XI. Ceann Leóin. 52
- XII. Diabhal Coímhdeachta. 59
- XIII. Fágtar fúm-sa féin é. 65
- XIV. Giollaí Turais. 71
- XV. Fir Éirean. 77
- XVI. Fear na gCos. 85
- XVII. “Bíodh ciall agat.” 89
- XVIII. Ráflaí. 96
- XIX. Cogarnach. 99
- XX. Bitheamhntas. 106
- XXI. Droch Amhras. 108
-
- LEABHAR A DÓ.
-
- Caibidiol. Leathanach.
- I. Cíos an Árdrígh. 116
- II. Mearbhall Aigne. 120
- III. “Lady dost thou not fear to stray?” 126
- IV. Uisge-fé-thalamh. 131
- V. Púicíní. 137
- VI. Dhá Amhlaoibh? 144
- VII. An tSídhe Gaoithe. 150
- VIII. Beirt Droch Bhuachailí. 157
- IX. Marbhughadh le Soilbhreas. 163
- X. Fuasgailt. 169
- XI. Cuaird Rígh. 176
- XII. Caradas ag fás a’ Fuath. 182
- XIII. Ciúnas roim Thóirthnigh. 188
- XIV. Congnamh do’n Chongnamh. 193
- XV. Buille fé thuairim; nó, Fuadar ná feadar. 199
- XVI. Cómhacht Luibhneacha. 204
- XVII. Fód an Bháis do sheasamh. 212
- XVIII. Sguab-bhuille Chlaidheamh. 218
- XIX. Cluiche fichille, agus Poll i gcrann. 224
- XX. Righ Laighean. 230
-
- LEABHAR A TRÍ.
-
- Caibidiol. Leathanach.
- I. Cor i n-aghaidh an Chaim. 234
- II. Breall ar an bhFeall. 242
- III. An dá Lonán. 249
- IV. Ospac i n-Inis Cathaigh. 256
- V. Mícheál Ruadh. 262
- VI. Éigean ar Rígheacht na bhFlathas. 270
- VII. Connla. 277
- VIII. Geallta do Bheirt. 283
- IX. Cad a thiocfaidh as? 290
- X. Osgailt súl do Shitric. 297
- XI. Fuadar agus flosg agus giodam. 303
- XII. Daoine ciallmhara ag feuchaint rómp aamach. 310
- XIII. Rosg Catha Bhriain. 316
- XIV. An Cath. 322
- XV. An t-Ár-mhágh. 333
- XVI. I ndiaigh an Chatha. 340
- XVII. “Na mílte ologón.” 347
- XVIII. An Gath Gréine céadna. 353
-
-
-
-
-NIAMH.
-
-
-
-
-LEABHAR A H-AON.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL I.
-
-IMIRT ANAMA.
-
-
-Sa bhliain d’ aois an Tighearna naoi gcéad cheithre fichid a ceathair
-do thóg Brian Bóramha Luimneach ó-s na Lochlanaigh. Do loisg sé an
-chathair, agus an méid des na Lochlanaigh nár marbhuigheadh agus nár
-tógadh ’n-a bprísúnachaibh, b’éigean dóibh teitheadh le n-a n-anam
-as an áit. Chuaidh cuid acu síos go h-Inis Cathaigh. Bhí seilbh ag
-Lochlanaigh i n-Inis Cathaigh an uair sin agus ar feadh mórán aimsire
-roimis sin. Bhíodar tar éis na manach a dhíbirt as an oileán agus iad
-féin do dhainginiughadh ann, agus bhí an áit caothamhail eidhsáideach
-eacrach acu, lámh le faraige agus lámh le tír. An sochar agus an
-saidhbhreas a bheiridís leó as an dtír mór-thímpal, le guid agus le
-fuadach agus le creachadh, choimeádaidís ar an oileán é go dtí go
-dtagadh na loingeas agus go bhféadaidís é chur soir abhaile nó é dhíol,
-nó é mhalairtiughadh ar bhia nó ar éadach nó ar arm, nó ar pé neithe
-eile a bhíodh ag teastubháil uatha.
-
-Nuair a tháinig an lucht teithe anuas ó Luimneach agus nuair a
-dh’innseadar do Lochlanaigh Ínse Cathaigh cad a bhí déanta ag Brian, go
-raibh an chathair ’n-a luaithrigh agus a raibh de dhaoine inti marbh
-nó tógtha nó imthighthe gan tuairisg, shocaruighdar go léir ar an
-oileán do chur i dtreó chosanta chómh maith agus dob’ fhéidir é, agus
-ar iad féin a chosaint go h-imirt anama. Tháinig triúr curaí anuas ó’n
-gcathair i n-aonfheacht leis an lucht teithe. Íomhar agus Amhlaoibh
-agus Duíbhghean an triúr san.
-
-Chuireadar an t-oileán i dtreó chosanta. Níor bh’fhada go raibh Brian
-anuas ’n-a ndiaigh. Do bhris sé féin agus a shluagh isteach chúcha ar
-an oileán. Do troideadh go dian ó gach taobh. Imirt anama dáiríribh
-ab eadh é dos na Lochlanaigh. Do briseadh agus do brúghadh agus do
-buadhadh ortha. Do thuiteadar ’n-a gcéadtaibh. Do fágadh a bhformhór
-marbh ar an oileán agus do tógadh an triúr, Íomhar agus Amhlaoibh agus
-Duíbhghean. D’fhág san Luimneach agus oileán ínse Cathaigh folamh ó
-Lochlanachaibh, agus gan aon tsúil go dtiucfadh a thuille acu chun na
-h-áite sin, an fhaid a bhéadh Brian beó pé ’n-Éirinn é.
-
-Nuair a tuigeadh an nídh sin tháinig na manaigh chun an oileáin
-airís. Tháinig duine ana naomhtha n-ar bh’ ainim dó Colla, agus bhí
-sé i n’ Abb ar an mainistir, agus chuir sé gach gnó Creidimh ar
-siúbhal airís ann, fé chómairce Sheanáin naomhtha. Na manaigh agus
-na sagairt a dhíbir na Lochlanaigh as an áit thánadar airís, an méid
-a bhí beó acu, agus do luighdar isteach sa n-obair bheannuighthe mar
-ba ghnáth roimis sin. Bhí gach aon rud loitithe briste sgartálta i
-ndiaigh na Lochlanach. Do dhein Colla na h-áiteana a bhí beannuighthe
-do choisreacan airís, agus do chuir Brian chuige síos adhmad agus
-clocha agus aol agus saoir agus lucht ceárd, agus gach aon chóir a bhí
-riachtanach chun gach díobhála d’ár dhein na Lochlanaigh do leigheas,
-agus chun gach ar bhriseadar do dheisiughadh, i dtreó, ar ball, go
-raibh an áit níos fearr agus níos uaisle agus níos órnáidighe agus níos
-oireamhnaighe chun gnóthaí Creidimh agus chun onóra thabhairt do Dhia
-ann, ’ná mar a bhí sé, a déarfadh duine, sar a dtáinig aon Lochlanach
-riamh isteach ann.
-
-Fé mar a bhí na manaigh ag teacht tar n-ais ann bhí na daoine, sa
-chómharsanacht mór-thímpal, chómh fada siar le Léim Chúchulainn
-agus chómh fada óthuaidh le Cill Caoí, ag cur arbhair agus éadaigh
-agus adhbhar teine, agus neithe de’n tsórd san, isteach chúcha ar an
-oileán. Do chuir Brian féin chúcha a lán neithe a bhí ag teastubháil
-uatha agus nár bh’ fhéidir dóibh a dh’fhághail ó-s na daoine. Chuir sé
-chúcha, mar bhara ar gach bronntanas eile, cailís óir a bhí tar éis
-teacht chuige féin ó’n Róimh, ó’n bPápa, ’ghá chur i n-iúil dó cad é
-an buidhchas a bhí ag an bPápa air mar gheall ar a mhór-ghníomhartha i
-gcoinnibh na Lochlanach, i gcoinnibh namhad an Chreidimh. Ba mhór ab
-fhiú an chailís sin. Ór ar fad ab eadh í, agus bhí sí téagartha, trom,
-agus má ba mhór ab fhiú an méid óir a bhí inti, ba mhó ’ná san ab fhiú
-an gréas órnáide a bhí geártha uirthi, chómh h-ealadhanta agus chómh
-ceárdamhail agus chómh greanta. Ach bhí nídh uirthi a bhí níba dhaoire
-go mór ’ná an t-ór agus an órnáid i n-aonfheacht. Bhí ag bun an chupáin
-uirthi, mór-thímpal, sa n-áit ’n-a raibh an cupán suidhte ar an gcois,
-crios de chlochaibh lóghmhara go raibh, ba dhóich leat, fuasgailt mic
-rígh a’ braighdineas ins gach cloch díobh. Thug Brian an chailís sin
-do Cholla agus do mhainistir Ínse Cathaigh, i n-onóir do Dhia agus do
-Sheanán naomhtha, agus ba mhór ag Colla agus ag na manaigh go léir,
-agus ag cléir na tíre go léir sa tímpal, an chailís sin, agus ba mhór é
-a mbuidhchas ar Bhrian d’á bár.
-
-Chómh luath agus bhí na manaigh tagaithe tháinig na micléighinn. Chómh
-luath agus tháinig na micléighinn do cuireadh na sgoileana ar siúbhal.
-
-Nuair a tháinig na Lochlanaigh níor fhághadar aon nídh i bhfuirm
-leabhair, d’ár tháinig fé n-a súilibh, gan cur sa teine nó sa n-uisge,
-agus ba mhar a chéile do leabhraibh na h-aimsire sin teine nó uisge,
-mar is ar chroicean a déintí an sgríbhinn agus do bhaineadh an t-uisge
-an sgríbhinn de’n chroicean chómh luath agus do fliuchtí é. Ach níor
-bh’ fhada go raibh leabhair a ndóthin airís acu, mar, an mhuintir
-a bhí ag teacht do thugadar leabhair leó ar iasacht agus ansan do
-sgríobhadar macshamhla, a ndóthin díobh, sar ar chuireadar abhaile na
-h-iasachtaí.
-
-Níor bh’ fhada gur leath an sgéal ar fuid na h-Éirean go raibh na
-sgoileana ar siúbhal airís i n-Inis Cathaigh. Tháinig na h-ógánaigh ó
-gach aon pháirt d’Éirinn chun na sgoluigheachta dh’fhághail. Bhí ainim
-Cholla i mbéalaibh daoine ar fuid na h-Éirean, agus lasmuich d’oileán
-na h-Éirean, le méid an eóluis a bhí aige agus le doimhneacht a
-thuisgiona agus le feabhas an teagaisg a thugadh sé dos na h-ógánaigh.
-Ba ghearr go raibh na h-ógánaigh ag teacht anall ó’n oileán ar a
-dtugtar Sasana anois, agus adtuaidh ó Albain, agus andeas ó’n bhFrainc
-agus ó’n Almáinn. Clann na ríghthe agus na n-uasal isiad a thagadh.
-Do gheibhdís sgoluigheacht agus bia agus deoch agus díon, agus gach
-coimeád suas eile a theastuigheadh uatha, saor i n-aisge, gan aon
-tsaghas díoluigheachta, i sgolaibh na h-Éirean an uair sin. Níor bh’
-aon iongnadh go dtagaidís ’n-a gcéadtaibh agus ’n-a míltibh.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL II.
-
-TADHG AGUS AMHLAOIBH.
-
-
-Tímpal na h-aimsire sin bhí cuid des na Lochlanaigh féin ag tusnughadh
-ar an gCreideamh a ghlacadh, go mór mór, an chuid acu a bhí tar éis
-cur fútha i n-Éirinn agus cómhnuighe a dhéanamh dóibh féin ann,
-agus tar éis cleamhnaisí dhéanamh le mnáibh Éireanacha. D’eirigh an
-cómhngas, agus ansan an gaol, idir iad féin agus na cómharsain a bhí
-’n-a dtímpal. As san amach do thusnuighdar ar nósaibh na h-Éirean do
-ghlacadh. Chuaidh eólus ar an gCreideamh i bhfeidhm ortha i ndiaigh
-ar ndiaigh, agus thusnuighdar ar an gCreideamh do ghlacadh. Chun iad
-féin d’ollamhughadh i gceart i gcóir an Chreidimh thusnuighdar ar dhul
-isteach ins na sgoileanaibh chómh maith le cách, agus rud a chuirean
-iongnadh anois ar dhaoine ná tuigean i gceart an mhór-aigne atá sa
-n-Éireanach, bhí fáilte rómpa ins na sgoileanaibh chómh maith agus a
-bhí roim chách.
-
-Lá, agus an obair ar siúbhal i sgolaibh na mainistreach, tháinig
-ógánach uasal chun an oileáin. Bhí folt fionn air, ag tuitim go trom
-anuas ar a ghuaillibh agus ar a shlinneánaibh. Bhí clóca, nó brat,
-aniar ar a shlinneánaibh mar ba cheart a bheith ar mhac rígh, agus bhí
-sé ríoga ’n-a cruith agus ’n-a phearsain. Go mór mór, bhí an tsúil
-ríoga ag taithneamh ’n-a cheann, súil iona raibh fíor uaisleacht, gan
-uabhar, úmhluigheacht gan cheann-ísleacht, fírinne aigne gan nochtadh
-aigne. Tháinig sé go dorus na mainistreach. Tháinig an dóirseóir chuige.
-
-“D’oirfeadh dom, le d’thoil, an t-Abb a dh’ fheisgint,” ar seisean leis
-an ndóirseóir.
-
-“Tá go maith, a rígh,” arsa’n dóirseóir. “Buail mar seo, le d’thoil.”
-
-Do rugadh i láthair Cholla é.
-
-“Cad é seo atá uait, a mhic?” arsa’n t-Abb leis.
-
-“Tá, a Athair,” ar seisean, “gur mhaith liom, dá mb’ é do thoil é,
-raint aimsire chaitheamh sa mhainistir seo ag déanamh foghluma.”
-
-“Cé h-é thu, le d’ thoil?” arsa’n t-Abb.
-
-“Tadhg ua Cealla is ainim dom, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “agus
-adtuaidh ó Uíbh Máine do thánag.”
-
-“Airiú,” arsa’n t-Abb, “an mac do Thadhg Mhór ua Chealla thu!”
-
-“Iseadh, a Athair,” arsa’n t-ógánach.
-
-Do cuireadh isteach láithreach é sa sgoil a bhí oireamhnach dó. Bhí an
-Tadhg ua Cealla san ocht mbliana déag d’ aois an uair sin.
-
-Cúpla lá i ndiaigh an lae a tháinig Tadhg ua Cealla tháinig ógánach
-eile isteach sa mhainistir. Lochlanach ab eadh é, agus ba léir gur
-mhac rígh é. Bhí folt gruaige air a bhí chómh dubh le gual, agus bhí a
-chroicean chómh geal leis an sneachta. Bhí luisne chroídhreac ’n-a dhá
-leacain, agus bhí gealgháire ’n-a dhá shúil agus ’n-a bhéal i dtreó go
-raibh báigh ag gach aoinne leis ar an gcéad amharc.
-
-Do tugadh i láthair Cholla é.
-
-“Cad é an ainim atá ort-sa, a mic?” arsa Colla leis, “agus cá mbíon
-cómhnuighe ort nuair a bhíon tú sa bhaile?”
-
-“Lochlanach iseadh mé, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “agus Amhlaoibh
-is ainim dom. Amhlaoibh Óg a tugtar orm, mar Amhlaoibh is ainim dom’
-athair leis. Thánag anso chun sgoluigheachta dh’fhághail, mar deir gach
-aoinne gur anso atá an sgoluigheacht is fearr le fághail.”
-
-“Tá go maith,” arsa’n t-Abb. “Is dócha nách d’ár gCreideamh tú, ach
-ní dheinean san deifrígheacht ar bith. Tabharthas ó Dhia iseadh an
-Creideamh. Múinfear duit anso pé léighean nó pé eólus atá uait, agus
-ní baoghal duit go ndéanfaidh aoinne aon cur isteach ort mar gheall ar
-chreideamh.”
-
-“Táim ’ghá chuimhneamh le fada, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “gur
-mhaith an rud dom eólus éigin do chur ar bhúr gCreideamh. Ní féidir do
-dhuine creideamh do ghlacadh gan eólus a chur ar dtúis air. Má chím ó’n
-eólus gur nídh fóghanta é ba chóir gur mhaith an rud dom é ghlacadh.
-Pé ’cu ghlacfad é nó ná glacfad cad é an díobháil a dhéanfaidh sé dhom
-eólus do chur air?”
-
-“Tá go maith, a mhic ó,” arsa’n t-Abb. “Lean do thoil agus do
-thuisgint féin sa nídh sin. Go dtugaidh Dia agus Seanán naomhtha dhuit
-an t-eólus atá uait!”
-
-Do cuireadh Amhlaoibh Óg isteach sa sgoil do ceapadh a bhí oireamhnach
-dó, agus cá gcurfaí é ach isteach sa sgoil chéadna ’n-ar cuireadh Tadhg
-ua Cealla.
-
-Níor bh’ fhada gur chuir an bheirt aithne mhaith ar a chéile. Níor
-bh’fhada gur eirigh caradas mór eatartha. Bhíodar araon go h-ana mhaith
-chun an léighinn a thógaint, agus ba dheacair d’aoinne a dh’innsint
-cé ’cu b’fhearr chuige. Ins gach nídh a bhain le neart géag agus le
-cleasaibh lúth dob’ é an sgéal céadna é. Ní raibh aon bhreith ag aoinne
-de’n bheirt ar bhuachtaint i gceart ar an bhfear eile. Ach bhí so le
-feisgint soiléir go leór. Ní raibh aon fhear eile ins na sgolaibh sin
-a dh’fhéadfadh cimilt le h-aoinne de’n bheirt i n-aon rud a bhain le
-neart cuirp ná le cleasaibh lúth.
-
-Ní raibh Tadhg Óg ua Cealla abhfad i n-Inis Cathaigh nuair a rugadh
-soir go Ceann Cora é, go ríghtheighlach Bhriain féin. Bhí aithne mhaith
-agus cion mór ag Brian ar athair an fhir óig sin, ar Thadhg Mhór ua
-Chealla. Ní h-aon iongnadh nár fágadh Tadhg Óg abhfad gan breith soir
-go Ceann Cora.
-
-Agus dar ndó’ nuair a h-iaradh ar Thadhg dul soir níor bh’ fhéidir
-a chara agus a chómhalta, Amhlaoibh, a dh’ fhágáilt ’n-a dhiaigh
-sa mhainistir. B’ éigean dóibh araon dul soir. Chómh luath agus do
-cuireadh aithne thoir ortha ba dhóich leat gur anuas as an spéir a
-thuiteadar, tháinig a leithéid sin d’ uraim ag gach aoinne dhóibh agus
-a leithéid sin de chion ag gach aoinne ortha.
-
-Bhí fhios ag gach aoinne gur mhac rígh Tadhg Óg ua Cealla, agus isé rud
-a deireadh na daoine a chíodh é ’ná, “An t-é ná déanfadh ach feuchaint
-air, gan aon phioc d’á fhios a bheith aige cé h-é féin, d’ aithneóch’
-sé gur mac rígh é!” Bhí an uraim ag ár sínsear riamh do’n rígh agus do
-mhac an rígh. Ní’limíd féin ró shaor ó’n ngalar gcéadna.
-
-Bhí tuairim láidir ag daoine gur mhac rígh Amhlaoibh, leis, bíodh ná
-dúbhairt sé féin, luath ná mall, gur bh’eadh. Níor admhuigh sé gur
-bh’eadh agus ní lúgha ’ná mar a shéan sé gur bh’eadh.
-
-Áit chun an uile shaghas cleasaidheachta, idir ruith agus léim agus
-iomrasgáil agus caitheamh cloch araige agus tógaint ualaí troma, ab
-eadh Ceann Cora an uair sin, agus bhí fir óga ann nár bh’fhuiriste
-buachtaint ortha ins na gníomharthaibh sin. Bhí an bheirt a tháinig
-aniar ó Inis Cathaigh maith a ndóthin do’n chuid ab fhearr acu, ’sé sin
-d’á gcómhnaoisibh. Ní raibh aon breith acu, ámhthach, ar aon chimilt a
-dhéanamh leis na fearaibh stáluighthe cruadha a bhí ann.
-
-I n-éaghmais na lúthchleas bhíodh cleasa agus gleacaidheacht ar na
-h-airm acu. Bhíodh airm éadtroma ann dos na buachailíbh chun bheith ag
-déanamh taithíghe dhíobh. D’imir gach duine de’n bheirt cluiche ar gach
-arm des na h-airm sin leis na buachailíbh ab fearr a bhí ar theighlach
-Bhriain, agus chuireadar iongnadh ar gach aoinne. Bhíodh capal bata
-acu ann agus marcach bréige anáirde air agus éide ar an marcach, agus
-gníomh fir ab eadh ruith chun an mharcaigh sin agus buille thuaigh
-a thabhairt dó sa cheathramhain agus idir éide agus ceathramha do
-ghearadh leis an mbuille sin i dtreó go dtuitfeadh an chos ar thaobh
-de’n chapal agus an marcach ar an dtaobh eile.
-
-Dubhairt Amhlaoibh gur dhóich leis go ndéanfadh sé an gníomh san. Do
-tugadh tuagh Mhurchadh mhic Bhriain chuige. Bhí sí ró throm dó. Do
-tugadh tuagh ná raibh chómh trom chuige. Do cuireadh anáirde an fear
-bréige ar an gcapal bréige. Do chas Amhlaoibh an tuagh agus do rith sé
-chun an mharcaigh agus do bhuail sé a bhuille. Chuir an buille stangadh
-sa n-éide a bhí ar ceathramhain an fhir bhréige. Sin ar chuir.
-
-Do cuireadh suas an fear bréige airís agus éide shlán air. Do rug Tadhg
-Óg ua Cealla ar thuaigh eile. Do thoibh sé féin an tuagh. Bhain sé
-casadh as an dtuaigh agus do rith sé chun an mharcaigh bhréige. Tháinig
-an tuagh anuas ar an gceathramhain. Do thuit an chos ar thaobh de ’n
-chapal agus an fear ar an dtaobh eile.
-
-Do leath a dhá shúil ar Amhlaoibh.
-
-“Ó!” ar seisean, “agus níor chuiris leath do nirt leis an mbuille!”
-
-“Do chuireas,” arsa Tadhg, “ach níor dhóich leat gur chuireas. Cleas
-iseadh é. Chuiris-se oiread nirt leis an mbuille agus chuireas-sa leis,
-ach níor thugais a cheart féin do’n fhaobhar. Ní’l ann ar fad ach
-cleas, agus taithíghe ar an gcleas.”
-
-“B’fhéidir é,” arsa Amhlaoibh, “ach mo thruagh-sa an fear go
-n-imireófá-sa an cleas san air i láthair catha.”
-
-Do rug Amhlaoibh ar bhogh Mhurchadh. Mheas sé an bogh do lúbadh. Do
-theip air.
-
-“Ba mhaith liom aon urchar amháin a dh’fheisgint uait, a rígh,” ar
-seisean le Murchadh.
-
-“Chífir agus fáilte, a mhic ó,” arsa Murchadh. Do rug Murchadh ar an
-mbogh agus do lúb sé é agus chuir sé an tsrang air mar ba chóir chun
-lámhaigh. Ansan do rug sé ar shaighid agus chuir sé an saighead leis an
-sraing. Bhí an bogh dhá shlait ar faid. Chuir sé an lámh chlé n-a lár.
-Tharaing sé an tsrang leis an láimh dheis go dtí gur dhóich le duine
-ná raibh dhá throigh idir dhá cheann an bhogha. Thug sé aghaidh ar an
-dtaobh thall de’n ghleann. Do thárla éan faraige bheith ag gluaiseacht
-fan an ghleanna thall, lasmuich, dar le n-a raibh láithreach, de raon
-aon urchair. Do sheinn an tsrang. Do ghluais an saighead. Bhí súil
-gach aoinne ar an saighead agus ar an éan. Chonacadar ag teacht chun a
-chéile iad. Do chuaidh an saighead tríd an éan agus thuiteadar araon
-chun tailimh thall ar thaobh an ghleanna. Do rith buachail anonn agus
-thug sé leis anall iad. Bhí iongnadh agus alltacht ar Amhlaoibh nuair a
-thuig sé i n’ aigne cad é an neart nár bh’fholáir a bheith sa bhfear a
-chaith an t-urchar san.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL III.
-
-INNTINN BHRIAIN.
-
-
-Do caitheadh an lá ar an gcuma san, go suairc agus go soilbhir agus go
-muinteartha. Ansan do shuigh cuideachta mhaith uasal chun dínnéir, agus
-do tairbeánadh uraim agus onóir do’n dá mhac rígh sin agus d’uaislibh
-eile a tháinig an lá san go ríghtheighlach Bhriain ar ghnóthaíbh a
-bhain leó féin.
-
-Bhí aghaidh na h-Éirean go léir an uair sin ar Bhrian agus ar Cheann
-Cora agus ar Dhál gCais. Bhí sé daingean i n-aigne gach aoinne, idir
-Ghaedhal agus Lochlanach, nár mhaith an bhail ar chine Ghaedhlach ná
-ar chine Lochlanach Brian agus Clann Chais a bheith ’n-a namhdaibh
-acu, agus gur bh’ é a leas, thar gach nídh, Brian agus Clann Chais a
-bheith ’n-a gcáirdibh acu. Gach aon chine, d’á bhrígh sin, ar fuid na
-h-Éirean, agus go mór ar fuid na Múmhan, a bheartuigh go bhféadfaidís
-caradas Bhriain do choimeád, má bhí sé acu, bhídís ag teacht go Cheann
-Cora agus ag tabhairt cíosa nó bronntanas leó; agus an mhuintir a
-bhíodh a d’iaraidh an charadais sin a dh’fhághail dóibh féin mura raibh
-sé cheana acu, bhídís ag teacht ar an gcuma gcéadna a d’iaraidh é
-thuilleamh.
-
-Do thuig Brian iad go léir go h-áluinn. Fear ana dhoimhinn ab eadh
-é. Bhí beartuighthe i n’ aigne aige, agus bhí an machtnamh i n’
-aigne le fada dh’aimsir, neart na h-Éirean go léir do chnuasach agus
-do chur le chéile i gcoinnibh na Lochlanach, agus i gcoinnibh gach
-namhad iasachta. Deire chur leis an obair a bhí ar siúbhal i n-Éirinn
-ar feadh cúpla céad blian an uair sin, nuair a bhíodh eaglaisí agus
-mainistreacha agus sgoileana d’á gcur suas le neart Creidimh agus dúil
-i léighean agus i n-eólus, agus ansan nár thúisge a bhídís thuas ’ná
-mar a bhíodh na Lochlanaigh ag preabadh isteach agus ’á sgartáil, ’ghá
-losgadh agus ag losgadh na leabhar a bhíodh ionta agus ag marbhughadh
-na manach. Do thuig Brian i n’ aigne, nuair a dheineadh cléir agus
-daoine naomhtha na h-Éirean, agus lucht léighinn na h-Éirean, na
-h-eaglaisí agus na mainistreacha agus na sgoileana do chur suas agus
-an obair do chur ar siubhal, gur bh’é ba lúgha ba ghann do ríghthibh
-Éirean, agus d’fhearaibh Éirean, Éire agus an obair, agus an mhuintir
-a bhí ag déanamh na h-oibre, do chosaint ar namhdaibh iasachta.
-Chonaic sé conus a bhí an sgéal ag Éire ocht gcéad blian nó míle
-blian roimis sin, nuair a bhí Fionn agus Fian Éirean beó, nó le linn
-Chonchubhair agus Chúchulainn. Bhí a leithéid sin de sgannra an uair
-sin ar dhúthaíbh iasachta roim fhearaibh Éirean agus roim chómhacht
-na h-Éirean nár leómhaidh aon chómhacht iasachta aon chur isteach
-a dhéanamh ortha. Dá mb’ iad na Rómhánaigh féin iad, do chuireadar
-an dómhan go léir fé n-a smacht ach Éire amháin. “Ach!” a déarfaidh
-duine, b’fhéidir, “Níor bh’fhiú leó teacht ag cur isteach ar oileán na
-h-Éirean. Bhí Éire ró shuarach, dar leó, agus ró imigcéineamhail.”
-
-Nách maith ná raibh Ínsí h-Orc ró imigcéineamhail. Chuir na Rómhanaigh
-Sasana fé n-a smacht, agus chuireadar mórán de chrích Alban fé n-a
-smacht. Agus chuadar níba shia óthuaidh agus chuireadar Ínsí h-Orc fé
-n-a smacht, d’á fhaid óthuaidh iad, agus d’á shuaraighe le rádh iad an
-uair sin.
-
-Bhí fhios acu go dian mhaith gur bh’fhiú dhóibh Éire thabhairt fé n-a
-smacht dá bhféadaidís é. Bhí aithne mhaith acu ar an oileán, ach bhí
-fhios acu go maith, leis, cad é an saghas daoine a bhí ’n-a gcómhnuíghe
-ar an oileán. Níor thánadar ag cur isteach ortha. Níor dhein cómhacht
-na Rómha riamh oiread agus sméide ar oileán na h-Éirean.
-
-Do thuig Brian, an rud a deineadh cheana go bhféadfaí é dhéanamh
-airís. Go bhféadfaí cómhacht na h-Éirean do chur le chéile, agus do
-tháthughadh i n-a chéile, agus do dhlúthughadh i n-a chéile airís,
-agus neart fear Éirean do ghleusadh agus do chórughadh, mar a ghleus
-Fionn é. Ansan nár bhaoghal ná go bhfanfadh na Lochlanaigh amach, nó dá
-dtagaidís gur theacht gan imtheacht dóibh é.
-
-Is léir d’aon duine a dh’fheuchan isteach sa sgéal go raibh an
-machtnamh san agus an beartughadh san agus an inntinn sin, istigh i
-gcroídhe Bhriain ó’n gcéad uair a thusnuigh sé ar dhroch obair na
-Lochlanach do thuisgint i gceart. Níor bh’fhuiriste dhó, ámhthach,
-a bheartughadh do chur i ngníomh mar bhí ríghthe Gaedhal ar bheagán
-meabhrach agus ar bheagán tuisgiona an uair chéadna. Níor tháinig
-aon phioc d’á chuimhneamh chun aoinne acu go raibh aon bhaoghal go
-bhféadfadh Lochlanaigh, ná aon almhúraigh eile, Éire do chur fé n-a
-smacht go h-iomlán chóidhche. Do thuig Brian go raibh an baoghal
-ann, agus gur mhóide an baoghal a luíghead a tuigeadh é. Thuig sé,
-leis, go mbéadh an baoghal ann an fhaid a bhéadh ríghthe Éirean ag
-gabháil i gcoinnibh a chéile, agus ag troid le n-a chéile, agus ag
-lagughadh a chéile mar a bhíodar. D’á bhrígh sin, chómh luath agus
-thusnuigh a chómhacht ar dhul i méid, do thusnuigh sé ar na ríghthibh
-eile do thabhairt sé n-a smacht féin, agus ar a chur fheuchaint ortha
-oibriughadh a’ lámhaibh a chéile i gcoinnibh na Lochlanach. Níor bh’
-é sin féin ach, fé mar a fuair sé an chaoi air, do ghlac sé isteach
-’n-a shlóightibh armála na Lochlanaigh a bhí dílis dó, chun cogaidh a
-dhéanamh i gcoinnibh na Lochlanach eile. Bhí cuid acu níba dhílse dhó
-’ná mar a bhí cuid des na h-Éireanaigh.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL IV.
-
-Ó BHEALACH LEACHTA GO GLEANN MHÁMA.
-
-
-Bhí cómhacht Bhriain ag méadughadh agus ag neartughadh agus ag leathadh
-go dtí go raibh sé ’n-a rígh ar leath na h-Éirean, ar Leath Mhogha, ar
-an leath theas de’n oileán. Ní gan mórán trioblóide agus mórán cogaidh
-a chuir sé an méid sin de thír na h-Éirean fé smacht a láimhe. Bhí a
-dhritháir, Mathúin mac Cinéide, ’n-a rígh ar an Múmhain roimis. Rígh
-cródha, cómhachtach, mór-aigeanta ab eadh an Mathúin sin. Chonaic
-ríghthe agus tighearnaí eile na Múmhan go raibh Dál gCais agus clann
-Chinéide ag dul i neartmhaire, agus tháinig éad agus eagla ortha.
-
-Chonaic Lochlanaigh na Múmhan, leis, mura gcurfaí cosg éigin leis an
-mbeirt drithár, le Mathúin agus le Brian, ná fágfaidís Lochlanach beó
-sa Mhumhain. Dheineadar eatartha, na Lochlanaigh agus na h-Éireanaigh
-n-a raibh an t-eagal ortha, feall grána ar Mhathúin. Mharbhuighdar é
-i n-áit ar a dtugtí Bealach Leachta. Deir cuid de’n tseanachus gur i
-n-aice Mághchromtha atá an áit. Tá cloch mhór, i bhfuirm goláin, ’n-a
-seasamh ar bhruach an tSoláin, ar an ínse, i n-aice na h-áite ’n-a
-dtagan an Leamhain isteach sa tSolán, agus do réir gach deabhraimh tá
-an chloch san ’n-a seasamh ar uaigh Mhathúna mhic Cinéide, rígh Múmhan.
-
-B’fhearra go mór, ámhthach, do lucht an éada agus an eagla ná
-déanfaidís an gníomh san. Íomhar, rígh Lochlanach Luimnighe, agus
-Maolmuaidh, rígh Deasmúmhan, agus Donabhán, rígh Figheinte, isiad
-a dhein an gníomh. Do las fearg Bhriain nuair a fuair sé cad a bhí
-déanta. Do chruinnigh sé a neart. Siné an uair a sgrios sé na
-Lochlanaigh a’ Luimneach agus a’ h-Inis Cathaigh. Do bhris sé cath
-ar Dhonabhán agus mhairbh sé é. Do lean sé Maolmuaidh go Bealach
-Leachta, an áit ’n-ar marbhuigheadh Mathúin. Bhí Maolmuaidh ann agus
-sluagh líonmhar, láidir aige, de Ghaedhlaibh agus de Lochlanachaibh.
-Do bhuaidh Brian ortha, agus do thuit Maolmuaidh sa chath. Deir an
-seanachus go raibh Murchadh, mac Bhriain, sa chath san agus gan é ach
-chuig bhliana déag, agus gur le n-a láimh a thuit Maolmuaidh.
-
-Nuair airigh Dómhnall ua Faoláin, rígh na nDéiseach, cad a bhí
-imthighthe ar Mhaolmuaidh agus ar a shluagh, d’eirigh sé agus
-chruinnigh sé slóighthe a thíre go léir, agus tháinig Lochlanaigh
-Phortláirge ag cabhrughadh leis. Siúd chúcha Brian. Do bhris sé cath
-fuilteach ortha i n-áit ar a dtugtí Fán Chonradh. Do theitheadar, idir
-Ghaedhil agus Lochlanaigh, isteach go Portláirge. Do lean Brian iad
-agus dhein sé éirleach ortha agus do loisg sé an chathair. Do thuit
-Dómhnall sa n-éirleach.
-
-Bhí an Mhúmhain fé smacht Bhriain ansan. Níor ghéill a namhaid go
-léir dó, ámhthach. Bhí fhios acu ná géillfeadh Cúige Laighean go
-ró bhog dó. D’imthighdar óthuaidh. D’ eirigh na Laighnigh leó. Do
-cruinnigheadh sluagh ana mhór, Lochlanaigh agus Éireanaigh ó’n Múmhain,
-agus Lochlanaigh ó Áth Cliath, agus iomláine cómhachta na Laighneach,
-idir Lochlanaigh agus Éireanaigh. Cheapadar, anois nó riamh, go
-gcuirfidís neart Bhriain ar neamhnídh. Thuig na h-Éireanaigh a bhí
-ann go ndéanfaidís díoltas ar Bhrian agus ar Chlainn Chais fé dheire
-thiar thall. Thuig na Lochlanaigh dá mbéadh Brian agus Clann Chais ar
-neamhnídh nár ró fhada go mbéadh Luimneach, agus Inis Cathaigh, agus an
-Mhúmhain, agus b’fhéidir Éire go léir, acu féin airís. Níor thug Brian
-puínn aimsire dhóibh chun machtnaimh a dhéanamh. Siúd chúcha isteach i
-gCúige Laighean é féin agus a shluagh. Ar Gleann Mháma iseadh tháinig
-sé suas leó. Siúd chun a chéile an dá shluagh go fíochmhar agus go
-malluighthe. Do throid na Laighnigh agus na Lochlanaigh agus a lucht
-cabhartha go léir, go cródha agus go seasamhach, an fear ag tuitim agus
-fear eile i n’ inead láithreach, gan staonadh gan géilleadh, gan suim
-i mbás ná i mbeatha. Níor bh’ aon mhaith dhóibh é. Do bhrúigh Brian
-agus Murchadh agus Clann Chais isteach tré n-a lár. Do leagadh agus do
-marbhuigheadh iad ’n-a srathanaibh. Fé dheire do ruagadh chun siúbhail
-an méid nár leagadh dhíobh. Do leanadh iad ins gach treó baill ’n-ar
-theitheadar. Do cuireadh an mhór-shluagh ar neamhnídh glan. Do thuit sa
-chath san chúig mhíle fear de Lochlanachaibh agus de Laighneachaibh.
-
-D’fhág san Leath Mhogha ar fad fé smacht Bhriain, agus thug sé le
-tuisgint go soiléir dos na Lochlanaigh ná raibh aon bhreith acu go deó
-airís ar oileán na h-Éirean do thabhairt fé n-a smacht. Ansan iseadh
-bhí ríghthe agus uaisle agus tighearnaí tíre ag teacht as gach áird
-go Ceann Cora ag tabhairt cíosa agus tabharthaistí agus bronntanas ag
-triall ar Bhrian agus ag snadhmadh caradais leis.
-
-Cuid des na h-uaislibh sin iseadh bhí tagaithe ann an oídhche a bhí an
-bheirt bhuachailí ó mhainistir Ínse Cathaigh ann. Chuir an mhuintir a
-tháinig aithne láithreach ar Thadhg Óg ua Chealla. Níor fhéad aoinne
-puínn aithne chur ar an mbuachail eile, ar Amhlaoibh. Ní raibh fhios
-acu cé r’ bh’ é ná cé ’ra díobh é, ach gur bh’ ógánach uasal é a
-tháinig anall ó chrích Lochlan go mainistir Ínse Cathaigh ag déanamh
-foghluma. Do caitheadh an oídhche go suairc agus bíodh ná raibh aon
-aithne cheart ar an Lochlanach óg bhí gach aoinne ag déanamh cúraim dé
-agus ag taisbeáint báighe dó, díreach fé mar ba mhaith leó a chur i
-n-iúil dó, dá mba Lochlanach féin é ná raibh aon dothal acu roimis.
-
-Tá an tréith sin sa n-Éireanach fós, go láidir. Má bhímíd muinteartha
-le duine iasachta is minic gur mó go mór a thaisbeánaimíd ár
-muintearthas dó ’ná mar a thaisbeánaimíd é d’ ár nduine féin. Chonac
-go minic a leithéid.
-
-Tháinig an mhaidion. Bhí na h-uaisle a tháinig ag dul abhaile.
-Má thugadar tabharthaistí leó ag triall ar Bhrian do thug Brian
-tabharthaistí móra maithe dhóibh nuair a bhíodar ag imtheacht. Bhí
-brígh leis na tabharthaistíbh sin, ámhthach. An priúnsa do ghlac
-tabharthas mar sin ó Bhrian, d’ admhuigh sé Brian a bheith ’n-a rígh
-os a chionn, agus bhí ceangailte air as san amach an admháil sin do
-sheasamh. Thuigeadar go léir an nídh sin go maith agus ní raibh aon
-chur ’n-a choinnibh acu. Is amhlaidh a bhí áthas mór ortha fear a
-bheith os a gcionn a bhéadh ábalta ar iad do smachtughadh dá mba ghádh
-é.
-
-Tháinig an bheirt bhuachailí abhaile chun na mainistreach agus chun na
-leabhar agus chun an léighinn.
-
-Bhí Brian pósta an tarna h-uair an uair sin. Gormfhlaith ab ainim
-do’n tarna mnaoi. Bhí sí ’n-a baintrigh nuair a phós Brian í. Drifiúr
-ab eadh í do Mhaolmórdha, an rígh a tháinig ar Laighnibh nuair a
-ghéilleadar do Bhrian. Bhí sí pósta ar dtúis ag rígh de ríghthibh
-Lochlanach Átha Cliath. Amhlaoibh ab ainim do’n rígh sin. Bhí mac aici
-leis an Amhlaoibh sin agus Sitric ab ainim do, agus bhí sé ’n-a rígh ar
-Lochlanaigh Átha Cliath nuair a bhí sise pósta ag Brian i gCeann Cora.
-
-Do réir gach seanachais d’á mbainean leis an aimsir sin ní raibh an
-uair sin ar mhnáibh an domhain bean eile a bhí i n-aon ghaor do bheith
-chómh breagh leis an mnaoi sin. Ach tá nídh eile, leis, le feisgint sa
-tseanachus. Ní raibh bean ar bith a bhí chómh breagh léi. Ní lúgha ’ná
-mar a bhí bean ar bith a bhí chómh h-olc léi. Nuair a phós Brian í ní
-raibh fhios aige cad é an saghas í. Bhí beartuighthe i n’aigne aige,
-ní h-amháin Gaedhil Éirean do dhlúthughadh le n-a chéile i dtreó gur
-mhóide a neart é i n-aghaidh namhad iasachta, ach, dá mb’ fhéidir é, na
-Lochlanaigh a bhí socair chun cómhnuighthe i n-Éirinn do tháthughadh
-leis na cineachaibh Gaedhlacha, agus aon neart amháin a dhéanamh díobh
-go léir. Thuig sé gur mhaith an congnamh dó chuige sin máthair an rígh
-a bhí ar Lochlanaigh Átha Cliath a bheith pósta aige; go dtabharfadh
-an cleamhnas san páirt disi ’n-a chómhacht féin agus páirt dó féin i
-gcómhacht a mic. Do neartuigh sé an pháirt sin a bhéadh aige féin i
-gcómhacht a mic, le cleamhnas eile. Thug sé a inghean féin le pósadh do
-Shitric, do rígh Lochlanach Átha Cliath.
-
-Bhí gaol agus cómhngas achmair go leór ansan idir é agus rígh
-Laighean agus idir é agus Lochlanaigh Átha Cliath, agus bhí gach
-aon deabhramh go ndéanfadh aimsir agus foidhne agus faidearaídhe
-agus deaghchómharsanacht caradas do dhlúthughadh agus do bhuanughadh
-idir é agus iad go léir, go mór mór ó bhí san agus a mbuac féin
-ag teacht isteach le n-a chéile. Bhí gach aon deabhramh, leis, dá
-leanadh an caradas san agus an deagh-chómharsanacht san go sroisfeadh
-Brian Árdrígheacht na h-Éirean agus go leanfadh sliocht Bhriain i
-n-Árdrígheacht na h-Éirean, ó ghlúin go glúin, ar feadh mórán aimsire,
-agus go gcuirfeadh san rath agus séan, go saidhbhir agus go marthanach,
-ar Éirinn agus ar Chlannaibh Gaedhal, agus ar an gCreideamh i n-Éirinn.
-
-Ach bhí a mhalairt sin ar fad de mhachtnamh i n-aigne na Banríghne,
-i n-aigne Ghormfhlaith. Ní h-ar Bhrian ná ar a shliocht a bhí sí ag
-cuimhneamh, i gcóir Árdrígheachta na h-Éirean, sa n-aimsir a bhí le
-teacht, ach ar a mac féin, ar Shitric, rígh Lochlanach Átha Cliath. Bhí
-Brian aosda. Ní raibh, agus a dhícheal a dhéanamh, puínn eile aimsire
-aige le caitheamh ar an saoghal so. B’fhearr léi í féin a bháth ’ná
-Murchadh dh’fheisgint i n’ Árdrígh. Níor bh’fholáir, dar léi, rud éigin
-a dhéanamh a choimeádfadh Murchadh as an Árdrígheacht. Chuir sí an
-sgéal i gcómhairle a mic. Do socaruigheadh eatartha ar nimh a thabhairt
-do Bhrian. Dá mbéadh Brian as an slígh do thuitfeadh a chómhacht
-as a chéile. Ansan níor ró dheacair di cómhacht na Lochlanach do
-chruinniughadh agus oileán na h-Éirean do chur fé n-a smacht féin, agus
-Árdrígh a dhéanamh d’á mac, de Shitric. Bhí an t-uisge-fé-thalamh san
-ar siúbhal idir Cheann Cora agus Áth Cliath ar feadh abhfad. Bhí sé ar
-siúbhal, a gan fhios do’n tsaoghal, le linn na h-aimsire ’n-a raibh an
-bheirt bhuachailí úd ag déanamh a bhfoghluma i mainistir Ínse Cathaigh.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL V.
-
-CREIDEAMH ’Á GHLACADH.
-
-
-Tar éis suim aimsire tháinig an bheirt airís go Ceann Cora agus bhí lá
-gleacaidheachta eile acu agus oídhche shuairc ’n-a dhiaigh. Níor bh’
-fhada gur dheineadar taithighe de bheith ag teacht, agus bhíodh súil
-leó agus fáilte rómpa ag gach aoinne sa teighlach. Bhíodh gach aoinne
-mór leó, agus gach aoinne ag déanamh cúraim díobh, agus ní raibh aoinne
-ba mhó a dheineadh cúram díobh ’ná an Bhanríghin. Dheineadh sí ana
-chúram de’n bheirt, ach nuair a chuadar i dtaithighe bheith ag teacht
-do thárla go mbíodh Amhlaoibh agus í féin go minic ag caint agus ag
-cogarnaigh fé leith. Níor dhein aoinne aon iongnadh dhé sin. Lochlanach
-ab eadh é, agus mac rígh ab eadh é, agus níor bh’ aon iongnadh mórán
-a bheith aici le rádh leis an mbuachail i dtaobh a thíre féin agus i
-dtaobh a mhuintire.
-
-Nuair a tháinig an t-am ’n-ar mhithid do Thadhg ua Chealla cuaird a
-thabhairt óthuaidh go h-Uíbh Máine, ag feuchaint a mhuintire féin, ní
-shásóch’ aon rud é gan Amhlaoibh do dhul óthuaidh i n-aonfheacht leis.
-Chuaidh an bheirt óthuaidh. Má ba mhór an fháilte a bhíodh roimis an
-mbeirt i gCeann Cora, agus má ba mhór an cúram a deintí dhíobh ann,
-ba mhó ’ná san an fháilte a bhí rómpa thuaidh, agus ba ghrádhmhaire,
-agus ba mhó an cúram a deineadh díobh ann. Bhí Tadhg Óg ua Cealla i
-dteighlach a athar féin nuair a chuaidh sé óthuaidh go h-Uíbh Máine,
-agus is ’mó rud fhéadfadh sé a dhéanamh ann chun cúraim a dhéanamh de
-charaid ná féadfadh sé a dhéanamh i ríghtheighlac Bhriain i gCeann
-Cora. Do dhein sé gach aon rud fé mar a thaithn leis chun a thaisbeáint
-cad é an cion a bhí aige ar a chomrádaidhe. Nuair a chonaic an
-t-athair, Tadhg Mór féin, an cúram go léir ’á dhéanamh de’n ógánach
-Lochlanach do dhein sé féin cúram dé, chun a mhic do shásamh. Ansan do
-dhein an mháthair, agus an chuid eile de’n chlainn, an cúram céadna
-dhé, chun Taidhg Óig do shásamh. Níor dheacair dóibh sin, mar, chómh
-luath agus tháinig sé ’n-a measg, agus chómh luath agus do chonacadar
-é agus do labhradar leis, tháinig báigh chómh mór san acu féin leis go
-mbéadh fáilte acu roimis agus go ndéanfaidís cúram dé ar a shon féin dá
-mba ná béadh Tadhg Óg i n-aon chor ann. Bhí saoghal maith aige an fhaid
-a bhí sé thuaidh.
-
-Do críochnuigheadh an chuaird agus tháinig an bheirt thar n-ais go
-h-Inis Cathaigh.
-
-Do ghluais raint aimsire. Bhí Amhlaoibh ag déanamh na foghluma go
-tiugh. Lá d’á raibh an bheirt i bhfochair a chéile ar imeal an oileáin,
-ar bruach na faraige, do labhair Amhlaoibh. Dubhairt sé gur mhaith leis
-an Creideamh a ghlacadh. Bhí áthas mór ar Thadhg.
-
-“Is fearr labhairt leis an Abb,” ar seisean.
-
-Do labhradar leis an Abb.
-
-“Tá go maith,” arsa’n t-Abb. “Ní foláir an Creideamh a mhúineadh dhuit
-ar dtúis.”
-
-Do ceapadh sagart chun an Chreidimh a mhúineadh dhó. Do glacadh an
-sgéal go réidh. Do tugadh a dhóthin aimsire dhó chun an Chreidimh a
-dh’ fhoghluim. Do tugadh níba mhó ’ná a dhóthin aimsire dhó. Fear
-eagnaidhe ab eadh Colla. Thuig sé gur “bh’ fhearr feuchaint roime
-dhuine ’ná dhá fheuchaint ’n-a dhiaigh,” gur bh’fhearr deimhne dhéanamh
-sar a’ ndéanfaí dithineas. Gur bh’ fhearr “bheith díomhaoín ’ná droch
-ghnóthach.” Ach do múineadh an Creideamh d’Amhlaoibh, agus do chuir
-sé an ríghneas go léir dé go breágh réidh foidhneach. Ba léir do gach
-aoinne go raibh sé dílis, dáiríribh. Do baisteadh é. Tar éis raint
-eile aimsire do dhein sé faoisdin agus do cuireadh fé láimh Easboig é.
-Ansan, tar éis tuille aimsire dhein sé faoisdin agus ghlac sé Comaoine.
-Bhí áthas mór sa mhainistir agus buidhchas mór ’á thabhairt do Dhia mar
-gheall ar a thabharthaistí.
-
-Tháinig an t-am do’n bheirt chun dul soir go Ceann Cora ar chuaird.
-Chuadar soir. Bhí míle fáilte rómpa mar ba ghnáth. Ach bhí rud éigin
-tagaithe sa bhfáilte ná bíodh ann roimis sin. Bhí an osgailt croídhe
-ann a bhainean leis an gCreideamh. Ní h-aithnightear cad a bhainean
-leis an osgailt croídhe sin go dtí go mothuightear beó é. Ní raibh aon
-phioc d’á fhios ag Amhlaoibh cad a bhain leis go dtí gur mhothuigh
-sé beó é. An cion a gheibheadh sé i gCeann Cora agus i n-Uíbh Máine
-sar ar ghlac sé an Creideamh, níor thug sé fé ndeara go raibh aon
-rud i n-easnamh air. Bhíodh gach aoinne geal dó. Níor mheas sé go
-bhféadfaidís bheith níba ghile dhó. Nuair a tháinig sé, tar éis an
-Chreidimh a ghlacadh dhó, ansan iseadh thuig sé cad a bhain leis an
-osgailt croídhe. Do chonaic sé ansan go soiléir nár bh’é an duine
-céadna i n-aon chor acu é, agus nár bh’é an cion céadna i n-aon chor a
-taisbeánadh dó. Gur h-osgaladh dó, i gcroídhthibh na ndaoine, seómra
-éigin a bhí, ní h-amháin dúnta uaidh roimis sin, ach a bhí ann a gan
-fhios dó agus ná raibh aon phioc d’á fhios aige é bheith ann i n-aon
-chor.
-
-Bhí áthas ana mhór ar mhuintir Thaidhg Óig uí Chealla nuair a tháinig
-an bheirt chucha agus Amhlaoibh tar éis an Chreidimh a ghlacadh. Dá mba
-bhuachail Tadhg go bhféadfaí éad a chur air do bhéadh éad a dhóthin
-air, do dheineadh a mhuintir a leithéid de chúram d’ Amhlaoibh.
-
-Bhí drifiúr ag Tadhg. Mórling ab ainim di. Bhí sí fionn ar nós a
-drithár. Cailín ana dhathamhail ab eadh í. Bhí a gruaig ar dhath an
-óir. Bhí idir ghruaig agus dath chómh saidhbhir sin gur tugadh “Niamh
-Chinn Óir” mar ainim-cheana uirthi nuair a bhí sí ’n-a leanbh beag.
-D’oir an ainim chómh maith san di gur lean sé dhi. Ansan do thug
-daoine mar bhéas dóibh féin an cómhngar a ghlacadh ar an ainim agus
-gan a thabhairt uirthi ach Niamh. Sa n-am ’n-a mbíodh a dritháir agus
-Amhlaoibh ag teacht ó mhainistir Ínse Cathaigh go tigh a h-athar bhí
-sí seacht mbliana déag, agus deirtí go dtógfadh sé an ceó de chroídhe
-dhuine feuchaint uirthi, bhí a sgéimh chómh h-áluinn sin. Deirtí gur
-dhóich le duine go mbíodh mar a bhéadh sgáil éigin soluis ’n-a tímpal,
-i dtreó, nuair a thagadh sí isteach i gcuideachtain, gur chuma é nó
-gath gréine do theacht isteach ann. Bhí a lán d’uaislibh óga na tíre
-agus ba ró mhaith leó bheith ’n-a cuideachtain agus bheith go mór léi,
-ach bhí dhá shúil ghorma, sholusmhara, ríoga ’n-a ceann, agus ní raibh
-aon duine des na h-uaislibh óga san a dh’ fhéadfadh an fheuchaint a
-bhí ins na súilibh sin do sheasamh dá dtugadh a shúile féin, ’n-a
-gcoinnibh, aon fheuchaint nár cheart. Bhí an fhuil uasal inti, an fhuil
-ríoga. D’inis a dhá súil duit, ar an gcéad amharc, gur bh’ í inghean
-Thaidhg Mhóir uí Chealla a bhí agat, agus pé ’cu b’í nó nár bh’í, gur
-bh’é do bhuac bheith chómh múinte chómh béasach agus d’fhéadfá bheith.
-
-I dtaobh an óigfhir, ámhthach, a thagadh i n-aonfheacht le n-a dritáir
-andeas ó mhainistir Ínse Cathaigh, chonaic sí an ghruaig chíordhubh
-air, an t-ualach gruaige go raibh dóthin trír ann, agus é ag tuitim
-síos leis na h-uiseanaibh a bhí ar dhath an tsneachtaidh; ar na
-slinneánaibh breaghtha láidire leathana; síos go caol an droma, caol
-droma a bhí chómh seang le caol droma an chapail ráis, agus go raibh
-neart suidhte ann mar a bhéadh i ndrom an chapail ráis. Chonaic sí an
-dá shúil a bhí ’n-a cheann agus iad chómh dubh leis an sméaramhán,
-agus, nuair a gháireadh sé, an teine chreasa ag teacht as na súilibh
-sin le neart suilt agus deagh-mhéinne, ba dhóich leat. Chonaic sí na
-neithe sin go léir an chéad lá a tháinig an t-Amhlaoibh sin go h-Uíbh
-Máine, agus má chonaic do thug sí grádh agus taithneamh a croídhe agus
-a h-aigne dhó go h-iomlán agus go beacht, láithreach bonn, gan aon dá
-chuid a dhéanamh díobh. Do thuig Amhlaoibh gur thug, agus do thuig sise
-gur tugadh an grádh agus an taithneamh céadna dhi, agus bhí a h-aigne
-sásta. Níor labhair aoinne de’n bheirt aon fhocal. Ní raibh gádh le
-caint. Bhí an sgéal go léir socair eatartha ar an gcéad fheuchaint.
-Dheineadar an chaint a dhein an chuid eile a bhí láithreach, agus níor
-tugadh aon phioc d’á fhios d’aoinne d’á raibh láithreach go raibh an
-sgéal san socair eatartha.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL VI.
-
-ADHBHAR AN tSAGAIRT.
-
-
-Nuair a tháinig an sgéal nua go raibh Amhlaoibh ag glacadh an Chreidimh
-bhí áthas mór ar gach aoinne i gCeann Cora agus ar gach aoinne i n-Uíbh
-Máine, agus ní raibh duine i gCeann Cora ná i n-Uíbh Máine ba mhó áthas
-’ná Niamh. Nuair a tháinig Amhlaoibh go h-Uíbh Máine agus é tar éis an
-Chreidimh a ghlacadh, do fuair sé an osgailt croídhe ó gach aoinne,
-ach ní raibh aoinne ba mhó a thug osgailt croídhe dó ná mar a thug
-Niamh. Ach má seadh níor leig sí uirthi gur thug. Bhí sí díreach mar a
-bhí an chuid eile de’n teighlach, chómh fada agus a dh’ fhéad aoinne a
-thuisgint.
-
-Do lean an sgéal ar an gcuma san. Tar éis suim aimsire do labhair
-Amhlaoibh airís le n-a chara, le Tadhg Óg ua Cealla.
-
-“Táim ’á chuimhneamh, a Thaidhg,” ar seisean, “gur mhaith liom bheith
-am’ shagart.”
-
-“Labhair le Colla mar gheall air sin,” arsa Tadhg.
-
-Do labhair.
-
-“B’fhéidir, a mhic ó,” arsa Colla, “ná fuil fios t’ aigne féin i gceart
-agat i dtaobh na h-inntinne sin. Is fearr machtnamh a dhéanamh ar an
-sgéal. Imthigh leat agus tabhair aire do t’ chuid léighinn, agus tar
-chúgham airís mí ó ’ndiu má’s maith leat é, agus i gcaitheamh an mhí bí
-’ghá iaraidh ar Dhia, tré ímpídhe Sheanáin, tú sheóladh ar do leas.”
-
-D’imthigh an mí. Tháinig Amhlaoibh airís ag triall ar Cholla.
-
-“Tá sé socair am’ aigne, a Athair,” ar seisean, “gur am’ shagart is
-ceart dom mo shaoghal do chaitheamh.”
-
-“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Colla.
-
-Do cuireadh isteach é ameasg na mac léighinn a bhí d’á n-ollamhughadh
-d’ Órd Bheannuighthe. Níor bh’ fhada gur h-airigheadh i gCeann Cora
-agus i n-Uíbh Máine gur deineadh. Dúbhairt a lán daoine gur mhaith é.
-Dúbhairt a lán eile gur mhór an truagh sagart a dhéanamh d’óigfhear
-chómh breágh chómh dathamhail. D’airigh Niamh é. D’airigh sí daoine
-’ghá rádh gur bh’ áluinn an sagart a dhéanfadh sé. D’airigh sí daoine
-’ghá rádh gur mhór an truagh sagart a dhéanamh dé. Bhí lán a croídhe
-d’iongnadh agus d’ alltacht istigh ’n-a h-aigne féin, ach ní baoghal
-gur leig sí amach aon phioc de’n iongnadh. Níor dhóich le h-aoinne
-beó uirthi go raibh sí ag cuimhneamh i n-aon chor air féin ná ar
-conus ba mhaith leis a bheatha do chaitheamh. Ach do bhí. Bhí dhá
-mhachtnamh ’n-a h-aigne ’n-a thaobh agus bhí sé ag teip uirthi glan an
-dá mhachtnamh a thabhairt d’á chéile,--an grádh úd a thaisbeáin sé a
-bheith aige dhí féin ó’n gcéad lá do chonaic sí é, agus an socarughadh
-so a bhí déanta anois aige ar bheith ’n-a shagart. Gan amhras dob’
-fhíor nár labhair sé aon fhocal riamh léi ’ghá innsint di go raibh an
-grádh san aige dhi, ach níor dhein san blúire deifrígheachta sa sgéal.
-Rud ab eadh é nár ghádh labhairt ’n-a thaobh. Bhí stoirm ’n-a h-aigne,
-ach do choimeád sí istigh é. Bhí sí chómh séimh, chómh solusmhar, chómh
-gealgháiriteach agus ba ghnáth léi bheith. B’ í an gath gréine céadna í
-ag teacht i gcuideachtain. Do tugadh fé ndeara, ámhthach, gur bhánuigh
-a h-aghaidh. Ach is ’mó trúig a dh’fhéadfadh bheith leis sin, agus níor
-chuir aoinne aon tsuim ann nuair nár thaisbeáin sí aon easba sláinte.
-
-Nuair a bhí raint aimsire caithte ag Amhlaoibh ag déanamh na foghluma i
-gcóir na n-Órd do thug sé féin agus a chomrádaidhe cuaird soir go Ceann
-Cora. Bhí áthas mór ar gach aoinne agus gach aon tsaghas urama agus
-onóra acu á thabhairt d’ adhbhar an tsagairt, agus ba mhó an t-áthas a
-bhí ar an mBanríghin, ar Ghormfhlaith, ’ná ar aoinne. Thug sí féin agus
-é féin ana chuid de’n lá i bhfochair a chéile. Níor bh’ aon iongnadh é
-sin. Bhí a lán neithe aici le h-innsint dó i dtaobh a mhuintire féin,
-lastoir i gcríochaibh Lochlan, agus a lán cainte acu araon le déanamh
-’n-a dtaobh, nídh nár bh’ iongnadh.
-
-Thug an bheirt, Tadhg Óg agus Amhlaoibh, cuaird óthuaidh go h-Uíbh
-Máine. Bhí an fháilte ba ghnáth rómpa, agus bhí an fháilte fé leith
-roim adhbhar an tsagairt, agus an onóir fé leith ’á tabhairt dó,
-agus an uraim fé leith. Thug Niamh an onóir dó a thug gach aoinne
-eile dhó. Bhí a h-aigne smachtuighthe aici um an dtaca san, agus bhí
-socair aici, i láthair Dé, go raibh ceangailte uirthi féin gan teacht,
-ar aon tsaghas cuma, idir é agus an ghairm bheannuighthe a bhí, dar
-léi, ceapaithe ag Dia dhó. Ach bhí an t-aon mhearbhall amháin úd os
-cómhair a h-aigne. Cad chuige gur thaisbeáin sé an grádh úd di an
-chéad lá má bhí aon chuimhneamh aige ar bheith ’n-a shagart? Má bhí
-grádh aige dhi do réir mar a thaisbeáin sé a bheith, conus fhéad sé a
-aigne d’atharughadh? Níor réidhtigh an chuaird an mearbhall. An suim
-laethanta a bhí le caitheamh i n-Uíbh Máine do caitheadh iad, agus d’
-imthigh an bheirt abhaile go h-Inis Cathaigh, agus bhí an measgán
-mearaídhe ar a h-aigne ag Niamh nuair a bhíodar imthighthe, chómh mór
-díreach agus bhí sé ar a h-aigne aici sar a dtánadar ar an gcuaird sin.
-Níor dhein sí ach a toil do chur le toil Dé, agus bheith ’á iaraidh ar
-Dhia agus ar Mhuire Mháthair agus ar Sheanán í chur ar a leas.
-
-Nuair a tháinig an t-am chuige do cuireadh Amhlaoibh ins na mion
-Órdaibh. Do deineadh deacon dé. Ansan, an deacon go raibh cúram an
-érdaim[A] air go dtí san, do críochnuigheadh ’n-a shagart é, agus do
-cuireadh go dtí an Róimh é ar ghnó éigin, agus do cuireadh cúram an
-érdaim i n-Inis Cathaigh ar Amhlaoibh. Bhí sé ag déanamh an ghnótha san
-go maith agus go cruinn agus go slachtmhar, agus bhí na sagairt go léir
-ana shásta leis. Bhí gach nídh i n’áit féin aige agus an glanachar ins
-gach aon bhall aige.
-
-[A] Ní’l aon fhocal nua-Ghaedhilge againn ar “érdam” ach “sacristí.”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL VII.
-
-AN LEGÁID.
-
-
-Do ghluais suim aimsire. Tháinig easbog ó’n Róimh go h-Éirinn. Go
-h-Inis Cathaigh a thug sé aghaidh ar dtúis. Do cuireadh sgéala soir go
-Ceann Cora ’ghá innsint do’n rígh, do Bhrian, go raibh sé tagaithe ann.
-Bhí cómhairle agus teachtaireacht ó’n bPápa aige do Bhrian i dtaobh a
-lán neithe a bhí ag baint leis an Eaglais agus le gnó na h-Eagailse i
-n-Éirinn an uair sin. Bhí gach aon rud a bhain le gnóthaíbh Creidimh
-briste, stolta, stracaithe as a chéile, ag na Lochlanaigh leis an
-ndroch obair a bhí acu ’á dhéanamh i n-Éirinn ar feadh breis agus cúpla
-céad blian roimis sin. Bhí Brian ag déanamh a dhíchil chun na díobhála
-do leigheas. Níor bh’fhéidir dó an leigheas a dhéanamh sa cheart agus
-é dhéanamh do réir dlíghe na h-Eagailse ar gach aon tsaghas cuma, mar
-ba chóir, gan cómhairle agus teagasg agus stiúrughadh a bheith aige ó
-cheann an Teampuil, ó Fhear Inid Íosa Críost.
-
-Chómh luath agus d’ airigh Brian an t-Easbog a bheith tagaithe ó’n
-Róimh go h-Inis Cathaigh tháinig sé féin agus uaisle a theighlaigh
-anoir ó Cheann Cora chun na mainistreach chun teachtaire an Phápa do
-ghlacadh mar ba chóir. Tháinig Brian um thráthnóna. Fuair sé féin
-agus na h-uaisle a tháinig i n-aonfheacht leis beannacht an Phápa ó’n
-Easbog. Ansan thug sé féin agus an t-Easbog mórán aimsire i bhfochair
-a chéile, agus thug Brian cúntas cruinn do’n Easbog, le breith thar
-n-ais chun na Rómha ag triall ar an bPápa, ar an gcuma ’n-a raibh an
-Creideamh i n-Éirinn an uair sin, ar an léirsgrios a bhí déanta ag na
-Lochlanaigh ar eaglaisíbh agus ar mhainistríbh agus ar sgoileanaibh,
-agus do léirigh sé dhó an obair mhór nár bh’ fholáir a dhéanamh chun
-na díobhála do leigheas, agus conus mar ná raibh aon bhreith ar an
-ndíobháil do leigheas go h-iomlán, mar nár bh’fhéidir na mairbh a
-thabhairt tar n-ais as an gcré. D’inis an t-Easbog do’n rígh, do
-Bhrian, cad é an grádh a bhí ag an bPápa dhó, agus méid na h-urama a
-bhí ag an uile dhuine íseal agus uasal dó ar fuid na h-Euróipe go léir;
-ná raibh i mbéalaibh ríghthe agus daoine ar fuid na Críostaidheachta
-ach na gníomhartha iongantacha a bhí ag Brian ’á dhéanamh i n-Éirinn
-i gcoinnibh na Lochlanach, i gcoinnibh na sluagh págánach a bhí tar
-éis gabháil de chosaibh um an dtaca san i Sasana agus i n-Albain, agus
-a bhí ag súil le brúth ódheas ar mhághaibh míne na Fraince agus na
-h-Iodáile, fé mar a dhein a sínsear na céadta blian roimis sin.
-
-“Tuigean an Pápa, a rígh,” arsa’n t-Easbog, “agus tuigid na daoine go
-léir, mura mbéadh an cosg atá agat-sa agus agat’ shlóightibh Gaedhal ’á
-chur le cómhacht na nDanar anso i n-Éirinn go mbeidís chúghainn ódheas
-fadó ag marbhughadh agus ag losgadh agus ag creachadh. Níor mhaith
-leó aghaidh a thabhairt ódheas go dtí go mbéadh greim i gceart acu ar
-Éirinn, agus a gcómhacht suidhte daingean acu sa n-oileán. Dá mbéadh
-Sasana agus Alba agus Éire acu fé n-a lán-smacht do bhéadh caoi acu
-go h-áluinn ar a gcómhacht do leathadh ódheas ar an Euróip, i ndiaigh
-ar ndiaigh, agus bhéadh na h-oileáin seo acu mar chúl dín agus mar
-bhunáit chun ollmhúcháin. Mura mbéadh tusa, a rígh, do bhéadh an greim
-a bhí uatha acu ar oileán na h-Éirean um an dtaca so, fé mar atá acu ar
-Shasana. Ní h-eadh ach abhfad roimis an taca so. Ansan iseadh bhéadh an
-sgéal go h-olc ag an gCreideamh agus ag gach nídh i bhfuirm léighinn
-agus eóluis agus nósmhaireachta ar fuid na Críostaidheachta. Tá an
-saoghal go léir buidheach díot, a rígh, agus tá gach aoinne ag guidhe
-go cruaidh chun Dé ar do shon, ’ghá iaraidh ar Dhia neart cuirp agus
-neart aigne do bhronnadh ort agus faid saoghail a thabhairt duit, chun
-na h-oibre atá agat ’á dhéanamh do chríochnú’ go beacht.”
-
-“Cuirean sé áthas mór orm, a Thighearna Easboig,” arsa Brian, “a
-fhios a bheith agam go dtuigean an Pápa chómh maith san an obair seo
-atá againn ’á dhéanamh anso i n-Éirinn. Is truagh chráidhte ná tuigid
-ár ndaoine féin, leath chómh maith, brígh agus bunús an sgéil. Dá
-gcuirimís go léir le chéile d’ fhéadfaimís a bhfuil de Dhanaraibh i
-n-Éirinn do mharbhughadh nó do dhíbhirt i n-aon cheithre h-uaire fichid
-amháin. Ní’l aon nídh is deacra chur isteach i n-aigne na nGaedhal,
-cuid acu pé ’r domhan é, ’ná aon bhaoghal a bheith go bhféadfaidh
-Lochlanaigh choídhche greim daingean a dh’fhághail ar an oileán so na
-h-Éirean. Ní’l rígh cúige againn ná measan go bhféadfadh sé féin a
-bhfuil de Dhanaraibh i n-Éirinn do mharbhú’ nó do dhíbirt amáireach dá
-mba mhaith leis é, gan cabhair ná congnamh ó aon rígh cúige eile. Siné
-atá ag briseadh mo chroídhe ionam, a Thighearna Easboig. Ní fhéadaim
-choídhche a chur fhiachaibh ar aon rígh cúige cabhrughadh liom i
-gcoinnibh na Lochlanach gan gabháil go maith ar an rígh cúige sin féin
-ar dtúis. B’ éigean dom gabháil ar Mhaolmuaidh, ar rígh Ua Neathach.
-Ansan b’éigean dom gabháil ar Dhómhnall, rígh na nDéise. Ansan b’éigean
-dom éirleach uathbhásach a dhéanamh ar Lochlanachaibh Átha Cliath agus
-ar Ghaedhlaibh Laighean, agus ar chuid de Ghaedhlaibh Mumhan leó, i
-nGleann Mháma. Tá Leath Mhogha fé m’ láimh anois agam, idir Ghaedhlaibh
-agus Lochlanaigh. Tá an méid sin de thír na h-Éirean sámh, síthchánta,
-socair. An Eaglais ar a suaimhneas. Na sgoileana ar siúbhal. An talamh
-d’á shaothrughadh. Lucht ceárd agus ealadhan ag obair gan eagla. Lucht
-foghla iompuighthe ar mhacántacht mar go dtuigid siad ’n-a n-aigne gur
-b’ í an mhacántacht is fearr agus is torthamhla agus is rathmhaire.
-Ach feuch, a Thighearna Easboig. Ní’l ann go léir ach mar a bhéadh lá
-breagh samhraidh ansan a bhéadh go h-áluinn agus go grianmhar agus go
-brothalach agus ná feadair aoinne cad é an neómat a dh’iompóch’ sé
-chun splancracha agus chun tóirthnighe agus chun éirligh. Ní thuigid
-na daoine an sgéal. Tuigim-se é. Is cuma leó, na daoine bochta, ach
-an tsíthcháin agus an suaimhneas do shealbhughadh go sámh an fhaid a
-fágfar acu an tsíthcháin agus an suaimhneas.”
-
-“Nách mór an truagh, a rígh,” arsa’n t-Easbog, “gan rud éigin
-a dhéanamh do thabharfadh síthcháin sheasamhach dos na daoine?
-Dá dtuigeadh daoine i gceart tairbhthe na síthchána ba chóir go
-ndéarfaidís leó féin go gcuirfidís i n-áirighthe dhóibh féin í ar ais
-nó ar éigin. Tá síthcháin curtha i bhfeidhm agat-sa anois, a rígh,
-sa taobh so theas d’ oileán na h-Éirean. Nár chóir go ndéanfadh an
-t-Árdrígh an tsíthcháin chéadna do chur i bhfeidhm sa taobh thuaidh
-de’n oileán?”
-
-“Ba chóir, a Thighearna Easboig,” arsa Brian. “Fear maith iseadh
-M’lsheachlainn. Fear tréan cuthaigh iseadh é. Ach ní dóich liom go
-bhfuil aon ghrádh ró mhór aige dhómh-sa. Is maith leis congnamh a
-dh’fhághail ó Dhál gCais nuair a bhíd na Lochlanaigh ag brúth ró dhian
-air, ach tá fhios agam go maith gur bh’ fhearr leis go mór iad do chur
-fé chois le neart a láimhe féin, dá bhféadadh sé é, ná aon chongnamh
-fhághail uaim-se.”
-
-“Ba dhóich liom, dá dtuigeadh sé a dhualgas Árdrígh i gceart gur b’
-amhlaidh a dh’ iarfadh sé an congnamh ort agus go dtabharfadh sé le
-tuisgint duit gur bh’é a cheart an congnamh a dh’fhághail. Ba dhóich
-liom gur b’é ceart an Árdrígh a bheith ar a chumas glaodhach chuige
-ar a bhfuil de neart sa n-oileán go léir, agus an neart go léir do
-ghleusadh agus do stiúrughadh i n-aghaidh namhad iasachta,” arsa’n
-t-Easbog.
-
-“Siné a déarfadh fir Éirean, a Thighearna Easboig. Siné a déarfadh
-aoinne a dhéanfadh machtnamh ar an sgéal. Is eagal liom ná tuigean
-an t-Árdrígh an nídh sin i gceart. Siné fé ndeara dhom an tsíthcháin
-seo atá anois againn i Leath Mhogha do chur i gcomparáid le lá breagh
-gréine ná feadair aoinne cathin a dh’iompóch’ sé chun tóirthnighe agus
-chun éirligh. Dá dtagadh aon neart mór des na Lochlanaigh seo isteach
-chúghainn agus go mbéadh M’lsheachlainn a d’iaraidh iad do chlaoidh
-le neart a theighlaigh féin i n-inead neart na h-Éirean go léir do
-chruinniughadh agus do ghleusadh ’n-a gcoinnibh, do bhuadhfaidís ar
-Mh’lsheachlainn. Ansan do bhuadhfaidís ar Éirinn go léir i ndiaigh
-chéile, mar ní bhéadh aoinne chun nirt na h-Éirean do chruinniughadh
-agus do ghleusadh agus do stiúrughadh ’n-a gcoinnibh.”
-
-“Ba dhóich liom, a rígh,” arsa’n t-Easbog, “gur b’ shin rud agus gur
-cheart d’fhearaibh Éirean feuchaint chuige i n-am. Ba cheart a chur ar
-a shúilibh do’n Árdrígh gur b’é a leas, agus leas na tíre go léir, gan
-bheith ag feitheamh le namhaid iasachta do theacht chuige thar faraige
-sar a ndéanfadh sé é féin d’ ollamhughadh dhóibh. An t-Árdrígh ná
-h-ollmhóchaidh é féin roim ré, ach a bheidh ag feitheamh go dtagaidh an
-namhaidh, tiocfaidh an namhaid air agus ní bheidh sé ollamh.”
-
-“Is fíor san, a Thighearna Easboig,” arsa Brian. “Ba cheart d’ Árdrígh
-Éirean neart na h-Éirean a bheith gleusta i gcómhnuighe aige, i
-n-aghaidh namhad na h-Éirean, fé mar a bhí an Fhian ag Fionn, nó fé mar
-a bhí curaí na Craoibhruaidhe ag Conchubhar. Dá mbéadh san amhlaidh d’
-fhanfadh Lochlanaigh amach anois fé mar a dh’fhan slóighte na Rómha
-amach an uair sin.”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL VIII.
-
-AN BOSCA.
-
-
-Chomáineadar leó ar an gcuma san ag caint agus ag cur thré chéile go
-dtí go dtáinig aimsir codlata. Nuair a bhíodar go léir imthighthe a
-chodla chuir an t-Abb fios ar Amhlaoibh. Tháinig Amhlaoibh.
-
-“Seo, a mhic,” arsa’n t-Abb, “eochair an chórtha iarainn atá sa n-érdam
-duit, agus tabhair chugam anso an bosca iarainn atá istigh sa chórtha.
-Istigh sa bhosca iarainn sin iseadh ’tá an chailís óir úd a thug Brian
-dúinn. Déarfaidh an t-Easbog so a tháinig ó’n Róimh Aifrean Árd anso
-amáireach dúinn i láthair an rígh, agus ní mór an chailís óir sin a
-thabhairt dó chun an Aifrinn sin do rádh.”
-
-D’imthigh Amhlaoibh agus do rug sé an eochair leis. Níor bh’fhada gur
-tháinig sé agus an bosca iarainn aige.
-
-“Cuir ansan ar an gclár é, a mhic,” arsa’n t-Abb.
-
-Do chuir. Do thug an t-Abb leis eochair eile. D’osgail sé an bosca.
-D’fheuch sé isteach ann. Chuir sé a lámh isteach ann. Do lúb a chosa
-féi, agus bhí sé i riocht tuitim ach gur rug Amhlaoibh air.
-
-“Cad a tháinig ort, a Athair?” arsa Amhlaoibh.
-
-Níor labhair sé. Shín sé a mhéar chun an bhosca. D’fheuch Amhlaoibh
-isteach sa bhosca. Bhí an bosca folamh!
-
-Do stad an bheirt ar feadh tamail mhaith agus iad ag feuchaint ar
-an mbosca. D’fheuch an t-Abb isteach ann cúpla uair. Ba dhóich le
-duine air gur bh’ amhlaidh nár fhéad sé radharc a shúl féin do
-chreideamhaint. Ansan do dhún sé an bosca airís agus chuir sé an
-eochair ’n-a phóca.
-
-“Beir leat é, a Amhlaoibh,” ar seisean, “agus cuir isteach airís é
-sa chórtha iarainn, díreach sa n-áit ’na bhfuarais é, agus cuir an
-glas ar an gcórtha agus tabhair chúgham an eochair. Agus feuch. Ná
-labhair amach as do bhéal le h-aoinne beó ar an sgéal. Tá an chailís
-imthighthe. Níor bh’ fhéidir í ghuid as an mbosca san gan an dá eochair
-a dh’fhághail, eochair an chórtha agus eochair an bhosca san. Ó’n lá
-chuireas an chailís isteach sa bhosca san, agus an bosca isteach sa
-chórtha, tá an dá eochair agam féin. Níor sgaras le h-aon eochair acu
-go dtí gur thugas duit-se eochair an chórtha ó chiainibh, agus an uair
-úd a fuaramair an ímhágh ó Ghormfhlaith. Níor sgaras i n-aon chor le
-h-eochair an bhosca. Ní féidir liom an sgéal a thuisgint. Ná labhair
-le h-aoinne ’n-a thaobh. Cuir amach an chailís óir eile atá againn, i
-gcóir an Aifrinn amáireach.”
-
-D’imthigh Amhlaoibh agus dhein sé mar a dúbhradh leis. Chuir sé an
-bosca folamh, agus an glas air, isteach sa chórtha láidir iarainn mar a
-raibh sé cheana, agus thug sé eochair an chórtha thar n-ais ag triall
-ar an Abb.
-
-Ar maidin amáireach a bhí chúghainn do cuireadh gach aon rud i dtreó i
-gcóir an Aifrinn Aoird. Do ghluais an tuairisg, um thráthnóna an lae
-roimis sin, go raibh Legáid an Phápa tagaithe go h-Inis Cathaigh agus
-go raibh Brian agus a theighlach tagaithe ann ag cur fáilte roimis an
-Legáid, agus go raibh an t-Aifrean Árd le rádh, agus beannacht an Phápa
-le tabhairt do’n rígh agus dos na manaigh agus do’n phobul. Abhfad sar
-a dtáinig am an Aifrinn bhí na daoine cruinnighthe isteach ar an oileán
-ó’n dtír mór-thímpal i dtreó gur dhóich leat go raibh an t-oileán
-clúdaighthe acu.
-
-Dúbhradh an t-Aifrean. Do tugadh beannacht an Phápa do’n phobul
-agus do’n rígh, agus do thug Colla seanamóin áluinn uaidh. Fear ana
-léigheanta, ana dheagh-labhartha, ab eadh é. Bhí ruith cainte aige
-agus uchtach láidir, ceólmhar, binn, agus dá mbéadh sé ag caint go
-h-oídhche ba bhreágh leis an bpobul bheith ag éisteacht leis. D’inis
-sé dhóibh conus mar a tháinig an t-Easbog san ó’n Róimh, ó’n bPápa,
-agus conus mar a chuir an Pápa a bheannacht ó chroídhe ar Bhrian agus
-ar a shlóightibh agus ar Chlannaibh Gaedhal go léir mar gheall ar na
-gníomhartha móra a bhí acu ’á dhéanamh i n-aghaidh namhad an Chreidimh.
-D’inis sé conus mar a bhí aithne an uair sin ar Bhrian, ní h-amháin ar
-fuid na h-Éirean go léir ach ar fuid na h-Euróipe go léir, mar go raibh
-gníomhartha Bhriain i gcoinnibh na Lochlanach ag sábháil na h-Euróipe
-ó léirsgrios de shaghas an léirsgriosa úd a tháinig uirthi nuair a
-tháinig na geinte fiaine adtuaidh agus ghabhdar de chosaibh i gcómhacht
-agus i ngradam agus i nósmhaireacht ímpireachta na Rómhánach. Dúbhairt
-sé, mura mbéadh Brian go mbéadh Éire ag na Lochlanaigh um an dtaca san
-mar áit bhunaigh chun a neart do chruinniughadh agus do ghleusadh, i
-dtreó go bhféadfaidís a gcómhacht do leathadh ódheas ar chríochaibh na
-h-Euróipe ar fad, agus ná raibh theas ná thuaidh sa n-Euróip an uair
-sin aon tsaghas cómhachta a dh’ fhéadfadh cosg do chur leó, murar bh’
-ionan a’s sé chéad blian roimis sin nuair a bhí cómhacht na Rómhánach
-ann chun seasaimh éigin a dhéanamh i n-aghaidh na ngeinte fiaine.
-Dúbhairt sé gur thuig muintir na h-Euróipe go léir an nídh sin, agus
-go rabhdar ag faire ar Bhrian agus ar an obair a bhí aige ’á dhéanamh,
-agus gur mhór acu Brian agus gur mhór acu an obair.
-
-Nuair a bhí a chaint ráidhte ag an Abb agus gach gnó creidimh déanta
-do rugadh an Legáid mhór-thímpal an oileáin agus do taisbeánadh dó
-gach aon rud ab fhiú a dh’fheisgint ann, go mór gach nídh go raibh
-aon bhaint ag ainim ná ag beatha Sheanáin naomhtha leis. Ansan do
-taisbeánadh dó gach lot agus gach raobadh-roilge d’ár dhein na
-Lochlanaigh an fhaid a bhíodar ann, agus gach nídh d’á raibh déanta ag
-Brian agus ag muintir na tíre agus ag an Abb agus ag na manaigh chun
-gach díobhála do leigheas.
-
-An fhaid a bhítheas ag gabháil tímpal ar an gcuma san, ag taisbeáint
-agus ag feisgint, bhí rud agus na manaigh ’á dhéanamh sa tseómra mhór,
-seómra an bhídh. Bhí dínnér acu d’á ollamhughadh, dínnér do’n Legáid
-agus do’n rígh, agus dos na maithibh móra tuatha agus eagailse a bhí
-i n-aonfheacht leó. Ar ball, nuair a bhí an dínnér ollamh, chuaidh
-Amhlaoibh amach agus do thug sé cogar do’n Abb. Do labhair an t-Abb
-leis an rígh agus leis an Legáid, agus táinig an chuideachta go léir
-isteach sa tseómra mhór. Bhí an seómra gleusta riartha go h-áluinn,
-fé bhórdaibh fada, agus bia agus deoch go flúirseach ar na bórdaibh
-sin. Do shuigh Brian sa chathaoir ríoga. Do shuigh an Legáid ar dheis
-an rígh. Do shuigh Murchadh, an ríghdhamhna, ar ghualainn chlé an
-rígh. Do shuigh an chuid eile des na h-uaislibh, do réir a ndán agus
-a n-uaisleachta, do réir na nós agus na riaghal a bhí i bhfeidhm i
-n-Éirinn riamh roimis sin. Bhí fhiós ag gach duine de’n chuideachtain
-cá raibh a inead féin cun suidhte, agus chuaidh sé agus shuigh sé sa
-n-inead san.
-
-Bhí an tráthnóna go suairc acu go léir. Bhí a lán ndóthin bídh agus
-díghe acu. Nuair airigh muintir na tíre mór-thímpal, ar gach taobh de’n
-abhainn, an Legáid agus an rígh agus na maithe móra go léir a bheith
-ag teacht chun na mainistreach, thusnuigh na báid ar theacht chun an
-oileáin agus fághaltas feóla, agus aráin, agus ime, agus uachtair, agus
-b’ fhéidir fághaltas fíona, ar gach bád acu. Ní raibh aon amhgar sa
-tseómra mhór. Níor ghádh do Cholla aon eagla bheith air go raghadh d’á
-chuid lóin bídh ná díghe, pé tarang a déanfaí ortha.
-
-Bhí an chuideachta go soilbhir agus go séimh. Dheineadar a lán cainte
-agus a lán suilt i gcaitheamh an tráthnóna i dteannta a ndóthin a
-dh’ ithe agus a dh’ ól. Do tráchtadh airís, fé mar a tráchtthí i
-gcómhnuighe an uair sin ins gach cruinniughadh de’n tsórd, ar na
-cathanaibh móra a bhí buaidhte ag Brian agus ag Dál gCais i gcoinnibh
-na Lochlanach. Aoinne go raibh aon rud le rádh aige i dtaobh na
-gcathana san ba mhaith leis labhairt an uair sin ó bhí Legáid an Phápa
-ag éisteacht leis. Do h-innseadh do’n Legáid conus mar a cuireadh
-teitheadh ar na Lochlanaigh ar an Móin Móir. Conus mar a chuir Mathúin,
-dritháir Bhriain, an ruag ortha ag Loch Gair. Conus mar a chuir an
-bheirt drithár, Mathúin agus Brian, ár agus dearg-ruathar ortha sa
-chath a buaileadh ag Sulchoid, mar ar marbhuigheadh trí mhíle acu,
-agus conus mar a leanadh isteach go cathair Luimníghe an méid acu
-nár thuit sa chath, agus conus mar a tógadh an chathair agus mar a
-sgartáladh agus do loisgeadh í. Do h-innseadh dó conus mar a tháinig
-Maghnus mac Arailt agus slóighte móra Lochlanach aige, agus conus mar
-a dhein sé mainistir Ínse Cathaigh do robáil agus do losgadh. Ansan do
-h-innseadh dó conus mar a bhí daingean láidir déanta dhóibh féin ag na
-Lochlanaigh sa mhainistir sin ’n-a raibh an chuideachta ’n-a suidhe
-an uair sin, agus conus mar a tháinig Brian agus Dál gCais agus conus
-mar a bhriseadar an daingean agus chuireadar na Lochlanaigh chun báis,
-agus conus mar a thuit an Maghnus mac Arailt úd sa chath. Ansan do
-tugadh cúntas dó ar chath Bhealaigh Leachta; agus ar an gcath ag Fán
-Conradh; agus ar an gcath mór fíochmhar fuilteach a troideadh i nGleann
-Mháma, mar ar thuit chúig mhíle fear des na fearaibh ba thréine ar
-shlóightibh Lochlan; agus gur bh’é an cath san Ghleanna Mháma do mhill
-ar fad cómhacht Lochlanach i n-Éirinn agus do chuir Leath Mhogha, gan
-chosnamh, fé láimh Bhriain.
-
-Do tugadh an uile shaghas cúntais ar na gníomharthaibh móra san do’n
-Legáid, agus bhí a lán daoine ag caint ag tabhairt na gcúntaisí dhó. An
-rud nár chuimhin le duine ba chuimhin le duine eile é, agus an rud a
-theidheadh amú’ ar dhuine thugadh duine eile sa cheart leis é.
-
-Do tugadh an méid seo fé ndeara, ámhthach. Na fir ba thréine gníomh
-i ngach cath des na cathanaibh úd, níor bh’ iad ab aoirde glór sa
-n-innsint. Is ar éigin a labhair Brian ná Murchadh aon fhocal sa
-n-innsint. Do thuig an Legáid an nídh sin. Fear géarchúiseach ab eadh é.
-
-Bhí na manaigh ag frithálamh ar na h-uaislibh, agus bhí an deacon,
-Amhlaoibh, an Lochlanach óg, ins gach aon chúinne ag freagairt do
-na manachaibh fé mar a ghlaoidís, agus ag déanamh gach aon tsaghas
-frithálmha fé mar a h-órduightí dhó. Bhí sé ag éisteacht leis an
-gcaint go léir i dtaobh na gcathana móra, agus ní fhéadfadh aoinne
-a dh’innsint ó n-a chúntanós ciacu thuig sé an chaint nó nár thuig,
-nó cé’cu ba Lochlanach é nó nár bh’eadh. Dhein sé an gnó a bhí idir
-lámhaibh aige agus dhein sé go maith é, agus bhí a aigne chómh daingean
-ar an ngnó san go ndéarfadh duine ná raibh blúire suime aige sa chaint
-a bhí ar siúbhal. Bhí Tadhg Óg ua Cealla ag déanamh an fhrithálmha,
-leis, agus bhí sé ag éisteacht leis an gcaint a bhí ar siúbhal. Nuair
-airigheadh sé an chaint b’fhearr leis go mór gan Amhlaoibh a bheith ag
-éisteacht léi. Ach nuair fheuchadh sé ar Amhlaoibh agus nuair a chíodh
-sé an neamhshuim, dar leis, bhíodh a aigne sásta. Thuigeadh sé ná bíodh
-aon chorbhuais ag an gcaint ’á chur ar Amhlaoibh. Ansan airís, ní ró
-mhaith a thaithneadh an neamhshuim sin leis. Thuigeadh sé i n’ aigne dá
-mba Lochlanach é féin agus go mbéadh caint de’n tsórd san ar siúbhal
-’n-a láthair ná féadfadh sé fulang léi pé dícheal a dhéanfadh sé air.
-Do thaithn leis nár ghoill an chaint ar Amhlaoibh, ach ’n-a thaobh
-san ba mhó an meas a bhéadh aige ar a charaid, ba dhóich leis, dá
-ngoilleadh an chaint air agus dá gcuireadh sí fearg air. Níor ghoill,
-agus níor chuir.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL IX.
-
-“IS ÉAGSAMHLACH NA DAOINE IAD!”
-
-
-Ach do críochnuigheadh an dínnér agus tháinig deire na cainte agus
-d’eirigh an chuideachta. D’iar Brian ar an Legáid teacht ag triall air
-féin go Ceann Cora ar chuaird chómh luath agus thiocfadh san isteach
-le n-a chaothamhlacht. Dúbhairt an Legáid go n-oirfeadh dó raint
-laethanta thabhairt sa mhainistir, i bhfochair Cholla, ag socarughadh
-agus ag léiriughadh a lán neithe a bhain le gnóthaíbh Eagailse agus
-le gnóthaíbh Creidimh, ní h-amháin sa mhainistir sin Ínse Cathaigh
-ach i mainistiribh agus i n-eaglaisibh na Múmhan go léir. Go mbéadh
-an chuid ba bhruideamhla de ghnó Ínse Cathaigh déanta aige lastigh de
-sheachtmhain. Ansan, dá mb’ é toil an rígh é, go dtabharfadh sé cuaird
-go Ceann Cora. Do socaruigheadh ar sheachtmhain ó’n lá san dó chun
-na cuairde sin do thabhairt. Ansan d’imthigh Brian agus a chualacht
-abhaile agus d’fhan an Legáid sa mhainistir, é féin agus an chualacht
-bheag a tháinig leis ó’n Róimh.
-
-Ar ball, nuair a bhí Colla agus an Legáid i bhfochair a chéile ’n-a
-n-aonar do ghlaoidh Colla ar Amhlaoibh.
-
-Tháinig Amhlaoibh.
-
-“Seo, a Amhlaoibh,” arsa Colla, ag síneadh na h-eochrach chuige,
-“imthigh agus tabhair chúghainn anso an bosca iarainn úd n-a raibh an
-chailís óir ann.”
-
-D’imthigh Amhlaoibh agus thug sé leis an bosca, agus chuir sé ar an
-mbórd é i bhfiadhnaise na beirte.
-
-“Imthigh-se a chodla anois, a mhic ó,” arsa Colla leis. “Ní foláir nó
-tá codla ort agus tuirse tar éis an lae.”
-
-Ansan d’osgail Colla an bosca iarainn agus thaisbeáin sé do’n Legáid é,
-agus d’inis sé dhó cúrsaí na cailíse.
-
-“Is cuimhin liom an chailís sin go h-áluinn,” arsa’n Legáid. “Bhí sí
-am’ láimh agam go minic. Cailís ana dhaor ab eadh í. Anoir ó Chathair
-Chonstantín a cuireadh ar dtúis í ó’n Ímpire, mar bhronntanas chun an
-Phápa. Mise adúbhairt gur cheart í chur anso go h-Éirinn ag triall ar
-Bhrian. Is mór an truagh í bheith imthighthe.”
-
-Ansan do cheistigh sé Colla go dlúth i dtaobh na n-eochrach, agus conus
-a bhí coimeád ortha, agus cé r’ bh’é an gabha a dhein iad, agus cé
-r’ bh’é an gabha a dhein an bosca iarainn. D’ imthigh sé féin amach
-chun an érdaim go bhfeicfeadh sé an córtha daingean n-a raibh an
-bosca iarainn fé ghlas istigh ann. Nuair a bhí gach aon rud feicithe,
-trialta, iniúchta go maith aige tháinig sé thar n-ais agus do shuigh
-sé agus dhein sé a mhachtnamh. Nuair a bhí a mhachtnamh déanta aige do
-labhair sé.
-
-“Inis dom, a Cholla,” ar seisean, “cá raibh an chailís sar ar tugadh
-do’n mhainistir seo í.”
-
-“Bhí sí thoir i gCeann Cora gan amhras,” arsa Colla.
-
-“Cé aige go raibh sí i gcoimeád i gCeann Cora?” arsa’n Legáid.
-
-“Is dócha go raibh sí i gcoimeád ag an mBanríghin, a Thighearna
-Easboig,” arsa Colla.
-
-Do stad an Legáid agus dhein sé machtnamh eile. Do labhair sé airís.
-
-“Cá bhfuil an gabha a dhein na h-eochracha so?” ar seisean.
-
-“Tá sé thuas i Luimneach, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Isé
-dhein an dá eochair sin dom, agus isé dhein an bosca iarainn dom.
-Ceárdaidhe ana shlachtmhar, ana eólguiseach, iseadh é. Tá inntleacht
-aige nách gnáth a bheith ag ceárdaidhthibh d’á shórd. Bíon sé ag obair
-do Bhrian ag déanamh arm dó, agus deirtear gur fearr leis na fir na
-h-airm a dheinean sé ’ná na h-airm a dheinean aon cheárdaidhe eile d’á
-bhfuil ag obair ag Brian. Cruadhan sé an faobhar ar chuma éigin nách
-eól d’ aoinne ach dó féin, agus gleusan sé na h-airm i dtreó gur fearr
-a féadtar iad do bheartughadh agus úsáid a dhéanamh díobh ’ná mar a
-féadtar an mheághchaint chéadna iarainn agus adhmaid do bheartughadh
-chun gnímh ins na h-airm a dheinean aon ghabha eile, agus gur fearr a
-choimeádaid siad an faobhar ’ná mar a choimeádaid aon airm eile é.”
-
-“Is dócha,” arsa’n Legáid, “ó tá an buadh san aige ar na gaibhníbh
-eile, gur fear saidhbhir é.”
-
-“Iseadh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Fear ana shaidhbhir
-iseadh é. Nuair a fuair Brian amach an t-eólus go léir a bheith aige
-ar dhéanamh na n-arm thug sé fearan tailimh saor dó lasmuich de’n
-chathair, ar bruach na Sionainne, ar choinghíoll ná déanfadh sé aon arm
-d’aon rígh eile ach do Bhrian féin.”
-
-“Cad é an ainim atá air, a Cholla?” arsa’n Legáid.
-
-“Níor airigheas riamh an ainim a tugadh air nuair a baisteadh é. Ní’l
-ag an bpoibilidheacht air ach leas-ainim. ‘Meargach na Lann,’ a tugtar
-air, mar gheall, is dócha, ar fheabhas na n-arm a dheinean sé. Tugtar
-‘Meargach Gabha’ air, leis, agus ‘Meargach Maol,’ agus ‘Meargach Dubh,’
-agus ‘Meargach,’ gan aon rud a chur leis.”
-
-Dheineadar raint eile cainte ar ghnó na mainistreach, agus ansan
-chuadar a chodla.
-
-D’imthigh an tseachtmhain. Do ghluais an Legáid agus a chualacht soir
-go Ceann Cora. Chuaidh Colla agus Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh
-soir i n-aonfheacht leó. Bhí cuideachta mhór cruinnighthe rómpa thoir.
-Bhí a lán de ríogra agus d’uaislibh Múmhan agus Laighean ann. Bhí
-Tadhg Mór ua Cealla ann agus cuid de ríogra Conacht le n-a chois. Bhí
-Niamh ann. An áit ’n-a mbíodh Tadhg Mór ua Cealla ba ghnáth go mbíodh
-a inghean ann. Bhí tréithe móra maithe sa ríogan óg san agus ba mhór
-é uraim na ndaoine go léir di mar gheall ar na tréithibh sin. Bhí sé
-i mbeulaibh daoine gur bh’í an Bhanríghin, Gormfhlaith, an bhean dob’
-áilne ar bith an uair sin, ach fé mar a bhí Niamh ag eirighe suas bhí
-daoine ’ghá rádh go mbuadhfadh a h-áilneacht ar áilneacht Ghormfhlaith
-féin um an dtaca ’n-a mbéadh sí ag imtheacht as na déagaibh. Bhí sí i
-ngar do bheith ag imtheacht asta le linn na h-aimsire sin ’n-ar tháinig
-sí féin agus a h-athair go Ceann Cora, go ríghtheighlach Bhriain, chun
-Legáid an Phápa dh’fheisgint. I n-éaghmais a h-áilneachta bhí mórán de
-thréithibh maithe eile inti. Bhí an Creideamh ana láidir istigh ’n-a
-croídhe. Bhí grádh aici do’n Chreideamh agus do gach nídh a bhain leis
-an gCreideamh, agus do ghealadh a croídhe i gcómhnuighe dos na daoine a
-bhíodh dílis do’n Chreideamh, agus do thaisbeánadh sí é nuair ba cheart
-é thaisbeáint. Bhí na daoine bochta go léir buidheach di, agus do tugtí
-fé ndeara go mbíodh sí chómh fial sa déirc leis an Lochlanach a bhéadh
-’n-a ghátar agus bhíodh sí, nách mór, leis an Éireanach a bhéadh ’n-a
-ghátar. Bhí a ciall agus a tuisgint chómh géarchúiseach san gur bh’ ar
-éigin a bhíodh aon rud ar aigne a h-athar ná h-innseadh sé dhi agus ná
-cuireadh sé ’n-a cómhairle. Ach bhí aon tréith amháin inti do tharaing
-uraim na ndaoine chúichi thar gach treith eile d’á raibh inti. B’é
-tréith é sin ’ná an cion a bhí aici ar a h-athair. Dar léi, ní raibh
-fear eile beó i n-Éirinn a bhí chómh maith leis, ná chómh h-uasal leis,
-ná chómh ríoga leis, ná chómh fial leis, ná chómh mórchroídheach leis,
-ná chómh breagh d’fhear leis.
-
-Bhí féasta mór i gCeann Cora an lá san. Bhí cuideachta ríoga bailighthe
-ann, agus bhí dóthin na cuideachtan de rígh i mBrian. Do thuig gach
-aoinne go raibh, agus bhí daoine ann a déarfadh nách i gCeann Cora ba
-cheart an chuideachta san a bheith i bhfochair a chéile an uair sin
-ach thíos i dTeamhair, agus nách ar Leath Mhogha ba cheart Brian a
-bheith ’n-a rígh ach gur i n-a Árdrígh ar Éirinn ba cheart é bheith.
-Do h-airigheadh cogarnach de’n tsórd san ar siúbhal go minic i
-gcaitheamh an tráthnóna agus i gcaitheamh na h-oídhche. D’airigh Brian
-an chogarnach, ach níor leig sé air gur airigh. D’airigh Murchadh an
-chogarnach, agus dúbhairt sé leis an bhfear a labhair ciall a bheith
-aige. D’airigh Gormfhlaith an chogarnach. Do chruadhaidh a gnúis agus
-do las solus ’n-a súilibh, agus níor sholus fóghanta é.
-
-Bhí cogarnach eile, leis, ar siúbhal. Bhí Niamh agus a h-athair ’n-a
-suighe i n-aice chéile, agus is ar éigin fheádadh an chuideachta gan
-bheith ag feuchaint ortha. Is beag ná go mbuadhadh an iongnadh ar na
-béasaibh acu, agus ná go bhfeuchaidís níba mhó ’ná mar ba cheart i
-dtreó na beirte, bhí a leithéid sin de sholus áilneachta i n-aghaidh na
-h-inghíne. Ansan do fuaradar go léir amach, sa chogarnach dóibh, gur
-Mórling ab ainim di agus gur bh’ amhlaidh a tugadh Niamh Chinn Óir mar
-leas-ainim uirthi nuair a bhí sí ’n-a leanbh. Thuigeadar go léir ’n-a
-n-aigne nár bh’aon iongnadh i n-aon chor gur tugadh an leas-ainim sin
-uirthi, mar gur bh’í an “Niamh Chinn Óir” i gceart í.
-
-I n-éaghmais na cogarnaighe bhí gleó cainte sa chuideachtain a bhí árd
-go leór. Do cíoradh agus do slámadh agus do cuireadh tré chéile airís
-gach gníomh des na gníomharthaibh móra a deineadh ins na cathanaibh
-úd, ó chath Bhealaigh Leachta go cath Ghleanna Mháma. Na fir, sa
-chuideachtain, ná raibh i gcath acu bhíodar i gcath éigin eile acu,
-agus an t-é ná féadadh tuairisg a thabhairt ar chath acu thugadh sé
-tuairisg ar chath eile acu, agus uaireanta d’eirígheadh argóint theith
-idir bheirt a bhí sa n-aon chath amháin, duine acu ’ghá áiteamh gur
-’n-a leithéid seo chuma do buadhadh an cath, agus an duine eile ’ghá
-áiteamh nár bh’eadh ach i ’n-a leithéid siúd eile de chuma. Ansan b’
-fhéidir go labharfadh an trímhadh duine agus go ndéarfadh sé go raibh
-an éagcóir ag an mbeirt, agus go dtabharfadh sé a mhalairt ar fad de
-thuairisg ar an gcuma ’n-ar buadhadh an cath. Bhí oiread san neithe
-tuitithe amach sa Mhúmhain i gcaitheamh beagán blianta roimis sin
-nár bhaoghal do’n chuideachtain aon tocht a theacht ortha le h-easba
-adhbhar cainte. Níor tháinig aon tocht ortha. Bhí gleó agus argóint
-agus áiteamh agus aighneas acu go tiugh, agus má bhí ní baoghal ná
-go raibh sult agus greann agus gáirí go tiugh acu, leis, agus iad ag
-maoidheamh go h-árd agus go suairc agus go móraigeanta mar gheall ar an
-gcuma ’n-a raibh Clanna Gaedhal i n-uachtar agus Lochlanaigh ar lár.
-
-Fé mar a tháinig a ndóthin a bheith ithte agus ólta ag an gcuideachtain
-bhí an chaint agus an sult agus an gleó ag dul i n-aoirde. Fé dheire
-do bhuail Brian an cluigín. Do stad an gleó. Bhí gach aoinne ciúin. Do
-labhair Brian. D’iar sé ar an gcuideachtain sláinte an Phápa dh’ ól.
-Do mhol sé an Creideamh agus do mhol sé Ceann Sofheicse an Chreidimh,
-agus do gheall sé, uaidh féin, agus thar cheann a raibh láithreach d’
-uaislibh Gaedhal, agus tar cheann a raibh beó de shíolrach Gaedhal, go
-mbéadh sliocht Gaedhal dílis do’n Chreideamh, le congnamh Dé, an fhaid
-a bhéadh grian ar spéir agus daoine ar talamh.
-
-Do h-óladh sláinte an Phápa agus do guidheadh faid saoghail chuige.
-Ansan do labhair an Legáid. Dúbhairt sé airís os cómhair na cuideachtan
-san an chaint adúbhairt sé thíos i n-Inis Cathaigh. D’inis sé conus
-mar a bhí an Euróip go léir ag faire an uair sin ar Bhrian agus ar
-Ghaedhlaibh agus ar an ngleic uathbhásach a bhí acu ’á dhéanamh le
-cómhachtaibh Lochlan; gur bh’ í an ghleic uathbhásach san a bhí
-ag sábháil na h-Euróipe agus ag sábháil na h-Eagailse ar fuid na
-h-Euróipe, ó’n leirsgrios a dhéanfadh na Lochlanaigh ortha mura mbéadh
-an cosg a bhí d’á chur le n-a réim agus le n-a neart anso i n-Éirinn.
-Dúbhairt sé go mbéadh an Pápa agus cléir na Rómha agus an Eaglais ar
-fuid na h-Euróipe ag guidhe chun Dé do ghnáth ’ghá iaraidh ar Dhia na
-Glóire cabhrughadh go láidir leis na Gaedhlaibh agus le Brian sa ghleic
-sin, agus an buadh a bhí acu d’á thuilleamh chómh maith do thabhairt
-dóibh sa deire go h-iomlán.
-
-Do thug an chuideachta trí gártha molta do’n Phápa. Ansan do thugadar
-trí gártha molta do Bhrian. Ansan d’iaradar d’ aon guth ar an Legáid an
-bheannacht a thabhairt airís dóibh. Bhí iongnadh air nuair a h-iaradh
-san air, ach nuair a chonaic sé Brian agus Murchadh agus an chuideachta
-go léir ar a nglúinibh thug sé dhóibh an bheannacht. Dúbhairt sé i n’
-aigne féin ámhthach: “Is éagsamhlach na daoine iad! Gleó agus aighneas
-agus glór árd agus éirleach cainte--agus ansan--beannacht an Phápa! Is
-éagsamhlach na daoine iad!”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL X.
-
-DÚLAINN ÓG.
-
-
-Tháinig an t-am chun dul isteach i halla an rince. D’iar Brian ar an
-Legáid athlughadh. Do dhein. D’ fhreagair an chuideachta go léir.
-Ansan d’eirigh an rígh agus an chuideachta agus chuadar go dtí an
-halla mór, halla an rince. Tháinig an t-aos ceóil. Do spreagadh suas
-an ceól. Do leath an chuideachta iad féin mór-thímpal an halla. Ba
-ghearr go raibh na daoine óga ag rince agus na seandaoine ag caint
-’n-a mbuidhnibh beaga anso agus ansúd. Bhí Brian agus an Legáid i
-n-aice ’chéile agus iad ag caint ar a lán neithe a bhain le gnóthaíbh
-rígheachta na h-Éirean agus le gnóthaíbh Creidimh i n-Éirinn. Bhí
-Gormfhlaith agus Colla agus Tadhg Mór ua Cealla i n-aice ’chéile agus
-iad ag trácht ar a lán neithe nár chuir aoinne acu puínn suime ionta.
-Tháinig Dúlainn Óg ag triall ortha agus níor bh’ fhada go raibh caint a
-ndóthin ag an gceathrar san, Dúlainn ag áireamh na ngníomhartha a dhein
-Brian agus na ngníomhartha a dhein Murchadh ar na Lochlanaigh i gcath
-Gleanna Mháma, agus Colla ag ceistiúchán air. Bhíodh Dúlainn i n-aice
-Mhurchadh i gcómhnuighe ins na cathanaibh, agus nuair bhíodh an namhaid
-’n-a dtímpal thugaidís a dhá ndrom le n-a chéile agus chosnaidís iad
-féin go dtí go dtagadh congnamh chúcha. Ní h-ar a ghníomharthaibh
-féin, ámhthach, a dheineadh Dúlainn puinn cainte. Ar ghníomharthaibh
-Mhurchadh ba mhaith leis bheith ag caint.
-
-“Lá uathbhásach ab eadh an lá san Ghleanna Mháma,” ar seisean. “Na fir
-ba thréine a bhí ar chlannaibh Lochlan bhíodar sa chath san. Bhíodar
-lán deimhnightheach go mbuadhfaidís. Bhíodar socair air. Bhíodar
-ceapaithe air. Bhí a n-aigne socair go daingean acu ar bhuachtaint nó
-ar thuitim. Ní fheaca riamh a leithéid de neamhshuim i mbás agus chonac
-i n-ár namhaid an lá san. Chómh tiugh agus thuiteadh an fear bhíodh
-fear i n’ inead. Tá an méid seo agam-sa le rádh, agus deirim é mar do
-chonaic mo dhá shúil é. Mura mbéadh Murchadh bhí Gleann Mháma ag na
-Lochlanaigh.”
-
-“Is mór an focal é sin, a Dhúlainn,” arsa Gormfhlaith.
-
-“Is mór an focal é, a rígan, agus is fíor é. D’admhuigh na Lochlanaigh
-féin é, an méid a bhí beó dhíobh tar éis an chatha. Bhí an cath ar
-siúbhal ar feadh cúpla uair a’ chloig nó mar sin. Bhíomair ag brúth
-ortha agus bhíodar-san ag brúth orainn, agus bhí sé ag teip ar aon
-taobh an taobh eile do chur oiread agus órlach i ndiaigh a gcúil. Bhí
-na fir ag tuitim ar gach taobh. Ní buailtí buille ná tuiteadh fear
-leis, ba dhóich leat. Do shocaruigh Brian agus Murchadh agus tuille
-againn ar bhriseadh isteach tré n-a lár. Do dhúnamair chun a chéile
-agus bhrúghmair isteach. Do leagamair raint acu agus bhriseamair bearna
-ionta, agus bhíomair ag brúth amach tríd an mbeárnain. Le n-a linn
-sin cad a chífinn tamal beag uaim ar ár láimh chlé ach Lochlanach mór
-mileata agus bearna briste amach aige tré n-ár sluagh féin, agus é féin
-agus na Lochlanaigh a bhí i n’ aice ag gabháil amach go tiugh ann,
-agus iad ag leagadh ár ndaoine rómpa agus ar gach taobh díobh. Bhí an
-Lochlanach níob’ aoirde go mór ’ná aon fhear eile a bhí i n’ aice, de
-Ghaedhal ná de Lochlanach. Gach aon uair a thagadh a chlaidheamh anuas
-do thuiteadh fear. Ní raibh aoinne ábalta ar sheasamh ’n-a láthair.
-Chonaic Murchadh é. Do léim sé siar as an mbearnain a bhí déanta
-againne, agus siúd fé dhéin an fhir mhóir é. Do leanas féin é. Bhí
-an dá chlaidheamh aige ’n-a dhá láimh. Thug sé aghaidh ar an bhfear
-mór. Do thóg an fear mór a chlaidheamh agus tharaing sé a bhuille. Do
-ghaibh Murchadh an buille ar an gclaidheamh a bhí sa láimh chlé aige,
-agus sa n-am gcéadna díreach do chuaidh claidheamh na láimhe deise
-tré chroídhe an fhir mhóir. Ní fheaca riamh gníomh chómh deas. Aon
-ghníomh amháin ab eadh an dá ghníomh, an chosaint leis an láimh chlé
-agus an sádh leis an láimh ndeis. Dá bhfeicfeá an fear mór déarfá gur
-bh’uathbhásach an neart nár bhfoláir a bheith sa chuislinn a ghlac an
-buille agus nár lúb fé’n mbuille. Déarfá gur mhór an gníomh a dhein
-an fear a chosain an buille sin. Ach dhein sé an gníomh eile le linn
-an ghnímh sin a dhéanamh. Chuir sé an claidheamh eile tré chroídhe
-an fhir mhóir. Ní raibh aon choinne i n-aon chor ag an bhfear mór go
-dtiocfadh an chosaint agus an sádh i n-aonfheacht air. Ní raibh aon
-chuinne aige go raibh sé i gcuislinn an fhir a bhí os a chómhair an
-chosaint a dhéanamh, gan bac d’aon tsádh dhéanamh. Chuir an chosaint
-iongnadh air, agus chuir an sádh alltacht ar fad air. Ní raibh uain
-aige, sar ar imthigh an t-anam as, ach ar a rádh, ‘Is tú an fear is
-fearr a bhuail riamh umam!’ Chuir an gníomh dúbalta san sgannra ar na
-Lochlanaigh eile a bhí ar an láthair. Do tharaingeadar siar. Tháinig
-buile misnigh ar ár bhfearaibh féin agus bhrúghdar amach. Bhriseamair
-an tarna bearna rómhainn amach. Cad a chífinn ansan ach ár neart féin
-ag géilleadh do neart na Lochlanach, tamal soir ódheas ar ár ndeis.
-Siúd siar Murchadh agus mé féin airís agus soir ódheas chun na h-áite
-’n-a raibh na Gaedhil ag dul i ndiaigh a gcúil. Chómh luath agus
-chonacadar ag teacht sinn tháinig náire ortha agus sheasuighdar an
-fód. Um an dtaca ’n-ar shroiseamair iad is ag brúth amach a bhíodar i
-n-inead bheith ag dul i ndiaigh a gcúil. Bhíodar ar buile chúcha féin a
-rádh go bhfeacaidh Murchadh ag dul i ndiaigh a gcúil iad. Tháinig, ba
-dhóich leat, dúbailt nirt ionta. Bhrúghdar rómpa an namhaid, agus ba
-dheacair é. Bhí na fir ag tuitim chómh tiugh le grean ar gach taobh.
-Bhí na cuirp ’n-a gcruachaibh anáirde ar a chéile. Is anáirde ar na
-cruachaibh sin a chaitheamair seasamh agus sinn ag brúth ar an namhaid
-agus ’ghá leagadh. Bhrúghmair rómhainn iad. Chuireamair cruach dínn.
-Ansan chuireamair cruach eile dhínn. Mheasas go gcaithfimís iad go léir
-a mharbhughadh sar a n-iompóchaidís uainn. Fé dheire d’iompuíghdar. Do
-theitheadar, agus do leanadh iad agus do marbhuigheadh oiread acu sa
-ruagairt agus do marbhuigheadh sa chath. Mura mbéadh Murchadh bhéadh a
-mhalairt de sgéal againn. Mura mbéadh Murchadh do ruithfeadh leis an
-bhfear mór úd. D’iompóch’ na Lochlanaigh isteach lastiar dínn nuair a
-bheimís imthighthe amach tríd an mbearnain úd. Bhéadh an ruag ar ár
-muintir féin ar thaobh na lámha deise agus ar thaobh na lámha clé.
-Ansan d’iompóch’ neart ár namhad go léir orainn agus ní thiocfadh
-duine againn beó as an gcath. Ansan bhéadh seilbh ag Lochlanachaibh
-i n-Éirinn agus bhéadh sé fuar ag M’lsheachlainn bheith ag cur ’n-a
-gcoinnibh. Mura mbéadh Murchadh bhéadh Éire ag Lochlanachaibh anois!
-Deirim leat go mbéadh. Agus deirim rud eile. Tá sé buailte isteach am’
-aigne agus deirim go láidir é. Ní bheidh Éire ó bhaoghal i gceart go
-dtí go mbeidh Brian i n’ Árdrígh!”
-
-“Ochón, a Dhúlainn,” arsa Gormflaith, “measaim gur maith an bhail ort
-gan M’lsheachlainn a bheith ag éisteacht leat.”
-
-“Ba chuma liom an tsaoghal, a rígan,” arsa Dúlainn, “ach go bhfeicfinn
-tu féin thíos i dTeamhair ad’ Árdrígain ar Éirinn go léir ó Dhonchadh
-Dí go Tigh Mháire!”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XI.
-
-CEANN LEÓIN.
-
-
-Sgian tré chroídhe Ghormfhlaith ab eadh an uile fhocal de’n chaint sin
-a labhair Dúlainn an fhaid a bhí an cúntas san aige ’á thabhairt ar
-chath Gleanna Mháma. Ba mhaith léi, gan amhras, bheith ’n-a h-Árdrígain
-ar Éirinn, ach má ’seadh ní raibh aon lorg aici ar Bhrian a bheith i n’
-Árdrígh. Bhí fhios aici, dá dtagadh Brian chun na h-Árdrígheachta nár
-ró fhada ’n-a dhiaigh san go dtí go mbéadh Murchadh i n’ Árdrígh. Bhí
-a leithéid sin d’fhuath aici do Mhurchadh gur thúisge léi í féin agus
-ar bhain léi bheith sínte fé’n bhfód ’ná é dh’fheisgint i n’ Árdrígh.
-Bhí gach aon tsúil aici go dtuitfeadh sé féin agus Brian i gcath
-Ghleanna Mháma agus go mbéadh buadh ag na Lochlanaigh ann. Ansan, dar
-léi, d’iompóch’ cómhacht Lochlan ’n-a lán neart ar Mh’lsheachlainn. Ní
-bhéadh aon bhreith aige ar sheasamh ’n-a gcoinnibh. Ní fhéadfadh sé
-neart fear Éirean do chur le chéile ’n-a gcoinnibh. Do buadhfaí air.
-Do buadhfaí ar ríghthibh Éirean ’n-a nduine a’s ’n-a nduine, fé mar a
-buadhadh ortha cheana. Ansan do bhéadh an lámh uachtair ag Lochlanaigh
-agus bhéadh mac Ghormfhlaith i n’ Árdrígh ar Éirinn. Siné a bhí uaithi.
-Chuir cath Ghleanna Mháma an méid sin go léir ar neamhnídh, agus má b’
-fhíor caint Dhúlainn b’é Murchadh fé ndeár san. Má bhí fuath aici do
-Mhurchadh roimis sin do mhéadaigh an chaint sin an fuath. Sgian tré n-a
-croídhe ab eadh an uile fhocal de’n chaint.
-
-Is ró bheag d’á chuimhneamh, ámhthach, a bhí ag Dúlainn féin ná ag
-aoinne de’n mhuintir a bhí ag éisteacht leis an gcaint go raibh an
-chaint ag gearadh an chroídhe aici ar an gcuma san. Bhí a gnúis chómh
-séimh, chómh glan, chómh ríoga, chómh solusmhar, chómh caoin, chómh
-cneasta san aici gur dhóich le duine uirthi ná raibh aon nídh ar an
-dtalamh so ba mhó thug de shásamh aigne dhi ’ná mar a thug an cath san
-Ghleanna Mháma dhi.
-
-Ach d’á mhéid gearadh a dhein an cúntas ar a croídhe bhí aon nídh
-amháin ag baint leis an gcath agus thug sé raint sóláis di. Má
-deineadh uisge-fé-thalamh riamh do dhein sí é chun cómhacht na
-Lochlanach do neartughadh i gcóir an chatha san. Ach do dhein sí an
-t-uisge-fe-thalamh chómh cliste sin nár tháinig aon phioc d’á eólus
-chun Briain ná chun Murchadh, ná chun aoinne a thabharfadh dóibh aon
-chogar dé. Bhí iongnadh ar gach aoinne neart na Lochlanach a bheith
-chómh mór sa chath agus é bheith gleusta chomh maith, agus an oiread
-san d’fhearaibh cródha mileata a bheith tagaithe ann ó dhúthaíbh
-iasachta a bhí abhfad ó’n áit agus abhfad ó chéile, ach níor chuimhnigh
-aoinne, lasmuich de’n mhuintir a bhí ’n-a cómhairle agus ag déanamh a
-h-oibre, go raibh aon bhaint ag Gormfhlaith leis an nídh sin.
-
-“Is eagal liom, a rígh,” ar sise le Dúlainn, “go bhfuil an iomad
-de chreideamhaint an lae sin agat d’á thabhairt do Mhurchadh, agus
-go bhfuil éagcóir agat d’á dhéanamh ort féin sa sgéal. Dá mb’ iad
-na Lochlanaigh féin iad déarfaidís, dá labhraidís, ná fuil fear ar
-shlóightibh Bhriain is truime buille i gcath ’ná Dúlainn Óg. Tá aithne
-mhaith acu ort, a rígh, agus déarfadh cuid acu gur fearr d’fhear thú
-’ná Murchadh féin, agus gur maith an bhail ar Mhurchadh go minic tusa
-bheith i n’ aice sa spéirlinn.”
-
-“Na daoine do labharfadh ar an gcuma san, a rígan,” arsa Dúlainn,
-“daoine iseadh iad nár theangbhaidh riamh i gcath le Murchadh agus nár
-mhothuigh a neart. Na daoine do theangbhaidh leis agus do mhothuigh an
-neart atá ’n-a chuislinn ní puínn acu a tháinig uaidh chun an sgéil
-a dh’ innsint. Gan amhras do dheineas mo ghníomh agus bhuaileas mo
-bhuille nuair a bhí namhaid ar m’aghaidh amach, ach ní’l aon chomórtas
-idir mo bhuille agus buille Mhurchadh.”
-
-Níor bh’ aon iongnadh go ndúbhairt Gormfhlaith an chaint adúbhairt
-sí i dtaobh an fhir a bhí os a cómhair an uair sin. Fear córach,
-deagh-chúmtha ab eadh é. Bhí ualach trom gruaige ar a cheann agus í
-ag tuitim anuas ar a shlinneánaibh. Gruaig chiardhubh ab eadh í, agus
-bhíodh sí ag crith agus ag taithneamh sa tsolus le gach focal d’á
-labhradh sé. Bhí dhá mhalainn throma dhúbha os cionn a dhá shúl agus
-bhí an dá shúil sin suidhte ’n-a cheann, gan iad ró mhór ná ró bheag,
-agus an t-é a dh’fheuchfadh díreach ’n-a gcoinnibh níor mhaith leis
-fearg a dh’ fheisgint ionta. Ba dhóich leat go mbíodh sgáil éigin, agus
-solus éigin, coitchianta ag lasadh agus ag atharughadh ionta, fé mar
-a béadh gaoth agus sgamail agus solus, lá cruaidh Márta. Bhí fáibre
-doimhinn idir an dá mhalainn fé mar a bhéadh i n-éadan leóin, agus srón
-mhór fhada sheabhcaidhe chaoldromach anuas ó’n bhfáibre, agus béal
-láidir daingean lastíos de’n tsróin sin, béal a bhí lán d’fhiacalaibh
-breaghtha geala a bhí do réir a chéile go cruinn, agus gur dhóich leat
-go ndeinidís solus uatha féin nuair a gháireadh sé. Bhí an croméal trom
-ciardhubh os cionn an bhéil agus an fhéasóg throm chiardhubh chas
-lastíos de’n bhéal. Idir ghruaig agus mailí agus fáibre éadain agus
-súile agus srón agus croméal agus béal agus fiacala agus féasóg agus
-ceann ar fad, bhí rud éigin sa bhfear san a chuir i n-iúil duit, ar an
-gcéad amharc, gur mhaith an bhail ort é bheith ’n-a charaid agat, agus
-dá mbéadh sé ’n-a namhaid agat gur mhaith an bhail ort bheith abhfad
-uaidh. Bhí cosamhlacht mhór idir a cheann agus ceann leóin, agus ansan,
-ba léir go raibh cruadhas agus anam agus neart agus fuinneamh an leóin
-’n-a chabhail agus ’n-a ghéagaibh, agus dá mba namhaid é go mbéadh
-sé chómh tapaidh agus chómh marbhuightheach leis an león. Bhí aithne
-mhaith ag na Lochlanaigh air agus siní aithne a bhí acu air, go raibh
-sé chómh tapaidh agus chómh marbhuightheach leis an león.
-
-Ní gádh léiriughadh cruinn a dhéanamh ar na h-uaislibh eile a bhí
-ag caint agus ag cómhrádh anso agus ansúd ar fuid an halla mhóir.
-Bhí an folt mór fada trom ar gach aoinne, ag tuitim siar síos ar a
-shlinneánaibh. Thug san feuchaint ana uasal dos na fearaibh. Bhí
-cuid des na foltaibh odhar agus bhí cuid acu liath, agus cuid acu,
-ar na fearaibh críona, chómh geal le mustairt, ach ní raibh aoinne
-maol. Choimeádaidís an ghruaig go dtéidís sa chré, mar ní chaithidís
-choídhche hata ná caipín ná aon chlúdach eile ar a gceann. Isiad na
-hataí seo a caithtear anois a bhainean an ghruaig de dhaoine. Dá dtugtí
-mar thaithíghe do cheann an duine ó thusach a óige imtheacht gan aon
-chlúdach ach an ghruaig a chuir Dia air, d’fhásfadh an ghruaig láidir
-trom agus choimeádfadh sí a greim an fhaid a mhairfeadh an duine. Sin
-mar a déintí i n-Éirinn fadó. Níor chuir daoine hataí ná caipíní ortha
-go dtí gur thusnuigh nósa Shasana ar theacht chúghainn anall. Is ’mó
-droch nós nách hataí ná caipíní a thug muintir Shasana chúghainn.
-
-Dá bhféadadh duine againne dul isteach an oídhche úd sa halla mór úd
-Bhriain, i ríghtheighlach Cheann Cora, chuirfeadh na foilt mhóra throma
-úd iongnadh orainn ar an gcéad amharc. Ach ar an tarna h-amharc d’
-admhóchaimís ó chroídhe gur deineadh éagcóir ana throm ar cheann an
-Éireanaigh nuair a baineadh dé an folt áluinn uasal a chuir Dia ag fás
-air. Dá bhféadadh Dúlainn Óg teacht ar an saoghal airís agus feuchaint
-ar na plaoisgíní beárrtha atá orainne, ar na cluasaibh gan sgáth agus
-ar an mbaic muiníl gan díon ó’n bhfuacht, agus ar an rud i bhfuirm cana
-stáin, ach é bheith dubh, atá thuas ar an gcloigean mar hata, cad é an
-seirbhthean a chuirfidís air! “O!” a dearfadh sé, “cad ’tá imthighthe
-ar ár sliocht! An iad so na daoine a tháinig uainne! Nó an daor-aicme
-éigin iad a dh’ fhás i n-Éirinn i n-ár ndiaigh! Séanaim iad! Ní linn i
-n-aon chor iad!”
-
-Dá bhféadadh Niamh, nó Gormfhlaith, nó aoinne eile des na ríganaibh
-uaisle a bhí sa halla mór úd Bhriain an oídhche úd, teacht ar an
-saoghal airís agus feuchaint ar na mnáibh atá anois againn, ar na
-sgiathógaibh móra leathana a bhíon ar mhullach a gcinn acu, agus ar na
-cleitíbh a bhíon sáidhte ins na sgiathógaibh sin, agus ar na ribíníbh a
-bhíon asta, cad déarfaidís? Déarfaidís an rud úd adúbhairt Cathal leis
-an gcleasaidhe. “Airiú, a mhic léiginn,” arsa Cathal, “cad fé ndeara
-dhuit bheith as do mheabhair!”
-
-Dá dtagadh Gormfhlaith nó Niamh chughainn cheithre fichid blian ó shin
-ní bhéadh an sgéal chómh h-olc agus ’tá sé anois. Chífidís an uair sin
-na clócaí breaghtha fada dúbha ar na mnáibh, agus na caipíní deasa
-sásta maiseamhla ar na clócaíbh sin, i dtreó dá mb’ ar óinsigh féin a
-bhéadh clóca acu, agus an caipín ar a ceann aici, gur dhóich leat gur
-bhean chiallmhar í. Ach anois, nuair a chífidís na sgiathóga agus na
-cleití agus na ribíní, agus an ghluaiseacht éaganta, cad a bhéadh le
-rádh acu? “O!” a déarfaidís, “nách mór an truagh na mná san go léir
-a bheith as a meabhair! Cad fé ndeara iad a bheith ar an gcuma san?”
-Ansan, nuair a déarfaí leó, “Ní h-as a meabhair atáid siad i n-aon
-chor. Ní’l aon easba meabhrach ortha. Ní’l ins na sgiathógaibh sin ach
-nós a bhainean leis an aimsir seo;” déarfaidís, “Mo thruagh na fir!
-agus mo thruagh an chlann!”
-
-Ansan dá n-abradh duine leó, “Isiad na fir féin fé ndeár é. Ní
-labharfadh aon fhear acu le cailín mura bhfeicfeadh sé an sgiathóg san
-ar a ceann!” Ní dhéanfaidís ach a rádh “Tá an saoghal ar buile!” agus
-imtheacht.
-
-Ach ní fearr bheith ag caint air. Ní baoghal go dtiocfaid siad. Ní
-h-ar neithibh de’n tsórd san a bhí an bheirt ag cuimhneamh an oídhche
-úd. Bhí a mhalairt de chúram ortha. Bhí Gormfhlaith ag cuimhneamh ar
-Árdrígheacht na h-Éirean, agus ar Bhrian, agus ar Mhurchadh, agus ar
-a mac féin, agus ar conus a thiocfadh sí ar Mhurchadh do chur ó’n
-Árdrígheacht agus ar an Árdrígheacht do chur i n-áirighthe d’á mac
-féin. Bhí Niamh agus a dritháir agus an chuid eile des na mnáibh óga
-agus des na fearaibh óga ag rince, agus an ceól d’á spreagadh dhóibh,
-agus gur dhóich le duine ortha ná raibh aon nídh fé bhun Dé ar an
-dtalamh so ag déanamh aon chúraim dóibh ach an ceól agus an rince agus
-an t-aoibhneas a bhí ansúd ’n-a dtímpal. Ach bhí. Bhí Niamh ag rince le
-n-a dritháir ar feadh tamail, agus le Murchadh ar feadh tamail. Agus
-bhí sí ag rince le h-Amhlaoibh, le h-adhbhar an tsagairt, ar feadh
-tamail. Bhí sí chómh séimh, chómh gealgháiriteach le h-Amhlaoibh agus
-a bhí sí le h-aoinne des na h-uaislibh óga a bhí ag rince léi. Ach an
-dá mhachtnamh úd, d’á mhéid a dhein sí breithniughadh ortha iseadh ba
-ghlaine a theip uirthi iad do thabhairt d’á chéile. Agus bíodh gur
-choimeád sí a h-aigne aici féin go beacht bhí daoine láithreach, agus
-níor bheagán daoine é, a chuimhnigh ’n-a n-aigne, nuair a chonacadar an
-bheirt agus iad araon chómh dathamhail, chómh séimh, chómh h-uasal ar
-gach aon tsaghas cuma, gur bh’ áluinn ar fad an lánmha a dhéanfaidís,
-agus gur mhór go léir an truagh sagart a dhéanamh d’ Amhlaoibh. Bhí
-daoine ann, ámhthach, adúbhairt a mhalairt sin. Bhí fir óga ann agus
-nuair a chonacadar é féin agus Niamh ag rince dúbhradar d’á luathacht
-a críochnófaí ’n-a shagart é gur bh’ eadh b’ fhearr é. Bhéadh sé as an
-slígh ansan. Agus bhí cailíní óga uaisle ann agus bíodh go ndúbhradar
-’n-a n-aigne féin gur mhór an truagh sagart a dhéanamh dé, b’ fhearr
-leó seacht n-uaire é dh’fheisgint ’n-a shagart ’ná é dh’fheisgint ag
-Niamh.
-
-Chómh fada agus a theidhean sgéal de’n tsórd san ní h-é mo thuairim go
-bhfuil aon atharughadh tagaithe ar Gaedhlaibh Éirean. Fé-s na foltaibh
-breaghtha fada troma, nó fé-s na hataíbh ar na cloigeanaibh beárrtha
-agus fé-s na sgiathógaibh agus na cleití, tá an nádúr céadna díreach
-ionainn chómh fada agus a theidhean sgéal de’n tsórd san.
-
-Ach do ghluais an oídhche, ar cos-anáirde, díreach fé mar a
-ghluaiseoch’ oídhche de’n tsórd anois. Tháinig an lá agus do sgaip
-an chuideachta, gach aoinne fé dhéin a thíghe féin. Thug Tadhg Mór
-ua Cealla agus Niamh aghaidh siar óthuaidh ar Uíbh Máine. Bhí, mar a
-dúbhradh, teipithe glan ar Niamh an dá mhachtnamh úd a thabhairt d’á
-chéile. Isé rud a dhein sí ’ná iad araon do dhíbirt ar fad as a h-aigne
-agus as a croídhe, agus í fein do thabhairt suas do Dhia.
-
-“Is cuma liom an domhan,” ar sise ’n-a h-aigne féin agus í ag
-socarughadh a h-athar agus ’ghá ollamhughadh i gcóir an bhóthair.
-“Is cuma liom an domhan ó tá m’ athair agam. Ní fhéadfaidh sagart ná
-bráthair m’ athair a bhaint díom. Is fearr d’ fear é ’ná aoinne acu
-íseal ná uasal. Is measa liom a lúidín ’ná dá n-imthígheadh sé siúd,
-agus an chuid eile acu, le fánaigh na h-abhan! Cad é sin dómh-sa cad
-é an cor a thabharfaidh sé siúd dó féin! Má déintear sagart dé tá
-súil agam go ndéanfaidh sé sagart maith. Ní baoghal dó go ndéanfad-sa
-aon chur isteach air ná go dtiocfad idir é agus Dia. Ní ró mhaith a
-thaithnean an sgéal i n-aon chor liom. Dá mbéinn i gcás Cholla ba
-dhóich liom gur bh’fhearr liom a chúram a bheith ar dhuine éigin
-eile.--Go gcuiridh Dia ar ár leas sinn go léir!”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XII.
-
-DIABHAL COÍMHDEACHTA.
-
-
-Thug Colla agus an Legáid agus Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh
-aghaidh siar ar Inis Cathaigh. Ar loing iseadh chuadar síos ó
-Luimneach. An fhaid a bhíodar ar an slígh bhí an bheirt ógánach thuas
-ar bórd agus bhí Colla agus an t-Easbog thíos i seómra leó féin.
-Bhíodar ag caint.
-
-“Ní maith a thaithnean an Bhanríghin liom, a Cholla,” arsa’n Legáid.
-“Cuirean sí i gcuimhne dhom focal adúbhairt duine d’ bhúr naoimh.”
-
-“Má chuir sí caint naoimh i gcuimhne dhuit, a Athair,” arsa Colla, “nár
-chóir go dtaithnfeadh sí leat?”
-
-“Sdó, isé rud adúbhairt an naomh ’ná gur ‘mairg a dh’fheuchfadh
-go dlúth i n-aghaidh mná le h-eagla go bhfeicfeadh sé a diabhal
-coímhdeachta.’ Tá ‘diabhal coímhdeachta’ ag Gormfhlaith. Chonac é go
-minic i gcaitheamh na h-oídhche aréir. Tá eagal orm go bhfuil fhios
-aici go bhfeaca é. An airighean tú leat mé, a Cholla,” ar seisean.
-“Tabharfaidh an bhean san nimh do Bhrian nó do Mhurchadh nó dóibh araon
-mura ndéanfar iad do chosaint go maith uirthi!”
-
-“Ní fheicim conus a bhéadh aon tairbhthe ag teacht chúichi ó n-a mbás
-san, a Athair,” arsa Colla.
-
-“B’fhéidir,” arsa’n Legáid, “go bhfeicean sí féin é, nó b’ fhéidir gur
-dóich léi go bhfeicean. Ba cheart rud éigin a dhéanamh a chuirfeadh as
-a cumas aon díobháil a dhéanamh do’n rígh. Bhéadh an sgéal go h-olc ag
-Éire agus ag an Eaglais i n-Éirinn anois dá n-imthigheadh aon rud ar
-Bhrian, go ceann tamail eile pé ’n-Éirinn é.”
-
-“Cad is dóich leat ba cheart a dhéanamh, a Thighearna Easboig?” arsa
-Colla.
-
-“Ná féadfaí gan leigint do Bhrian bia ná deoch do ghlacadh a’ láimh
-aoinne ach duine áirighthe éigin go mbéadh iontaoibh as?”
-
-“Is dócha go bhféadfaí,” arsa Colla.
-
-“Deintear san láithreach. Ní gádh aon droch amhras a chur ar aoinne.
-Ní’l aon rígh ná déinean a leithéid. Tá mná ann, a Cholla, agus tá
-eólus acu ar conus duine chur chun baís le nimh ar chuma ná fágfadh
-aon chaoi ar thrúig bháis an duine sin a dh’fhághail amach go deó.
-Do chonac-sa cuid des na mnáibh sin. Chonac an diabhal coímhdeachta
-a bhíodh acu, díreach mar a chonac diabhal coímhdeachta Ghormfhlaith
-aréir. Chonac an duine ar a raibh an paor. Níor ró fhada an aimsir
-’n-a dhiaigh san go dtí go raibh an duine sin ar an slígh. Ná dein aon
-righneas.”
-
-“Ní dhéanfad, a Athair,” arsa Colla. “Raghad soir go Ceann Cora
-amáireach agus labharfad le Murchadh. Ar mhiste dhom a rádh, a Athair,
-gur tusa thug an foláramh dom?”
-
-“Ní miste,” arsa’n Legáid, “ach dein mar seo é. Abair go ndúbhart ná
-fuil aon rígh ná déinean beart mar a deirim chun é féin a chosaint ar
-nimh.”
-
-“Tá go maith, a Athair,” arsa Colla. “Conus a thaithn an chuid eile
-de’n chuideachtain leat, a Athair?” ar seisean.
-
-“Go maith,” arsa’n Legáid. “Tá nósa agus béasa agus slíghthe agaibh
-ná fuil taithíghe agam-sa ar a sórd. Ach measaim, dá mbéadh taithíghe
-agam ortha ná faghainn aon locht ortha. Bainid siad geit a’ duine nuair
-a chíon sé iad an chéad uair. Níor chuir aon rud riamh oiread iongnadh
-orm agus do chuireabhair go léir orm i dtusach na h-oídhche aréir. Is
-dóich liom go rabhabhair go léir ar leath-mheisge. Bhí teinneas am’
-cheann ó’n ngleó agus ó’n bhfothram a bhí ar siúbhal. Ansan, ar leagadh
-na súl bhíobhair go léir ar bhúr nglúinibh chun beannacht an Phápa dh’
-fhághail uaim airís! Mura mbéadh feabhas na h-aithne atá agam oraibh
-déarfainn gur ag magadh fúm a bhíobhair.”
-
-“Bhíomair lom dáiríribh, a Athair,” arsa Colla. “Neart ár gCreidimh a
-chuir fhiachaibh orainn é sin a dhéanamh.”
-
-“Is fíor san,” arsa’n Legáid. “Tuigim anois go maith é. Ag machtnamh
-dom ar an sgéal isé rud adeirim liom féin ’ná gur mhaith an bhail ar
-chuid againn theas dá mbéadh cuid d’ bhúr bhfothram againn agus cuid de
-neart bhúr gCreidimh, ar sgáth an fhothraim.”
-
-Thánadar chun na mainistreach. D’eirigh Colla go moch ar maidin
-amáireach a bhí chúghainn chun dul thar n-ais airís láithreach go Ceann
-Cora.
-
-“Raghad-sa leat chómh fada le Luimneach, a Cholla,” arsa’n Legáid. “Tá
-raint gnótha agam le déanamh ann ameasg na sagart atá ann. Tabhair dhom
-an eochair úd an bhosca iarainn n-a raibh an chailís agat ann.”
-
-Thug Colla an eochair dó agus do ghluaiseadar. D’fhan an Legáid i
-Luimneach agus tháinig Colla go Ceann Cora. Dhein an Legáid an gnó
-a bhí le déanamh aige ameasg na sagart. Ansan chuir sé tuairisg
-Mheargaigh, an gabha a bhíodh ag déanamh na n-arm do Bhrian. Do
-stiúruigheadh é chun na h-áite ’n-a raibh a cheárta ag an ngabha. Ní
-ceárta a bhí aige ach fiche ceárta, agus gaibhní ag obair agus builg
-d’á séideadh agus iaran d’á losgadh agus d’á léasadh le h-órdaibh
-agus le casúraibh ins gach aon chúinne. Bhí claidhmhte agus tuaghana
-agus pící agus sleághana agus clogaid, agus gach aon tsaghas gleus
-cogaidh, caithte anso agus ansúd, cuid des na neithibh sin geall le
-bheith críochnuighthe, agus gan cuid acu ach ar éigin tusnuighthe.
-Bhí Meargach Gabha ag imtheacht anonn ’s anall ameasg an lucht oibre
-agus a shúil ar gach aon rud agus é ag órdúchán agus ag stiúrúchán, ag
-moladh agus ag cáineadh, fé mar a déinti an obair chun a thoile nó ar a
-mhalairt de chuma.
-
-Tháinig an Legáid chun cainte leis.
-
-“Tá obair mhór ’á dhéanamh anso, a dhuin’uasail,” arsa’n Legáid.
-
-“Tá fághaltas oibre ’á dhéanamh ann, a Thighearna Easboig,” arsa
-Meargach.
-
-Ansan do rug sé an Legáid mór-thímpal tríd an obair agus bhí sé ag
-taisbeáint gach aon rud dó agus ag míniughadh gach aon rud dó. Fé
-dheire do tharaing an Legáid an eochair as a phócha agus thaisbeáin sé
-dhó í.
-
-“Feuch, a dhuin’uasail,” ar seisean, “b’fhéidir go bhféadfá macshamhail
-do’n eochair sin a dhéanamh dom.”
-
-“Ambasa ach féadfad agus fáilte, a Thighearna Easboig,” arsa’n gabha.
-“Tá aithne mhaith agam ar an eochair sin. Is mé a dhein an eochair
-sin do Cholla. Fuair sé cailís ana dhaor ó Bhrian, agus d’iar sé
-orm-sa bosca iarainn a dhéanamh do’n chailís, agus glas a chur ar an
-mbosca nár bh’fheídir a dh’ osgailt ach leis an aon eochair amháin a
-dhéanfainn féin do’n ghlas. Ach mheasas gur chuaidh an eochair sin amú,
-a Thighearna Easboig,” ar seisean. “Tháinig teachtaire anso chúgham,
-tá suim aimsire ó shin ann, ó Cholla féin, agus dúbhairt sé liom
-gur cailleadh an eochair agus ná féadfaí an bosca dh’ osgailt, agus
-d’ fhiafraidh sé dhíom an bhféadfainn, ó m’ chuimhne, macshamhaila
-dhéanamh do’n eochair. Dúbhart go bhféadfainn agus do dheineas.”
-
-“Cé r’ bh’ é an teachtaire?” arsa’n Legáid.
-
-“Duine des na manaigh, a Thighearna Easboig,” arsa’n gabha.
-
-“Buail anso a leith, a dhuin’uasail, i dtreó ná h-aireóchaidh aoinne
-sinn.”
-
-Dhruideadar i leith taoibh.
-
-“Níor cailleadh an eochair i n-aon chor, a dhuin’uasail,” arsa’n
-Legáid, “agus níor chuir Colla aon teachtaire chúghat-sa ’ghá iaraidh
-ort macshamhail a dhéanamh do’n eochair. An t-é a tháinig chúghat
-bitheamhnach ab eadh é. Tá an chailís imthighthe.”
-
-“An chailís imthighthe!” arsa’n gabha.
-
-“Tá sí imthighthe,” arsa’n Legáid. Agus d’inis sé tríd síos dó conus
-mar a bhí an chailís le tabhairt dó féin chun an Aifrinn Aoird do rádh
-os cómhair Bhriain agus na n-uasal, agus conus mar a fuaradh an bosca
-iarainn folamh nuair a h-osgaladh é.
-
-Do stad an gabha. Níor fhan focal ann. Thuig sé láithreach gur dhein sé
-árd dhearmhad nuair a dhein sé an macshamhail do’n eochair gan dul síos
-agus labhairt ar dtúis le Colla féin. Thug an bheirt raint aimsire gan
-labhairt. Do labhair an Legáid.
-
-“An aithneófá an teachtaire an dóich leat?” ar seisean.
-
-“’Sé mo thuairim go n-aithneóchainn, a Thighearna Easboig,” arsa’n
-gabha. “Duine des na manaigh ab eadh é.”
-
-“Téanam ort síos anois agus gheóbhmíd radharc ar na manaigh go léir.
-Buailfimíd eatartha agus iad ag déanamh a ngnótha. Ní neósfaimíd d’
-aoinne cad ’tá uainn. Ní h-aon iongnadh mise agus tusa bheith ag
-gabháil tríd an mainistir. Déarfar gur gnó éigin a bhainean le d’
-cheárd a bheidh agam ’á thabhairt duit le déanamh.”
-
-Chuir an gabha fear eile os cionn na h-oibre, agus do ghluais sé féin
-agus an Legáid sios go h-Inis Cathaigh. Bhuaileadar tríd an mainistir.
-Bhíodar ag feuchaint ar dhóirsibh agus ar ghlasaibh agus ar bhacánaibh
-agus ar thuisleanaibh. Bhí an Legáid ag cur fios ar an manach so
-agus ar an manach úd agus é ag déanamh gach aon tsaghas ceistiúcháin
-ortha, agus bhí an gabha ag faire chuige. Thánadar chun an érdaim.
-Do glaodhadh ar an ndeacon. Ní raibh sé ann. Do rith teachtaire anso
-a’s teachtaire ansúd ar a lorg. Ní raibh sé le fághail. Do glaodhadh
-ar Thadhg Óg ua Chealla. Tháinig sé. Do fiafraigheadh dé cá raibh a
-chomsádaidhe.
-
-“Dúbhairt sé go raibh sé ag dul suas go Luimneach i n-aonfheacht
-leat-sa, a Thighearna Easboig,” arsa Tadhg. “Ní fheaca-sa ó shin é. An
-amhlaidh nár tháinigh sé anuas i n-aonfheacht libh?” ar seisean.
-
-“Níor tháinig,” arsa’n Legáid, “nó má tháinig ní fheacamair-ne ag
-teacht é.”
-
-Le n-a linn sin tháinig Colla. Do fiafraigheadh dé an bhfeacaidh sé
-Amhlaoibh i n-aon bhall.
-
-“Nuair a shroiseas Ceann Cora,” arsa Colla, “bhí sé ann rómham.
-Dúbhairt sé go raibh teachtaireacht éigin aige ’á bhreith uait-se, ag
-triall ar an rígh, a Thighearna Easboig. Is dócha go mbeidh sé anso sar
-a’ fada.”
-
-“Is dócha é,” arsa’n Legáid. Ní dúbhairt sé a thuille. Bhí fhios aige
-go ndúbhairt Amhlaoibh bréag i dtaobh na teachtaireachta; nár thug sé
-féin aon teachtaireacht dó le breith ag triall ar an rígh.
-
-“Tá gnóthaí móra ar siúbhal thoir i gCeann Cora,” arsa Colla.
-
-“Cad iad na gnóthaí iad, a Athair?” arsa’n Legáid, agus chuir gach
-aoinne a bhí láithreach cluas air féin.
-
-“Tá,” arsa Colla, “maithe móra a bheith tagaithe ann ó Leath Chuinn
-agus iad a bheith ’ghá iaraidh ar Bhrian an Árdrígheacht do ghlacadh.”
-
-“An amhlaidh atá M’lsheachlainn tar éis bháis?” arsa’n Legáid.
-
-“Ní h-amhlaidh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “ach deir
-an mhuintir a tháinig go bhfuil Leath Chuinn go léir cortha de
-Mh’lsheachlainn agus nách foláir é chur i leith taoibh agus Árdrígh
-dhéanamh de Bhrian.”
-
-“Is olc agus is dian olc an sgéal é sin,” arsa’n Legáid. “Éireóchaidh
-cogadh fuilteach as san má ghéillean Brian dóibh. Cad deir Murchadh?”
-
-“Ní deir sé puínn,” arsa Colla. “Deir sé nách ceart géilleadh i n-aon
-chor dóibh ach ar aon choinghíoll amháin.”
-
-“‘Ar aon choinghíoll amháin.’ Cad chuige an coinghíoll? Cad é an
-coinghíoll e? Conus fhéadfadh aon choingíoll ceart a thabhairt do
-Bhrian chun na h-Árdrígheachta!” arsa’n Legáid.
-
-“Deir Murchadh,” arsa Colla, “nách ceart do Bhrian toiliughadh i n-aon
-chor chun na h-Árdrígheachta do ghlacadh mura n-iaraidh Leath Chuinn
-agus Éire go léir d’ aon ghuth air í ghlacadh. Agus deir Gormfhlaith go
-bhfuil an ceart aige.”
-
-“Tá, an ceart aige,” arsa’n Legáid. “Ach conus a gheóbhfar amach an
-t-aonghuth san? Má thugan Brian aon chluas do chómhairle na n-uasal san
-aireófar láithreach é ar fuaid na h-Éirean go léir. Glacfaid cáirde
-Mh’lsheachlainn arm. Glacfaid cáirde Bhriain arm. Beidh sé ’n-a chogadh
-dhearg againn. Ní mór dom dul chun cainte le Brian agus le Murchadh.
-Téanam ort airís, a Cholla. Go gcuiridh Dia ár ríghthe ar a leas!”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XIII.
-
-FÁGTAR FÚM-SA FÉIN É.
-
-
-Níor cuimhnigheadh a thuille ar Amhlaoibh ná ar an mbréig a bhí innste
-aige, ná ar an eochair. Do ghluais an Legáid agus Colla agus an gabha,
-chómh tiugh agus d’fhéadadar cóir iompair a dh’fhághail, soir airís
-go Ceann Cora. Fuaradar Brian agus Murchadh agus Dúlainn Óg agus
-Gormfhlaith i gcómhairle, istigh i seómra leó féin, agus na h-Ultaigh i
-seómra eile ag feitheamh le freagra. Chómh luath agus tháinig an Legáid
-isteach do chuir Brian fáilte roimis agus d’inis sé bunús an sgéil dó
-agus d’iar sé cómhairle air.
-
-“Ní’l agam le tabhairt duit, a rígh,” arsa’n Legáid, “ach an t-aon
-chómhairle amháin. Isé M’lsheachlainn an t-Árdrígh. Isé Árdrígh Éirean
-é i láthair na h-uaire seo ’n-a bhfuilimíd ag caint anso. Beart éagcóra
-iseadh é chur as an Árdrígheacht. Gabhan an éagcóir sin i gcoinnibh
-dlíghe Dé. Má tá Leath Chuinn cortha de Mh’lsheachlainn cuireadh
-Leath Chuinn féin as an Árdrígheacht é. Ansan má’s toil le fearaibh
-Éirean Árdrígh a dhéanamh de Bhrian deinidís é. Ní bheidh Brian ag
-déanamh éagcóra ar aoinne an uair sin má ghlacan sé an Árdrígheacht.
-Má géilltear anois dos na maithibh seo atá tagaithe anso ó Chúig’
-Uladh raghaid siad abhaile agus neósfaid siad do gach aoinne gur
-géilleadh dóibh. Beidh sé i mbéal gach aoinne go bhfuil Brian le
-bheith i n’ Árdrígh. Pé áit ’n-a bhfuil cáirde Mh’lsheachlainn ar
-fuaid na h-Éirean glacfaid siad arm láithreach, agus glacfaid cáirde
-Bhriain arm láithreach. Beid fir Éirean ’n-a dhá gcamtha agus iad ag
-marbhughadh a chéile. Loitfear agus leighfear i n-aon lá amháin a
-bhfuil de thairbhthe déanta ag Brian i n-Éirinn ó’n gcéad lá a thóg sé
-claidheamh.”
-
-Do labhair Dúlainn.
-
-“Is maith í do chaint, a Thighearna Easboig,” ar seisean, “agus is
-eagnaidhe, ach tá cúpla rud agus níor thugais aghaidh ortha. Má curtar
-abhaile na daoine seo atá tagaithe anso ó Chúig’ Uladh chúghainn,
-gan aon tsásamh i n-aon chor a thabhairt dóibh, cad is dóich leat a
-dhéanfaid na daoine a chuir anso iad? Is dóich liom-sa go bhfuil fhios
-agam cad a dhéanfaid siad. Raghaid siad i gcómhairle. Neósfar dóibh
-ná glacfadh Brian an Árdrígheacht. Déarfaid siad-san: ‘Tá go maith.
-Ní’l againn ach Árdrígh éigin eile do sholáthar. Ní choimeádfaimíd
-M’lsheachlainn a thuille pé cuma ’n-a mbeidh an sgéal againn.’ Curfar
-na teachtairí céadna so ag triall ar fhear éigin eile, ar fhear éigin
-ná fuil ábalta ar Ghaedhlaibh Éirean do ghleusadh fé aon smacht amháin
-chómh maith agus ’tá Brian ábalta air. Ansan iseadh bheidh measgán
-mearaidhe i gceart agat ar fhearaibh Éirean. Ansan, ní ’n-a dhá gcuid
-a bheid fir Éirean agat ach ’n-a dtrí codaibh, ’n-a gceithre codaibh,
-agus iad ag marbhughadh a chéile, agus ní fios cathin a déanfar aon
-neart amháin airís díobh. I dtaobh éagcóra: ní h-éagcóir ar rígh ná ar
-Árdrígh má ’s toil le n-a dhaoine féin é chur i leith taoibh toisg gan
-an gnó a thugadar le déanamh dó a bheith aige ’á dhéanamh dóibh do réir
-a dtoile. Mura h-éagcóir d’á dhaoine féin M’lsheachlainn do chur as an
-Árdrígheacht ní h-éagcóir do Bhrian an Árdrígheacht do ghlacadh.”
-
-Do stad sé agus do shuigh sé. Chuaidh a chaint i bhfeidhm go h-ana
-dhaingean ar a raibh ag éisteacht leis. Níor chuimhnigh aoinne acu,
-go dtí gur labhair sé, ar cad a thuitfeadh amach dá n-iartí ar dhuine
-éigin eile teacht sa n-Árdrígheacht i n-inead Mh’lsheachlainn.
-
-“B’fhéidir,” arsa Murchadh, “gur mhaith an rud glaodhach isteach anso
-ar na teachtairíbh seo agus a rádh leó a dh’innsint dúinn go h-iomlán
-cad ’tá uatha. D’innseadar cheana é, ach is nídh é seo nách misde mórán
-cainte dhéanamh ’n-a thaobh. Anois an t-am chun na cainte dhéanamh.
-Is fearr feuchaint ar an uile thaobh de’n sgéal anois ’ná b’fhéidir
-dearmhad a dhéanamh nár bh’fhéidir a leigheas ar ball.”
-
-Do glaodhadh isteach ortha.
-
-“Ba mhaith linn, a uaisle,” arsa Brian, “go neósfadh sibh anso airís,
-i láthair an Easboig, an toisg a thug sibh, agus na cúiseana a bhí ag
-an muintir a chuir chúghainn sibh le sibh a chur chúghainn.”
-
-D’ innseadar airís cad a thug iad. Go raibh sé buailte isteach i
-n-aigne na poibilidheachta go léir lastuaidh ná béadh rath ná séan
-ar Éirinn go dtí go mbéadh Brian i n’ Árdrígh ar Éirinn. Go raibh
-M’lsheachlainn maith go leór mar rígh cúige, ach gur léir do gach
-aoinne ná raibh an acfuinn aigne ann, ná an éirim aigne, ná an cumas
-gnímh, ba cheart a bheith i n-Árdrígh Éirean. Ná raibh aon fhear beó
-go raibh na tréithe sin ann an uair sin chómh láidir agus bhíodar i m
-Brian. D’á bhrígh sin gur bh’ éagcóir ar Éirinn gan Brian a bheith i
-n’ Árdrígh uirthi. Go raibh fir Éirean ceapaithe ar Bhrian do chur sa
-n-Árdrígheacht dá dtoiligheadh Brian féin chuige.
-
-Ansan d’ áirighdar na cineacha agus na tuatha agus na treabhchasaí, ní
-h-amháin i Leath Chuinn ach ar fuaid na h-Éirean go léir, a bhí ar an
-aigne sin.
-
-Nuair a bhí deire ráidhte ag na teachtairíbh do labhair Brian.
-
-“Beirig libh abhaile, a uaisle,” ar seisean, “ag triall ar an muintir
-a chuir anso sibh, an freagra so. Glacfad-sa an Árdrígheacht má
-thoilighean M’lsheachlainn chuige, agus is mé féin a raghaidh síos ag
-triall air agus a chuirfidh chuige an cheist. Socarófar an sgéal idir
-mise agus M’lsheachlainn agus ní gadh d’ aoinne eile beó a thuille
-cainte dhéanamh ’n-a thaobh.”
-
-Níor labhair aoinne eile. Do h-ollamhuigheadh dínnér mór dos na
-teachtairíbh agus do deineadh cúram mór díobh ar feadh trí lá agus trí
-oídhche, agus ansan d’ fhágadar slán agus beannacht ag Brian agus agá
-theighlach, agus d’ imthighdar óthuaidh abhaile.
-
-Nuair a bhíodar ar an slígh ag dul abhaile bhíodar ag machtnamh ar an
-bhfreagra a bhí fághalta acu ó Bhrian, ach dá mbeidís ag machtnamh
-go ceann bliana air ní fhéadfaidís aon tuairim a thabhairt do cad a
-thiocfadh as, agus ’n-a theannta san a’s eile níor bh’ fhéidir dóibh
-aon locht fhághail air. Ní lúgha ’ná mar fhéadfadh an Legáid aon locht
-fhághail air. Ní lugha ’ná mar a dh’ fhéadfadh M’lsheachlainn féin aon
-locht a dh’fhághail ar an bhfreagra dá n-airigheadh sé é, agus is dócha
-gur airigh. Do ghlacfadh Brian an Árdrígheacht--ach ní ghlacfadh sé í i
-gcoinnibh toile Mh’lsheachlainn féin. Cad é an locht a bhí le fághail
-ag aoinne air sin?
-
-Chuir an freagra san cosg láithreach leis an bhformad ar ar thrácht
-an Legáid. Ní raibh aon nídh chun carad Mh’lsheachlainn agus cáirde
-Bhriain do chur i gcoinnibh a chéile, mar do choimeád an freagra an gnó
-go léir idir Bhrian agus M’lsheachlainn féin. Ní raibh aon bhaoghal go
-raghadh aoinne ag tairisgint na h-Árdrígheachta d’aon fhear eile, mar
-ní dúbhairt Brian lom díreach ná glacfadh sé féin í. Ní raibh ag daoine
-ar gach taobh le déanamh ach a suaimhneas a cheapadh agus fanmhaint go
-bhfeicfidís cad a dhéanfadh Brian.
-
-D’imthigh Colla agus an Legáid siar go h-Inis Cathaigh. D’fhiafraighdar
-cá raibh Amhlaoibh. Ní raibh aon tuairisg air. D’imthigh lá agus
-d’imthigh dhá lá, agus níor tháinig sé. D’imthigh seachtmhain agus níor
-tháinig sé. Do cuireadh teachtaire soir go Ceann Cora feuchaint a’
-raibh sé ann. Ní raibh. Do ghluais tuille aimsire agus níor tháinig sé.
-Ansan tháinig neithe eile agus gnóthaí eile crosta ar an mainistir agus
-ar na manaigh, agus d’imthigh Amhlaoibh as a gceann. Ní raibh aon fhios
-acu ar ghuid na cailíse. Níor bh’ aon iongnadh ró mhór leó ógánach
-a dh’imtheacht mar sin leis féin as an mainistir. Nídh ab eadh é do
-thuiteadh amach anois a’s airís. Nuair a thuiteadh sé amach ní bhíodh
-cathughadh ró mhór ortha ’n-a thaobh. Dar leó “b’fhearr teitheadh maith
-’ná droch sheasamh.” Agus d’á luathacht a deintí an teitheadh b’eadh
-b’fhearr é, dar leó, ó bhí sé le déanamh i n-aon chor. Dar leó, ba
-thruagh nár theith Amhlaoibh sar ar deineadh deacon dé.
-
-Níor ghlac Tadhg Óg ua Cealla an sgéal chómh neamh-chorbhuaiseach san.
-Ní raibh aon fhios aige ar ghuid na cailíse ach chómh beag le h-aoinne
-des na manaigh, ach ní áiteóch’ an saoghal air gur bh’ amhlaidh a
-theith Amhlaoibh. Dar leis, má bhí Amhlaoibh beó thiocfadh sé thar
-n-ais chun na mainistreach mura mbéadh go raibh rud éigin ’á chosg ar
-theacht thar n-ais. Thoir i gCeann Cora do chonacthas go déanach é.
-
-“Raghad soir,” ar seisean, “agus labharfad leis an mBanríghin agus má
-tháinig aon tuairisg ó n-a mhuintir a chuir fhiachaibh air cuaird a
-thabhairt abhaile neósfaidh sí dhom é. Bhí sí ana mhór leis. Má tá aon
-droch nídh imthighthe air ní fheadar cad a dhéanfad.”
-
-Is ar éigin fhéadadh sé aon bhlúire bídh a chaitheamh ná aon neul de’n
-oídhche do chodladh. D’imthigh sé soir. Fuair sé caoi ar chaint le
-Gormfhlaith. Bhí sí go h-ana shéimh leis, agus bhí sí go h-ana bhuartha
-mar gheall ar gan aon tuairisg a bheith aige ar Amhlaoibh. Ní raibh aon
-tuairisg i n-aon chor aici féin air. Mheas sí, nídh nár bh’iongnadh, go
-raibh sé thiar sa mhainistir. Chuir sí a lán ceisteana chun Taidhg ’n-a
-thaobh. Ar thug sé fé ndeara le déanaighe go raibh aon nídh ag déanamh
-aon bhuartha dhó? An raibh aon trioblóid idir é féin agus Colla mar
-gheall ar aon rud? Ar tugadh aon mhilleán dó mar gheall ar aon nídh?
-Chuir sí a lán ceisteana de’n tsórd san chuige, agus thug sé fé ndeara
-go bhféachadh sí ana ghéar air le linn gach ceiste ’chur.
-
-Bhí an chuaird sin i n-aistear. Níor fhéad Gormfhlaith aon tsásamh
-aigne thabhairt dó. Siúd óthuaidh go h-Uíbh Máine é feuchaint a’
-bhfaghadh sé aon tuairisg ann. Chomh luath agus chonaic Niamh é ba
-bheag nár thuit sí i laige, bhí sé ag feuchaint chómh h-olc san.
-
-“Airiú, a Thaidhg,” ar sise, “cad d’imthigh ort!”
-
-D’inis sé dhi.
-
-“Is dócha,” ar seisean, “gur b’ amhlaidh atá sé marbh, agus cad a
-dhéanfad!” agus siúd caise deór anuas ó n-a shúilibh.
-
-Do leig sí dhó ar feadh tamail, agus ní tirim a bhí a súile féin. Fé
-dheire do labhair sí.
-
-“Má tá sé beó, a Thaidhg,” ar sise, “agus má tá cion chómh mór san agat
-air, ní mar sin is ceart duit an cion a thaisbeáint.”
-
-“Agus cad tá le déanamh agam, a Niamh?” ar seisean.
-
-“Cuir daoine amach ar a thuairisg,” ar sise, “agus geall
-luacht-saothair maith do’n t-é a thabharfaidh tuairisg chúghat air. Ní
-h-é mo thuairim féin go bhfuil aon droch nídh tar éis imtheacht air.
-Fear ró ghasta iseadh é. Ní dóich liom go bhfuil aon namhaid aige.”
-
-“Ní fheadar an tsaoghal,” arsa Tadhg, “cad é an gnó a bhí soir go Ceann
-Cora aige an lá a chuaidh Colla agus an t-Easbog soir ann. Chonaic
-Colla ann é ach ní fheacaidh aoinne ag dul ann é ná ag teacht as.”
-
-“Cuir t’ aigne chun suaimhnis, a Thaidhg,” ar sise. “Ní’l baoghal air.
-Tá fios a ghnótha féin aige. Má tá oiread ceana aige ort agus ’tá
-agat air tiocfaidh sé thar n-ais chúghat chómh luath i n-Éirinn agus
-d’fhéadfaidh sé teacht.”
-
-Chuir Tadhg amach an lucht cuardaigh agus gheall sé an luacht-saothair
-dóibh, ach níor tháinig aon tuairisg ar Amhlaoibh. Ach tháinig tuairisg
-nár bh’é. Tháinig tuairisg ó Cheann Cora, agus chuir an tuairisg sin
-gach aon rud eile soir siar.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XIV.
-
-GIOLLAÍ TURAIS.
-
-
-Bhí Tadhg Óg ua Cealla tagaithe tar n-ais go mainistir Ínse Cathaigh
-chun a chuid léighinn do chríochnughadh, agus bhí sé ag faire chuige
-gach lá feuchaint an aireóch’ sé tásg nó tuairisg ar Amhlaoibh. Lá
-d’á raibh sé ar an gcuma san, tímpal mí nó chúig sheachtmhaine tar
-éis na dteachtairí ó Leath Chuinn a bheith i gCeann Cora, tháinig
-teachtaireacht ó Uíbh Máine ag triall air ’ghá rádh leis dul óthuaidh
-abhaile láithreach, go raibh teachtairí Bhriain tar éis dul mór-thímpal
-chun uaisle na tíre go léir, ’ghá rádh leó bheith i gCeann Cora lá
-áirighthe, iad féin agus a gcongnamh fear, agus do h-ainimnigheadh an
-lá. D’imthigh sé abhaile. Do ghleus sé féin agus a athair oiread nirt
-agus d’fhéadadar, agus thánadar go Ceann Cora. Bhíodar ann i gcóir an
-lae a bhí ceapaithe. Níor bh’ fhada go raibh mór-shluagh láidir uasal
-cruinnighthe ann. Ní raibh fhios acu cad é an gnó a bhí dhíobh, ach ba
-chuma leó. Bhí fhios acu go raibh gnó ag Brian díobh agus gur bh’ é
-a ngnó féin é. Nár bhaoghal go dtabharfadh Brian ó’n mbaile iad mura
-mbéadh cúis mhaith a bheith aige chuige, agus gur bh’ iad féin a bhéadh
-beirthe ar ball le pé gnó a bhí le déanamh aige.
-
-Na Lochlanaigh a bhí socair chun cómhnuighthe i n-Éirinn agus tar éis
-géilleadh do Bhrian agus d’á dhlighthibh, bhíodar ann chómh maith leis
-na Gaedhlaibh, agus ba mhór an bhreis iad ar neart slógh Bhriain, agus
-ba mhaith.
-
-Bhí teachtairí maithe ag Brian. Giollaí turais a tugtí ortha. Fir
-óga luatha láidire ab eadh iad agus bhí ana chuisidheacht ag gach
-teachtaire acu. Fir thobhtha ab eadh iad. Mar gheall ar fheabhas a
-gcuisidheachta a déintí iad do thoghadh. ’N-a gcuis iseadh théidís ar
-theachtaireacht. Nuair a bhíodh sgéala ag Brian le cur go h-oban ag
-triall ar rígh éigin de ríghthibh Éirean nó ar dhuin’uasal éigin, ní
-dheineadh sé ach duine des na teachtairíbh sin a chomáint uaidh ag
-triall ar an rígh sin, nó ag triall ar an nduin’uasal san, leis an
-dteachtaireacht. Ghluaiseóch’ an teachtaire sin ’n-a chuis, agus níor
-bh’fhada go mbéadh an teachtaireacht tagaithe chun cinn.
-
-’Na chuis iseadh dh’imthigheadh an teachtaire, ach má seadh ba luatha
-’n-a chuis é ’ná fear eile ar muin capail. Nuair a théidheadh na
-giollaí turais sin i dtaithighe reatha ba luatha iad ’ná aon fhear
-capail, agus ba bhuaine. Ní sheasóch’ capal i n-aon chor le duine acu.
-B’fhéidir go mbéadh an capal níos géire ’ná an cuisidhe i dtusach an
-chúrsa, ach sar a mbéadh fiche míle curtha dhíobh acu bhéadh an capal
-buailte amach. Ansan iseadh bhéadh a chuisidheacht ag teacht i gceart
-do’n ghiolla turais, agus bhéadh trí fichid míle curtha dhé aige sar
-a’ mbéadh aon bhlúire tuirse ag teacht air. Ansan féin níor ghádh dhó
-ach sodar réidh a dhéanamh ar feadh tamail bhig agus bhéadh anál agus
-misneach agus a lán-rith airís aige. Ní raibh aon mhaith i gcapailibh
-’n-a n-aice súd.
-
-D’á éaghmais sin, ní raibh coill ná cnuc, gleann ná portach ná abha
-i n-Éirinn ná raibh aithne acu ortha go léir, agus ghabhdís gach aon
-chómhngar, i dtreó gur mhinic ná bíodh míle ’shlígh acu le gabháil
-nuair nár bhfoláir d’fhear capail gabháil, b’fhéidir, deich míle de
-thímpal. Ansan, is ’mó rud a chuirfeadh ríghneas ar fhear capail ná
-cuireadh aon ríghneas ortha súd. Bhíodh balcuisí éadtroma ortha, agus
-bróga éadtroma, agus is minic ná bíodh aon bhróga ortha. Bhíodh aithne
-ins gach aon bhall ortha, agus chómh luath agus thiocfadh tart nó
-ocras ortha ní bhíodh acu ach aghaidh a thabhairt ar an gcéad thigh a
-bhuailfeadh úmpa agus gheóbhdís a ndóthin bídh agus díghe. Dá mbéadh
-ortha gabháil tré dhúthaigh namhad bhéadh arm acu, arm éigin ná béadh
-ró throm. Nuair a neartuigh cómhacht Bhriain ní bhíodh aon ghádh le
-h-arm acu. Bhí fhios ag gach aoinne gur bh’iad teachtairí Bhriain
-iad. Níor bheag san. Is amhlaidh a bhíodh gach aoinne ag cabhrughadh
-leó i n-inead aon cheataighe dhéanamh dóibh. Do tugtí bia agus deoch
-agus onóir agus uraim dóibh mar gheall ar Bhrian, agus ní baoghal go
-dtugaidís aon chúis d’ aoinne chun aon ghearáin a chur isteach ortha,
-bhí a leithéid sin de smacht ag Brian ortha.
-
-Bhíodh cuid des na h-uaisle b’ aoirde i n-Éirinn sa ghnó san. Thugadh
-an gnó eólus dóibh ar an dtír agus ar na daoine, ní b’fhearr ’ná mar a
-dh’fhéadfaidís a dh’fhághail ar aon chuma eile. Bhíodh foth-dhuine d’
-ríogra Éirean féin sa ghnó. Do thárla, an uair seo ar a bhfuilimíd ag
-trácht, go raibh duine de ríogra Éirean sa ghnó. Fé cheilt, ámhthach,
-iseadh bhí sé sa ghnó. Donn ab ainim dó, Donn mac Beathach. Ó’n dtaobh
-thiar theas de’n Mhúmhain ab eadh é agus mac rígh ab eadh é. Ó bhí
-sé deich mbliana d’aois do tugadh fé ndeara go raibh cuisidheacht
-uathbhásach aige. Nuair a bhí sé cheithre bliana déag do bheireadh sé
-ar na gioraithibh ar thaobh an ghleanna, ag ruith ’n-a ndiaigh agus
-’ghá gcasadh mar a dhéanfadh cú. Mar gheall ar an gcuisidheacht san a
-bhí aige do tugadh “Caoilte” mar leas-ainim air. Tháinig sé ag triall
-ar Bhrian chun go nglacfaí ameasg na ngiollaí turais é. Do glacadh
-láithreach é chómh luath agus do chonacthas an ruith uathbhásach a bhí
-aige. Ní raibh aon fhear ann a dh’fhéadfadh coimeád i n-aice leis i
-n-aon chor i gcúrsa reatha. Nuair a fiafraigheadh a ainim dúbhairt sé
-gur Caoilte ab ainim dó. Bhí tuairim acu go léir gur bh’ ainim bréige
-an ainim sin dó, ach ba chuma leó. Bhí fhios acu, gan ach feuchaint
-air, go raibh fuil uasal ann.
-
-Bhí sé chómh maith sa ghleacaidheacht agus ar na h-armaibh gaisge agus
-bhí aoinne d’á lucht cómhnaoíse. Fear breagh córach cumasach ab eadh
-é. Má bhí aon locht air b’é seo é. Déarfadh duine go raibh a chosa, ó
-chrománaibh go talamh, beagáinín ró fhada agus ró láidir i gcomparáid
-le n-a chabhail. Ach bhíodar téagartha thuas agus caol thíos, agus bhí
-an dá throigh ana bheag, ana theann, i dtreó go raibh neart mór agus
-meághchaint bheag ionta. Bhí an léim aige chómh maith agus bhí an ruith
-aige. An falla a bhéadh chómh h-árd leis féin do raghadh sé do léim
-thairis gan lámh ná cos a chur ann. Do ruithfeadh sé i n-aice capail
-agus do raghadh sé do léim i ndrom an chapail sin agus an capal ar
-cos-anáirde.
-
-Ní raibh sé ró fhada i gCeann Cora ameasg na ngiollaí turais nuair a
-cuireadh amach an teachtaireacht úd. Cé curfaí siar go h-Uíbh Máine ag
-triall ar Thadhg Mhór ua Chealla ach Caoilte.
-
-Chuaidh sé siar agus thug sé a theachtaireacht. Chonaic sé Tadhg
-Mór, agus chonaic sé teighlach Thaidhg Mhóir. Agus feuch. Chonaic sé
-an rígan óg. Chonaic sé Niamh. Ba bheag ná gur baineadh a mheabhair
-shaoghalta dhé glan chómh luath agus chonaic sé í. Chonaic sé áilneacht
-agus uaisleacht go minic roimis sin, i mnáibh a dhútha féin, agus i
-mnáibh eile i ndúthaíbh eile. Ní fheacaidh sé riamh roimis sin i n-aon
-mhnaoi, uasal ná íseal, aon nídh a dh’fhéadfadh sé chur i gcomparáid
-leis an solus áilneachta a tháinig os cómhair a shúl chómh luath agus
-tháinig Niamh os cómhair a shúl. Chómh luath agus d’fheuch sé uirthi
-do leath a dhá shúil air agus ba bheag ná gur leath a bhéal air,
-agus níor fhéad sé a shúile bhogadh dhi. D’fheuch sise air, agus má
-fheuch ní baoghal ná gur bhog sé dhi láithreach iad. D’ fheuch sé síos
-ar an dtalamh, agus do las sé go bun na gcluas nuair a thuig sé an
-tuathal a bhí déanta aige. Do labhair sise go breagh neamh-iongantach
-neamh-thuairimeach, agus chuir sí raint ceisteana chuige i dtaobh
-Bhriain agus i dtaobh na h-oibre a bhí ar siúbhal, agus i dtaobh na
-ríghthe agus na n-uasal eile a bhí ag teacht go Ceann Cora. Do labhair
-sí chómh cneasta leis agus chómh résúnta gur chuir sí a aigne chun
-suaimhnis i dtaobh an tuathail a bhí déanta aige.
-
-Isé chuaidh ódheas go h-Inis Cathaigh ó Uíbh Máine chun an sgéil a
-dh’ innsint do Thadhg Óg. Tháinig sé féin agus Tadhg, agus tuille des
-na h-uaislibh óga a bhí ar sgoil na mainistreach ó Chúige Conacht,
-thánadar abhaile le cois a chéile. Do ghleusadar go léir iad féin i
-n-arm ’s i n-éide agus thugadar aghaidh ar Cheann Cora. Chuaidh Niamh
-go Ceann Cora i n-aonfheacht le n-a h-athair. Chuaidh a lán eile de
-mhnáibh uaisle na h-áite ann, leis, i n-aonfheacht le n-a muintir féin.
-Do rith an giolla turais rómpa chun a dh’innsint go rabhdar ag teacht
-agus chun áite do cheapadh agus do choimeád dóibh ’n-a bhféadfaidís
-longphort a chur suas dóibh féin. Ní baoghal ná go raibh sé ann sar a
-dtáinig puínn eile, agus ná gur shocaruigh sé ar áit dheas oireamhnach
-do longphort Thaidhg Mhóir uí Chealla. Níor bh’fhada go dtáinig Tadhg
-Mór féin agus Niamh agus an teighlach go léir, agus thug daoine fé
-ndeara go raibh an giolla turais ana chúramach i dtaobh longphuirt
-Thaidhg Mhóir.
-
-Bhí longphort rígh Conacht eile i n-aice na h-áite ’n-a raibh longphort
-Thaidhg Móir uí Chealla. Bhí cuid de riogra Conacht a thug fé ndeara
-go raibh an giolla turais ana thiúsgalach ag cur gach aon nídh i n’
-áit féin i longphort Thaidhg Mhóir uí Chealla, agus bhí raint iongnadh
-ortha.
-
-Níor fágadh an giolla turais abhfad ag déanamh an tiúsgail, ámhthach.
-Do comáineadh chun siúbhail é ar theachtaireacht eile. Is air a
-glaoidhtí i gcómhnuighe nuair a bhíodh gádh le dithineas agus le
-cruinneas agus le géarchúis. Chuir duine éigin des na h-uaislibh
-leathsgéal éigin uaidh ’ghá rádh ná féadfadh sé teacht. B’éigin do
-Chaoilte dul ag triall air agus a thaisbeáint dó gur cheart dó teacht,
-go mbéadh sé ag déanamh díobhála dhó féin mura dtagadh sé agus a
-thaisbeánt dos na h-uaislibh eile go raibh sé cómh maith le h-aoinne
-acu chun dualgais fir do chómhlíonadh.
-
-Nuair a bhí na h-uaisle go léir cruinnighthe bhí mór-shluagh áluinn
-uasal acfuinneach ag Brian. Níor mhiste “gasra nár dhóich” a thabhairt
-ar an mór-shluagh san, mar a tugtar sa tsean amhrán. Ó thusnuighdar ar
-theacht bhí Meargach Gabha agus a raibh de cheártanaibh an tsaoghal
-aige ag obair go dian ag déanamh arm agus ag deisiughadh arm. Tháinig
-gaibhní i n-aonfheacht leis an muintir a tháinig. Mura mbéadh san níor
-bh’fhéidir do Mheargach teacht ar an obair. Na gaibhní a tháinig,
-ámhthach, is amhlaidh a luíghdar isteach sa n-obair a bhí ar siúbhal,
-i dteannta na ngaibhní a bhí ann rómpa, agus do stiúruigh Meargach
-an obair go léir. B’shin mar ba thúisge a bhí an obair go léir
-críochnuighthe. Do críochnuigheadh an obair go léir fé dheire agus do
-sguireadh na longphuirt agus do ghluais an mhór-shluagh chun bóthair.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XV.
-
-FIR ÉIREAN.
-
-
-Ba mhór an radharc an mhór-shluagh san. Bhí seacht cathana ann agus bhí
-os cionn trí mhíle fear ins gach cath acu san. Bhí gach cath fé n-a
-ríogra féin.
-
-Bhí Cian mac Maolmuaidh ann, ó Uíbh Eachach Múmhan, agus Dómhnall mac
-Duibh, agus bhí trí mhíle fear acu. Bhí rígh na nDéiseach ann, Mothla
-mac Faoláin, agus trí mhíle fear aige. Bhí Loíngseach mac Dúlaing ann,
-rígh Uíbh Chonaill Ghabhra, agus trí mhíle fear aige. Bhí Mac Beathach,
-rígh Ciarraighe Luachra ann agus trí mhíle fear aige. Bhí Tadhg Mór ua
-Cealla ann ó Uíbh Máine agus trí mhíle fear aige. Bhí na ríghthe agus
-na h-uaisle ann ó gach aon pháirt de Leath Mhogha, na ríghthe agus na
-h-uaisle a bhíodh ag cur cogaidh ar a chéile agus ag marbhughadh a
-chéile agus ag dísgiughadh a chéile ar gach aon tsaghas cuma go dtí gur
-chuir Brian smacht ortha, agus gur chuir sé fhiachaibh ortha, d’á lom
-deirig aimhdheóna, a leas a dhéanamh agus leas a ndaoine do dhéanamh
-agus cur le chéile i n-aghaidh namhad iasachta.
-
-Dob’ áluinn an radharc iad, ag gluaiseacht soir óthuaidh fé dhéin na
-Teamhrach. Dob’ uasal an radharc iad. Ba chómhachtach an radharc iad.
-
-Thánadar i gcómhngar na Teamhrach. Chuir Brian teachtairí ag triall
-ar Mh’lsheachlainn, ’ghá rádh gur bh’ é toil fear Éirean go ndéanfadh
-M’lsheachlainn sgaramhaint leis an Árdrígheacht i dtreó go dtabharfaí
-do Bhrian í. Gur bh’ é cúis a bhí ag fearaibh Éirean leis sin ’ná a
-luighead a bhí déanta ag M’lsheachlainn, i gcaitheamh na h-aimsire a
-bhí sé i n’ Árdrígh, chun na Lochlanach a dhíbirt a’ h-Éirinn agus chun
-cómhacht na h-Éirean do chur le chéile ’n-a gcoinnibh. Go raibh Brian
-tar éis cómhacht na Lochlanach do chur ar neamhnídh i Leath Mhogha. Dá
-mbéadh sé i n’ Árdrígh ar Éirinn an fhaid a bhí sé ’n-a rígh ar Leath
-Mhogha go mbéadh cómhacht na Lochlanach curtha ar neamhnídh aige ar
-fuaid na h-Éirean go léir. D’á luathacht a tabharfaí Árdrígheacht na
-h-Éirean dó anois gur bh’eadh ba luatha a bhéadh cómhacht na Lochlanach
-ar neamhnídh. D’á bhrígh sin nár bh’ fholáir do Mh’lsheachlainn
-sgaramhaint leis an Árdrígheacht i dtreó go dtabharfaí do Bhrian í.
-Dá mba rud é ná toileóch’ M’lsheachlainn chuige sin nár bh’fholáir d’
-fhearaibh Éirean a iaraidh ar Bhrian an Árdrígheacht a thógaint do
-thoradh catha.
-
-Thug M’lsheachlainn freagra ar na teachtairíbh.
-
-“Is liom-sa an Árdrígheacht,” ar seisean, “agus coimeádfad í. Ní’lim
-ollamh anois láithreach chun catha agus cruadh-chómhraic a dhéanamh
-chun í choimeád. Tháinig Brian anso agus mór-shluagh aige. Thóg sé a
-aimsir féin chun é féin d’ ollamhughadh agus do chur i dtreó. Tugtar
-dómh-sa mí ó’n lá indiu chun mo nirt do chruinniughadh. Má fhéadaim mo
-neart do chruinniughadh tabharfad cath do Bhrian agus d’á mhór-shluagh.
-Má theipean orm an neart a dh’oirfeadh dom do chruinniughadh tabharfad
-an Árdrígheacht do Bhrian. Má toilighean Brian chuige sin iartar air
-fanamhaint i dTeamhair agus a shlóighte do chosg ar chreachadh ná ar
-argain a dhéanamh ar an dtír mór-thímpal.”
-
-Thoiligh Brian agus d’órduigh sé na slóighte do chosg ar aon díobháil a
-dhéanamh do’n chómharsanacht.
-
-Chuir M’lsheachlainn a theachtairí ag triall ar ríghthibh agus ar
-uaislibh Leath Chuinn ’ghá iaraidh ortha teacht agus Árdrígh Éirean do
-chosaint i gcoinnibh Bhriain. Thugadar go léir caint bhreagh bhog réidh
-dos na teachtairíbh, ach níor ghealladar aon chongnamh a thabhairt.
-Dúbhairt cuid acu nár mhór dóibh aimsir a thógaint chun an sgéil a
-bhreithniughadh. Dúbhairt cuid acu go gcaithfí a leathsgéal a ghabháil
-mar ná raibh ar a gcumas teacht an uair sin le h-aon chongnamh. Dá
-nglaoidhtí bliain roimis sin ortha, nó i gceann bliana ’n-a dhiaigh
-san, go mb’ fhéidir go bhféadfaidís rud éigin fóghanta dhéanamh. Ach an
-uair sin; dá mbéadh fhios ag M’lsheachlainn féin conus a bhí an sgéal
-acu ná cuimhneóch’ sé ar a iaraidh ortha teacht ag triall air.
-
-Nuair a h-iaradh ar Aodh ua Néill teacht dúbhairt sé, go tur, nuair a
-bhíodh Teamhair agus Árdrígheacht Éirean agá thaobh féin de shliocht
-Néill go ndéinidís Teamhair agus Árdrígheacht Éirean do chosaint
-ar namhdaibh iasachta agus ar Leath Mhogha Nuadhat. Dá mbéadh an
-Árdrígheacht acu anois go ndéanfaidís an chosaint chéadna. B’é sin le
-rádh, mura raibh M’lsheachlainn ábalta ar an Árdrígheacht do chosaint
-nár bh’fhearra dhó rud a dhéanfadh sé ’ná í thabhairt do’n fhear a
-chosnoch’ í; nó í thabhairt do Bhrian.
-
-Nuair a fuair M’lsheachlainn nár bh’ aon mhaith dhó bheith ag brath ar
-chongnamh ó-s na ríghthibh thuaidh isé rud a dhein sé ’ná dírim beag
-marcach a thabhairt leis agus teacht chun cainte le Brian. Do ghlac
-Brian é le h-uraim agus le mórchroídhe. D’inis sé do Bhrian conus a bhí
-caillte air ag ríghthibh leath Chuinn agus an easonóir a bhí tabhartha
-ag Ua Néill dó.
-
-“Ní foláir dom géilleadh dhuit, a Bhriain,” ar seisean, “nuair ná fuil
-ar mo chumas cur ad’ choinnibh.”
-
-Do stad Brian agus dhein sé a mhachtnamh.
-
-“A Árdrígh,” ar seisean, “ní h-alaidh dhómh-sa aon éagcóir a dhéanamh
-ort. Má’s toil le fearaibh Éirean an Árdrígheacht so thabhairt dómh-sa
-isé a gceart í thabhairt dom. Má ’sé a dtoil í choimeád agat-sa isé a
-gceart í choimeád agat. B’fhéidir ná fuil fios aigne fear Éirean fós
-agat-sa ná agam-sa sa sgéal. I dtreó nách féidir choídhche a rádh gur
-dhéineas éagcóir ort socaruighmís mar seo é. Bíodh bliain agat chun do
-nirt a chruinniughadh agus chun tu féin a chur i dtreó. Ansan, má bhíon
-tú ábalta air, cosain tú féin orm.”
-
-Bhí iongnadh a chroídhe ar Mh’lsheachlainn nuair airigh sé an chaint
-sin.
-
-“Tá go maith, a rígh,” ar seisean. “Is fial an socarughadh é!” ar
-seisean. “Mura mbéad-sa ábalta an uair sin ar mé féin a chosaint ort-sa
-tabharfad an Árdrígheacht duit gan chosnamh, agus tabharfad geill anois
-duit go seasóchad an socarughadh san.”
-
-“Ní iarfad-sa aon gheall ort,” arsa Brian, “ach do bhriathar rígh.”
-
-Ansan do bhronn Brian dhá chéad agus dachad capal, des na capailibh ab
-fhearr a bhí aige, ar Mh’lsheachlainn, agus thug sé seóid éigin uasal
-do gach fear des na fearaibh a bhí i n’ fhochair, agus do sgaradar,
-agus tháinig Brian agus a mhór-shluagh abhaile go Ceann Cora.
-
-Tá adhbhar machtnaimh sa méid sin gnótha agus is fiú an gnó machtnamh
-a dhéanamh air. Bhí mór-shluagh ag Brian. Ní raibh aon neart slógh
-ag M’lsheachlainn. Cad ’n-a thaobh nár dhéin Brian prísúnach de
-Mh’lsheachlainn láithreach bonn, agus an Árdrígheacht do thógaint
-chuige féin? Cad a déanfaí thall i Sasana aon lá le h-ocht gcéad blian
-dá mba thall i Sasana bhéadh an t-imreas ar siúbhal? Cad a dhein an
-ceathramhadh Hamhrí, an fear ar a dtugtí Bolingbroke, nuair a bhain sé
-rígheacht Shasana de’n tarna Risteárd? Dhein sé prísúnach láithreach
-de’n tarna Risteárd agus ansan níor bh’ fhada gur mhairbh sé é. Ní
-fhéadfadh sé a thuisgint i n’ aigne go raibh sé féin ó bhaoghal ná
-go raibh greim ceart ar an rígheacht aige go dtí go raibh Risteárd
-curtha chun baís aige. Feuch ar an dtrímhadh Risteárd, thall i Sasana.
-Chun teacht ar rígheacht Shasana agus chun na rígheachta choimeád dó
-féin do mhairbh sé a ghaolta go léir díreach mar a mharbhóch’ búistéir
-muca! Feuch siar ortha go léir, ó’n lá a tháinig Uilliam agus a shluagh
-Nórmánach isteach, go dtí gur bhain na daoine an chómhacht as a
-lámhaibh ar fad nách mór, agus nár fágadh acu ach ainim na cómhachta.
-Cad a bhí acu ’á dhéanamh i gcaitheamh na h-aimsire go léir ach ag sádh
-a chéile agus ag tachtadh a chéile ag baint na rígheachta d’á chéile!
-
-Cad ’déarfadh duine acu súd dá n-airigheadh sé an chaint úd a thárla an
-lá úd, idir Bhrian agus M’lsheachlainn? “Ní’lim ollamh anois chun catha
-thabhairt duit, a Bhriain,” arsa M’lsheachlainn. “Tabhair mí dhom chun
-mo nirt do chruinniughadh agus ansan tabharfaidh mé cath dhuit chun na
-h-Árdrígheachta do chosaint ort.”
-
-Cad ’déarfadh Bolingbroke dá n-abradh an tarna Risteárd an chaint sin
-leis? “Ní’lim ollamh anois, a Bholingbroke, chun catha thabhairt duit.
-Tá mo neart sgaipithe uaim. Ní’lim ach tagaithe a leith ó Éirinn mar
-a rabhas a d’iaraidh smacht a chur ar mhuintir na h-Éirean. Tabhair
-mí dhom chun mo nirt do chruinniughadh. Ansan tabharfaidh mé cath
-dhuit chun mo rígheachta do chosaint ort.”--Cad é an sgeartadh gáire
-a dhéanfadh Bolingbroke d’á n-airigheadh sé caint de’n tsórd san ó
-Risteárd! Ba dhóich liom ámhthach, go ndéanfadh Risteárd féin sgeartadh
-gáire ba mhó ’ná é dá n-airigheadh sé an chaint eile úd ó Bholingbroke:
-“Ní h-eadh, a Risteáird, ach tabharfaidh mé bliain duit chun do nirt a
-chruinniughadh!”
-
-Ach siní díreach an saghas cainte do thárla idir Bhrian agus
-M’lsheachlainn i dtaobh Árdrígheachta na h-Éirean, agus níor chuir an
-chaint iongnadh ar aoinne de’n bheirt, ná ar aoinne de ríghthibh ná
-d’uaislibh na h-Éirean a bhí ag éisteacht léis an gcaint.
-
-Níor thárla an chaint sin ná aon chaint d’á sórd, idir Bholingbroke
-agus Risteárd. Murar thárla do thárla gur thóg Bolingbroke chuige
-rígheacht Shasana, agus gur chuir sé Risteárd chun báis le h-eagla gó
-mb’ fhéidir gó dtiocfadh le Risteárd a neart do chruinniughadh agus an
-rígheacht a bhaint dé airís.
-
-Do thárla an chaint idir Bhrian agus M’lsheachlainn. Má thárla do
-thárla gur tugadh an mí do M’lsheachlainn. Níor fhéad sé aon neart do
-chruinniughadh i gcaitheamh an mhí. Ansan do tugadh an bhliain dó. Níor
-fhéad sé aon neart do chruinniughadh i gcaitheamh na bliana ach chómh
-beag agus d’ fhéad sé é chruinniughadh i gcaitheamh an mhí.
-
-Ansan do tugadh an Árdrígheacht do Bhrian----agus níor chuir Brian
-M’lsheachlainn chun báis. Níor chuir, ach má seadh do deineadh rígh
-cúige de Mh’lsheachlainn, agus bhí sé chómh maith chómh dílis de
-rígh cúige le h-aon rígh eile cúige d’á raibh i n-Éirinn. Bhí an
-Árdrígheacht ag Brian agus níor mhairbh sé aoinne chun í fhághail ná
-chun í choimeád.
-
-Míle blian sar ar thárla an méid sin cainte agus an méid sin gnótha
-idir Bhrian agus M’lsheachlainn do thárla caint de’n tsaghas chéadna
-agus gnó de’n tsaghas chéadna idir dhá rígh eile a bhí i n-Éirinn
-an uair sin. B’iad dhá rígh iad san ’ná Conchubhar mac Neasa agus
-Feargus mac Róig. Bhí Feargus mac Róig ’n-a rígh ar Chúig’ Uladh. Do
-chuir Conchubhar mac Neasa Feargus as an rígheacht, agus dhein sé rígh
-ar Chúig’ Uladh dhé féin. Ansan feuch cad a thuit amach. Ar chuir
-Conchubhar Feargus chun báis le n-eagla go n-eireóch’ sé ’n-a choinnibh
-agus go gcuirfeadh sé as an rígheacht airís é? Níor chuir. A mhalairt
-sin ar fad iseadh do thuit amach. D’ fhan Conchubhar suidhte go
-daingean sa rígheacht agus bhí caradas dlúth idir é agus Feargus, agus
-ní raibh aon chómhairleach aige ba ghiora dh’á chroídhe ’ná Feargus,
-ná ba dhílse dhó ’ná Feargus, go dtí gur dhein sé féin an feall mór ar
-chlainn Uisnigh.
-
-Cad ’n-a thaobh gur fhéad an dá nídh sin tuitim amach ar an aon chuma
-amháin sin i n-Éirinn fad ó agus an míle blian san eatartha? Ní’l ach
-aon fhreagra amháin le tabhairt ar an gceist sin. Sidé an freagra.
-Bhí i n-Éirinn, i gcaitheamh an mhíle blian san, cómhacht éigin a bhí
-níba threise ’ná na ríghthe. Chuir an chómhacht san fhiachaibh ar
-Fheargus luighe isteach i ngnó na rígheachta fé smacht Chonchubhair,
-agus chuir sí fhiachaibh ar Chonchubhar gan aon éagcóir a dhéanamh ar
-Fheargus. Chuir an chómhacht san fhiachaibh ar an mbeirt ceart a chéile
-dh’ admháil agus beart a dhéanamh do réir chirt a chéile. Thug san
-deimhne do Chonchubhar nár bhaoghal dó Feargus, agus thug san deimhne
-d’ Fheargus nár bhaoghal dó Conchubhar. Ó n-ár n-aithne ar Chonchubhar
-is deimhin dúinn, mura mbéadh a fhios a bheith aige nár bhaoghal dó
-Feargus, agus mura mbéadh nár bh’fhéidir dó gabháil i gcoinnibh na
-cómhachta a thug an deimhne sin dó, go gcuirfeadh sé Feargus chun báis
-tapaidh go leór.
-
-Cad í an chómhacht í sin a chuir an smacht uathbhásach san ar an dá
-rígh sin an uair sin, i n-Éirinn, agus do chuir an smacht céadna ar
-an dá rígh eile, ar Bhrian agus ar Mh’lsheachlainn, míle blian ’n-a
-dhiaigh san? Ainimnighthear an chómhacht san go minic i seanachus na
-h-Éirean. “Firu Éirean” a tugtar ar an gcómhacht san i seanachus na
-h-Éirean. “Aigne na ndaoine,” nó “an aigne phoibilidhe” a tugtar i
-mBéarla anois ar an gcómhacht san.
-
-Nuair a bhíon ag an bpoibilídheacht eólus agus tuisgint agus éirim
-aigne, agus nósa láidire daingeana, cúmtha as an eólus san agus as
-an dtuisgint sin agus as an éirim aigne sin le taithíghe agus le
-h-imtheacht aimsire, ní bhíon sé ar chumas aon duine, dá mbéadh sé
-’n-a rígh seacht n-uaire, gabháil i gcoinnibh aigne agus toile na
-poibilidheachta san, go mór mór, ins na neithibh ar a mbíon aigne na
-poibilidheachta socair. D’á mhéid iad an t-eólus agus an tuisgint agus
-an éirim aigne, sa phoibilidheacht, iseadh is treise agus iseadh is
-uaisle an chómhacht, agus iseadh is iomláine a theidhean an chómhacht i
-bhfeidhm.
-
-Bhí an chómhacht san i bhfeidhm i n-Éirinn i n-aimsir Chonchubhair
-mhic Neasa. Bhí sí i bhfeidhm i n-Éirinn i n-aimsir Bhriain agus
-Mh’lsheachlainn. Do chothuigh na ríghthe féin an chómhacht san i
-n-Éirinn mar bhí fhios acu gur bh’ é a mbuac í chothughadh agus í
-choimeád neartmhar. Bhí fhios acu, bíodh nár bh’fholáir dóibh bheith
-úmhal di i neithibh áirighthe, ná raibh nídh ar bith ab fhearr ’ná í
-chun a n-ughdaráis féin do chur i bhfeidhm, ar gach aon tsaghas cuma
-’n-ar bh’ é a leas a n-ughdarás do dhul i bhfeidhm.
-
-Taisbeánan an méid sin go léir go raibh i n-Éirinn fadó, ó aimsir
-Chonchubhair mhic Neasa go dtí aimsir Bhriain, uaisleacht phoibilidhe,
-agus úmhluigheacht phoibilidhe do dhlighthibh agus do nósaibh maithe
-uaisle, nách ró fhuiriste a leithéid a dh’fheisgint anois i n-aon
-treabhchas daoine d’á bhfuil suas.
-
-Ná ropairí Gallda so a mheasfadh a chur ’n-a luighe ar dhaoinibh anois
-ná raibh i n-Éirinn fadó ach daoine fiaine, deinidís machtnamh ar an
-méid sin. Agus an chuid d’ár ndaoine féin nár chuid ba lúgha ’ná a
-fhonn a bhéadh ortha géilleadh d’ éitheach na ropairí sin, deinidís
-machtnamh ar an méid sin.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XVI.
-
-FEAR NA gCOS.
-
-
-An fhaid a bhí an mhór-shluagh ag dul ó Cheann Cora soir óthuaidh
-go Teamhair, bhí Meargach agus na gaibhní ab fhearr a bhí aige i
-bhfochair an tslóigh. Bhí seacht cinn de cheártanaibh aige agus iad
-ar rothanaibh agus na gaibhní ag obair ionta. Ceárta acu ag gabháil
-le gach cath des na seacht cathanaibh. Tháinig gaibhní ó’n mbaile
-le cuid des na cathanaibh, ach nuair a tháinig na cathana go léir i
-bhfochair a chéile do cuireadh na gaibhní go léir fé smacht Mheargaigh.
-Bhí siúinéirí, leis, ann chun pé obair adhmaid a bhéadh riachtanach
-do dhéanamh. Agus bhí mná uaisle ann, mná agus deirbhshéracha agus
-ingheana na ríghthe agus na dtaoiseach a bhí ar na cathanaibh. Bhí ana
-thuisgint ag na mnáibh uaisle sin ins gach nídh a bhain le h-aireachas
-a thabhairt do dhaoine gunta, agus thugadar leó ó’n mbaile na córacha
-a bhí riachtanach dóibh chun na h-oibre sin. Thug gach bean uasal
-díobh léi, leis, raint ban eile mar sheirbhíseacha agus bhí na mná
-go léir, idir sheirbhíseacha agus mná uaisle, ana thuisgionach sa
-ghnó a bhí le déanamh acu. Measaim, nuair a bhíodh cath ar siúbhal,
-gur bh’fhearr an t-aireachas a thugadh na mná san an uair sin dos na
-fearaibh gunta ’ná mar a tugtar anois dóibh nuair a bhíon cath ar
-siúbhal. Is dóich le liaghaibh agus le dochtúiribh na h-aimsire seo
-gur mó agus gur fearr go mór an t-eólus atá acu féin ’ná mar a bhí ag
-aoinne sa tsean aimsir. Tá dearmhad mór ortha. Imtheóchaidh garsún
-anois agus foghlumóchaidh sé raint bheag Laidne. Ansan imtheóchaidh
-sé isteach i gcoláiste éigin. Tabharfaidh sé formhór na h-aimsire sa
-choláiste sin ag imirt chártaí agus ag cuideachtanas agus ag ól.
-Déanfaidh sé iaracht ar cheisteanaibh áirighthe do thógaint agus ar iad
-do fhreagairt. Ansan tiocfaidh sé chúghainn amach agus é n-a dhochtúir!
-Ansan beidh ár n-anam i láimh an dochtúra san! Bhí níos mó eóluis ag
-cuid de mhnáibh na sean aimsire ’ná mar atá ag formhór na ndochtúirí
-seo anois againn. Eolus as leabhraibh atá acu so. Eolus as an obair a
-bhí acu súd. Do fuaradh an t-eólus as an obair. Choimeád na mná é agus
-thugadar d’á n-ingheanaibh é, agus bhí an obair agus an taithighe ’ghá
-chur i méid agus i gcruinneas ó shliocht go sliocht. I n-éaghmuis an
-eóluis a bheith ag na mnáibh bhí deimhne eile ag fearaibh gunta ins na
-seana chogaíbh úd ar aireachas maith a dh’fhághail. Na mná a bhíodh ag
-tabhairt an aireachais dóibh b’ iad a ngaolta féin iad, a mná pósta nó
-a ndeirbhshéracha.
-
-Bhíodh na giollaí turais go líonmhar i gcómhnuíghe i n-armáil Bhriain.
-Bhídís ag gluaiseacht ar an uile shaghas teachtaireachta ó Bhrian
-chun na mbuidhean eile de’n tsluagh nó chun na n-uasal a bhíodh sa
-chómharsanacht. Bhídís roimis an sluagh amach ag réidhteach na mbóithre
-nó ag déanamh an eóluis, ’ghá dhéanamh amach ciacu bóthar ab fhearr nó
-ba réidhe nó ba chómhngaraíghe. Mar sin ní bhídís choídhche daingean i
-n-aon áit amháin de’n tsluagh. Bheireadh a ngnó sa tímpal iad i dtreó
-go mbídís tamal ins gach aon bhuidhin.
-
-Níor bh’ fhada gur tugadh fé ndeara go mbíodh Caoilte i mbuidhin
-Thaidhg Mhóir uí Chealla níba mhinicíghe go mór ’ná mar a bhíodh sé
-i n-aon bhuidhin eile, pé cúis a bhí aige leis. Bhíodh daoine ’ghá
-fhiafraíghe d’á chéile cad iad na teachtaireachtaí móra a bhíodh ag
-Brian le cur, chómh minic sin, ag triall ar Thadhg Mhór ua Chealla
-seachas aon rígh eile d’á raibh ar an sluagh. Ansan do tugtí mar
-fhreagra ar fhiafraighe de’n tsórd san: “Nách ’mó gnó a bhéadh ag
-giolla turais i mbuidhin Thaidhg Mhóir uí Chealla i n-éaghmais aon
-teachtaireacht a thabhairt ó’n rígh?”
-
-Ansan déarfadh duine eile: “Bíon daoine nách giollaí turais ag teacht
-chun buidhne Thaidhg Mhóir uí Chealla.”
-
-“Bíon go díreach,” a déarfadh duine eile, “agus ní ró mhór an fháilte a
-bhíon ag uaislibh buidhne Thaidhg rómpa.”
-
-“Cad é an chúis ná béadh fáilte ag uaislibh buidhne Thaidhg rómpa,
-airiú?” adéarfadh áilteóir a bhéadh ’ghá leigint air nár thuig sé an
-sgéal.
-
-“Oidhe, nách neamh-thuisgionach an duine thu!” a déarfadh duine eile.
-“Ná fuil fhios agat go maith conus mar atá an sgéal ag uaislibh
-óga Conacht i dtaobh inghíne Thaidhg? Go bhfuil gach aoinne acu ag
-cailleamhaint a mheabhrach a d’iaraidh go bhfaghadh sé féin í le
-pósadh. Táid siad i rachtaibh an anama bhaint as a chéile mar gheall
-uirthi, ach nuair a thagan aon fhear iasachta isteach sa bhuidhin bíd
-siad go léir i n-aonfheacht i rachtaibh an anama bhaint as san.”
-
-“Agus ar ndó’ tá fhiós ag an saoghal,” adéarfadh duine eile as a
-mhachtnamh, “nách í Niamh atá ag tarang Chaoilte chun buidhne Thaidhg
-Mhóir.”
-
-“Dar fiadh,” a déarfadh duine eile, “ach má thuigid uaisle óga Conacht
-agus na h-uaisle óga eile gur mar gheall ar Niamh atá Caoilte ag dul
-chómh minic chun na buidhne sin beidh an sgéal go h-olc aige sar a
-gcuirfidh sé puínn eile aimsire dhé.”
-
-“Tá an sgéal go h-áiféiseach acu go léir,” a déarfadh duine eile. “Ní’l
-blúire binne ag Niamh ar aoinne acu, amuich ná i mbaile. Is measa léi a
-h-athair ’ná aon fhear beó, uasal ná íseal.”
-
-Sin mar a bhídís ag caint agus ag cur thré chéile. An fhaid a bhí an
-mhór-shluagh ag gabháil óthuaidh ó Cheann Cora go Teamhair ní ró mhór
-an suim a curtí sa chaint. Bhí tuairim ag na fearaibh go mb’ fhéidir
-go raibh obair throm rómpa, cathana fuilteacha b’fhéidir. Nuair a bhí
-an chuaird tabhartha agus an tsíthcháin déanta agus an mhór-shluagh
-ag filleadh go Ceann Cora bhí aigne gach aoinne saor ó bhuaireamh
-agus bhí gach aoinne níba thugtha do shult ’ná do ghruaim. Do thuig
-na ríghthe agus na taoisigh, ó bhí san mar sin, gur cheart spórt agus
-caitheamh aimsire chur ar bun, i dtreó, nuair a stadfaí i gcóir na
-h-oídhche i gcómhnuighe, go mbéadh rud éigin chun daoine choimeád
-go suairc agus go sultmhar. Do cuireadh a lán neithe ar siúbhal. An
-ghleacaidheacht úd a bhíodh i gCeann Cora do cuireadh ar siúbhal
-raint di. Bhíodh rith agus léimreach agus iomrasgáil ar siúbhal, agus
-caitheamh cloch araige, agus a lán cleasaidheachta a thaisbeánfadh
-neart agus fuinneamh. Bhíodh uasal agus íseal measgaithe ar a chéile
-sa ghleacaidheacht. Uaireanta bhíodh buadh ag an uasal agus uaireanta
-bhíodh buadh ag an íseal.
-
-Bhí ógánach uasal ar teighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla agus Conn
-ab ainim dó. Thug sé fé ndeara Caoilte ag teacht chómh minic chun
-teighlaigh Thaidhg Mhóir. Níor thaithn san leis. Ní leigfeadh sé air,
-ámhthach, gur bh’ aon éad a bhí air. Is amhlaidh a bheidhfí ag magadh
-faoí dá leigeadh. Níor fhág san é gan a thaisbeáint nár thaithn an
-giolla turais leis. Thug sé leasainim air, “Cosa Buídhe Árda.”
-
-“Feuch,” adeireadh sé, “tá Cosa Buídhe Árda chúghainn.” Thugadh sé
-“Caoilte Cosach,” leis, air, agus “Fear na gCos.”
-
-Mac ab eadh an Conn san do Mhaolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrach
-Áidhne, agus ógánach ana chródha ab eadh é. Bhí sé go maith ar an
-uile shaghas gnímh, ach bhí sé thar bár i ngníomh reatha nó i ngníomh
-iomrasgála.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XVII.
-
-“BÍODH CIALL AGAT.”
-
-
-Do cuireadh rásana ar bun. Na giollaí turais isiad ba mhó a chuaidh ag
-ruith na rás. Cheap Conn go mbainfeadh sé cuid de’n mhóráil d’ “Fhear
-na gCos,” dar leis. Chuaidh sé isteach ar na rásanaibh. Níor chuaidh
-Caoilte isteach ortha i dtusach. D’ fhág sé ag na giollaíbh eile iad.
-Níor dhein Conn a dhícheal i dtusach. Do leig sé bár le duine des na
-giollaíbh. Ar ball do deineadh tathant ar Chaoilte dul isteach. Do
-chuaidh. Do rith Conn i dtreó gur choimeád sé suas le Caoilte, le “Fear
-na gCos,” dar leis. Níor bh’fhada gur fhág an bheirt na giollaí lastiar
-díobh ar fad. Do ghéaruigh Conn. Má ghéaruigh do choimeád Caoilte
-suas leis. Do ghéaruigh sé tuille. Má ghéaruigh do choimeád Caoilte
-suas leis. Do ghéaruigh sé go dtí ná raibh ann géarughadh a thuille.
-Choimeád Caoilte suas leis. Ansan d’fháisg Caoilte chun an reatha agus
-do ghluais sé amach ó Chonn i dtreó gur dhóich leis na daoine ná raibh
-Conn ag ruith i n-aon chor! Do stad Conn. D’eirigh an liú ó n-a raibh
-ag feuchaint ortha i dtreó gur chrith an talamh fé chosaibh na ndaoine
-go léir. Ní de Chaoilte a baineadh an mhóráil ach de Chonn, agus do
-baineadh an mhóráil i gceart dé.
-
-“Seadh!” adeireadh na h-uaisle eile leis agus iad ag gáirí, “siné ‘Fear
-na gCos’ agat! Siniad na cosa buídhe árda agat! Má táid siad fada tá
-fuinneamh ionta. Is uathbhásach an ruith atá aige. Ní fheaca a leithéid
-de chuisidheacht i gcosaibh duine riamh.”
-
-Do críochnuigheadh an spórt. Bhí Conn agus na h-uaisle eile a bhain
-le teighlach Thaidhg Móir uí Chealla ag caint agus ag trácht ar an
-ngníomh uathbhásach reatha a dhein Caoilte. Cé chífí ag teacht fé n-a
-ndéin ach Caoilte féin. Do bheannuigh sé dhóibh. Bheannuighdar dó.
-Dheineadar raint cainte. Níor labhair Conn sa chaint. Bhí sé gruama,
-dothíghsach go maith. Fé dheire do labhair sé as a mhachtnamh féin,
-agus ní ró chneasda an focal a dúbhairt sé.
-
-“Má tá teachtaireacht agat ó Bhrian, a ghiolla,” ar seisean, “b’
-fhearra dhuit imtheacht agus an teachtaireacht a thabhairt. Ní maith an
-teachtaire teachtaire ríghin.”
-
-“Ní’l aon teachtaireacht agam ó Bhrian, a rígh,” arsa Caoilte.
-
-“Ó, an eadh?” arsa Conn. “Níor mheasas go bhféadfadh aon ghnó eile thu
-thabhairt anso ach teachtaireacht éigin a bheith agat ’á thabhairt ó
-Bhrian ag triall ar Thadhg Mhór ua Chealla.”
-
-“Tá faobhar ar do ghuth, a rígh,” arsa Caoilte. “Ní’l aon ghádh leis
-an bhfaobhar. Má bhuadhas ort ba chóir go bhféadfá é dh’ fhulang mar a
-dhéanfadh fear. Ní dócha gur b’ amhlaidh a mheasfá dhom gan mo dhícheal
-a dhéanamh.”
-
-“Ní tu buachtaint orm sa ruith atá ag déanamh aon bhuartha dhom, a
-ghiolla,” arsa Conn. “Ní raibh aon cheart agam dul sa ruith i n-aon
-chor. Ní ró mhaith a dheineas é agus mé féin a chur i gcomparáid le
-giolla turais.”
-
-B’ fhuiriste aithint air go raibh árd fhearg air. Bhí an chaint ’ghá
-thachtadh ba dhóich leat. Chaitheadh sé stad idir gach aon dó nó trí
-fhocalaibh le tocht feirge.
-
-“Tá fearg ort, a rígh,” arsa Caoilte. “Ní fheicim cad fhéadfadh an
-fhearg a chur ort ach mise do bhuachtaint ort sa ruith. Ní bhuadhfainn
-ort mura mbéadh tu theacht am’ choinnibh sa ruith. B’fhéidir nár bh’
-fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís ’ná sinn féin a thriail i ngníomh
-éigin eile. B’fhéidir dá dtrialaimís sinn féin i ngníomh éigin eile go
-bhfaghfá an lámh uachtair orm agus ansan go n-imtheóch’ an fhearg díot.”
-
-Níor fhéad na h-uaisle eile gan sgeartadh gáire dhéanamh, do labhair
-Caoilte chómh réidh sin agus an fhearg chómh fíochmhar san ar an bhfear
-eile.
-
-“Dá mba mhac rígh thu,” arsa Conn, “níor mhiste dhuit labhairt ar an
-gcuma san. Agus dá mba mhac rígh thu níor mhiste dhuit, b’fhéidir,
-bheith ag teacht anso ar an ngnó a thugan ann tu. Ach giolla turais!”
-
-Níor thug Caoilte freagra ar an gcaint sin. D’iompuigh dath bán ar a
-ghnúis. D’fheuch sé n-a thímpal ar na h-uaislibh eile. Bhí Niamh agus a
-h-athair ag éisteacht leis an gcaint. Ní fheidir sé cad ba mhaith dhó
-a rádh ná cad ba mhaith dhó a dhéanamh. Bhuail Niamh chúcha anall go
-breagh réidh. Bhíodar go léir ag úmhlúghadh dhi láithreach.
-
-“A Chuinn,” ar sise le Conn, “tá gnó éigin ag Brian díot-sa. Oirean
-dómh-sa leis dul chun cainte leis. Fan liom ansan tamal beag agus
-beidh mé i n-aonfheacht leat ag dul ag triall air. Tar-sa a leith anso
-go fóil, a ghiolla,” ar sise le Caoilte. “Tá teachtaireacht agam le
-tabhairt duit.”
-
-Nuair a bhí sí féin agus Caoilte a’ raon na gcluas do labhair sí.
-
-“A Chaoilte,” ar sise, “tabhair aire agus ná leig ort go gcuirfidh an
-nídh atá agam le rádh leat aon iongnadh ort. Táid na h-uaisle sin go
-léir ag faire orainn. Tá fhios agam-sa cad a thugan anso thu. Agus tá
-fhios ag Conn cad a thugan anso thu. An nídh céadna a thugan anso é
-féin, agus tuille acu. Mheasas go dtiocfadh liom a chur ’n-a luíghe ar
-a n-aigne, gan a bheith orm labhairt, gur gnó gan éifeacht an gnó atá
-’ghá dtabhairt anso. Táim-se ceapaithe, a Chaoilte, ar mo shaoghal do
-chaitheamh ag tabhairt aire dom’ athair an fhaid is toil le Dia é féin
-agus mise dh’ fhágaint ar an saoghal. Má’s ar m’ athair is túisge a
-ghlaodhfaidh Dia, fanfad singil ar an saoghal so go leanad é.--Imthigh
-anois, a Chaoilte, agus bíodh mo bheannacht agat, agus má’s maith leat
-pósadh cuimhnigh ar mhnaoi éigin eile. Imthigh leat láithreach, i dtreó
-go measfar gur ad’ chur ar theachtaireacht atáim.”
-
-D’imthigh Caoilte.
-
-D’fhill Niamh ag triall ar na h-uaislibh a bhí ag feitheamh léi.
-
-“Téanam, a Chuinn,” ar sise le Conn. Thugadar aghaidh ar phubal Bhriain.
-
-Mac drithár céile do Bhrian ab eadh Conn. Drifiúr do Mhaolruanaidh
-na Paidre, do rígh Ua bhFiachrach Áidhne, ab eadh an chéad bhean a
-bhí pósta ag Brian. B’í sin máthair Mhurchadh, agus ba léi tuille de
-chlainn Bhriain, leis.
-
-Nuair a thánadar chun cábáin Bhriain chonacadar Murchadh agus beirt nó
-tríur d’ uaislibh Dál gCais ’n-a seasamh lasmuich de’n chábán.
-
-“D’ oirfeadh dúinn labhairt leis an rígh, a Mhurchadh,” arsa Niamh.
-
-“Anois díreach a thánamair uaidh, a rígan,” arsa Murchadh. “Dé
-bheata-sa, a Chuinn,” ar seisean. “Raghad isteach, a rígan,” ar seisean
-le Niamh, “agus neósfad dó thu bheith anso. Ní’l aoinne i n’ fhochair
-istigh ach Maolshuathain, an sagart.”
-
-B’é Maolshuathain anamchara Bhriain. Anamchara a tugtí an uair sin ar
-oide faoisdine.
-
-Chuaidh Murchadh isteach. Níor bh’fhada gur fhill sé amach.
-
-“Téanam, a rígan,” ar seisean le Niamh.
-
-Chuaidh Niamh isteach agus do fágadh Conn amuich. D’úmhluigh sí do
-Bhrian mar ba cheart, agus d’úmhluigh sí do Mhaolshuathain. Ansan do
-labhair sí.
-
-“Thánag ag triall ort, a rígh,” ar sise le Brian, “chun go n-iarfainn
-ort congnamh a thabhairt dom feuchaint a’ bhféadfainn a chur fhiachaibh
-ar chuid d’ ár n-uaislibh óga bheith síthchánta le n-a chéile.”
-
-“Ba chóir, a ’nghean ó,” arsa Brian, “nár bheag dóibh na Lochlanaigh
-a bheith le troid acu agus gan bheith ag troid eatartha féin. Cad é an
-congnamh is dóich leat a dh’fhéadfainn a thabhairt duit, a Niamh?”
-
-“Ní ró fhuiriste dhóm ainim a chur ar an gcongnamh, a rígh,” arsa
-Niamh, “ach táim ’ghá thabhairt fé ndeara go bhfhuil cuid acu go
-fíochmhar agus go feargach le n-a chéile, agus measaim gur mise fé
-ndeár é.”
-
-“Ó, tuigim,” arsa Brian. “Éad atá ortha. Measan gach fear acu gur aige
-féin is ceart tu bheith mar mhnaoi, agus tá sé i rachtaibh an anama
-bhaint as aon fhear eile a dhéanfadh oiread agus feuchaint ort.”
-
-“Cúis gháire chúgainn, a rígh,” arsa Niamh, agus go gháir sí féin, “is
-cruinn díreach a bhuailis do mhéar air!”
-
-“Ba dhóich liom, a Niamh,” arsa Brian, “ná fuil aoinne chun an
-sgéil sin do shocarughadh ach tusa féin, agus d’á luighead baint a
-bheidh agam-sa ná ag aoinne eile leis an sgéal gur b’ eadh is fearr
-a dhéanfair é shocarughadh. Inis dóibh lom díreach cé ’cu dhíobh a
-phósfair. Gabhaim-se orm go gcuirfidh san deire leis an imreasán.”
-
-“Do chuirfeadh gan amhras, a rígh, san deire leis an imreasán,” ar
-sise, “ach ní féidir dom san a dh’innsint dóibh, mar ní phósfad aoinne
-acu. Tá m’ aigne socair, a rígh,” ar sise, “ar gan pósadh choídhche.”
-
-Do stad sí. Níor labhair aoinne ar feadh tamail. Ansan do labhair Brian.
-
-“Déanfad-sa aon nídh is maith leath, a ríghan,” ar seisean.
-
-“Tá duine acu anso amuich, a rígh,” ar sise, “agus dá mb’ áil leat
-glaodhach isteach air agus a rádh leis ciall a bheith aige. Gaol duit
-féin iseadh é. Mac do rígh Ua bhFiachrach Áidhne iseadh é. Do labhair
-sé go h-ana fheargach o chiainibh le duine eile.”
-
-Do glaodhadh isteach ar Chonn. Nuair a tháinig sé isteach do labhair
-Brian leis.
-
-“A Chuinn, a mhic ó,” ar seisean, “mheasas go raibh ciall agat-sa.”
-
-Ní fheidir Conn an tsaoghal cad é an bun a bhí leis an gcaint. Níor
-labhair sé.
-
-“Do h-iaradh orm labhairt leat agus a rádh leat ciall a bheith agat,”
-arsa Brian agus é ag gáirí.
-
-Níor labhair Conn focal. Ní fheidir sé cad ba cheart dó a rádh, agus
-cheap sé gur bh’fhearr éisteacht.
-
-Do labhair an sagart.
-
-“B’fhéidir nár bh’fhearr rud a déanfaí’ná an ceann a bhaint de’n sgéal
-duit, a Chuinn,” ar seisean.
-
-“Leig dómh-sa imtheacht, a rígh,” arsa Niamh.
-
-Chrom Brian a cheann chúichi, agus d’ imthigh sí amach.
-
-“Do labhrais go feargach ó chiainibh, a Chuinn,” arsa’n sagart. “Is
-dócha go bhfuil fhios agat féin cad é an chúis a bhí agat leis an
-bhfeirg. Ní’l agam-sa le rádh leat ach an méid seo. Tá socair ’n-a
-h-aigne féin ag inghín Thaidhg Mhóir uí Chealla gan pósadh choídhche.”
-
-“Siné cúis, a Chuinn,” arsa Brian, “gur h-iaradh orm-sa labhairt
-leat-sa agus a rádh leat ciall a bheith agat.”
-
-“Agus, a Chuinn,” arsa’n sagart, “féadfair-se a dh’innsint d’á thuille,
-fé mar a thuigfir féin gur gádh é, ná fuil aon bhreith ag aon fhear go
-deó ar inghín Thaidhg Mhóir a dh’fhághail le pósadh.”
-
-“Imthigh leat anois, a mhic ó,” arsa Brian, “agus bíodh ciall agat.”
-
-D’imthigh Conn gan labhairt. Bhí sé ag dul ó dhearg go bán agus ó bhán
-go dearg an fhaid a bhí sé ag éisteacht leó, agus ansan d’imthigh sé
-gan labhairt.
-
-Dhein sé an rud a dúbhradh leis, ámhtach. D’inis sé an rud a h-innseadh
-dó. As san amach níor deineadh a thuille éada mar gheall ar Niamh. Má
-’seadh, níor luíghduigh san an uraim a bhí acu go léir di. Ba dhóich
-leat gur mhéaduigh sé an uraim. Má bhíodar úmhal di roimis sin ba
-dhóich leat gur mhéaduigh ar an úmhluigheacht acu ’n-a dhiaigh san. Má
-bhíodar ollamh roimis sin ar gach aon nídh a dhéanamh ar an gcuma ba
-dhóich leó dob’ fhearr a thaithnfeadh léi, bhíodar níba thugtha ’n-a
-dhiaigh san chuige, agus rud ab fhearr ’ná gach nídh eile, ní raibh
-sgamal an éada ag dorchughadh gach maitheasa acu agus ag séideadh
-miosgaise suas eatartha.
-
-Ba ró mhaith an bhail ortha féin an sgéal a bheith mar sin acu. Bhí a
-tuisgint chómh h-aibigh sin ag Niamh, agus a h-eólus ortha chómh cruinn
-sin, nár thúisge a bhíodh gádh ag duine acu le cómhairle leasa ’ná mar
-a thuigeadh sise an gádh. Ansan, ní túisge a thuigeadh sí an gádh ’ná
-mar a thugadh sí an chómhairle. Bhí sí chómh doimhinn chómh gasta san
-go dtugadh sí an chómhairle ar shlígh nár bhaoghal aon ghortughadh
-dhéanamh. Bhí sí ana chneasta leó, ana aicilíghe, ana shéimh. An
-t-aimhleas n-a mbéadh duine acu lán cheapaithe ar é dhéanamh bhéadh sé
-curtha dhé aici sar a’ mbéadh fhios aige go raibh sí ’ghá chur dé i
-n-aon chor, agus an gníomh fóghanta n-a mbéadh duine acu lán cheapaithe
-ar gan é dhéanamh bhéadh sé meallta aici chun an ghnímh sin a dhéanamh
-sar a’ mbéadh fhios i gceart aige cad a bhéadh ar siúbhal aici.
-
-Is ’mó tairbhthe a dhein sí, ar an gcuma san, do Bhrian. Do thuig Brian
-féin a lán de’n tairbhthe sin, ach bhí mórán de ná raibh aon phioc
-eóluis aige air. Bhíodh cosg curtha aici le droch obair go minic sar a’
-mbíodh uain ag an ndroch obair ar theacht, agus an droch obair a bhíodh
-tagaithe, is minic a bhíodh sé curtha ar neamhnídh aici, curtha soir
-siar aici, sar a’ mbíodh uain aige ar aon díobháil a dhéanamh, nó sar
-a’ mbíodh uain aige ar phuínn díobhála dhéanamh.
-
-Bhí uraim thar bár ag Brian di, agus ag an ríogra go léir di. Ach bhí
-fuath nímhneach ag Gormfhlaith dhi.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XVIII.
-
-RÁFLAÍ.
-
-
-An fhaid a bhí mór-shluagh Bhriain ag teacht abhaile ó Theamhair go
-Ceann Cora an uair sin ní raibh aon lá gan an uile shaghas ráflaí
-ag gluaiseacht ameasg na bhfear ar na neithibh iongantacha a bhí,
-dar le daoine, ar siúbhal lastuaidh i Leath Chuinn. Bhí mór-shluagh
-uathbhásach ag M’lsheachlainn ’á chruinniughadh, a deirthí. Clanna
-Néill go léir ag cruinniughadh as gach áird agus a gcáirde leó.
-Lochlanaigh ag dul amach ó Bhaile Átha Cliath ag cabhrughadh le
-M’lsheachlainn i gcoinnibh Bhriain. Lochlanaigh ag dul óthuaidh ó’n
-Múmhain chun díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus ar Leath Mhogha.
-Slóighte Lochlanach ag teacht anall tar faraige ag cabhrughadh le
-Lochlanaigh na h-Éirean i gcoinnibh Bhriain, i gcoinnibh an aon fhir
-amháin a bhí tar éis cómhacht Lochlanach do chur ar neamhnídh i
-n-Éirinn. Dar le lucht na ráflaí dhein Brian botún uathbhásach nuair a
-thug sé an bhliain do Mh’lsheachlainn chun a nirt a chruinniughadh agus
-chun é féin do chur i dtreó i gcóir an chatha mhóir a troidfí nuair a
-bhéadh an bhliain istigh.
-
-Dubhairt daoine ná raibh aon bhrígh leis na ráflaibh sin. Dúbhairt
-daoine eile go raibh agus gach aon bhrígh leó, agus go neósfadh an
-aimsir go raibh brígh leó.
-
-D’ airigh Brian agus a lucht cómhairle na ráflaí go léir. Níor chuir
-sé aon tsuim ionta. Ní dúbhairt sé ’seadh ná ní h-eadh leó. Níor ghádh
-dhó é. Ní raibh aon pháirt de Leath Chuinn ná raibh a theachtairí
-aige ann agus cúntas cruinn aige d’á fhághail uatha ar gach aon rud
-a bhí ag tuitim amach lastuaidh. Isé Caoilte a bhí ’n-a cheann ar na
-teachtairíbh sin. Chuireadh sé duine acu ódheas i n-aghaidh an lae nách
-mór, le blúire éigin eóluis, ag triall ar Bhrian.
-
-Bhí fhios ag Niamh agus agá dritháir Caoilte bheith ag déanamh na
-h-oibre sin. Bhí nídh ar a n-aigne féin a bhí ag déanamh buartha
-dhóibh. B’é nídh é sin ’ná cad a bhí imthighthe ar Amhlaoibh nó cé ’cu
-beó nó marbh a bhí sé. Bhí an nídh sin ag déanamh buartha do Thadhg,
-mar ní áiteóch’ an saoghal air ná gur deineadh éagcóir throm éigin ar
-Amhlaoibh. Go dtiocfadh sé thar n-ais gan teip mura mbéadh nár fágadh
-ar a chumas teacht. Bhí an nídh sin ag déanamh buartha do Niamh, ach má
-seadh ní buairt de’n tsaghas chéadna a bhí aige ’á dhéanamh di. Bhí an
-dá mhachtnamh úd ’n-a h-aigne aici mar gheall air, agus gan ar a cumas
-an dá mhachtnamh a thabhairt d’á chéile.
-
-Dúbhairt Tadhg gur dhóich leis gur mhaith an rud teachtaire chur
-óthuaidh ag triall ar Chaoilte ’ghá rádh leis bheith ar thuairisg an
-t-é a bhí uatha. Go mb’ fhéidir go dtiocfaí suas le tuairisg éigin
-air lastuaidh, go mór mór ameasg Lochlanach Bhaile Átha Cliath. Do
-socaruigheadh air sin. Do soláthruigheadh an teachtaire. Do sgríobhadh
-leitir fhada agus do tugadh dó í le breith ag triall ar Chaoilte. Do
-cuireadh síos sa leitir sin an uile bhlúire eóluis d’á raibh ag an
-mbeirt ar Amhlaoibh. Do cuireadh síos a chómharthaí go léir inti, a
-dhriuch agus a dheabhramh, a aos do réir tuairim, a théagar agus a
-aoirde agus dath a ghruaige. Ní baoghal ná gur mhol Tadhg a phearsa
-agus a thréithe. D’imthigh an teachtaire agus do rug sé leis an leitir.
-Tar éis raint aimsire tháinig sé suas le Caoilte agus thug sé dhó í.
-Do léigh Caoilte an leitir. Má léigh ba chuimhin leis láithreach an
-t-ógánach Lochlanach a bhí ar iaraidh. Bhí aithne mhaith aige air, ach
-ní raibh, dar leis, aithne ag Amhlaoibh air-sean. Chuir sé leitir thar
-n-ais ag triall ar Niamh agus ar Thadhg ’ghá innsint dóibh go raibh
-aithne aige ar Amhlaoibh, agus go ndéanfadh sé a dhícheal ar a dh’
-fhághail amach cá raibh sé, nó an raibh sé beó.
-
-Bíodh nár chuir Brian suim ins na ráflaíbh, mar nár ghádh dhó é, do
-dhein sé an uile shaghas díchil ar a shlóightibh do mhéadughadh agus
-do neartughadh agus do chur i dtreó i gcóir na h-oibre a bhí roimis ar
-theacht na h-athbhliana. Chuir sé tuille fear isteach ins gach buidhin
-d’á shluagh, agus dhein sé buidheana eile i dteannta na mbuidhean a bhí
-aige. Chruinnigh sé ualaí móra éadaigh agus ualaí móra arbhair ó gach
-aon pháirt de’n Mhúmhain agus d’á raibh d’ oileán na h-Éirean fé n-a
-smacht. Tháinig ualaí móra iarainn go Ceann Cora ó gach áit ’n-a raibh
-iaran ’á thógaint as an dtalamh, agus b’éigean do Mheargach oiread eile
-gaibhní chur ag obair agus bhí ag obair cheana aige, i dtreó go raibh
-na h-airm d’á ndéanamh níos tiúgha ar dúbailt ’ná mar a déintí roimis
-sin iad. Nuair a chonaic lucht na ráflaí an t-éirleach oibre ar fad ar
-siúbhal: “Ach!” adeiridís, “buadhfaidh Brian ar Mh’lsheachlainn agus ar
-a bhfuil de Lochlanachaibh fé luighe na gréine!”
-
-Do fuaradh amach lastuaidh, i gcaitheamh na bliana, cad é an t-éirleach
-ollmhúcháin a bhí ar siúbhal i gCeann Cora. Má fuaradh isé rud a
-dhein gach rígh des na ríghthibh thuaidh ’ná cúbadh chuige agus
-M’lsheachlainn a dh’ fhágáilt gan chabhair gan chongnamh. Thugadar
-cómhairle chómhngarach neamh-chongantach dó. Dúbhradar leis, nuair ná
-raibh ar a chumas an Árdrígheacht do chosaint ar Bhrian nár bh’ fhearra
-dhó rud a dhéanfadh sé ’ná an Árdrígheacht a thabhairt do Bhrian agus
-luighe isteach fé Bhrian ’n-a rígh cúige. Dúbhradar leis nár bh’
-aon mhaith dhóibh féin dul i gcoinnibh Bhriain agus Dhál gCais. Ná
-géillfeadh Dál gCais an fhaid a bhéadh duine acu beó, agus ná fágfaidís
-namhaid beó ’n-a ndiaigh. Ná géillfeadh ríogra Uladh ach chómh beag.
-Gur bh’ amhlaidh a dhéanfadh an dá shluagh a chéile do dhísgiughadh.
-Ansan nár bh’fhios cé aige go mbéadh Éire, ná cé aige go mbéadh
-Árdrígheacht na h-Éirean. Gur bh’ fhearr an tsíthcháin agus géilleadh
-do Bhrian.
-
-B’ éigean do Mh’lsheachlainn bheith sásta. Tháinig deire na bliana. Do
-ghluais Brian agus a mhór-shluagh óthuaidh airís go Teamhair. Tháinig
-M’lsheachlainn ag triall air agus thug sé dhó an Árdrígheacht agus do
-luigh sé féin isteach ’n-a rígh cúige fé Bhrian. Ar Chúige na Mídhe
-iseadh dh’ fhág Brian ’n-a rígh é.
-
-Bhí a lán daoine sásta go maith. Bhí a lán daoine agus ba chuma leó.
-Agus bhí raint daoine agus bhíodar ana mhí-shásta. Bhí Gormfhlaith ar
-an raint sin.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XIX.
-
-COGARNACH.
-
-
-Is dócha gur mithid tuairisg éigin a thabhairt ar cad d’imthigh ar
-Amhlaoibh. Tá innste cheana conus mar a bhí sé féin agus Gormfhlaith
-ana mhór le n-a chéile go luath tar éis iad do chur aithne ar a chéile
-i gCeann Cora. Ó’n gcéad lá a chonaic Gormfhlaith é do chrom sí ar
-ana chúram a dhéanamh dé i gcómhnuighe. Sa chaint dóibh do chuir
-Gormfhlaith isteach i n-aigne an ógánaigh na smaointe céadna a bhí ’n-a
-h-aigne féin i dtaobh Bhriain agus i dtaobh Mhurchadh agus i dtaobh
-Árdrígheachta na h-Éirean. Dhein sí an obair sin, i ndiaigh ar ndiaigh,
-go h-ana réidh agus go h-ana ghasta. Chuir sí isteach i n’ aigne, a
-gan fhios dó nách mór, an fuath agus an mhioscais chéadna a bhí ’n-a
-croídhe féin i gcoinnibh Bhriain agus i gcoinnibh Mhurchadh. Dhein sí
-rud eile. Do mhúin sí dhó,--níor dheacair di é, ámhthach,--conus an
-fuath do choimeád istigh agus an gealgháire do thaisbeáint lasmuich.
-
-Lá d’á raibh sé féin agus Tadhg Óg ua Cealla i gCeann Cora bhí sé féin
-agus Gormfhlaith i n-áit fé leith agus iad ag caint, agus gan aon
-choinne ag Tadhg ná ag aoinne eile nách ag trácht a bhíodar ar mhuintir
-Amhlaoibh a bhí thoir sa bhaile. Ní h-ar aon nídh dh’á shórd san a
-bhíodar ag caint. Bhí Gormfhlaith ag cur síos d’ Amhlaoibh ar Bhrian
-agus ar Mhurchadh, agus ar an gcuma ’n-a raibh an uile shaghas éagcóra
-ag an mbeirt ’á dhéanamh uirthi féin. Ní raibh seóid ná duais saidhbhir
-riamh aici nár tógadh uaithi chun é bhronnadh ar rígh éigin nó ar
-phriúnsa éigin, i dtreó go mbéadh sé buidheach de Bhrian.
-
-“Nár chóir, a rígan,” arsa Amhlaoibh, “go dtuigfeadh sé i n’ aigne
-nár bheag dó a chuid féin do bhronnadh agus gan cuid duine eile do
-bhronnadh.”
-
-“Is cuma leis, a mhic ó,” ar sise. “Aon rud uasal n-a gcuirfidh sé
-a shúil agus a lámh air ní bheidh suaimhneas ná sástacht aigne air
-go dtí go mbeidh an rud san tabhartha uaidh aige do rígh éigin nó d’
-uasal éigin. Do chuir an Pápa chúghainn anall anso ó’n Róimh seóid ana
-shaidhbhir, cailís óir a bhí chómh trom san gur bh’ar éigin fhéadfá í
-dh’iompar ad’ láimh. Bhí muirighean mo dhá lámh féin inti. Dob’ fhiú
-saidhbhreas mór í mar gheall ar a raibh d’ór inti agus gan trácht ar
-a thuille. Ach an órnáid oibre a bhí geártha uirthi, ba mhó ab fhiú
-an órnáid ealadhanta san ’ná an t-ór féin. Agus d’á éaghmais sin go
-léir bhí crios uirthi de chlochaibh loghmhara agus cheannóch’ gach
-cloch díobh leath na Múmhan duit! Ní thabharfainn an chailís sin ar
-shaidhbhreas na Múmhan. Ní thabharfainn go deimhin. Ba liom-sa an
-chailís sin má ba le Brian í. Cad a dhein sé? Chómh luath agus tháinig
-Colla agus na manaigh sin thíos go h-Inis Cathaigh do rug sé leis
-síos an chailís uasal san agus thug sé do Cholla í, gan oiread agus a
-fhiafraighe dhíom-sa ar mhaith liom é nó ar bh’oth liom é! Cad ’deirir
-leis sin, a Amhlaoibh? Ná déanfadh cailís ba lúgha ab fhiú ’ná an
-chailís sin an gnó do mhainistir Ínse Cathaigh?”
-
-An fhaid a bhí an méid sin cainte ag Gormfhlaith ’á rádh níor labhair
-Amhlaoibh. Nuair a bhí an chaint ráidhte aici níor labhair sé puínn.
-An méid cainte do labhair sé ní h-ar an gcailís a labhair sé í. Níor
-bh’fhada go ndeigh sé ag triall ar an gcuid eile de’n teighlach mar a
-raibh Tadhg. Chríochnuighdar an chuaird agus tháinig an bheirt abhaile
-go h-Inis Cathaigh.
-
-Tamal ’n-a dhiaigh san iseadh tháinig an fonn ar Amhlaoibh chun an
-Chreidimh a ghlacadh. Níor bh’fhada a bhí an Creideamh glacaithe
-aige nuair adúbhairt sé gur mhaith leis bheith ’n-a shagart. Chuir
-Colla an mí teástála air, mar a dúbhradh. D’imthigh an mí agus do
-h-ollamhuigheadh é agus do cuireadh ins na mion-Órdaibh é. Do deineadh
-deacon dé agus do cuireadh isteach sa n-érdam é. Istigh sa n-érdam
-san a bhí an córtha láidir, agus istigh sa chórtha san a bhí an bosca
-iarainn agus an chailís uasal istigh sa bhosca.
-
-An fear n-a raibh cúram an érdaim air roime Amhlaoibh bhí sé, mar a
-dúbhradh, imthighthe anonn go dtí an Róimh. D’fhan culaith éadaigh
-leis, culaith manaigh, ’n-a dhiaigh sa n-érdam. Fuair Amhlaoibh an
-chulaith, idir aibíd agus cochal. Chuir sé an chulaith i gcoimeád.
-Bhí gnó aige dhi. Ansan do leig sé air le Colla go raibh gnó ag an
-mBanrighin dé agus gur mhaith leis cead fhághail chun dul go Ceann
-Cora. Fuair sé an cead. D’imthigh sé suas. Níor bh’ fhada gur iar sé
-airís an cead céadna. Má iar do fuair. Nuair a bhí taithighe déanta
-aige ar an gcead san d’ iaraidh agus d’fhághail dhein sé rud eile. Do
-thóg sé leis aibíd agus cochal an mhanaigh a bhí roimis sa n-érdam chun
-a sheómra codlata agus chuir sé uime iad. D’fhill sé a ghruaig fhada
-dhubh fé’n gcochal agus dhún sé an aibíd tímpal a mhuiníl agus d’fheuch
-sé sa sgáthán.
-
-“Déanfair an gnó!” ar seisean i n’ aigne féin.
-
-Cúpla lá ’n-a dhiaigh san tháinig sé ag triall ar Cholla agus d’iar sé
-cead dul suas go Ceann Cora.
-
-“Tá, a Athair,” ar seisean, “bád ag dul suas ar eirighe lae ar maidin.
-Raghaidh mé suas ar an mbád san agus ansan féadfad, b’fhéidir, bheith
-anuas níos tráthamhla.”
-
-“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Colla.
-
-Ní h-ar eirighe lae a bhí an bád san ag dul suas go Luimneach ach uair
-a’ chloig roim lá. D’eirigh Amhlaoibh uair gho leith a’ chloig roim
-lá agus chuir sé uime culaith an mhanaigh agus d’fhill sé a ghruaig
-fé’n gcochal, agus siúd chun an bháid é. Bhí an doircheacht ann agus
-níor chuir aoinne aon speic air. Dhíol sé an t-éileamh agus chuaidh sé
-isteach. Nuair a shrois sé Luimneach is ar cheártain Mheargaigh a thug
-sé aghaidh. Chonaic sé Meargach.
-
-“Dúbhairt Colla liom, a dhuin’uasail,” ar seisean, “a fhiafraighe dhíot
-a’ bhféadfá macshamhail a dhéanamh dó’n eochair úd a dheinís dó chun na
-cailíse chur fé ghlas.”
-
-“Cad d’imthigh ar an eochair a dheineas dó?” arsa Meargach.
-
-“Níor inis sé dhom, a dhuin’uasail, cad d’imthigh uirthi ná ar imthigh
-aon rud uirthi,” arsa Amhlaoibh, go símplídhe.
-
-“Tá go maith,” arsa Meargach. “Is cuimhin liom an eochair. Ní bheidh
-mé neómat ’á déanamh duit. Suigh ansan. Ní fiú dhuit imtheacht.
-Tabharfaidh mé dhuit í láithreach.”
-
-B’ fhíor dhó. Cúpla buille chasúr agus cúpla sgríob bara-ciomalta agus
-bhí an eochair déanta.
-
-“Seo,” arsa Meargach. “Siní agat í. Seachain agus ná caill í mar a
-cailleadh an ceann eile.”
-
-“Gura maith agat, a dhuin’uasail,” arsa’n manach bréige.
-
-Tháinig Amhlaoibh amach as an gceártain agus an eochair aige. Bhí
-sgannra air an fhaid a bhí sé istigh le h-eagla go ndéarfadh Meargach,
-“Raghad féin síos ag triall ar Cholla leis an eochair seo.” Ní
-dúbhairt. Thug sé an eochair do’n mhanach, dar leis, agus bhí Amhlaoibh
-sásta.
-
-Chómh luath agus bhí sé ar an dtaobh amuich de’n cheártain d’imthigh sé
-i n-áit chaothamhail éigin agus bhain sé dhé an aibíd agus an cochal
-agus bhí sé ’n-a riocht féin. Dhein sé ceirthlín bheag chruaidh de’n
-aibíd agus de’n chochal agus chuir sé fé n’ osgail an cheirthlín, agus
-d’imthigh sé suas go Ceann Cora. Chonaic sé Gormfhlaith. D’inis sé dhi
-cad a bhí déanta aige, agus thaisbeáin sé an eochair di.
-
-“Nuair innsis dom, a rígan,” ar seisean, “conus a tógadh uait an
-chailís sin bheartuigheas am’ aigne go dtabharfainn chúghat tar n-ais í
-nó go gcaillfinn an t-anam. Tá an eochair seo agam anois, agus féadfad
-an chailís a thabhairt liom agus an bosca dh’fhágailt am dhiaigh
-agus an glas air, agus ní aithneóchaidh aoinne an chailís a bheith
-imthighthe ní fios cathin. Tá cailís eile ann agus isí a tógtar amach
-nuair a bhíon aon ócáid áirighthe ann. Ní tógtar amach an chailís dhaor
-choídhche.--Tá aon chontabhairt amháin sa sgéal, ámhthach. Dá ráineóch’
-Measgach agus Colla bheith ag caint agus go bhfiafróch’ Meargach de
-Cholla, ‘Ar dhein an eochair nua úd a dheineas duit an gnó?’ nó rud
-éigin de’n tsórd san, bhí an sgéal amuich orm. Ní mór dhom an chailís a
-thabhairt chúghat, a rígan, chómh luath agus d’ fhéadfad é, agus ansan
-bheith ag faire chúgham.”
-
-Bhí áthas an domhain ar Ghormfhlaith. Ní raibh aon chuimhneamh aici
-go ndéanfadh an buachail sin a leithéid de ghníomh, agus é dhéanamh
-chómh ciúin, chómh gasta. Do mhol sí é agus do mol sí airís é. Do rug
-sí air agus chrom sí ar é phógadh. Do phóg sí go dlúth é, airís agus
-airís eile, agus “Mo ghrádh mo leanbh!” ar sise leis, i n-aghaidh gach
-póige d’ár thug sí dhó. Ansan do chrom sí ar ghol. Ansan d’ áirimh
-sí airís dó na h-éagcórtha troma cruadha a bhí d’á ndéanamh uirthi,
-Brian ’ghá ndéanamh uirthi agus Murchadh ag séideadh féi. Ar ball do
-chuaidh sí chun suaimhnis, agus thriomuigh sí a súile, agus tháinig a
-snua féin agus a gnaoi féin di. D’fheuch Amhlaoibh uirthi agus thuig sé
-i n’ aigne gur mhór an tíránach Brian agus gur bh’ é rud Murchadh ’ná
-annsgian díoblaidhe, agus an t-é a chuirfeadh as an saoghal an bheirt
-gó mbéadh comaoine mhór curtha ar an saoghal aige.
-
-“Suigh ansan go fóil, a laogh,” ar sise. “Beidh mé thar n-ais chúghat
-láithreach.”
-
-D’imthigh sí. Níor bh’fhada gur fhill sí, agus rud éigin aici ’n-a
-láimh, fillte i n-éadach. D’osgail sí an t-éadach. Ímhágh do’n
-Mhaighdin Mhuire iseadh ’bhí aici, ímhágh airgid. An t-é a dhein an
-ímhágh san dhein sé go maith í. Bhí sí tímpal sé h-órla ar aoirde
-agus bhí sí cúmtha ana chruinn do’n réir sin, agus í fírinneach ’n-a
-déanamh do réir mar ba cheart cló duine a bheith. Ach bhí nídh thairis
-sin inti. Tháinig leis an gceárdaidhe, pé r’ bh’ é féin, sgáil gnaoi
-éigin do chur sa n-aghaidh i dtreó gur dhóich leat nuair fheuchfá ar
-an aghaidh gur bh’ í aghaidh na Maighdine féin a bhéadh ann. D’fheuch
-Amhlaoibh ar an ímhágh, agus má fheuch do mhothuigh sé ag teacht ’n-a
-chroídhe, do’n ímhágh san, uraim nár mhothuigh sé a leithéid riamh
-roimis sin ’n-a chroídhe.
-
-“Is áluinn an ímhágh í sin, a rígan!” ar seisean.
-
-“Seo, a mhic ó,” arsa Gormfhlaith, “beir leat síos go dtí an
-mhainistir í sin, agus tabhair do Cholla í, agus abair leis gur mise
-chuir chuige í, agus gur b’ shiné gnó a bhí agam díot-sa indiu, chun
-na h-ímhágha san a bhreith síos ag triall air agus í bhronnadh air.
-Ímhágh dheas iseadh í. Ní thabharfainn-se, ámhthach, an chailís úd
-ar mhíle, ní h-eadh, ach ar deich míle, d’á sórd. Beidh áthas mór ar
-Cholla nuair a gheobhaidh sé an ímhágh san. Cuirfidh an t-áthas san é
-ó aon chuimhneamh i n-aon chor a bheith aige go bhféadfá-sa aon ghnó
-eile bheith anso ainíos indiu agat ach chun í sin a bhreith síos ag
-triall air. Déanfaidh an t-áthas rud eile. Nuair iarfair-se ar Cholla
-cead teacht ainíos airís amáireach tabharfaidh sé dhuit an cead gan
-cheistiúchán.”
-
-“Tuigim thu, a rígan,” arsa Amhlaoibh.
-
-Bhí sé ag imtheacht agus an ímhágh aige, agus an cheirthlín fé n’
-osgail aige. Do labhair Gormfhlaith airís agus na deóracha le n-a
-súilibh.
-
-“Tabhair aire mhaith dhuit féin, a laogh,” ar sise. “Beart ana
-chontabharthach iseadh an bheart atá idir lámhaibh agat. Ní tusa
-amháin atá sa chontabhairt feasta. Táim-se anois chómh fada isteach sa
-chontabhairt agus ataoí-se. Tabhair aire mhaith dhuit féin.”
-
-“Ná bíodh eagal ort, a rígan,” ar seisean, agus d’ imthigh sé.
-
-Tháinig sé chun na mainistreach. Chuaidh sé chun an érdaim. D’ osgail
-sé an cheirthlín agus chuir sé an cochal agus an aibíd sa n-áit ’na
-bhfuair sé ar dtúis iad. Siúd ag triall ar Cholla ansan é.
-
-“Seo, a Athair,” ar seisean, “rud a chuir an Bhanrighin anuas
-chúghat-sa. Siné gnó a bhí aici dhíom indiu, chun go dtabharfainn
-chúghat anuas é sin.”
-
-D’fheuch Colla ar an ímhágh. Do stad sé ar feadh tamail agus é ag
-feuchaint uirthi.
-
-“Ó,” ar seisean, “is áluinn an ímhágh í sin! Is beannuighthe an ímhágh
-í. Ní fhéadaim gan grádh do’n Mhaighdin Mhuire do mhothughadh ag lasadh
-istigh am’ chroídhe nuair fheuchaim ar an ímhágh sin! Abradh an saoghal
-a rogha rud,” ar seisean, “bean mhaith iseadh Gormfhlaith! Mura mbéadh
-gur bhean mhaith í ní bhronnfadh sí an ímhágh so orainn. Mura mbéadh
-gur bhean mhaith í ní bhéadh a leithéid i n-aon chor aici.”
-
-“Dúbhairt sí liom dul suas airís amáireach, a Athair,” arsa Amhlaoibh,
-“go raibh gnó éigin eile aici dhíom.”
-
-“Tá go maith, a mhic ó. Comáin leat,” arsa Colla.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XX.
-
-BITHEAMHNTAS.
-
-
-D’imthigh Amhlaoibh agus thug sé cuaird ar an érdam ag cur gach aon
-rud i dtreó ann. Thug sé an tráthnóna ag níghe agus ag glanadh agus ag
-sgiomar agus ag slachtughadh go dtí go raibh gach aon rud ar áilleacht
-aige. Fuair sé eochair an chórtha dhaingin ó Cholla chun na n-árthaí
-airgid agus óir a bhí istigh ann do thógaint amach agus do ghlanadh.
-Nuair a bhíodar glan aige chuir sé isteach airís iad. Bhí an oídhche
-ann sar a raibh an obair go léir déanta aige.
-
-Nuair a bhí an doircheacht aige tharaing sé amach an mhacshamhail
-eochrach a bhí aige féin. D’osgail sé an bosca ’n-a raibh an chailís
-dhaor. Thóg sé amach an chailís. Chuir sé i bhfolach sa n-érdam í.
-Chuir sé an glas ar an mbosca airís, agus shocaruigh sé é díreach ar an
-ndul ’n-a raibh sé cheana. Dhún sé an córtha daingean, agus do rug sé
-eochair an chórtha ag triall ar Cholla agus thug sé dhó í. D’imthigh
-sé a chodla. Shín sé ar an leabaidh, ach má shín níor thuit aon neul
-codlata air. D’eirigh sé tímpal na h-aimsire céadna ’n-ar eirigh sé an
-mhaidion roimis sin. Thug sé agaidh ar an mbád gcéadna. Bhí ceirthlín
-fé n’ osgail aige. Thug sé an díoluigheacht uaidh agus níor cuireadh
-aon speic air. Tháinig sé go Ceann Cora. Bhí Gormfhlaith ag faire agus
-í ag feitheamh leis. Chómh luath agus a dúbhradh léi go raibh sé ann
-tháinig sí chuige. Do rug sí léi isteach é i seómra uaigneach. D’osgail
-sé an cheirthlín agus shín sé chúichi an chailís. Ansan iseadh bhí an
-mhóráil uirthi! Ní fheidir sí conus a thaisbeánfadh sí dhó méid an
-bhuidhchais a bhí aici air.
-
-Níor bh’ aon iongnadh í bheith buidheach dé. Dob’ áluinn an tseóid an
-chailís sin. Dar leis an mbeirt ní raibh seóid eile mar í le fághail sa
-domhan an uair sin.
-
-Nuair a bhí tamal beag caithte acu ag feuchaint uirthi agus ag déanamh
-iongnadh dhi do thóg Gormfhlaith léi í agus chuir sí i gcoimeád í.
-
-“Agus,” ar sise, “beidh an tseamróg ag an t-é a gheóbhaidh amach as mo
-láimh-se airís í!”
-
-D’órduigh sí chúig dosaein fíona, d’fhíon altórach, do chur i gciseán
-agus é thabhairt d’ Amhlaoibh le breith síos go h-Inis Cathaigh agus
-le cur isteach sa n-érdam, i gcóir na sagart. Do cuireadh capal agus
-cárbad leis féin agus leis an gciseán fíona síos go dtí an bád. Nuair
-a shrois sé an mhainistir do tógadh an ciseán agus do cuireadh isteach
-sa n-érdam é, agus bhí Colla agus na sagairt go léir buidheach de’n
-Bhanríghin. Agus ní baoghal ná gur tugadh d’ Amhlaoibh a chion de’n
-bhuidhchas.
-
-Nuair a bhí an méid sin déanta chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Do
-ghluais obair na mainistreach agus obair an ríghtheighlaigh i gCeann
-Cora, ag dul ar aghaidh go breagh réidh gan chosg gan cheataighe, go
-dtí gur tháinig an Legáid anall ó’n Róimh. Ansan do fuaradh amach, mar
-a h-innseadh thuas, go raibh an chailís imthighthe.
-
-An lá bhí an Legáid i Luimneach ag caint le Meargach bhí fhios ag
-Amhlaoibh go raibh sé ann agus bhí fhios aige cad a bhí uaidh. Bhí
-fhios aige go maith go neósfadh Meargach do’n Legáid gur dhein sé an
-macshamhail do’n eochair. Níor fhan sé le n-a thuille. D’euluigh sé
-amach as an mainistir agus phreab sé suas go Ceann Cora. D’inis sé do
-Ghormfhlaith cad a bhí ar siúbhal. Chonaic Colla i gCeann Cora é, ach
-níor dhein Colla aon iongnadh dhé sin. Cheap sé go mb’ fhéidir gur
-chiseán eile fíona a bhí ag dul síos.
-
-Chuir Gormfhlaith Amhlaoibh i bhfolach go dtí go dtáinig an oídhche.
-Ansan do ghuid sí amach é i lár na h-oídhche agus chuir sí chun
-siúbhail é i riocht giolla turais, agus chuir sí i n-aonfheacht
-leis giolla turais eile go raibh iontaoibh maith aici as. Bhí dhá
-chapal mhaithe ag an mbeirt, agus bhíodar tamal maith de’n tslígh ar
-bhóthar Bhaile Átha Cliath sar a dtáinig an lá ortha. Nuair a tháinig
-an lá do chonaic na daoine iad ach níor dheineadar aon iongnadh de
-bheirt ghiollaí turais. Shroiseadar Baile Átha Cliath. Bhí leitir ó
-Ghormfhlaith ag Amhlaoibh do Shitric, do rígh Lochlanach Átha Cliath.
-Thaisbeáin sé an leitir. D’inis an leitir do Shitric gach aon rud. Níor
-bh’fhada go raibh Amhlaoibh ar bórd luinge agus é ag dul soir abhaile
-go crích Lochlan.
-
-Bhí sé thoir sa bhaile, slán foláin, saor ó bhaoghal, gan bheann ar
-Cholla ná ar an Legáid, ar Mhurchadh ná ar Bhrian, agus Tadhg Óg ua
-Cealla ag briseadh a chroídhe ag gol ’n-a dhiaigh agus ag cuardach na
-ndúthaí dhó.
-
-Dá mbéadh fhios ag Tadhg cad a bhí déanta aige bhéadh sé ag cuardach na
-ndúthaí dhó agus ní h-ar mhaithe leis é. Dá mbéadh fhios ag Niamh cad
-a bhí déanta aige níor bh’ fhada an mhaill uirthi dhá thaobh an sgéil
-úd do thabhairt d’á chéile. Fuaradar araon amach ’n-a dhiaigh san cad a
-bhí déanta aige.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XXI.
-
-DROCH AMHRAS.
-
-
-Níor bh’ fhada go raibh Amhlaoibh imthighthe as aigne agus a’ cuimhne
-gach aoinne i n-Inis Cathaigh agus i gCeann Cora, lasmuich de Thadhg Óg
-ua Chealla. Bhíodh Colla agus an Legáid ag cuimhneamh go minic ar an
-gcailís a guideadh, ach níor chuimhnighdar i n-aon chor ar Amhlaoibh
-’n-a taobh. Agus ar nóin, nídh nár bh’ iongnadh, níor bh’ fhéidir dóibh
-cuimhneamh ar Ghormfhlaith. Chuimhnigheadh an Legáid uaireanta ar
-Ghormfhlaith, ach do dhíbireadh sé an smaoineamh as a chroídhe. Is aici
-a bhí an chailís sar ar thug Brian do Cholla í. Ach conus fhéadfadh an
-rígan san, dar leis, a bhí chómh h-uasal, chómh fial, leis an mainistir
-agus leis na manaigh, ag bronnadh fíona agus gach nídh eile d’á
-fheabhas ortha, an rígan a bhronn an ímhágh san na Maighdine Muire ar
-Cholla, conus fhéadfadh sí aon lámh a bheith aici i nguid na cailíse?
-Gan amhras, dar leis, ba mhó ab fhiú an chailís, naoi n-uaire, ’ná a
-raibh tabhartha dhóibh aici, agus ’ná a bhféadfadh sí a thabhairt dóibh
-i gcaitheamh a saoghail. Ach ní chuirfeadh san fhiachaibh ar mhnaoi
-dh’á sórd an chailís do ghuid. Níor dhiabhal gadaigheachta an diabhal
-coimhdeachta a bhí aici.
-
-Chuimhnigh an Legáid ar an sagart a cuireadh anonn go dtí an Róimh. Is
-air a bhí cúram an érdaim sar ar críochnuigheadh ’n-a shagart é. Ar bh’
-fhéidir go mbéadh sé de mhí-fhortiún air go spriocfadh an t-áirseóir
-é agus go ndéanfadh sé a leithéid de ghníomh? Cé r’ bh’é an manach a
-chuaidh suas go Luimneach agus d’inis an bhréag do Mheargach agus do
-fuair an eochair uaidh? Pé r’ bh’é féin ní raibh sé ameasg na manach
-a bhí sa mhainistir an lá a tháinig Meargach anuas chun iad go léir a
-dh’fheisgint. B’é an sagart a bhí imthighthe chun na Rómha an t-aoinne
-amháin ná feacaidh Meargach an lá san.
-
-Ní fheacaidh Meargach Amhlaoibh an lá san, ach níor chuimhnigh an
-Legáid i n-aon chor ar Amhlaoibh. Ní chuimhneóch’ aoinne ar Amhlaoibh
-sa sgéal. Ní chuimhneóch’ aoinne go ndéanfadh Amhlaoibh a leithéid de
-ghníomh. Bhí sé ró osgailte, ró ghealgháiriteach, ró mhacánta i n’
-fheuchaint.
-
-Do réir gach deabhraimh ní raibh aoinne chun na cailíse ghuid ach an
-sagart a bhí imthighthe chun na Rómha. Bhí buairt agus doilghíos ar
-an mbeirt, ar Cholla agus ar an Legáid fé mar a bhí an méid sin ag
-dul ’n-a luighe ar a n-aigne. Bhí sé ag brúth isteach agus ag dul ’n-a
-luighe ar aigne gach duine acu abhfad sar ar thráchtadar le n-a chéile
-air. Nuair a thráchtadar air ní puínn cainte a dheineadar air.
-
-Art ab ainim do’n tsagart, Art mac Duibh. Andeas ó Mhúscraídhe ab eadh
-é. Daoine ana chreideamhnacha ab eadh a mhuintir. Bhí a lán acu i
-n-armáil Bhriain. Bhí ana chion ag Colla air.
-
-“Má dhein sé an gníomh san,” arsa Colla, agus an bheirt ag tagairt do’n
-ghnó, “ní cuid ba lúgha ’ná a fhonn a bhéadh orm a rádh gur truagh nár
-ghlaoidh Dia as an saoghal mé sar ar deineadh an gníomh!”
-
-“Ní fada gur mithid dó bheith ag teacht thar n-ais ó’n Róimh,” arsa’n
-Legáid. “Má dhein sé an gníomh ní dócha go dtiocfaidh sé thar n-ais
-anso.”
-
-“Ó, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “is fíor dhuit é! Níor
-chuimhnigheas riamh air sin: Má dhein sé an gníomh ní thiocfaidh sé
-thar n-ais. Má thagan sé thar n-ais taisbeánfaidh san go soiléir nár
-dhein sé riamh é!”
-
-Níor dhóich leis an Legáid go dtaisbeánfadh a theacht thar n-ais nár
-dhein sé an gníomh, ach ní dúbhairt sé aon rud. Do leig sé do Cholla an
-méid sin sóláis a bheith aige.
-
-Suim laethanta ’n-a dhiaigh san do tháinig Art. Thug sé a lán
-teachtaireachtaí ó’n Róimh leis, teachtaireachtaí ag triall ar Cholla,
-agus ag triall ar an Legáid, agus ag triall ar Bhrian. Thug sé leitir
-ó’n bPápa ag triall ar an Legáid. Thug sé a lán rudaí beannuighthe leis
-ag triall ar an mainistir, taise naomh agus ímhághana agus neithe de’n
-tsórd san. Agus thug sé leabhar Aifrinn leis do’n mhainistir, agus
-leabhar Soísgéal a bhí sgríobhtha i Laidion. Ach ní raibh aon nídh d’ár
-thug sé leis ba mhó gur deineadh iongnadh dhé ’ná éide Aifrinn a bhí
-déanta d’éadach snáthóir agus gur dhóich le duine gur bh’ ór ar fad í,
-bhí sí chómh greanta san.
-
-Ní raibh aon tseó ach ar dhein na manaigh go léir de chúram de ’n
-tsagart óg. Agus ní raibh aon teóra leis an áthas a bhí ortha nuair a
-chonacadar sa bhaile acu féin airís é. Bhíodh sé ag déanamh a dhíchil
-ar na ceisteana d’ fhreagairt a bhíodh ag teacht ó’n uile thaobh air
-agus iad go léir ’n-a thímpal.
-
-“Cad é an fhaid a bhís ar uisge?”
-
-“A’ raibh droch aimsir agaibh, a Airt?”
-
-“Cad é an saghas daoine na Rómhánaigh, a Airt?”
-
-“A’ dtuigfidís aon fhocal Gaeluinne ó dhuine, a Airt?”
-
-“A’ bhfuil siad chómh buidhe agus a deirtear iad a bheith?”
-
-“An daoine fóghanta iad?”
-
-“A’ bhfuil Creideamh acu, a Airt?”
-
-“Is dócha gur Laidion ab éigean duit a labhairt leó i gcómhnuighe, a
-Airt?”
-
-“Is dócha, a Airt, gur fear breagh naomhtha an Pápa.”
-
-“An cathair ana mhór cathair na Rómha, a Airt?”
-
-Chomáineadar leó ar an gcuma san. Bhí Colla agus an Legáid ag feuchaint
-ortha agus ag feuchaint ar Art. Ar ball do dhruid an bheirt i leith
-taoibh.
-
-“Chíon tú féin anois, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “nár dhéin an
-fear san riamh a leithéid de ghníomh.”
-
-“Chím,” arsa’n Legáid. “Níor dhein. Ní fhéadfadh sé é. Tá san soiléir
-go leór. Ach chuaidh manach éigin, nó duine éigin i riocht manaigh,
-suas go Luimneach ag triall ar an ngabha agus fuair sé macshamhail
-na h-eochrach uaidh. Chonaic Meargach iad go léir an lá thugas anuas
-anso é, agus ní fheacaidh sé ortha an manach a fuair an eochair uaidh.
-Is éagsamhlach an sgéal é. Ní fheadar an tsaoghal cad is ceart dom a
-dhéanamh ’n-a thaobh mar sgéal. Tá aon chontabhairt amháin os cionn an
-tsagairt óig seo agus is ceart é thabhairt as an gcontabhairt sin.”
-
-“Cad í an chontabhairt atá os a chionn, a Thighearna Easboig?”
-arsa Colla. “Ar nóin tá fhios ag an saoghal ná féadfadh aoinne an
-ghadaigheacht san a chur ’n-a leith.”
-
-“Is fíor ná féadfá-sa ná mise í chur ’n-a leith,” arsa’n Legáid. “Ní
-gádh dhúinn ach feuchaint air. Ach feuch conus mar a sheasuighean
-an sgéal. Bhí an chailís sa n-érdam agus cúram an érdaim ar Art. Ní
-fheacaidh aoinne an chailís ó’n lá a dh’imthigh Art go dtí an lá a
-thánag-sa anso. Chuiris-se fios ar an mbosca iarainn an oídhche sin.
-Bhí an bosca folamh. Raghaidh an sgéal san amach luath nó mall. Pé áit
-’n-a bhfuil Amhlaoibh tá fhios aige go raibh an bosca folamh an oídhche
-sin. Neósfaidh Amhlaoibh an sgéal san. Raghaidh an sgéal ó bhéal go
-béal. Cad ’déarfar? Cad a bheidh le rádh ach, ‘Ní raibh aoinne chun na
-cailíse thógaint ach fear an érdaim.’”
-
-“Tá an sgéal go h-olc, a Thighearna Easboig. Cad is dóich leat is ceart
-a dhéanamh?”
-
-“Ní foláir a dhéanamh amach, ar dtúis, nách é Art a fuair an
-mhacshamhail do’n eochair ó Mheargach. Dá mbéadh an méid sin socair
-bhéadh Art ó bhaoghal. Dá bhféadfá-sa, gan aon nídh do leigint ort,
-a chur fhiachaibh ar Art culaith manaigh do chur uime agus dul ag
-déanamh gnótha an érdaim, d’fhéadfaí Meargach a thabhairt anuas, fé mar
-a thugas-sa anuas cheana é, agus leigint dó radharc fhághail ar Art.
-Ansan do neósfadh sé dhúinn ar bh’ é sin an manach a fuair an eochair
-nó nár bh’é.”
-
-“Ach, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “ní gádh dul chun na
-trioblóide sin i n-aon chor. Tá aithne mhaith ag Meargach ar Art le
-fada riamh. Dá mb’ é Art a gheóbhadh an eochair d’ aithneóch’ Meargach
-é le linn na h-eochrach a thabhairt dó.”
-
-“Ó, má’s mar sin é,” arsa’n Legáid, “ní gádh dhúinn a thuille de
-dhuagh an sgéil a dh’ fhághail. Má deirtear aon fhocal choídhche i
-gcoinnibh an tsagairt óig seo mar gheall ar an gcailís glanfaidh
-Meargach é. Neósfaidh Meargach nách dó a thug sé an eochair, agus beidh
-’fhios ag gach aoinne gur b’é an fear a fuair an eochair a ghuid an
-chailís. Ní gádh a thuille de dhuagh an sgéil a dh’fhághail.”
-
-“Ní gádh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “dhúinn a thuille de
-dhuagh an sgéil a dh’fhághail, chómh fada agus a théidhean aon amhras a
-bheith ar Art, ach ba mhaith liom, dá bhféadainn é, teacht suas leis an
-bhfear a fuair an eochair. Manach ab eadh é do réir mar adeir Meargach.
-Bhí eólus na mainistreach go maith aige, agus eólus an érdaim. Bhí
-fhios aige an eochair a bheith agam-sa agus gan aon bhreith a bheith ag
-aoinne ar í fhághail as mo láimh. Bhí fhios aige gur bh’é Meargach a
-dhein í. Cé h-é an fear a dh’fhéadfadh an t-eólus san go léir a bheith
-aige agus nách duine des na manachaibh é, agus a chuaidh suas ag triall
-ar Mheargach i riocht manaigh?”
-
-“Ní fhéadfadh sé dul suas go Luimneach i riocht manaigh,” arsa’n
-Legáid, “gan culaith manaigh a bheith aige le cur uime.”
-
-“Ní féadfadh go díreach,” arsa Colla, “agus cá raibh sí le fághail
-aige?”
-
-“An dóich leat,” arsa’n Legáid, “a’ bhféadfá a dhéanamh amach ó-s na
-manaigh ar thug aoinne acu culaith manaigh ar iasacht d’ aoinne le
-déanaighe? Má cheistighean tú iad air sin seachain agus ná leig uait
-aon nídh i dtaobh na cailíse. Dá mbéadh ’fhios ag an mbitheamhnach go
-bhfuiltear ar a thóir ní bhéadh aon bhreith againn ar theacht suas
-leis.”
-
-“Ní’l agam ach an gnó dhéanamh chómh h-aicilíghe agus d’fhéadfad é,”
-arsa Colla.
-
-Ansan do tugadh aghaidh ar ghnóthaíbh eile agus do fágadh an sgéal san
-ar an gcuma san.
-
-Do chríochnuigh an Legáid an gnó a bhí aige le déanamh i n-Éirinn.
-Ansan chuaidh sé go Ceann Cora agus d’fhág sé slán ag an Árdrígh.
-D’fhág sé slán ag teighlach an Árdrígh. D’inis sé do Bhrian cad é an
-sgéal áthais a bhéadh aige do’n Phápa nuair a neósfadh sé dhó na neithe
-móra a bhí déanta ag Brian do’n Chreideamh i n-Éirinn, agus na neithe
-ba mhó ’ná san a bhí i ndán dó a dhéanamh anois nuair a bhí a chómhacht
-agus a ghradam agus a dhlighthe i bhfeidhm ar Éirinn go léir. Dúbhairt
-Brian leis go neósfadh sé an fhírinne do’n Phápa nuair a neósfadh sé
-na neithe sin dhó. Ansan do bhronn Brian seóide uaisle air, agus do
-sgaradar.
-
-D’fhág an Legáid slán ag Murchadh, agus d’fhág sé slán ag Gormfhlaith.
-
-Isé focal déanach adúbhairt sé le Colla agus é ag imtheacht amach ar an
-loing, ó Inis Cathaigh: “An cuimhin leat, a Cholla,” ar seisean, “an
-focal úd adúbhart leat i dtaobh Bhriain agus an nímhe?”
-
-“Is cuimhin, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Do labhras leis an
-Ríghdhamhna. Tá gach nídh socair díreach mar a chómhairlíghis.”
-
-“Labhair airís leis,” ar seisean, “agus inis dó go ndúbhart leat
-labhairt airís leis.”
-
-“Déanfad, a Thighearna Easboig,” arsa Colla.
-
-Chuaidh an Legáid ar bórd na loinge agus do ghluais an long amach ó
-Inis Cathaigh, siar bhéal na Sionainne, thar Léim Chúchulainn, amach an
-fharaige mhór.
-
-Do dhein na manaigh i n-Inis Cathaigh a ngnó do réir na riaghal. Bhí
-an sgoluigheacht ins na sgoileanaibh agus na h-úrnuighthe ins na
-h-eaglaisibh, an trosgadh agus an treighneas agus gach gnó diadha eile
-ar siúbhal mar ba cheart, fé chomairce Sheanáin naomhtha. Bhí Colla go
-díchealach agus go dúrthachtach ag feuchaint i ndiaigh gach aon nídh
-agus i ndiaigh gach aon duine. Bhí eochair an bhosca iarainn ’n-a
-sheilbh féin aige go h-aireach, agus ní fheidir aoinne sa tigh ná go
-raibh an chailís dhaor úd istigh go daingean sa bhosca iarainn fé’n
-nglas. Ní raibh, ámhthach.
-
-
-
-
-LEABHAR A DÓ.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL I.
-
-CÍOS AN ÁRDRÍGH.
-
-
-Chómh luath agus bhí Brian socair sa n-Árdrígheacht thusnuigh a chíos
-ar theacht chuige isteach ó gach aon pháirt d’ Éirinn. Deirtear gur
-tugadh Brian Bóramha air mar gheall ar an gcíos a dh’éilimh sé. Ní
-dóich liom go bhfuil fírinne sa n-abairt sin. Ní h-é Brian a cheap an
-cíos. Bhí cíos an Árdrígh ceapaithe na céadta blian sar a dtáinig Brian
-chun na h-Árdrígheachta. Nuair a tháinig Brian chun na h-Árdrígheachta
-do chuir gach rígh cúige ag triall air an cíos a bhí ceangailte air,
-do réir dlíghe na h-Éirean, do chur ag triall ar Árdrígh Éirean. Deir
-cuid de’n tseanachus gur b’é cúis ’n-ar tugadh Brian Bóramha air ’ná
-so. Bóraimhe ab ainim do’n bhaile ’n-a raibh ríghtheighlach Bhriain,
-ag ceann na cora. Do tugadh, as san, “Ceann Cora” ar an ríghtheighlach
-agus do tugadh Brian Bóraimhe ar Bhrian féin toisg é bheith ’n-a
-chómhnuighe ar an mBóraimhe. Measaim gur mó an chiall atá leis an
-gcaint sin ’ná leis an gcaint eile.
-
-Lá Samhna an lá a bhí ceapaithe i gcómhnuighe riamh chun cíosa an
-Árdrígh do chur isteach, agus ’seo mar a bhí an cíos socair:
-
-Ó Chonachtaibh ocht gcéad bó agus ocht gcéad muc.
-
-Ó mhuintir Chorcomaruadh deich gcéad damh agus deich gcéad caoira agus
-deich gcéad brat.
-
-Ó Chorcabaoisgne deich gcéad damh agus deich gcéad molt agus deich
-gcéad muc agus deich gcéad brat.
-
-Ó mhuintir Chiarruidhe deich gcéad damh agus deich gcéad bó agus deich
-gcéad muc.
-
-Ó mhuintir Mhúsgráidhe trí chéad bó reamhar agus trí chéad loilígheach
-agus trí chéad muc agus céad brat.
-
-Ó Thír Chonail chúig céad bó agus chúig céad brat.
-
-Ó Thír Eóghain trí chéad muc agus trí chéad ualach iarainn.
-
-Ó Chlann Rudhríghe trí caoghaid bó agus trí caoghaid muc.
-
-Ó Oirghiallaibh céad agus trí fichid bó.
-
-Ó Chúige Laighean trí chéad bó reamhar agus trí chéad muc agus trí
-chéad ualach iarainn.
-
-Mar sin dóibh mór-thímpal na h-Éirean go léir. Ní’l curtha síos
-anso agam ach fíor bheagán des na cíosanaibh, oiread díreach agus
-thaisbeánfaidh an tslígh ar a ndíoltí an cíos, agus an fághaltas cíosa
-a bhíodh ag tuitim ar na cineachaibh agus ar na dúthaibh fé leith.
-
-Bhí a gcion de’n chíos ar na Lochlanaigh, leis, an chuid acu a bhí
-socair i mbailtibh móra na h-Éirean. Bhí ar Lochlanaigh Bhaile Átha
-Cliath trí caoghaid píopa fíona do thabhairt mar chíos d’ Árdrígh
-Éirean. Bhí ar Lochlanaigh Luimníghe trí chéad agus trí fichid píopa d’
-fhíon dearg a thabhairt mar chíos dó.
-
-B’fhéidir go bhfiafróch’ duine conus fhéadfadh Lochlanaigh Luimníghe
-cíos a dhíol le h-Árdrígh Éirean má bhíodar go léir díbeartha a’
-Luimneach?
-
-Bhí an chuid acu nár ghéill do Bhrian díbeartha, ach an chuid acu do
-ghéill dó agus do gheall bheith dílis dó, do fágadh ann iad. Fear
-eagnaidhe, tuisgionach, ab eadh Brian. Daoine go raibh eólus mór
-acu ar gach gnó ceannaigheachta ab eadh na Lochlanaigh a bhí ins na
-catharachaibh cuan i n-Éirinn an uair sin. Do thuig Brian gur bh’
-ana thairbhtheach an rud do mhuintir na h-Éirean ceannaighthe de’n
-tsórd san a bheith ins na catharachaibh a bhí ar na cuantaibh. Go
-dtabharfaidís isteach ó dhúthaibh iasachta earaí nár bh’ fhéidir a
-dhéanamh i n-Éirinn agus go gceannóchaidís ó mhuintir na h-Éirean, le
-díol ins na dúthaibh iasachta, na h-earaí a déanfaí i n-Éirinn agus nár
-bh’ fhéidir a dhíol i n-Éirinn. Mar gheall air sin iseadh fhág sé na
-Lochlanaigh ins na catharachaibh a bhí ar na cuantaibh. D’fhág sé iad i
-mBaile Átha Cliath, i bPortláirge, i gCorcaigh, agus i Luimneach, agus
-i mbailtibh beaga eile n-a bhféadfadh loingeas teacht isteach chúcha.
-Chuir sé fé chíos iad, ámhthach, agus ní raibh aon chur i gcoinnibh an
-chíosa acu. Ní raibh an cíos ró throm agus an fhaid a dhíoladar an cíos
-bhíodar fé chosnamh Bhriain.
-
-Thagadh an cíos isteach ó Éirinn go léir, gach aon lá Samhna, go
-teighlach Bhriain i gCeann Cora. Dob’ uathbhásach an saidhbhreas é.
-Ach do caithtí é go léir. Bhíodh suas le trí mhíle bó ann de bhuaibh
-ramhara, agus trí chéad déag muc, agus do h-ithtí an fheóil sin go
-léir, bhí an teighlach chómh mór san, agus bhíodh oiread san daoine,
-uasal agus íseal, ag teacht agus ag imtheacht ann coitchianta. Bhíodh
-trí chéad agus chúig cinn fhichid ann de phíopaí fíona, d’ fhíon dearg,
-agus trí caoghaid píopa des na fíontaibh eile, agus d’óltí an fíon
-go léir, mar bhí féile agus fairsinge i ríghtheighlach Bhriain, agus
-saidhbhreas agus uaisleacht, thar gach teighlach Árdrígh d’á raibh i
-n-Éirinn ó aimsir Chormaic mhic Airt. Deirtí an uair sin go raibh Brian
-ar dhuine des na trí Árdríghtibh ba ghlórmhaire d’á raibh i n-Éirinn
-riamh. Conaire Mór mac Eidirsgeóil an chéad Árdrígh dhíobh san, Cormac
-mac Airt an tarna h-Árdrígh dhíobh, agus Brian Bóraimhe an trímhadh
-h-Árdrígh dhíobh. Choimeád Brian an mhórdhacht san agus an gradam san
-agus an chómhacht ríoga san ’n-a lán neart agus ’n-a lán tsoillse an
-fhaid a mhair a réim i n-Árdrígheacht na h-Éirean.
-
-Bhí sé ríoga ’n-a phearsan. Fear fionn, árd, deaghchúmtha dob’ eadh
-é; fear géagach, fuinneamhail, cuthaigh. Bhí a cheannacha solusmhar.
-Bhí éadan leathan, árd, bán air. Bhí srón fhada dhíreach air agus
-í beagáinín ró théagartha, ba dhóich leat, do’n chuid eile d’á
-cheannachaibh. Ní raibh puínn fhéasóige air agus féasóg dhonn ab eadh
-an méid a bhí air sar ar liath sí. An rud a déarfá leis an sróin déarfá
-le gach ball eile d’á cheannachaibh é nuair fheuchfá ar gach ball fé
-leith dhíobh, .i. go raibh an ball san beagáinín ró mhór; ach nuair
-fheuchfá ar a aghaidh i n-aonfheacht chífeá go raibh na ceannacha go
-léir do réir a chéile cruinn. Isé rud is mó a thabharfá fé ndeara,
-ámthach, ’ná go raibh, dar leat, an iomad báine ’n-a chúntanós. Ansan,
-nuair fheuchfá ar a phearsan ba dhóich leat, ar an gcéad amharc, go
-raibh na géaga pas beag ró mhór, ró théagartha, do’n chabhail, ach
-nuair a thómhaisfeá an cliabh chífeá go raibh an cliabh san níba
-théagartha go mór ’ná cliabh aon fhir eile des na fearaibh a bhí ar a
-theighlach. Ansan ar ball, ní ró mhór an iongnadh a bhéadh ort nuair a
-chífeá a chlaidheamh aige ’á chasadh i dtreó gur dhóich leat ná béadh
-meaghchaint slaite ann, agus nuair a bhéarfá ad’ láimh féin ar an
-gclaidheamh gcéadna go gcaithfeá do dhá láimh a chur ar an ndornchur
-chun é chasadh i n-aon chor. Thuigfeá ad’ aigne ansan gur bh’ é téagar
-agus neart na ngéag fé ndeara do’n chabhail feuchaint chómh caol.
-
-Bhí an croídhe agus an aigne agus an mheabhair chinn, agus an tuisgint,
-agus an fhoidhne, agus an fhaidearaídhe, agus an géire inntleachta,
-chómh maith ar gach aon tsaghas cuma le neart an chuirp agus na ngéag.
-
-Nuair a bhíodh an fear san ag riar na slógh agus ’ghá gcur i
-n-íodhnaibh catha agus nuair a labhradh sé leis na fearaibh, do
-h-airightí an uile fhocal uaidh go h-árd agus go glan, ó cheann ceann
-de pháirc an chamtha; agus i spéirlinn catha, dá labhradh sé árd,
-ag stiúrughadh na bhfear nó ’ghá ngríosadh chun an chómhraic, do
-mhothuigheadh na fir a bhíodh i n’ aice píoparnach ’n-a gcluasaibh, bhí
-a leithéid sin d’uchtach aige agus a leithéid sin de neart ’n-a chliabh
-agus ’n-a cheann agus ’n-a ghuth. Nuair a labhradh an guth san i lár
-an chatha do chritheadh an namhaid, agus is minic a bhaineadh fuaim an
-ghutha san a misneach díobh agus go n-iompuighdís agus go dteithidís.
-Níor bh’ aon iongnadh an fear san do ghabháil tré shlóightibh namhad
-mar a ghaibh, agus é theacht chun Árdrígheacht na h-Éirean mar a
-tháinig.
-
-Bhí ana dheabhramh agá mhac, Murchadh, leis. Bhí an téagar céadna ag
-Murchadh ins na géagaibh, agus an fheuchaint chaol sa chabhail aige
-mar gheall ar théagar na ngéag. Bhí sé i n-aigne Dhúlainn Óig agus i
-n-aigne na bhfear eile n-a raibh aithne acu ar an mbeirt, gur throime
-agus gur threise agus gur bh’fhearr d’fhear Murchadh ’ná a athair an lá
-b’fhearr a bhí an t-athair.
-
-Bhí an bheirt tréan go maith. Bhí fir thréana ar Dhál gCais, agus d’
-admhuighdar go léir ná raibh aon bhreith riamh ag aon fhear eile acu ar
-aoinne de’n bheirt sin.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL II.
-
-MEARBHALL AIGNE.
-
-
-Nuair a bhí Brian socair sa n-Árdrígheacht do thusnuigh breis des na
-h-uaislibh ar bheith ag teacht go Ceann Cora as gach áird i gcian
-agus i gcómhngar. Níor bhfada go mb’ éigean tuille slíghe dhéanamh sa
-ríghtheighlach. B’éigean an ríghtheighlach do chur i méid. B’éigean
-tighthe nua do chur suas, i n-aice an tíghe mhóir, i dtreó, nuair a
-thiocfadh rígh cúige nó priúnsa nó fear léighinn, go bhféadfaí é chur
-chun cómhnuighthe ar a shuaimhneas, pé fada gairid ba mhaith leis
-fanmhaint.
-
-Chuir an obair sin tuille gnótha ar Mheargach agus ar na ceárdaidhthibh
-a bhí ag obair aige. D’á éaghmuis sin, chómh luath agus bhí Brian i
-n’ Árdrígh ar Éirinn bhí na ríghthe eile, ríghthe na gcúigí, ag cur
-fios go Ceann Cora ar gach aon tsaghas airm. Ní raibh aon mheas ar
-chlaidheamh ná ar shleagh ná ar thuaigh mura bhféadfaí a rádh gur i
-gCeann Cora, i gceártain Mheargaigh, a deineadh iad. Do chuir san,
-leis, tuille gnótha ar Mheargach. B’ éigean dó tuille gaibhní agus
-tuille de gach aon tsaghas ceárdaithe do chur ag obair. Bhí cúram mór
-air, ach bhí nídh ar a aigne ba mheasa dhó chuige ’ná an cúram, d’á
-mhéid é. Bhí fhios aige go raibh an chailís dhaor úd guidithe as an
-mainistir agus gur bh’ é féin fé ndeár é. Bhí fhios aige gur dhein
-sé beart shímplídhe nuair a thug sé an mhacshamhail úd na h-eochrach
-isteach i láimh aoinne le breith síos ag triall ar Cholla. Bhí fhios
-aige go raibh sé ceart aige féin dul síos agus í thabhairt isteach i
-láimh Cholla féin. Dá ndeineadh sé mar sin thiocfadh an fhírinne amach
-láithreach, agus ní guidfí an chailís.
-
-Bhí sé ag machtnamh ar an méid sin ó’n lá a bhí an Legáid ag caint leis
-agus d’á mhéid machtnamh a dhein sé ar an sgéal iseadh is mó a bhí an
-sgéal ag breith ghreama ar a chroídhe. Bhí an sgéal ’á chur amú ar a
-ghnó agus ag baint codla na h-oídhche dhé. Níor bh’ fhéidir dó labhairt
-le h-aoinne ’n-a thaobh, ná cómhairle dh’iaraidh ar aon duine de’n
-mhuintir a bhí ’n-a thímpal, ná ar aon duine de theighlach Bhriain, le
-h-eagla gur tuille díobhála a dhéanfadh sé. Fé dheire shocaruigh sé
-ar dhul síos agus ar labhairt le Colla féin. Chuaidh sé síos agus do
-labhair sé le Colla.
-
-“Feuch, a Athair,” ar seisean, “tá mo chroídhe briste ó bheith ag
-machtnamh ar an gcuma úd ’n-ar deineadh amadán díom i dtaobh na
-h-eochrach agus i dtaobh na cailíse. Ní fhéadfainn fanmhaint a thuille
-gan teacht chun cainte le t’ onóir. Ní foláir rud éigin a dhéanamh chun
-teacht suas leis an mbitheamhnach, pé h-é féin. Brisfidh mo shláinte nó
-imtheóchad as mo mheabhair mura ndeintear rud éigin.”
-
-“Tá m’ aigne féin chómh suaithte le t’ aigne-se mar gheall air, a
-dhuin’uasail,” arsa Colla, “agus dá mbéinn ag machtnamh go ceann
-bliana air ní dóich liom go bhféadfainn cuimhneamh ar cad is ceart a
-dhéanamh. Dá dtagadh an t-Árdrígh chúgham anso agus go ndéarfadh sé
-gur mhaith leis an chailís a dh’fheisgint, cad a bhéadh agam le rádh
-leis? B’fhéidir go ndéarfadh sé i n’ aigne féin go bhfuil an chailís
-sin ró dhaor chun í fhágáilt anso. Níor bh’ aon iongnadh liom go
-ndéarfadh. B’fhéidir go dtuigfeadh sé i n’ aigne gur cheart cailís
-chómh luachmhar a thabhairt do phríomh-eaglais na h-Éirean. Gur mhaith
-an tseóid í d’ Árdrígh Éirean le bronnadh ar phríomh-eaglais Éirean,
-ar eaglais Árdmhacha. Is ar eaglais Árdmhacha ba cheart í bhronnadh.
-Siné a déarfadh aoinne a chífeadh í. Táim mar a bhéinn i n-uisge
-bheirithe ó fuair Brian an Árdrígheacht agus ná feadar cad é an neómat
-a bhéadh sé chúgham isteach ’ghá rádh gur mhaith leis an chailís sin a
-dh’fheisgint. Is truagh chráidhte nár choimeád sé í an chéad lá agus
-gan i thabhairt i n-aon chor dúinn!”
-
-“Cad déarfá, a Athair,” arsa Meargach, “dá dtéidhinn agus an sgéal a
-dh’innsint do Mhurchadh ó thusach go deire?”
-
-“Caithfear an sgéal a dh’innsint gan a thuille ríghnis, dó féin nó do
-Bhrian,” arsa Colla. “D’innseas féin an sgéal do’n Legáid, mar is
-eól duit. Dá n-iartí an chailís orm an fhaid a bhí an Legáid anso do
-neósfadh an Legáid do’n Árdrígh cad a bhí imthighthe uirthi. Bhéadh an
-Legáid idir mé agus an t-Árdrígh agam. Anois tá an Legáid imthighthe
-agus tá sgannra orm le h-eagla go n-iarfaí an chailís orm. Má deir
-Brian, ‘Cad ’n-a thaobh nár innsis dúinn láithreach go raibh sí
-imthighthe?’ cad a bheidh le rádh agam? Déarfar gur breagh a thugas
-uain do’n bhitheamhnach ar imtheacht slán agus an chailís a bhreith
-leis agus do chur ó aon fhághail a bheith ar í thabhairt thar n-ais.”
-
-“B’fhéidir, a Athair,” arsa Meargach, “go mbéadh sé chómh maith againn
-dul chun cainte le Murchadh agus an sgéal a dh’innsint dó ó thusach
-go deire. Mise fé ndeár an t-olc go léir. Ní raibh aon cheart agam
-gan teacht anso chun cainte leat-sa sar ar thugas uaim an eochair!
-Ní fheadar an tsaoghal cad d’ imthigh orm agus a leithéid de ghnó
-leanbaidhe dhéanamh. Nuair a chonac an aibíd agus an cochal do baineadh
-de m’ chosaint mé glan.”
-
-“Is uathbhásach an sgéal é,” arsa Colla. “Ní fheadar an tsaoghal cá
-dtáinig an aibíd. Thaisbeáin an Legáid na manaigh go léir duit agus
-dúbhairt sé go ndúbhraís nár bh’ aoinne acu a bhí ann.”
-
-“Dúbhart,” arsa Meargach, “agus dob’ fhíor dhom é. Ní h-aoinne acu a
-bhí ann.”
-
-“Ní miste dhom a dh’innsint duit,” arsa Colla, “go raibh sórd droch
-amhrais ag an Legáid ar an sagart óg so againn, ar an Athair Art mac
-Duibh, ach dúbhart-sa leis dá mba dhó san a thabharfá-sa macshamhail na
-h-eochrach go n-aithneófá é.”
-
-“D’ aithneóchainn, a Athair,” arsa Meargach. “Tá a lán des na manaigh
-atá anso agus d’ aithneóchainn iad, leis. An manach gur thugas an
-eochair dó ní fheaca roimis sin é ná ó shin.”
-
-“Ní baoghal go bhfeacaís ó shin é,” arsa Colla, “agus ní dócha gur
-baoghal go bhfeicfir airís é má fhéadan sé coimeád as do radharc. Is
-dóich liom d’á luathacht a bheidh an sgéal go léir innste do Mhurchadh
-againn gur b’ eadh is fearr é.”
-
-D’imthigh an bheirt suas go Luimneach agus as san go Ceann Cora.
-Fuaradar caoi ar chaint a dhéanamh le Murchadh agus d’innseadar dó
-gach nídh fé mar a thuit amach, i dtaobh na cailíse. Cheistigh sé
-iad go dlúth, díreach mar a cheistigh an Legáid Colla. D’á fheabhas
-a cheistigh sé iad, ámhthach, iseadh ba mhó a chuaidh an sgéal i
-n-aimhréidh air agus iseadh ba dheacara dhó aon tuairim a thabhairt do
-cé r’ bh’ é an bitheamhnach. Dúbhairt sé leó gur bh’fhearr gan an sgéal
-do leigint amach.
-
-“Isé mo thuairim láidir,” ar seisean, “pé h-é an bitheamhnach, ná
-fuil sé ró fhada uainn an neómat so, agus go bhfuil sé ag faire go
-dlúth orainn feuchaint cad a dhéanfaimíd. Ní h-aon duine iasachta é.
-Thaisbeáin sé an iomad eóluis. Bhí fhios aige cá raibh an chailís i
-gcoimeád, agus bhí fhios aige cá raibh an eochair, agus bhí fhios
-aige cé r’ bh’ é an gabha a dhein an eochair. Is iongantach an bob
-a bhuail sé ort, a Mheargaigh!” ar seisean, ag cur sgeartadh gáire
-as.--“Má airighim-se aon fhocal ó m’ athair,” ar seisean, “’ghá rádh
-gur mhaith leis an chailís a dh’fheisgint, nó gur mhaith leis í chur go
-h-Árdmhacha, cuirfidh mé dhé é. Ní mór dhúinn go léir bheith ag faire
-coitchianta feuchaint an bhfaighmís aon phioc de radharc ná de bhalaith
-an bhitheamhnaigh.”
-
-Chuir an méid sin aigne na beirte chun suaimhnis mórán. Tháinig
-Meargach go Luimneach chun a ghnótha, agus tháinig Colla abhaile chun
-na mainistreach.
-
-Nuair fhágadar Murchadh do chrom seisean ar mhachtnamh. Thuig sé
-áilneacht na cailíse agus a daoire. Bhí fhios aige, pé r’ bh’ é
-an bitheamhnach, go ndéanfadh an chailís sin fear saidhbhir dé i
-gcaitheamh a shaoghail, dá bhféadadh sé í dhíol, agus go ndéanfadh sí
-daoine saidhbhre d’á shliocht ar feadh seacht nglún. Bhí fhios aige nár
-bh’ fhéidir í dhíol i n-Éirinn: Dá gceannaightí í i n-aon mhainistir
-ná i n-aon eaglais i n-Éirinn go n-aireófí teacht tháirsí go luath,
-ó bhéal go béal, ameasg ríghthe agus daoine, ar fuid na h-Éirean go
-léir. Bhí fhios aige, d’á bhrígh sin, nár bh’fhéidir í dhíol gan í chur
-amach a’ h-Éirinn. Tré cheannaighe éigin Lochlanach a caithfí san do
-dhéanamh. Bhí gach aon bhaoghal, dar leis, go raibh san déanta cheana.
-Bhí an iomad aimsire fághalta ag an mbitheamhnach, agus do réir an
-bhuib a bhuail sé ar Mheargach níor bhitheamhnach é do thabharfadh aon
-fhaillígh sa n-aimsir a tugadh dó. Má bhí an chailís imthighthe thar
-faraige ní raibh ann ach fiantas, dar leis, bheith ag cuimhneamh ar
-theacht suas léi go deó. “Ach ní’l agam le déanamh ach bheith ag faire
-chúgham,” ar seisean i n’ aigne féin.
-
-“Ní chuirfinn thar mo leasmháthair é!” ar seisean, a’ machtnamh eile.
-“Is aici bhí an chailís i gcoimeád sar ar cuireadh síos í go h-Inis
-Cathaigh. Agus is cuimhin liom go maith nách le h-aon deagh-thoil
-a sgar sí leis an seóid uasail. Ach cé r’ bh’ é an manach? Agus cá
-bhfuair sé an aibíd agus an cochal má ba mhanach bréige é? Conus a
-fuair sé amach gur bh’ é Meargach a dhein an eochair? Ní dócha go
-gcuirfeadh sí féin aibíd agus cochal uímpi----Ach cad é sin agam ’á
-rádh! D’aithneóch’ an gabha í láithreach. Má ’sí a dhein an gníomh,
-agus go deimhin, a rígan, ní chuirfinn-se thort é, bhí duine éigin
-aici chun na h-oibre dhéanamh di. Cé r’ bh’ é an duine sin?----Ní
-fheadar an tsaoghal. Ní’l agam ach bheith ag faire chúgham.----Ach
-caithfear feuchaint ad’ dhiaigh go géar, a rígan, i neithibh eile leis.
-Ní gan chúis a thug an Legáid an foláramh deirineach so dhom agus é ag
-imtheacht, tar éis an fholáraimh chéadna thabhairt dom tamal roimis
-sin. Ó, ambasa ní dhéanfaidh sé an gnó dhom aon mhíogarnach a theacht
-orm.”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL III.
-
-“LADY, DOST THOU NOT FEAR TO STRAY.”
-
-
-Cuid de’n chéad ghnó a dhein Brian, chómh luath agus bhí sé socair
-daingean sa n-Árdrígheacht, ab eadh na h-eaglaisí a bhí loitithe i
-ndiaigh na Lochlanach do dheisiughadh agus do shlánughadh agus do chur
-i dtreó airís. Chuir sé suas an eaglais mhór i gCill Dálua; agus an
-eaglais i n-Inis Cathaigh; agus dhein sé athnuachaint ar an eaglais
-i dTuaim Gréine. Dhein sé bóithre móra ó thaobh taobh agus ó cheann
-ceann d’ oileán na h-Éirean, agus dhein sé drochaid bhreaghtha leathana
-láidire ins na h-áiteanaibh ’n-a dtéidheadh na bóithre sin treasna
-aibhní, i dtreó gur dhein sé tairbhthe ana mhór do’n phoibilidheacht,
-mar gur chuir sé ar chumas daoine dul ar chuardaibh fada gan an iomad
-trioblóide. Bhí áthas mór ar an bpoibilidheacht mar gheall ar na
-h-oibreachaibh sin.
-
-Dhein sé dúna agus daingeana láidire, leis, i n-a lán áiteana, agus
-chuir sé buidheana maithe láidire fear isteach ins na dúnaibh sin agus
-ins na daingeanaibh sin, mar lucht coimeádta, i dtreó go mbeidís ann
-i gcómhnúighe chun na tíre do chosaint agus chun smacht an Árdrígh do
-chur i bhfeidhm ar aon duine, nó ar aon aicme daoine, do mheasfadh an
-smacht san do mhilleadh. Do neartuigh sé ar an gcuma san ríghtheighlach
-Chaisil, agus ríghtheighlach Cheanfheabhrad, agus an ríghtheighlach
-i n-Inis Locha Cé, agus an ríghtheighlach i n-Inis Locha Guir, agus
-an ríghtheighlach i nDún gCrot, agus mórán eile de dhúnaibh agus de
-ríghtheighlachaibh ar fuid na h-Éirean, agus chuir sé na buidheana fear
-isteach ionta chun iad a choimeád agus do chosaint. Do neartuigh san a
-chómhacht féin go mór ar fuid na h-Éirean go léir, i dteannta sgáth
-agus eagla do chur ar a namhaid, amuich agus i mbaile.
-
-Chuir sé lucht léighinn agus eóluis ag sgrúdadh agus ag breithniughadh
-na sean dlighthe agus ’ghá dtabhairt chun soluis, an chuid acu a bhí
-imthighthe a’ cuimhne; agus fé mar a chonaic sé gádh leó, chuir sé i
-bhfeidhm airís aon chuid acu a bhí imthighthe a’ feidhm le faillígh nó
-de thoradh aimsire. Níor ró dheacair dó san a dhéanamh. Bhí a leithéid
-d’uraim i gcómhnuighe riamh ag an nGaedhal do dhlígh na rígheachta nár
-ghádh a dhéanamh ach a chur i n-iúil dó go raibh an dlígh ann chun a
-chur fhiachaibh air an dlígh do chómhlíonadh. Bíon iongnadh anois ar
-sgoláirthibh nuair a chíd siad ná raibh aicme áirighthe, ceapaithe
-chun na dlígh chur i bhfeidhm, i n-Éirinn fadó. Is dóich leó, agus is
-fiór dhóibh é, gur bh’ obair bhaoth dlígh dhéanamh dos na daoine atá
-ar an saoghal anois, ná bheith ag brath air go ndéanfaidís an dlígh
-sin do chómhlíonadh, mura gceapfaí aicme láidir chun a chur fhiachaibh
-ortha an dlígh chómhlíonadh. Ní thuigid siad conus a fhéadadh dlighthe
-dhéanamh i n-Éirinn fadó agus ansan a dh’fhágáilt fé-s na daoine féin
-na dlighthe do chómhlíonadh. Do féadtí san do dhéanamh mar, chómh luath
-agus thuigeadh an phoibilidheacht an dlígh bheith ann, do chuireadh
-toil phoibilidhe na ndaoine fhiachaibh ar gach duine fé leith an
-dlígh do chómhlíonadh. B’ fhearr le gach duine fé leith, go mór, an
-dlígh do chómhlíonadh ’ná fulang leis an ndroch mheas phoibilidhe
-a bhéadh air dá bhfeiceadh na daoine é ag tabhairt droch mheas nó
-tarcaisne do’n dlígh. Tá soluídí maithe againn ar fheidhm de’n tsórd
-san sa n-aimsir seo féin. Má théidhean nós áirighthe i bhfeidhm ar an
-bpoibilidheacht anois féin feuch cá bhfuil an duine fé leith go mbeidh
-sé de mhisneach aige an nós san do bhriseadh! Aigne phoibilidhe na
-ndaoine isí chuireadh dlighthe i bhfeidhm i n-Éirinn fadó, agus is
-fearr a chuireadh sí i bhfeidhm iad, agus is iomláine, ’ná mar a thagan
-le neart armála dlighthe chur i bhfeidhm anois.
-
-Ná measadh aoinne, ámhthach, ná bristí dlighthe i n-Éirinn fadó. Do
-bristí go deimhin. Ach nuair a thagadh an t-é ar a ndéintí an éagcóir,
-os cómhair an bhreithimh, agus nuair a thugadh an breitheamh a bhreith,
-do glactí an bhreith ar gach taobh agus do déintí d’á réir. Bhí sé
-daingean i n-aigne na ndaoine, aoinne ná taisbeánfadh an uraim sin do’n
-dlígh ná béadh an rath air. Níor ró dheacair dlighthe fóghanta do chur
-i bhfeidhm ameasg daoine de’n tsórd san.
-
-Dhein Brian nídh eile do chabhruigh go mór leis chun na ndlighthe do
-chur i bhfeidhm. Ó’n lá a ghlac sé arm gaisge, agus gan é ach chúig
-bliana déag, do thaisbeáin sé, ’n-a ghníomharthaibh agus ’n-a bhéasaibh
-agus ins gach aon tsaghas deighleála idir é féin agus daoine eile, go
-raibh beann thar bár aige ar an gceart, ná déanfadh sé éagcóir ar aon
-Chríostaidhe, pé ’cu caraid nó namhaid é, pé ’cu íseal nó uasal é. Do
-tugadh an méid sin fé ndeara. Ansan, fé mar a leath cómhacht Bhriain
-agus fé mar a mhéaduigh a chreideamhaint, do dhein daoine eile, uasal
-agus íseal, aithris air. Ar ball, bhí acu go léir, nó dúbhradar go léir
-go raibh acu, beann thar bár ar an gceart, fé mar a bhí ag Brian. Do
-glacadh an ceart ’n-a nós acu. Ansan bhí neart an nóis ag cur le neart
-an chirt. Bhí neart eile ag cur leis an dá neart san. B’é neart é sin
-’ná neart an Chreidimh.
-
-Ná bíodh aon iongnadh ar aoinne gan aon ghádh a bheith le neart armála
-chun dlighthe chur i bhfeidhm nuair a bhí na trí nirt sin, neart cirt,
-agus neart nóis, agus neart Creidimh, ag oibriughadh as acfuinn a
-chéile chun dlighthe chur i bhfeidhm.
-
-Tugaimís fé ndeara cad a thuit amach do Bhrian i n-aon phúnc amháin
-de’n cheart agus de’n bheann a bhí aige ar an gceart. Chonaic gach
-aoinne go raibh aon bheart amháin éagcóra ná ceadóchadh Brian ar aon
-tsaghas cleas ná résún. B’í beart éagcóra í sin ’ná masla thabhairt
-do mhnaoi. Chonaic na fir go léir, íseal agus uasal, go raibh gráin
-gan teóra ag Brian ar ghníomharthaibh de’n tsórd san. Mar gheall ar an
-uraim a bhí acu do Bhrian do dhein na fir go léir, uasal agus íseal,
-aithris air sa nídh sin, leis. Má b’ uasal an rud do Bhrian an ghráin
-sin a bheith aige ar ghníomharthaibh de’n tsórd san, dob’ uasal an rud
-é, dar leó, d’ aon fhear. As san dúbhairt gach fear go raibh gráin
-aige féin ar ghníomharthaibh de’n tsórd san. As san do thug gach fear
-mar bhéas dó féin bheith ag maoidheamh as nár thug sé riamh “masla ná
-tarcaisne do mhnaoi.” Do lean an aithris ar Bhrian, agus do lean an
-chaint, agus do lean an maoidheamh. As san do neartuigh an nós agus
-do tugadh fé ndeara, ar fuid na h-Éirean, ná deineadh fir Bhriain
-gníomhartha de’n tsórd san. Fé mar a leath cómhacht Bhriain do leath na
-nósa a bhí ag fearaibh Bhriain. Ar ball do tugadh fé ndeara ná deintí
-na gníomhartha gráinneamhla úd i n-aon bhall i n-Éirinn.
-
-Ansan, nuair a thagadh Niamh agus a h-athair go Ceann Cora, agus nuair
-a chíodh na ríghthe óga Niamh, do chuimhnighdís ar an uaisleacht agus
-ar an nósmhaireacht a bhí tagaithe ar Ghaedhlaibh Éirean go léir agus
-deiridís eatartha féin:--“Níor mhiste dhi slat ríoga do thógaint ’n-a
-láimh, agus fáinne óir i mbara na slaite, agus siúbhal ’n-a h-aonar ó
-Thonn Clíodhna go Dún Sobhairce, agus ní baoghal go ndéanfadh aon fhear
-Gaedhlach, uasal ná íseal, oiread agus focal neamh-uramach do labhairt
-léi.”
-
-Dúbhradh an chaint sin, nó caint de’n tsórd, chómh minic sin, agus do
-tuigeadh chómh maith san fírinne na cainte, gur measadh, ’n-a dhiaigh
-san, nuair a bhí Brian agus Niamh agus an chuid eile acu sa n-iúir, nár
-chaint a bhí sa sgéal ach gur dhein óigbhean uasal éigin an siúbhal
-san, ’n-a h-aonar, ó Dhún Sobhairce go Tonn Clíodhna, agus an tslat
-’n-a láimh aici agus an fáinne óir ar an slait, agus ná fuair sí ar
-an slígh ach an uraim agus an onóir ba mhó a dh’fhéadfaí a thabhairt
-di. Do lean an sgéal ar an gcuma san i seanachus na h-Éirean go dtí go
-dtáinig an file Gallda, Ua Mórdha, agus gur chúm sé an dán úd:--
-
- “Lady, dost thou not fear to stray, &c.”
-
-Is fiú an sgéal san machtnamh a dhéanamh air. Is ’mó rígh agus ímpire
-n-a bhfuil cúntas ortha i seanachus an domhain agus n-a bhfuil
-moladh mór ar a ngníomharthaibh agus ar a ngradam, ar an gcuma ’n-ar
-chuireadar tíortha fada fairsinge fé smacht a lámh, agus ar an gcuma
-’n-ar chuireadar, má ba ríghthe fóghanta iad, dlighthe tairbhtheacha
-i bhfeidhm. Ní dóich liom, ámhthach, go bhfeaca riamh fós d’á
-thabhairt, ar obair ná ar shaothar aon rígh ná aon ímpire acu, moladh
-de shaghas an mholta so a thugan an sgéal seanachais seo ar Bhrian.
-Ní nósmhaireacht, ná macántacht, ná gníomhartha onóracha, ná uraim
-do bhantracht, is gnáth ag leanmhaint slógh agus cogaidh agus armála
-agus cathana fuilteacha. Neamh-shuim ins na neithibh sin iseadh is
-gnáth ’á leanmhaint riamh. Neamh-shuim i ngach deagh-nós, neamh-shuim
-i gceart an fhir thall, neamh-shuim sa n-uraim is dual do mhnáibh; an
-beithigheach allta ’ghá thaisbeáint féin sa duine; gabháil do chosaibh
-ins gach dualgas d’á mbainean le dlígh, le deagh-nós, le Creideamh;
-siniad na neithe is gnáth ag leanmhaint cogaidh agus cómhraic agus
-cathana fuilteacha.
-
-Ní raibh Brian riamh, ó táinig sé i n-aois a chúig mblian ndéag,
-ach sáidhte i gcogaíbh. Bhí a ghaolta go léir chómh sáidhte ins na
-cogaíbh agus bhí sé féin. I n-aimhdheóin na gcogaí go léir do thuill
-Brian agus a shlóighte an moladh atá sa sgéal úd i dtaobh na mná
-óige agus i dtaobh na h-onóra a fuair sí ar feadh na slíghe go léir
-ó Dhún Sobhairce go Tonn Clíodhna. Tá buadh ag Brian sa méid sin ar
-chómhachtaibh agus ar ríghthibh agus ar ímpiríbh an domhain riamh.
-
-Táimíd anois ag dul sa deichmhadh céad blian ó fuair Brian agus a
-shlóighte an buadh san. Do choimeád ár sínsear cuimhne air. Thugadar
-dúinne an cuimhne sin le coimeád. Is ceart dúinn greim daingean a
-choimeád air. Caithtear go minic ins na súilibh orainn ná fuil aon
-nídh ag baint le n-ár sínsear gur féidir dúinn aon mhaoidheamh ró mhór
-a dhéanamh as. Tá againn, i sgéal na mná óige sin, cúis mhaoidhte
-agus adhbhar creideamhna ná fuil a leithéid le fághail i seanachus
-aon tíre eile fé luighe na gréine indiu. Tá ceangailte orainn, ní
-h-amháin cuimhne choimeád ar an adhbhar creideamhna san, ach fós beart
-a dhéanamh d’á réir.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL IV.
-
-UISGE-FÉ-THALAMH.
-
-
-Bhíodh Murchadh go minic abhfad ó Cheann Cora ag feuchaint i ndiaigh
-gnóthaí na h-Árdrígheachta fé chómhairle a athar. Nuair a bhíodh sé
-imthighthe ó Cheann Cora bhíodh sgannra air le h-eagla go ndéanfaí aon
-droch ghníomh a gan fhios dó. Bhí an fear frithálmha ceapaithe aige
-chun frithálmha ar an Ardrígh, mar ba cheart agus mar ba ghnáth do réir
-nósa na h-aimsire sin. Ach cá bh’ fhios dó, dar leis, ná go nglacfadh
-an fear frithálmha breab dá ndéintí breab mhaith a thairisgint dó.
-Thuig sé i n-aigne gur i gcoinnibh mná a bhí ar an bhfear an cluiche
-dh’imirt, i gcoinnibh na mná ba bhreaghtha agus ba mheasa agus ba
-ghéire d’á raibh i n-Éirinn an uair sin. Cá bh’fhios dó, dar leis,
-cad iad na cleasa dh’imireóch’ sí ar an bhfear dá mba rud é go
-dtuigfeadh sí nár bh’fhéidir é bhreabadh. Chonaic an Legáid a diabhal
-coímhdeachta. Cá bh’ fhios cad é an congnamh a thabharfadh an diabhal
-coímhdeachta san di i n-aon droch ghnó a bheartóch’ sí a dhéanamh.
-
-“Ní h-aon mhaith,” ar seisean i n’ aigne féin, “bheith ag brath air
-go bhféadfadh fear frithálmha bheith maith a dhóthin dí féin agus d’á
-diabhal coímhdeachta. Caithfidh mé bean a chur ag tabhairt aire dhi.”
-
-Ní fhéadfadh sé cuimhneamh ar aon mhnaoi chun na h-oibre sin ach ar
-Niamh. Bhí fhios aige dá mbéadh Niamh i n-aice an Árdrígh, agus a fhios
-a bheith aici cad chuige go raibh sí ann, nár bhaoghal go bhféadfadh
-Gormfhlaith aon droch nídh dhéanamh a gan fhios di. D’ imthigh sé féin
-siar go h-Uíbh Máine. Do labhair sé le Niamh. D’inis sé dhi ó thusach
-go deire an sgéal go léir.
-
-“Ní fhéadfainn-se dul go Ceann Cora agus fanmhaint ann, a rígh,” arsa
-Niamh. “Ní fhéadfainn imtheacht ó m’ athair féin.”
-
-“Ní’l t’ athair-se i n-aon chontabhairt, a rígan,” arsa Murchadh. “Ní
-mar sin do m’ athair-se. Tá sé i gcontabhairt mhór. Dá bhféadainn féin
-fanamhaint sa bhaile ní dóich liom go mbéadh aon bhaoghal air. Tá an
-iomad eagla aici rómham-sa. Nuair a bhím as baile bíon gach aon nídh
-ar a toil aici, agus ní bhíon aon eagla aici roim aoinne. Ní’l aon
-phioc d’á fhios agam’ athair go bhfuil aon chontabhairt os a chionn. Dá
-neósfaí dó é ní fhéadfaimís é chosaint. Do leigfeadh sé amach an sgéal,
-mar ní chreidfeadh sé focal dé. Tá fhios aige nách bean ró mhaith í,
-ach ní chreidfeadh sé i n-aon chor go ndéanfadh sí aon iaracht ar é
-chur chun báis. Dá n-abradh aoinne leis go ndéanfadh, is amhlaidh a
-thiocfadh fearg air. Déarfadh sé gur le corp droch aigne a déarfadh
-aoinne a leithéid. Thuigfeadh sé, dá mba ná béadh aon chúis eile aici
-le gan an gníomh san a dhéanamh, go seachnóch’ sí é ar mhaithe léi
-féin. Go gcuirfeadh bás an Árdrígh í féin as an Árdríganacht. D’á
-éaghmais sin, bean ró ábalta iseadh í. Tá curtha ’n-a luighe aici ar
-aigne m’ athar ná fuil aon nídh is fearr léi ’ná é mhaireachtaint
-abhfad, mar d’á fhaid a mhairfidh sé gur b’eadh is sia a bhéad-sa gan
-teacht sa n-Árdrígheacht. Caithfear an t-aireachas a dhéanamh ar m’
-athair a gan fhios dó, a Niamh.”
-
-“Ní fheadar, a rígh,” arsa Niamh, “an bhfuil aon bhaoghal go mbéadh
-dearmhad ort-sa féin sa sgéal.”
-
-“Cad é an dearmhad a dh’fhéadfadh a bheith orm, a rígan?” ar seisean.
-
-“Ba dhóich liom,” ar sise, “go bhfuil gach aon deabhramh ar an gcaint
-sin a dúbhraís i dtaobh an ruda atá curtha ’n-a luighe aici, mar a
-deirir, ar aigne t’ athar. D’á fhaid a mhairfidh t’athair iseadh is sia
-a bheidh Gormfhlaith ’n-a h-Árdrígain agus iseadh is sia a bhéir-se gan
-teacht sa n-Árdrígheacht. Má chuirean sí féin chun báis é cuirfidh sí í
-féin as an Árdríganacht láithreach, agus déanfaidh sí Árdrígh dhíot-sa.
-Tá fhios aici go maith nách baoghal go nglacfaid fir Éirean aoinne eile
-i n’ Árdrígh. B’fhearr léi í féin do bháth ’ná thusa dh’fheisgint sa
-n-Árdrígheacht. Sin dá dhíobháil mhóra aici ’á dhéanamh di féin leis an
-ngníomh. Cá bhfuil an tairbhthe, a rígh?”
-
-“Tá sé chómh maith agam an sgéal go léir a dh’innsint duit, a
-Niamh,” arsa Murchadh, “ach is fé riún atáim ’á innsint duit. Tá
-níos mó go mór d’ fhios a gnótha agam-sa ’ná mar is dóich léi. Tá,
-mar is eól duit, a mac ’n-a rígh ar Lochlanaigh Bhaile Átha Cliath.
-Tá uisge-fé-thalamh aici ’á dhéanamh le fada riamh a d’iaraidh go
-bhfaghadh na Lochlanaigh buadh agus go mbéadh a mac féin i n’ Árdrígh
-ar Éirinn. Éire ag Lochlanaigh agus Sitric i n’ Árdrígh. Siné atá
-uaithi. Ní fheadair aoinne beó cad é an t-uisge-fé-thalamh a dhein sí
-chuige sin i gcaitheamh na h-aimsire roim chath Gleanna Mháma. B’ shiné
-fé ndeár na Lochlanaigh a bheith chómh líonmhar sa chath san agus an
-cath a bheith chómh dian, chómh fuilteach. Bhí sí deimhnightheach go
-mbéadh buadh an chatha san ag Lochlanachaibh agus ná tiocfadh Brian ná
-aoinne eile againn beó ó’n gcath. Tá an t-uisge-fé-thalamh céadna ar
-siúbhal anois airís aici. Is dóich léi ná fuil fhios agam-sa é. Tá níos
-mó go mór d’ fhios a gnótha agam ’ná mar is dóich léi. Tá rígh Lochlan
-ag gleusadh armála agus ag déanamh loingeas agus ’á gcur ar uisge.
-Tá muintir na h-Ioruaidhe ’ghá ngleusadh féin chun cogaidh, ach ní
-h-innstear cad é an cogadh é ná cad chuige an gleusadh. Tá ollmhúchán
-ar siúbhal ar oileán Mhanain agus i n-oileánaibh Alban agus thuaidh
-i n-Ínsibh Orc. Ní deir aoinne focal i dtaobh cad é an bun atá leis
-an obair go léir agus leis an ollmhúchán go léir. Tá fhios agam-sa
-go maith cad é an bun atá leis an ollmhúchán. Tá Gormfhlaith agus a
-mac, rígh Lochlanach Átha Cliath, ag déanamh a ndíchil ar gach aon
-tsaghas cuma chun bheith ollamh ar chath uathbhásach eile do bhualadh
-ar son Árdrígheachta na h-Éirean chómh luath agus gheóbhaid siad an
-chaoi cheart air. Dá bhfaghadh m’ athair bás díreach nuair a bhéadh an
-t-ollmhúchán críochnuighthe acu, do thiocfadh san agus a dtoil isteach
-le n-a chéile go h-áluinn.”
-
-“Tuigim thú, a rígh,” arsa Niamh. “Agus dá mba ná béadh aon fhonn ar t’
-athair bás d’fhághail an uair ba mhaith leó é dh’fhághail báis, isé do
-mheas go dtabharfadh Gormfhlaith congnamh dó chun báis a dh’fhághail.”
-
-“Táim deimhnightheach dé, a rígan,” arsa Murchadh. “Dá mbéadh a gcuid
-ollmhúcháin curtha chun cinn acu agus iad ollamh, agus ansan go
-bhfaghadh m’ athair bás oban, bhéadh gnó na h-Éirean ’n-a phraisigh,
-dar leó. Bhéadh sé ’n-a chogadh dhearg idir mise agus M’lsheachlainn
-feuchaint cé bhéadh i n’ Árdrígh. B’fhéidir go mbéadh sé ’n-a chath
-trír, go ndéanfadh Ua Néill thuaidh iaracht ar an Árdrígheacht
-do shealbhughadh dhó féin. Ansan dá bpreabadh neart maith láidir
-Lochlanach isteach chúghainn níor ró dheacair dóibh Éire chur fé n-a
-smacht agus Árdrígh dhéanamh de Shitric.”
-
-“Ambasa, a rígh,” arsa Niamh, “is breagh glan géar an fheuchaint atá
-aici ’á dhéanamh roímpi. Cad tá agaibh-se ’á dhéanamh? Ní dócha go
-bhfuiltí-se i nbhúr suidhe díomhaoin agus iad súd ’ghá n-ollamhughadh
-féin chómh díchealach.”
-
-“Ná bíodh eagal ort, a rígan,” arsa Murchadh. “Ní’l aon fhaillígh
-againn ’á dhéanamh. Táimíd ag gleusadh slógh ins gach aon chúinne de’n
-tír agus ag cur na n-arm is fearr ’n-a lámhaibh. Tá an t-ollmhúchán
-againne ’á dhéanamh chómh dian chómh díchealach agus atá acu-san, nó b’
-fhéidir níos déine, ach táimíd ’ghá dhéanamh a gan fhios chómh maith
-agus fhéadaimíd é. Táid na mílte fear againn cheana féin ins na dúnaibh
-agus ins na daingeanaibh anso agus ansúd ar fuid na tíre. Níor dhóich
-le h-aoinne ná béadh sáidhte i n-ár n-obair go bhfuil oiread nirt
-againn agus atá.”
-
-“Ba dhóich liom-sa, a rígh,” arsa Niamh, “go bhfuil dearmhad sa nídh
-sin oraibh. B’fhéidir dá bhfeictí bhúr neart go n-eireófaí as an
-ollmhúchán thall, mar go dtuigfí nár bh’ aon mhaith bheith a d’iaraidh
-buadh fhághail oraibh.”
-
-“Ní eireófaí, a rígan,” arsa Murchadh. “Is amhlaidh a déanfaí tuille
-díchil ar an ollmhúchán thall. Tá Gormfhlaith ró cheapaithe ar an
-ndroch obair atá curtha roímpi aici. D’á laige a mheasfaidh sí sinne
-bheith iseadh is dóichíghde gan an iomad nirt a bheith cruinnighthe
-aici i n-ár gcóir. Tá fhios aici go bhfuilimíd ag gleusadh slógh ach
-ní’l ’fhios aici cad chuige go bhfuilimíd ’á ngleusadh. Ní’l fhios aici
-go bhfuil fios a h-oibre féin againn mar atá. Is dóich léi gur chun
-na h-Árdrígheachta do choimeád ó Mh’lsheachlainn agus ó Ua Néill an
-gleusadh slógh atá againn ’á dhéanamh. Dá mbeitheá-sa i gCeann Cora i
-bhfochair m’ athar do thuigfeadh Gormfhlaith gur ag faire uirthi féin
-a bheitheá ann. Ansan ní bhéadh aon bhaoghal go ndéanfadh sí aon droch
-nidh air. Tá an iomad eagla aici rómhat-sa. Ní fheadar an domhan cad a
-dhéanfad mura bhféadair teacht go Ceann Cora agus fanmhaint ann.”
-
-“Ní fhéadfainn imtheacht ó m’ athair féin, a rígh,” arsa Niamh. “Ní
-h-aon mhaith dhuit bheith ’ghá iaraidh orm. Faigh duine éigin eile.”
-
-“Feuch, a rígan,” arsa Murchadh, “cad é an bac atá ar t’ athair teacht
-i n-aonfheacht leat! Ná déanfadh do dhritháir aire thabhairt do’n
-rígheacht so Uíbh Máine? Tá sé chómh ceangailte ar Thadhg Mhór ua
-Chealla beart a dhéanamh i gcoinnibh namhad Éirean agus ’tá sé orm-sa,
-agus go deimhin, agus ní gádh dhom san do rádh le h-inghín Thaidhg, tá
-Tadhg Mór ua Cealla chómh h-ollamh ar bheart a dhéanamh i gcoinnibh
-namhad Éirean agus ’tá aon fhear, uasal ná íseal, d’á bhfuil beó i
-n-Éirinn indiu.”
-
-“An bhfuil fhios agat cad a dhéanfair, a rígh,” arsa Niamh. “Labhair le
-m’ athair agus inis gach aon rud dó, tríd síos, fé mar atá innste agat
-dómh-sa. B’fhéidir ansan go dtuigfeadh sé gur ceart dó dul go Ceann
-Cora agus fanmhaint ann, agus mise do bhreith leis agus do choimeád i
-n’ fhochair ann.”
-
-Do dhein Murchadh an nídh sin. D’inis sé do Thadhg Mhór ua Chealla
-an sgéal go léir tríd síos, an t-ollmhúchán a bhí ar siúbhal thall
-i gcríochaibh Lochlan agus i gcríochaibh na h-Ioruaidhe agus ins na
-h-oileánaibh, agus an t-uisge-fé-thalamh a bhí ag an Árdrígan ’á
-dhéanamh chun na h-Éirean a thabhairt fé smacht na Lochlanach agus
-Ardrígh a dhéanamh d’á mac féin, de Shitric. Thaisbeáin sé dhó gach
-deimhne d’á raibh aige ar an méid sin sgéil. D’inis sé dhó an dá
-fholáramh a thug an Legáid dó féin, tré bhéal Cholla. Nuair airigh
-Tadhg an sgéal is beag ná gur b’ amhlaidh a bhí sé ar buile toisg nár
-h-innseadh fadó dhó é. Shocaruigh sé láithreach ar theacht go Ceann
-Cora agus Niamh a thabhairt leis. Do tugadh tigh breagh glan uasal
-solusmhar dóibh, chun cómhnuighthe ann, i n-aice thíghe mhóir Bhriain.
-Do fuaradh, mar ghnó súl le déanamh do Thadhg Mór bheith ag cabhrughadh
-leis an Ardrígh i ngnóthaibh stáit. Níor bh’ aon iongnadh, ansan,
-Niamh do theacht ann. Do thuig gach aoinne ná fanfadh sí sa bhaile i
-ndiaigh a h-athar.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL V.
-
-PÚICÍNÍ.
-
-
-Cá bhfuair Murchadh an t-eólus a bhí aige ar an ollmhúchán a bhí
-ar siúbhal i gcríochaibh Lochlan, agus ar an mbun a bhí leis an
-ollmhúchán? Fuair sé an t-eólus ar an gcuma so. Bhí a ghiollaí
-turais féin aige agus bhí Caoilte aige mar cheann ortha. Dar leis
-an bpoibilidheacht isé gnó Bhriain a bhí ortha a dhéanamh, gnó na
-rígheachta. Ach do thug Murchadh gnó eile, leis, le déanamh do chuid
-acu go raibh iontaoibh aige asta. Bhí fhios aige go maith ná féadfadh
-Gormfhlaith a suaimhneas a cheapadh. Go gcaillfeadh sí an t-anam nó go
-mbéadh droch obair éigin ’dir lámhaibh aici. Bhí fhios aige nár bh’ aon
-mhaith bheith a d’iaraidh cosg a chur léi. Dá gcurtí cosg léi i n-aon
-droch obair amháin ná déanfadh sí ach aghaidh a thabhairt ar dhroch
-obair eile agus é cheilt níb’ fhearr. Gur bh’ fhearr sgaoileadh léi
-agus eólus cruinn a dh’ fhághail, a gan fhios di, ar gach aon tsaghas
-droch oibre a bhéadh ar siúbhal aici. Thug Murchadh an gnó san le
-déanamh do Chaoilte, d’ “Fhear na gCos,” a ndúbhairt Conn. Níor mhiste
-an gnó thabhairt le déanamh do Chaoilte. Bhíodh sé ins gach aon chúinne
-d’oileán na h-Éirean, agus ní sa riocht gcéadna a chítí é aon dá lá as
-a chéile. ’N-a cheannaidhe Lochlanach a bhíodh sé uaireanta, istigh i
-gcathair Bhaile Átha Cliath, ag díol éadaí olna a déintí i n-Éirinn
-an uair sin níb’ fhearr ná mar a déintí iad i n-aon áit lasmuich d’
-Éirinn. ’N-a ghráséir a bhíodh sé uaireanta eile agus stoc beag ba
-seasga aige ’á dhíol le búistéiríbh Lochlanacha i gcathair Chorcaighe.
-Nuair oireadh dó eólus cruinn fhághail agus gan bheith ag brath ar
-ráflaí, radharc a shúl féin a dh’ fhághail ar neithibh, théidheadh sé
-ar bórd loinge, ’n-a Lochlanach mar ’dh eadh, agus théidheadh sé soir
-go Cathair na Beirbe agus chíodh sé gach nídh a bhíodh ar siúbhal ann.
-Chonaic sé le n-a shúilibh féin na slóighte d’á ngleusadh, agus d’
-airigh sé le n-a chluasaibh na daoine ’ghá innsint d’á chéile gur siar
-go h-Éirinn a bhí na slóighte sin go léir le dul chun cathana cruadha
-do throid do’n Árdrígan uasal, do Ghormlóda. Gormlóda a thugaidís ar
-Ghormfhlaith. Bhí eólus ar chaint na tíre sin ag Caoilte chómh maith
-agus dá mb’ ann a tógfaí é. Nuair a théidheadh sé ameasg na ndaoine ann
-ní bhíodh fhios ag aoinne ná gur dhuine de mhuintir na tíre é.
-
-Fuair sé amach, ar a measg, ar dtúis gur bh’í Gormfhlaith a bhí ag cur
-na h-oibre go léir ar siúbhal, ach is fé riún a h-innstí dhó é. Fuair
-sé amach, leis, ar an gcuma gcéadna, go raibh Sitric, mac Ghormfhlaith,
-rígh Lochlanach Átha Cliath, ag cabhrughadh le Gormfhlaith ar gach aon
-tsaghas cuma. Bhíodh sé coitchianta anonn ’s anall idir an dá chathair
-ag tabhairt gach aon tsaghas eóluis do rígh Lochlan ar ghnóthaibh na
-h-Éirean, ar an gcuma ’n-a raibh Brian ag tuitim agus nár bh’ fhéidir
-dó maireachtaint puínn eile aimsire. Nuair a gheóbhadh sé bás go
-dtuitfeadh a chómhacht as a chéile. Ná béadh aon bhreith ag Murchadh ar
-fhearaibh Éirean a choimeád dlúithte ’n-a chéile mar a bhíodar dlúithte
-ag Brian. Go mbéadh ríghthe na tíre, thuaidh agus theas, ag marbhughadh
-a chéile mar gheall ar an Árdrígheacht. Ná béadh aon bhac ar shluagh
-Lochlanach preabadh chúcha isteach an uair sin agus gabháil de chosaibh
-ionta i ndiaigh chéile. Go mbéadh a leath ar thaobh na Lochlanach féin,
-i gcoinnibh an leath eile, chómh luath agus thiocfadh na Lochlanaigh.
-Gur bh’é buac rígh Lochlan an neart slógh ba mhó fhéadfadh sé
-chruinniughadh a bheith cruinnighthe gleusta curtha le chéile aige
-i gcóir bháis Bhriain, nó i gcóir pé rud a thiocfadh. Do thuig rígh
-Lochlan an nídh sin go h-áluinn, agus bhí sé ag déanamh a dhíchil agus
-’á dhéanamh go maith, agus má bhí ní raibh oiread agus cor aige ’á
-chur dé, ná ag Sitric ’á chur dé, ná raibh cúntas cruinn ag Caoilte ’á
-thabhairt do Mhurchadh air.
-
-Théidheadh Caoilte go h-oileán Mhanain, leis, agus chíodh sé cad a
-bhíodh ar siúbhal ann, agus chuireadh sé cúntas cruinn air ag triall ar
-Mhurchadh.
-
-Thug sé cúpla cuaird óthuaidh go h-Ínsibh Orc agus chonaic sé cad a bhí
-ar siúbhal ann. Fuair sé go raibh ainim Ghormfhlaith i mbéalaibh na
-ndaoine ann, agus go raibh talamh saidhbhir geallta i n-Éirinn, saor ó
-chíos, d’aon fhear a thiocfadh ag cabhrughadh le Gormfhlaith agus le
-rígh Lochlanach Bhaile Átha Cliath sa chogadh a bhí le teacht.
-
-’N-a chuardaibh go léir, nuair airigheadh Caoilte an cómhrádh ar
-siúbhal i dtaobh an chogaidh a bhí le teacht agus i dtaobh na
-dtalmhaintí saidhbhire saora a bhí le fághail de bhár an chogaidh,
-thugadh sé fé ndeara, nuair a deireadh an fear, “Ní raghad-sa go
-h-Éirinn. Is buan fear ’n-a dhúthaigh féin. Mharbhóch’ Murchadh
-mé,” go ndeireadh an bhean, “Is fear meathta thú! Mura dtéidhir-se
-ann raghad-sa ann! Nó má théidhean tú ann raighmídh go léir ann
-i n-aonfheacht leat. Tá fir againne a bheidh maith a dhóthin do
-Mhurchadh, ní h-eadh ach ró mhaith dhó. Is fearr dul go h-Éirinn, pé
-crích a bhéarfaidh sinn, agus beatha bog sóghail a bheith ag duine ar
-thalamh bhreagh shaidhbhir, ’ná bheith a d’ iaraidh beatha docht daor a
-bhaint as na riasgaibh fiaine fuara so!”
-
-Bhí aithne mhaith ar Mhurchadh an uair sin, ní h-amháin ameasg na
-Lochlanach a bhí ’n-a gcómhnuighe i n-Éirinn, ach ar fuid tíre Lochlan
-go léir, agus ar fuid na h-Ioruaidhe, agus i n-Ínsíbh Orc, agus chómh
-fada óthuaidh le h-Inis Tuile. Nuair ba mhaith le mnaoi eagla chur ar
-leanbh ní deireadh sí ach, “Eist do bhéal nó glaodhfad ar Mhurchadh
-chúghat!” nó, “Chúghat Murchadh!”
-
-Ní raibh Caoilte i n’ aonar sa n-obair a bhí aige ’á déanamh. Bhí a
-theachtairí aige le cur uaidh go h-Éirinn nuair a bhíodh eólus éigin ná
-fuilingeóch’ ríghneas aige le cur ag triall ar Mhurchadh. Chuireadh sé
-uaidh a theachtaire agus d’fhanadh sé féin thall ag faire chuige, ag
-lorg tuille eóluis.
-
-Do thárla, lá d’á raibh sé thall i gCathair na Beirbe, gur ghluais
-ráfla ó bhéal go béal ameasg na ndaoine.
-
-“Ó,” a déarfadh duine le duine, “ar airighis an sgéal nua?”
-
-“Níor airigheas airiú! Cad é an sgéal nua é?” a déarfaí ’á fhreagradh.
-
-“Árdrígh Éirean atá marbh!”
-
-“Eist do bhéal!”
-
-“Ó, go deimhin ní’l aon fhocal bréige ann. Lochlanach óg uasal ó Áth
-Cliath a thug an sgéal nua anall anso ag triall ar an rígh, agus d’á
-chómhartha san féin isé Sitric, rígh Lochlanach Átha Cliath do chuir
-anall é. Tá Brian marbh agus beidh Sitric i n’ Árdrígh anois.”
-
-Ansan déarfadh duine eile a thiocfadh suas:--
-
-“Tá an éagcóir agat. Níor thugais an sgéal sa cheart leat. Ní h-é an
-t-Árdrígh atá marbh. Ní’l aoinne marbh. Is amhlaidh a chuir Sitric
-anall anso ó Áth Cliath an priúnsa óg, Amhlaoibh, ’ghá innsint do’n
-rígh go bhfuil Gormfhlaith go maith agus go bhfuil gach aon nídh ag dul
-chun cinn aici ar a toil. Go bhfuair sí an saidhbhreas a bhí uaithi
-agus go bhfuil sí sásta.”
-
-“Cad é an saidhbhreas a bhí uaithi?” a déarfadh duine eile. “Nách í
-Árdrígan na h-Éirean í? Tá an saidhbhreas san aici le fada anois. Nár
-bhuailtear a thuille uimpi! Cad a chuir i mbéal an amadáin seo Brian a
-bheith marbh?”
-
-“Ní fheadar-sa san,” a déarfadh an fear eile, “mura mar seo a dh’eirigh
-an focal. Dúbhairt Gormfhlaith le h-Amhlaoibh a dh’innsint do’n rígh go
-raibh Brian ag tuitim leis an aois go tiugh, agus ná féadfadh sé, agus
-a dhícheal a dhéanamh, seasamh puínn níos sia. Is dócha, nuair a leath
-an chaint sin ameasg na ndaoine gur chuireadar leis an gcaint agus gur
-dheineadar a bhás as an gcaint. Nuair a bhíon ráfla ag gabháil tímpal
-bíon gach aoinne ag cur leis.”
-
-Chuir an chaint sin Caoilte ag machtnamh. Cé r’ bh’ é an t-Amhlaoibh
-seo? Nó ar bh’fhéidir i n-aon chor gur bh’ é cara Thaidhg Óig uí
-Chealla é?
-
-“Ní foláir dom, má fhéadaim é, radharc fhághail air,” ar seisean i
-n’aigne féin.
-
-Chrom sé ar dhruidim, ar feadh raint laethanta, i dtreó an
-ríghtheighlaigh le pé mangaireacht a bhí ar siúbhal aige. Bhíodh sé
-ag faire ar na h-uaislibh agus iad ag dul isteach ’s amach. Theip air
-aon radharc fhághail ar aoinne de shaghas Amhlaoibh. Má theip bhí rud
-eile nár theip air. Níor theip air ceathrar lucht airm do theacht n-a
-thímpal do phreib agus prísúnach a dhéanamh dé agus é chur isteach i
-gcarcair dhaingean, sar a’ raibh fhios aige, ba dhóich leat, cad a bhí
-ag imtheacht air. Níor labhradh oiread agus focal leis. Níor deineadh
-ach breith air agus a dhá láimh a cheangal lastiar dé agus púicín a
-tharang anuas ar a shúilibh agus é thógaint chun siúbhail. Nuair a
-bhí sé istigh sa phrísún do cuireadh slabhra fan chuim air, agus bhí
-an ceann eile de’n tslabhra san daingean sa bhfalla. Do baineadh dé
-an púicín agus do fágadh ansan é i n’ aonar. Tar éis raint aimsire
-do tugadh bia chuige agus do baineadh an ceangal d’á lámhaibh an
-fhaid a bhí sé ag ithe an bhídh. Amáireach a bhí chúgainn, tár éis
-cheithre h-uaire fichid a bheith caithte aige i n’ aonar, do tugadh an
-bia chuige airís. Do tugadh an bia chuige mar sin gach aon lá. Gach
-aon uair a thagadh an bia do labhradh Caoilte leis an dteachtaire,
-agus d’fhiafraigheadh sé dhé cad é an chúis gur cuireadh isteach sa
-phrísún san é agus gan aon rud déanta as an slígh aige. Ní thugadh an
-teachtaire aon fhreagra air ach fé mar a bhéadh sé bodhar balbh. D’
-imthigh lá agus oídhche, agus d’imthigh lá eile agus oídhche eile,
-agus d’fhan Caoilte sa phrísún. D’imthigh seachtmhain, agus ambasa bhí
-gach aon deabhramh go bhfágfaí sa phrísún san é, níor bh’fhios cad é
-an fhaid. Bhí sé ag machtnamh agus ag machtnamh, agus ní fhéadfadh sé
-aon tuairim a thabhairt do cad fé ndeara prísúnach a dhéanamh dé. Bhí
-fhios aige go maith go raibh sé ag cur eóluis ag triall ar Mhurchadh
-go h-Éirinn ar neart slógh tíre Lochlan agus ar acfuinn na tíre agus
-ar gach aon tsaghas gnótha stáit d’á raibh ar siúbhal sa n-áit. Ach
-bhí fhios aige go maith, leis, ná raibh cogadh an uair sin idir an dá
-thír, idir Éire agus crích Lochlan, agus d’á bhrígh sin, pé eólus a
-chuirfeadh sé uaidh abhaile go h-Éirinn, nár bh’fhéidir spiaireacht do
-chur ’n-a leith. Má labhair sé caint na Lóchlanach chómh maith agus
-do labhradar féin í ní dhéanfadh san spiaire dhé nuair ná raibh aon
-chogadh ar siúbhal idir an dá thír.
-
-Nuair a bhí breis agus seachtmhain caithte sa phrísún aige do labhair
-sé, lá, leis an dteachtaire, mar seo:--
-
-“A dhuine mhacánta,” ar seisean, “ní’l aon lá a tháinís anso le m’
-chuid bídh chúgham nár fhiafraigheas díot cad é an chúis gur deineadh
-prísúnach díom. Níor thugais aon fhreagra orm. Is maith liom anois an
-méid seo do rádh leat, agus tá súil agam go raghaidh an focal ag triall
-ar rígh Lochlan. Pé duine is bun le mise chur isteach sa phrísún so,
-gan aon droch ghníomh do chur am’ leith, tá an dlígh briste aige agus
-díolfaidh sé as. Má tugtar aon anchor dom díolfar as chómh daor agus a
-díoladh riamh a’ h-éagcóir. Mura maith leat labhairt liom-sa labhair le
-duine éigin eile agus inis an méid sin dó. Labhair leis an t-é a dhein
-an gníomh so. Ní duine gan úghdarás a dhein an gníomh so.”
-
-D’imthigh an teachtaire. Ní raibh sé abhfad imthighthe nuair a tháinig
-an ceathrar céadna úd airís. Do rugadar ar Chaoilte. Bhaineadar an
-slabhra d’á chom. Sháthadar an púicín anuas ar a cheann agus ar a
-shúilibh. Do rugadar leó amach é agus síos chun an chuain, agus
-chuireadar ar bórd loinge é. Bhí an long ag dul go h-Éirinn. Do
-cuireadh suas na seólta agus do ghluais an long. Nuair a bhí an long
-tamal amach ar uisge do baineadh an púicín de Chaoilte agus do baineadh
-an ceangal dh’á lámhaibh. Ansan do shín an captaéin leitir chuige. Sidé
-a bhí sa leitir:--
-
- “A ‘Dhuinn,’ nó a ‘Chaoilte,’ nó a ‘Chosa Buídhe Árda,’
- nó pé ainim n-ar maith leat freagairt dó, tá t’ anam ’á
- leigint leat an turus so. Mar a deirir, ní’l cogadh idir
- rígh Lochlan agus Árdrígh Éirean. Ach má feictar sa tír seo
- airís tú ní feicfear beó thú ’n-a dhiaigh san.”
-
-Do léigh sé an leitir agus chuir sé chuige í. Bhí an captaéin agus é
-féin, agus an fhuirean, síbhialta go leór le n-a chéile go dtí gur
-sroiseadh cuan Chorcaighe. Do cuireadh i dtír ag calaith an chuain sin
-é agus do fágadh ansan é. Bhí a dhóthin daoine muinteartha i gCorcaigh
-aige. Níor bh’fhada an ríghneas a dhein sé eatartha. D’imthigh sé
-óthuaidh go Ceann Cora. Níor bh’fhada go bhfeacaidh sé an ríghdhamhna,
-Murchadh. Thaisbeáin sé an leitir dó, agus d’inis sé an sgéal go léir
-dó, tríd síos.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL VI.
-
-DHÁ AMHLAOIBH?
-
-
-Nuair a h-innseadh an sgéal do Mhurchadh ní miste a rádh ná gur
-cuireadh ag machtnamh é. Cé r’ bh’é an fear a sgríbh an leitir sin
-a tugadh do Chaoilte? Cé ba bhun le breith ar Chaoilte agus é chur
-isteach i bprísún? Sin cuid des na ceisteanaibh a bhí ag Murchadh ’á
-fhiafraighe dhé féin. D’inis Caoilte dhó conus mar a dh’ iar Tadhg Óg
-ua Cealla air bheith ag faire, ’n-a chuardaibh, feuchaint an bhfaghadh
-sé aon tuairisg ar an Amhlaoibh úd, an comrádaidhe a bhí ag Tadhg Óg
-i sgoil Ínse Cathaigh. Nuair airigh sé na ráflaí, thall, i dtaobh
-an Amhlaoibh a tháinig ó Shitric, ó rígh Lochlanach Átha Cliath, ag
-triall ar rígh críche Lochlan, gur chuimhnigh sé ar an Amhlaoibh a
-bhí ar iaraidh agus gur bheartuigh sé i n’ aigne radharc fhághail, dá
-mb’ fhéidir é, ar theachtaire Shitric, le h-ionachus go mb’ fhéidir
-gur bh’ é an t-Amhlaoibh céadna é. Gur a d’ iaraidh an radhairc sin a
-dh’fhághail a bhí sé nuair a cuireadh an púicín air.
-
-“Agus anois cad is dóich leat do’n sgéal, a rígh?” ar seisean le
-Murchadh.
-
-“Tá raint neithe sa sgéal, a Dhuinn,” arsa Murchadh, “atá soiléir
-go leór.” (Bhí fhios ag Murchadh cé r’ bh’é Caoilte.) “An fear a
-dh’órduigh an púicín do chur ort-sa bhí fhios aige cad a bhí uait,
-gur theastuigh uait radharc fhághail air féin. Bhí fhios aige go
-n-aithneófá é dá bhfaghfá radharc air. Fuair seisean radharc ort-sa
-sar ar fhéadais-se radharc fhághail air-sean. Do rugadh ’n-a láthair
-tu nuair a bhí an púicín ort. D’ fheuch sé go maith ort ansan. Is fear
-é go bhfuil cómhacht aige. Mura mbéadh go bhfuil ní bhéadh an lucht
-airm úmhal dó. Tá fhios aige cé ’ra mac tu. Siné cúis nár leig eagla
-dhó aon anchor a thabhairt duit. Tá an méid sin soiléir go leór. Cad
-’n-a thaobh dó a thabhairt le tuisgint duit, agus dúinn go léir, as an
-leitir seo, go bhfuil aithne mhaith aige ort? Inis an méid seo dhom, a
-Dhuinn. An raibh aithne ag an Amhlaoibh a bhí i n-Inis Cathaigh ort?”
-
-“Ní raibh, a rígh,” arsa Caoilte.
-
-“Is dóich liom, a Dhuinn, go dtuigim an sgéal, ach b’fhéidir dearmhad
-a bheith orm,” arsa Murchadh. “Má’s aoinne amháin an dá Amhlaoibh
-do bhí aithne aige ort, ach cheap sé, agus dob’ fhíor dhó é, go
-rabhais-se deimhnightheach ná raibh. Ansan do sgríbh sé an leitir sin
-chun a chur ’n-a luighe ort nár bh’é féin an t-Amhlaoibh go rabhais
-ar a lorg, mar go raibh aithne mhaith aige féin ort, agus go raibh
-’fhios agat féin ná raibh aon aithne ag an Amhlaoibh eile ort. Is
-cuimhin liom an t-Amhlaoibh a bhíodh ag teacht anso ainíos ó Inis
-Cathaigh i n-aonfheacht le Tadhg Óg ua Cealla. Mheasas gur bh’ ógánach
-deagh-chroídheach macánta osgailte é, agus is dóich liom gur bh’ é sin
-meas gach aoinne air. Is iongantach an sgéal é má bhí doimhneas fill
-ann lastigh de’n mhacántacht agus de’n osgailteacht go léir. B’fhéidir
-nár bh’fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís ’ná labhairt le Niamh agus
-an nídh go léir do chur ’n-a cómhairle. Anso thall, feuch, atá sí
-féin agus a h-athair ’n-a gcómhnuighe,” agus thaisbeáin sé an tigh do
-Chaoilte.
-
-“An bhfuil Niamh ’n-a cómhnuighe anso, a rígh?” arsa Caoilte, agus
-do las sé go bun na gcluas. Thug Murchadh fé ndeara an lasadh, ach
-d’iompuigh sé chómh h-oban san, ag feuchaint ar rud éigin eile, gur
-mheas Caoilte nár thug.
-
-“Tá sí ’n-a cómhnuíghe anso le tamal maith anois. Tá sé chómh maith
-agam a dh’innsint duit cad ’n-a thaobh.”
-
-Ansan d’inis sé do Chaoilte an dá fholáramh a thug an Legáid uaidh,
-agus an sgannra a bhí air féin le h-eagla go ndéanfaí aon iaracht ar
-nimh a thabhairt do’n Árdrígh; conus nár fhéad sé a aigne chur chun
-suaimhnis go dtí gur chuir sé fhiachaibh ar Niamh teacht go Ceann Cora.
-
-“Tá,” ar seisean, “eagla agam’ leas-mháthair roime n-a súil. An fhaid
-a bheidh sí anso ní déanfar aon iaracht ar éagcóir a dhéanamh ar an
-Árdrígh. Tuigean Niamh cad chuige go bhfuil sí anso, agus geallaim
-dhuit nach miste do Ghormfhlaith eagla bheith aici roime n-a súil. Ní
-thuigean aoinne eile sa teighlach, ámh, ach Niamh agus a h-athair, cad
-chuige go bhfuil sí anso. Tuigean fear frithálmha an rígh go bhfuil sé
-anso chun aire thabhairt do bhia an rígh, díreach mar is gnáth aire
-thabhairt do bhia aon rígh. Ní’l fhios aige go bhfuil aon chontabhairt
-fé leith ar m’ athair. Tá sé chómh maith againn dul agus do sgéal-sa a
-dh’innsint do Niamh feuchaint a’ ndéarfaidh sí go bhfuil dhá Amhlaoibh
-ann nó ná fuil.”
-
-Bhuaileadar araon anonn chun an tíghe n-a raibh Niamh agus a h-athair
-’n-a gcómhnuighe ann. Chuir Niamh agus a h-athair fáilte rómpa mar ba
-chóir.
-
-D’inis Caoilte a sgéal di, ó thusach go deire, agus thaisbeáin sé an
-leitir di.
-
-“Coimeádfad an leitir seo, le nbhúr dtoil,” ar sise, “agus taisbeánfad
-do Thadhg í. Má ’sé Amhlaoibh Thaidhg a sgríbh í aithneóchaidh Tadhg an
-sgríbhinn.”
-
-“Ná béadh sé chómh maith agam-sa,” arsa Caoilte, “preabadh siar go
-h-Uíbh Máine agus an leitir a thaisbeáint láithreach dó?”
-
-“Thar a bhfeacaís riamh,” arsa Murchadh.
-
-D’imthigh Caoilte siar. Thaisbeáin sé an leitir do Thadhg Óg ua Chealla.
-
-“Cé ’s dóich leat a sgríbh an leitir sin, a Thaidhg,” ar seisean.
-
-D’ fheuch Tadhg ar an leitir. Do léigh sé í. Do léigh sé airís í.
-D’fheuch sé ar Chaoilte.
-
-“Cé is dóich leat a sgríbh í?” arsa Caoilte leis.
-
-“Airiú, cá bh’ fhios dómh-sa cé sgríbh í!” arsa Tadhg. “Ní’l aon phioc
-d’á fhios agam cé sgríbh í,” ar seisean, “ná cad é an brígh atá léi.”
-
-Do stad Caoilte. Chonaic sé nár aithin Tadhg an sgríbhinn. Bhí sé
-i gcás ’dir dhá chómhairle cé ’cu ba cheart dó an sgéal go léir a
-dh’innsint dó nó nár cheart, gan cead ó Mhurchadh nó ó Niamh. Fé dheire
-thuig sé, ó thaisbeáin sé an leitir, gur cheart dó a dh’innsint cad
-’n-a thaobh gur thaisbeáin sé í agus cad é an brígh a bhí léi. D’inis
-sé an sgéal go léir dó, na ráflaí a dh’ airigh sé thall i dtaobh bháis
-Bhriain agus i dtaobh an Amhlaoibh a chuaidh anonn ó Áth Cliath, ó
-Shitric, go rígh Lochlan, agus i dtaobh an teachtaireachta a bhí ag
-an Amhlaoibh sin do’n rígh thall, ’ghá rádh leis go raibh Gormfhlaith
-go maith, agus an saidhbhreas a bhí uaithi, go raibh sé fághalta
-aici. Ansan d’inis sé dhó conus mar a chuaidh sé féin i gcómhngar do
-ríghtheighlach rígh Lochlan feuchaint a’ bhféadfadh sé radharc fhághail
-ar an Amhlaoibh úd, agus conus mar a cuireadh an púicín air, agus mar
-a cuireadh sa phrísún é, agus mar a cuireadh anall go Corcaigh é, agus
-conus mar a thug an captaéin an leitir dó.
-
-D’éist Tadhg leis an innsint go breagh socair go dtí go raibh an focal
-deirineach ráidhte. Níor labhair sé ansan féin. D’fhan sé gan labhairt
-ar feadh tamail mhaith. Nuair a bhí a mhachtnamh déanta aige do labhair
-sé.
-
-“Cad é an saidhbhreas,” ar seisean, “a bhí ó Ghormfhlaith agus a fuair
-sí?”
-
-“Siní díreach an cheist nách féidir le Niamh ná le Murchadh ná liom
-féin do réidhteach,” arsa Caoilte. (Níor mhaith leis trácht ar an
-gcailís gan cead ó Mhurchadh).
-
-“Raghaidh mé leat soir go Ceann Cora,” arsa Tadhg.
-
-Do ghluais an bheirt soir. D’innseadar nár aithin Tadhg an sgríbhinn.
-
-“Shamhluigheas féin gur mar sin a bhéadh,” arsa Niamh.
-
-“Agus ar neóin,” arsa Caoilte, “is tu a dúbhairt an leitir a
-thaisbeáint dó.”
-
-“Is mé,” ar sise. “Níor bh’ aon dióbháil í thaisbeáint dó. Ní h-é an
-t-é do labhair an chaint do sgríbh an leitir. Fuair sé duine eile chun
-na sgríbhinne dhéanamh.”
-
-Bhí Tadhg ana ghruama. Ní raibh focal ag teacht as ach é ag machtnamh.
-Bhí an triúr eile ag caitheamh tuairimí chómh maith agus d’fhéadadar
-é, agus bhí gach aon tuairim d’ár tugadh ag dúnadh isteach, i ndiaigh
-ar ndiaigh, ’ghá chur ’n-a luighe air gur bh’ aon Amhlaoibh amháin an
-dá Amhlaoibh. An fhaid a bhí na tuairimí ar siúbhal bhí a lán neithe
-beaga ag teacht chun cuimhne Thaidhg, neithe beaga nár chuir sé blúire
-suime ionta nuair a chonaic sé ar dtúis iad, ach gur chuir sé mórán
-suime anois ionta, agus bhíodar ’ghá thaisbeáint dó go raibh gach aon
-deabhramh gur bh’ aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh.
-
-Thuig Murchadh gur cheart guid na cailíse d’innsint do Thadhg. Do
-h-innseadh dó é. Níor bheag san.
-
-“Ó,” ar seisean, “nách mé an t-amadán críochnuighthe! Le feall iseadh
-ghlac sé an Creideamh. Le feall iseadh ghlac sé na mion-Úird, chun
-go gcurfaí isteach sa n-érdam é. Ba cheart mé chrochadh mar gheall
-ar leigint dó a leithéid d’ amadán a dhéanamh díom! Feall ab eadh an
-cion a bhí aige orm! Ó! Ní chuirfead náire an sgéil díom an dá lá ’s
-’n fhaid a mhairfead! Dá mairinn céad ní chuirfinn díom é. A Niamh,
-caithfir-se agus m’ athair dul siar abhaile.”
-
-“Airiú, a Thaidhg, a laogh,” arsa Niamh, “cad é an gnó atá agat siar
-dínn? Ná fuil fhios agat cad chuige gur tugadh anso sinn? Cad ’tá chun
-tu féin a chosg ar aire thabhairt do’n áit thiar?”
-
-“Ní’lim ag dul siar,” ar seisean. “Leanfad an feallaire úd! Bainfead
-an gealgháire dhé. Ó! An claidhre! An bitheamhnach fill! Leanfad é agus
-tiocfad suas leis agus bainfead an ceann ó n-a ghuaillibh dé.”
-
-“Go réidh, a Thaidhg,” arsa Murchadh. “Ní’l deimhne ceart i n-aon
-chor fós againn air gur b’é an t-Amhlaoibh a bhí i n-Inis Cathaigh do
-sgríbh an leitir sin nó do labhair an chaint atá inti. Dá mbéadh féin
-ní h-alaidh dhúinn gan feuchaint rómhainn le h-eagla gur bh’ amhlaidh
-a chuirfimís ar a chumas tuille díobhála dhéanamh dúinn. Má ’sé a
-dhein an méid díobhála atá déanta ní h-aon dóichín é. Ní foláir cuid
-d’á ghastacht féin a dh’imirt ’n-a choinnibh. Eirigh-se siar abhaile
-agus fanadh Niamh agus t’ athair anso. Ní gan fáth a cuireadh amach,
-thall i gcrích Lochlan, an ráfla úd i dtaobh bháis an Árdrígh. Do
-cuireadh amach an ráfla i dtreó go mbéadh daoine ag dul i dtaithighe
-an sgéil agus nuair a thiocfadh an tásg ná déanfaí iomad iongnadh dhé.
-Do cuireadh amach an ráfla le cúir eile, leis. Do cuireadh amach é mar
-chómhartha, ’ghá rádh le rígh Lochlan ‘Lean de’n ollmhúchán chómh dian
-agus fhéadfair é. Ní fheadaraís cad é an neómat a gheóbhadh Brian bás.
-Bí ollamh.’ Sé sin le rádh, ‘Cuirfimíd chun báis é chómh luath agus is
-féidir é, ach bídhidh-se ollamh!’ Siné brígh atá leis na ráflaíbh.”
-
-“Gabhaim párdún agat, a rígh,” arsa Tadhg le Murchadh, “ach má tá
-daoine anso againn atá chómh ceapaithe sin ar an Árdrígh do chur chun
-báis cad ’n-a thaobh ná beirtear láithreach ortha agus a ndroch bhearta
-do chur ’n-a leith agus iad do chur chun báis! Cad chuige bheith ag
-feitheam go dtí go mbeidh an droch bheart déanta acu? Cad é an leigheas
-ar an ndroch bheart an cuirptheach do chur chun báis nuair a bheidh an
-droch bheart déanta?”
-
-“Is fíor dhuit, a Thaidhg,” arsa Murchadh, “gur shuarach an leigheas
-ar dhroch bheart an cuirptheach do chur chun báis nuair a bhéadh an
-droch bheart déanta. Ní h-amhlaidh atáthar ag feitheamh go dtí go
-ndéanfaidh an cuirptheach an droch beart. Is amhlaidh atáimíd ag
-déanamh ár ndíchil chun an chuirpthigh do chosg ar an ndroch bheart
-a dhéanamh. Ní féidir cuirptheach do chur chun báis, pé droch amhras
-a bhéadh agat air, go dtí go mbéadh droch ghníomh éigin agat le cur
-’n-a leith. Mura mbéadh droch ghníomh agat le cur n-a leith cad a
-bhéadh agat le déanamh ach tu féin a chosaint air? Siné atá againn ’á
-dhéanamh, a Thaidhg. Táimíd ’ghár gcosaint féin ar an gcuirptheach.
-Eirigh-se siar abhaile, a Thaidhg, agus ná leig ort le h-aoinne aon
-nídh i dtaobh na cainte seo atá déanta anso againn indiu. Ná bíodh aon
-eagal ort ná go dtabharfad-sa caoi dhuit, nuair a thiocfaidh an t-am
-chuige, ar t’aigne shásamh ar an bhfeallaire.”
-
-“Tá go maith, a rígh,” arsa Tadhg. “Tá t’ fhocal agam chuige sin agus
-táim sásta. Tiocfaidh mo lá.”
-
-Agus d’imthigh sé abhaile.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL VII.
-
-AN tSÍDHE GAOITHE.
-
-
-Nuair a bhí Tadhg Óg ua Cealla imthighthe do labhair Murchadh le
-Caoilte.
-
-“A Dhuinn,” ar seisean, “pé h-é an t-Amhlaoibh do sgríbh an leitir
-sin, nó do labhair an chaint atá intí, tá botún mór déanta aige. D’á
-ghastacht é tá dearmhad déanta aige. Bainfead-sa geit as pé h-é féin.
-Imthigh ag triall ar Dhúlainn Óg agus abair leis buidhean d’fhearaibh
-tobhtha do chur le chéile gan mhaill agus tar chúgham anso chómh luath
-agus bheid siad ollamh aige.”
-
-D’imthigh Caoilte.
-
-“Cad a mheasan tú a dhéanamh, a rígh?” arsa Niamh.
-
-“Raghad go h-Áth Cliath, a Niamh,” ar seisean, “agus labharfad le
-Sitric. Béarfad teachtaireacht ag triall air ó’n Árdrígh. Táid
-Lochlanaigh Átha Cliath, agus Sitric leó, fé smacht an Árdrígh.
-Taisbeánfad an leitir sin do Shitric. Tá síthcháin idir Éirinn agus
-tír Lochlan. Ó ’tá an tsíthcháin sin ann tá saor chead chun gnóthaí
-ceannaigheachta idir an dá thír, agus tá fhiachaibh ar gach tír acu
-cosnamh dlíghe a thabhairt dos na ceannaighthibh a thagan ó’n dtír
-eile. Tá an cosnamh san againne ’á thabhairt dos na ceannaighthibh
-Lochlanacha a thagan go h-Éirinn. Tá geallamhaint againn ó rígh Lochlan
-go dtabharfaí an cosnamh céadna do cheannaighthibh Gaedhlacha dá
-dtéidís anonn go Danmharg ag déanamh aon ghnótha ceannaigheachta ann.
-Chuaidh ceannaighe Gaedhlach anonn le déanaighe. Bhí sé ag déanamh a
-ghnótha, gan aon chur isteach aige ’á dhéanamh ar ghnó aon duine eile,
-agus gan briseadh ná milleadh dhéanamh ar aon dlígh de dhlighthibh na
-tíre sin. Tháinig ceathrar lucht airm, de lucht airm na tíre, agus do
-rugadar air, gan chúis gan adhbhar, agus chuireadar i bprísún é, agus
-do coimeádadh sa phrísun é breis agus seachtmhain. Caithfear sásamh
-a dh’fhághail ó rígh Lochlan as an ngníomh san. Caithfear an ceart
-céadna a tugtar do cheannaighthibh Lochlanacha i n-Éirinn do chur i
-n-áirighthe do cheannaighthibh Gaedhlacha thall i gcrích Lochlan. Ar
-sgáth na h-oibre sin, caithfear a dhéanamh amach má ’s féidir é, an
-bhfuil an dá Amhlaoibh ann, nó an é an t-Amhlaoibh a bhí anso againn
-atá anois ’n-a theachtaire idir Shitric agus an rígh thall.”
-
-Le n-a linn sin tháinig Caoilte thar n-ais.
-
-“Tá Dúlainn agus na fir ollamh, a rígh,” ar seisean.
-
-“Tá go maith, a Dhuinn,” arsa Murchadh. “Tiocfair-se linn.”
-
-“Cathin a gheóbhmíd aon sgéala uaibh, a rígh?” arsa Niamh.
-
-“An túisge ’n-a mbeidh aon nídh le h-innsint gur fiú é é dh’innsint
-curfar teachtaire thar n-ais chúghat, a Niamh,” arsa Murchadh. “Ní gádh
-dhom a rádh leat aire mhaith a thabhairt dom’ leas-mhathair.”
-
-“Ná bíodh ceist ort, a rígh,” ar sise. “Tabharfad aire mhaith dhi.
-Ní chuirfidh sí cor di a gan fhios dom. Táimíd go h-ana mhór le n-a
-chéile. Ach tá fhios aici, is dóich liom, cad é an gnó atá anso agam,
-agus tá sí ag déanamh a díchil chun a thaisbeáint dúinn go léir gur
-dearmhad mór dúinn aon droch amhras a bheith againn uirthi. Tá an
-dícheal san ’ghá coimeád ar fad ó aon nídh a dhéanamh a chabhróch’ leis
-an ndroch amhras. Beidh m’aigne féin ana mhí-shásta, a rígh,” ar sise,
-“go dtí go mbeidh ’fhios agam cé h-é an t-Amhlaoibh seo, nó an aon
-Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh.”
-
-“Curfar chúghat an t-eólus, a Niamh,” arsa Murchadh, “chómh luath i
-n-Éirinn agus bheidh an t-eólus againn le cur chúghat.”
-
-D’imthigh Murchadh agus Caoilte amach chun na h-áite ’n-a raibh
-Dúlainn agus na fir ag feitheamh leó. Ar marcaigheacht a bhíodar le
-h-imtheacht. Marcaigh mhaithe ab eadh iad go léir. Marcach áluinn ab
-eadh Murchadh agus marcach áluinn ab eadh Dúlainn. Ach ní raibh aon
-bhreith ag aoinne de’n bheirt, ná ag aon fhear i n-Éirinn an uair sin,
-agus M’lsheachlainn Mór féin do chur chuige, ar Chaoilte, chun capail
-a mharcaigheacht. An stail ba mhó agus ba threise agus ba thréine dob’
-fhéidir a dh’fhághail, agus é bheith ag imtheacht fiain, gan lámh duine
-do dhul ar a cheann go dtí go mbéadh sé i n-aois a sheacht mblian, do
-léimfeadh Caoilte ar a mhuin, gan srian gan ialait, agus dhéanfadh sé
-é mharcaigheacht treasna na dútha go dtí go mbéadh an stail sin chómh
-mín le h-uan caoirach aige. Bhí Caoilte cúmtha chun na marcaigheachta
-chómh maith díreach agus bhí sé cúmtha chun an reatha. Bhí an neart
-agus an fuinneamh go léir agus an bhreis bheagh fhaid ins na cosaibh
-aige. Aon chapal a geobhfaí idir an dá chois sin ní raibh aon bhreith
-aige, pé léimreach a dhéanfadh sé ná pé casadh a bhainfeadh sé as féin,
-ar dhul ó n-a ngreim. Ní fhéadfadh sé an marcach a chur dé ach le h-é
-féin d’iomlasg ar an dtalamh. An túisge ’n-a gcuirfeadh an capal chun
-luighte bhéadh an marcach ’n-a sheasamh i n’ aice, agus ansan, an
-túisge ’n-a mbéadh an capal ar a chosaibh airís bhéadh an marcach ar a
-mhuin airís. Níor bheag de radharc, uaireanta, bheith ag feuchaint air
-féin agus ar chapal óg fhiain ag iomaigh le chéile go dtí go caitheadh
-an capal géilleadh dhó sa deire.
-
-Do ghluais an dírim marcach ó Cheann Cora agus thugadar aghaidh soir
-óthuaidh ar Theamhair. Ba sheólta an ghluaiseacht acu é, fan an
-bhóthair áluinn a bhí go breagh leathan, leibhéalta, réidh, an bóthar a
-deineadh le h-órdughadh Bhriain, ó Cheann Cora go Teamhair.
-
-Tímpal deich míle soir óthuaidh ó Cheann Cora bhí buachail ag aeireacht
-bhó ar an dtaobh thuaidh de’n bhóthar. D’ airigh sé, abhfad siar
-ódheas uaidh, mar a bhéadh séideadh beag gaoithe tré chrannaibh. Do
-neartuigh ar an séideadh i dtreó gur mheas an buachail gur stoirm a
-bhí ag teacht. Ansan do neartuigh ar an séideadh i dtreó gur mheas an
-buachail nár shéideadh a bhí ann ach fuaim uisge ag gabháil le fánaigh
-gleanna. Ansan d’airigh sé mar a bhéadh brúth agus meilt agus fuadar
-cuisidheachta, agus do ghluais an marc-shluagh chuige amach ó sgáth na
-coille a bhí ar thaobh an bhóthair agus a bhí ’ghá gclúdach uaidh go
-dtí san. Thánadar i n’ aice agus ghluaiseadar thairis, agus an fhaid a
-bhíodar ag gabháil thairis shamhluigh sé go raibh an talamh ag bogadh
-agus ag luasgadh agus ag crith fé n-a chosaibh le neart agus le brúth
-agus le fuinneamh a ngluaiseachta agus iad ag imtheacht mar imtheóch’
-an tsídhe gaoithe, agus an ceó-bóthair ag eirighe ’n-a ndiaigh, agus
-suip agus bileóga feóchta d’á séideadh suas agus d’á gcasadh agus d’á
-sguabadh chun siúbhail, leis an ngaoith a tháinig ó’n ngluaiseacht.
-D’imthíghdar thairis agus chuaidh an ceó ’n-a shúilibh agus bhí an
-fothram ’n-a chluasaibh, agus nuair fhéad sé a shúile do ghlanadh agus
-feuchaint airís ortha, bhíodar ag imtheacht soir óthuaidh as a radharc
-agus bhí an fothram ag maolughadh. Do mhaoluigh an fothram go dtí ná
-raibh ann ach mar a bhéadh fuaim uisge. Do mhaoluigh sé ansan go dtí
-ná raibh ann ach mar a bhéadh séideadh gaoithe tré chrannaibh. Ansan
-do mhaoluigh sé go dtí ná h-airigheadh an buachail ach puth beag anois
-agus airís dé. Ansan bhí sé imthighthe. Do cuireadh a leithéid de sgárd
-i gcroídhe an bhuachala gur fhan sé ar an áit sin gan coruighe as ar
-feadh abhfad.
-
-Deich mbliana agus dachad ’n-a dhiaigh san, nuair a bhí an buachail sin
-’n-a sheanduine, bhíodh sé ’n-a sheasamh ar an áit gcéadna go minic
-agus d’airigheadh sé an tsídhe gaoithe ag tusnughadh thiar theas, mar
-ar thusnuigh an séideadh gaoithe an uair sin, agus thagadh an tsídhe
-gaoithe chuige aniar andeas le fuinneamh, agus do sguabadh sí thairis
-soir óthuaidh ag déanamh ceó-bóthair agus ag sgaipeadh na sop, agus
-bhíodh sé daingean i n’ aigne gur bh’é Murchadh agus a mharc-shluagh a
-bhíodh ann! Bhíodar go léir ar shluagh na marbh, an uair sin.
-
-Ach tháinig Murchadh agus a mharc-shluagh go Teamhair. Chuir sé
-teachtaire isteach ag triall ar Mh’lsheachlainn ’ghá rádh leis gur
-mhaith leis raint cainte dhéanamh leis. Tháinig M’lsheachlainn amach
-agus chuir sé míle fáilte roim Mhurchadh agus rómpa go léir. Do rug sé
-leis isteach iad agus dhéin sé cúram mór díobh. Do cuireadh cóir bídh
-agus díghe ortha. Ar ball d’inis Murchadh do Mh’lsheachlainn cad a thug
-é. Gur cuireadh duine de cheannaighthibh na h-Éirean i bprísún, thall i
-bpríomh-chathair tíre Lochlan, gan chúis gan adhbhar. Ansan thaisbeáin
-sé an leitir.
-
-“Táim ceapaithe, a rígh,” ar seisean, “ar dhul soir go h-Áth Cliath
-agus ar labhairt le Sitric, ó ’sé rígh Lochlanach Átha Cliath é, agus
-ar a fhiafraighe dhé an bhfuil aon eólus aige ar an t-é is bun leis
-an ngníomh éagcórtha so do dhéanamh orainn. Dá leigimís leó an gníomh
-so gan gearán a dhéanamh mar gheall air níor bh’ fhada, b’fhéidir,
-go ndéanfaí gníomh eile a bhéadh níba mheasa ’ná é. Is lag an bheart
-dúinne a rádh go mbéadh díon agus cosnamh againn ’á thabhairt do
-cheannaighthibh Lochlanacha i n-Éirinn, agus ná cuirfimís díon ná
-cosnamh i n-áirighthe do cheannaighthibh Gaedhlacha thall i dtír
-Lochlan.”
-
-“Agus cá bhfuil an ceannaighe Gaedhlach do cuireadh i bprísún, a rígh?”
-arsa M’lsheachlainn.
-
-“Má séantar an gníomh, a rígh,” arsa Murchadh, “beidh an ceannaighe le
-fághail.”
-
-“An amhlaidh ba mhaith leat mise dhul leat go h-Áth Cliath, a rígh?”
-arsa M’lsheachlainn.
-
-“Dá mb’ é do thoil teacht linn, a rígh,” arsa Murchadh, “ba dhian
-mhaith an rud é. Thabharfadh sé le tuisgint do Shitric, agus tré
-Shitric do rígh Lochlan thall, agus dos na Lochlanaigh go léir, go
-bhfuilimíd ar aon aigne sa sgéal. Do chuirfeadh san eagla ar an t-é
-dhein an gníomh pé h-é féin.”
-
-“Tá go maith, a rígh,” arsa M’lsheachlainn. “Raghad-sa libh.”
-
-Bhí dhá bhuidhean acu ann ansan agus iad ag tabhairt aghaidh ar Áth
-Cliath. Ní raibh i mBaile Átha Cliath an uair sin ach cathair ana
-bheag. Bhí an féar glas ag fás go saidhbhir ar fhormhór an tailimh
-atá fé thighthibh móra agus fé shráideanaibh breaghtha fada leathana
-anois. Níor dheacair ríghtheighlach Shitric a dhéanamh amach. Thug an
-dá bhuidhean aghaidh ar an ríghtheighlach. Do chonacthas ag teacht
-iad. Bhí Sitric agus Amhlaoibh thuas i bhfinneóig. Chonacadar an dá
-bhuidhean ag teacht chun an ríghtheighlaigh. D’ aithnighdar Murchadh
-agus M’lsheachlainn. D’ aithin Amhlaoibh Caoilte. Do rith Amhlaoibh
-agus chuaidh sé i bhfolach.
-
-“Ná leig ort go bhfuil aon phioc eóluis agat, a rígh, ar cá bhfuilim-se
-ná an bhfuilim beó nó marbh,” ar seisean le Sitric.
-
-Chuaidh Sitric amach ag cur fáilte roim Mh’lsheachlainn agus roim
-Mhurchadh. Do tugadh isteach iad féin agus na h-uaisle a bhí i
-n-aonfheacht leó, agus do cuireadh gach aon chóir ortha. Ar ball
-d’inis Murchadh cad a thug é. Bhí ana chathughadh ar Shitric nuair a
-h-innseadh dó an éagcóir a deineadh ar an gceannaighe Gaedhlach thall i
-gCathair na Beirbe.
-
-“Ó,” ar seisean, “cuirfead-sa teachtaire anonn ’ghá innsint do’n rígh
-gur deineadh an éagcóir sin, agus déanfar an uile shaghas deimhne agus
-uruidheachta air nách baoghal go dtabharfar aon chaoi d’aoinne ar a
-leithéid a dhéanamh airís.”
-
-“Tá san maith go leór, a rígh,” arsa Murchadh, “ach ní dhéanfaidh san
-an gnó anois. Tá órdughadh agam-sa ó’n Árdrígh, má tá an fear a dhein
-an gníomh san i n-Éirinn anois, lucht cuardaigh do chur amach chun
-beirthe air agus chun é thabhairt chun lámha. Ar mhaithe leis an dá
-thír, le h-Éirinn, agus le tír Lochlan, ní foláir an fear a dhein an
-gníomh san do chur chun báis. Is bíodhba báis do’n rígh é, mar do thóg
-sé chuige féin an t-ughdarás a bhainean leis an rígh. Is bíodhba báis
-do mhuintir na h-Éirean é, mar do dhein sé gníomh i gcoinnibh anama fir
-Éireanaigh. Is bíodhba báis é do Lochlanaigh, i n-Éirinn nó i n-aon tír
-eile, mar do dhein sé gníomh a chuirfidh fhiachaibh ar lucht gach tíre
-eirighe ’n-a gcoinnibh, mura ndeintear an gníomh a dh’ agairt, agus
-san go luath, ar an t-é a dhein an gníomh. Ar mhaithe linn go léir, a
-rígh,” arsa Murchadh, “ní foláir dómh-sa a bheith ar mo chumas a rádh
-leis an Árdrígh nuair a raghad abhaile, go bhfuil do bhriathar rígh
-agam uait-se chuige go ndéanfair féin do dhícheal, agus go ndéanfaidh
-rígh Lochlan a dhícheal, ar theacht suas leis an gcuirptheach a dhein
-an gníomh san agus é thabhairt chun lámha agus an bás atá tuillte aige
-dh’imirt air.”
-
-“Asdó, b’ fhéidir, a rígh,” arsa Sitric, “ná féadfadh ár ndícheal
-teacht suas leis.”
-
-“Ní duine suarach é, a rígh,” arsa Murchadh. “Ní fhéadfadh aon duine
-suarach an gníomh a dhein sé do dhéanamh. Ní bhéadh lucht airm an rígh
-úmhal do dhuine shuarach. An fear gur dhein lucht airm an rígh rud air,
-mar a dheineadar air siúd, ní ró fhuiriste dhó dul i bhfolach ó ríogra
-na tíre.”
-
-“Ní fheadar an domhan, a rígh,” arsa Sitric. “Ní’l agam-sa le déanamh
-ach mo bhriathar rígh a thabhairt duit go ndéanfad mo dhícheal ar é
-thabhairt chun lámha, agus go n-iarfad ar rígh Lochlan a dhícheal a
-dhéanamh, leis, chuige. Isé ár mbuac go léir, aon fhear a mhillfidh ár
-smacht, é thabhairt chun lámha chómh luath agus is féidir é.”
-
-Nuair a bhí an méid sin cainte déanta eatartha, d’fhág Murchadh agus
-M’lsheachlainn slán ag Sitric agus thánadar uaidh. Bhí Amhlaoibh
-i bhfolach agus é ag éisteacht leis an gcaint. Nuair a bhí an dá
-bhuidhean imthighthe tháinig sé amach, agus bhí a lán cainte idir é
-féin agus Sitric feuchaint conus fhéadfaidís teacht as an gcruadh-chás
-’n-a rabhdar mar gheall ar an ngníomh a dhein Amhlaoibh.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL VIII.
-
-BEIRT DROCH BHUACHAILÍ.
-
-
-“Déanfaidh an t-annsgian san, Murchadh, díobháil dúinn, a rígh,” arsa
-Sitric. “Ní maith a dheinis é an fear do chur sa phrísún. B’fhearr
-sgaoileadh leis agus faire do choimeád air.”
-
-“Siné díreach a dhéanfainn mura mbéadh a fhios a bheith agam go
-n-aithneóch’ sé mé dá bhfaghadh sé radharc orm,” arsa Amhlaoibh. “Is
-dóich leó i gCeann Cora go bhfuilim marbh. Ní’l aon phioc d’á fhios acu
-cé r’ bh’é Amhlaoibh ná an bhfuil sé beó. Dá bhfaghadh an fear úd na
-gcos radharc orm do neósfadh sé dhóibh cá bhfeacaidh sé mé. Tá aithne
-aige orm, ach is dóich leis ná fuil aon aithne agam-sa air féin. Siné
-ball ’n-a bhfuil an dearmhad air. D’ aithnigheas an peidléir thall
-chómh luath agus do leigeas mo shúil air. Dá bhfeiceadh sé mé sar a
-bhfeaca-sa é, agus go n-imtheóch’ sé gan mé ’ghá fheisgint, d’imtheóch’
-sé abhaile láithreach agus do neósfadh sé dhóibh i n-Inis Cathaigh agus
-i gCeann Cora go bhfeacaidh sé mé, agus cá bhfeacaidh sé mé. Ansan do
-bhéadh ’fhios acu go léir cé thóg an chailís. Chonaic Colla mé i gCeann
-Cora an lá fhágas an áit. Do curfaí so agus súd le chéile agus bhéadh
-’fhios acu go léir cad é an gnó a bhí agam i gCeann Cora an lá san.
-Thabharfaidís tuairim do cá bhfuil an chailís anois. Chaithfeadh do
-mháthair teitheadh le n-a h-anam as an áit.”
-
-“Mo mháthair!” arsa Sitric.
-
-“Ár máthair, má seadh,” arsa Amhlaoibh. “Ní beag di a bhfuil le fulang
-aici eatartha. Is fearr gan a thuille eóluis a thabhairt dóibh. Is
-dóich leó go bhfuil an chailís imthighthe thar faraige. Ní féidir d’ár
-máthair cor a chur di, do ló ná d’ oídhche, a gan fhios dóibh, tá an
-faire chómh géar san uirthi. Dá bhfaighinn-se mo thoil ní raghadh fear
-na gcos thar n-ais ag triall ortha. Bhí eagal ar an rígh, dá dtugtí aon
-anchor dó go dtiocfadh cogadh as, agus gan sinn ollamh fós, dar leis.”
-
-“Cad é an neart atá ollamh aige?”
-
-“Tá ocht míle fear ollamh aige, i n-arm ’s i n-éide. Dá nglaoidhtí
-amáireach air d’fhéadfadh sé dhá mhíle fear eile do chur leis an ocht
-míle sin. Ní dóich leis go bhfuilimíd laeth láidir ár ndóthin. Tá
-sgannradh Ghleanna Mháma fós air,” arsa Amhlaoibh.
-
-“Ní h-aon iongnadh go mbéadh,” arsa Sitric. “Dhein Clann Chais obair
-uathbhásach an lá san.”
-
-“Bainfear móráil an lae sin díobh nuair a thiocfaidh an lá atá ’n-a
-gcóir againn,” arsa Amhlaoibh.
-
-“Bainfear,” arsa Sitric. “Ach is fearr feuchaint rómhainn agus sinn
-féin d’ ollamhughadh i gceart. Cad é an neart eile, nó na nirt eile,
-atá ollamh, nó ag ollamhughadh, i n-éaghmuis nirt rígh Lochlan agus ár
-neart féin i n-Éirinn anso?”
-
-“Tá neart d’á ollamhughadh ar oileán Mhanain,” arsa Amhlaoibh, “agus ní
-neart suarach é. Tá chúig céad déag fear ann, ollamh aon lá glaodhfar
-ortha. Ní’l oileán des na h-oileánaibh atá lastiar d’ Albain gan míle
-nó cúpla míle fear ollamh ann. Is dóich liom go bhfuil trí mhíle fear
-ollamh ar oileán Sgathaigh.”
-
-“Tá san maith go leór, a rígh, ach an bhfuil aon eólus cruinn agat ar
-an ollmhúchán atá ag Brian ’á dhéanamh?” arsa Sitric.
-
-“Ambriathar go bhfuil,” arsa Amhlaoibh. “Ní’l aon mhíogarnach ar
-Bhrian. Tá sé ’ghá ollamhughadh féin chómh tréan agus d’fhéadfadh sé
-bheith ’ghá ollamhughadh féin dá mbéadh fios ár n-aigne aige chómh
-cruinn agus ’tá againn féin. Dá mbéadh sé deich mbliana níos óige ’ná
-mar atá sé bhéadh sé fuar againn bheith ag brath ar aon lámh uachtair
-a dh’fhághail air. Ach tá sé ana aosta. Ní fios cad é an neómat a
-shínfidh sé a chosa. Ansan má bhímíd ollamh beidh gach aon rud ar ár
-dtoil againn.”
-
-“Mheasas,” arsa Sitric, “go raibh congnamh aige le fághail chun iad a
-shíneadh.”
-
-“Is deacair an congnamh a thabhairt dó, tá an faire chómh dlúth san,”
-arsa Amlaoibh. “Tá inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla sa n-áit i
-gcómhnuighe agus ní féidir aon nídh a dhéanamh a gan fhios di.”
-
-“Airighim a lán daoine ag teacht tháirsi sin ’ghá rádh gur cailín ana
-bhreagh í. Cad é an saghas í?”
-
-“Droch shaghas,” arsa Amhlaoibh. “Tá sí dathamhail, deabhraightheach,
-áluinn go maith. Déarfainn gur b’ í an bhean is áilne i n-Éirinn í,
-lasmuich de’n Árdrígain. Ach tá sí go h-olc.”
-
-“Ní h-é sin adeirtear,” arsa Sitric. “Isé rud atá i mbéalaibh daoine
-’n-a taobh ’ná go bhfuil áilneacht a pearsan thar na beartaibh agus gur
-bhuaidh uaisleacht a h-aigne agus a méinne ar áilneacht a pearsan.”
-
-“Ná creid focal dé,” arsa Amlaoibh. “Creid a mhalairt. An chéad uair
-riamh a chonac í do chonac go raibh sí go h-olc. Droch shaghas iseadh
-í. Deirim leat é.”
-
-“Cad é an saghas a dritháir?” arsa Sitric. “Deir gach aoinne go raibh
-ana chion aige féin agus ag Amhlaoibh ar a chéile; an t-Amhlaoibh úd a
-cailleadh nó d’imthigh amú. Deirtear go raibh sé ag briseadh a chroídhe
-ag gol i ndiaigh Amhlaoibh.”
-
-“Ó, cúis gháire chúgainn! An fear bocht. Ní’l ann ach leath-amadán,”
-arsa Amhlaoibh. “Bhíodh ana spórt agam air uaireanta. Ní leiginn
-m’ aigne chuige, ámhthach. Bhíomair thuas i gCeann Cora lá agus bhí
-cleasaidheacht ar siúbhal ann Bhain sé an cos de mharcach bréige ann le
-buille thuaigh. Do leigeas féin orm nár fhéadas an cleas a dhéanamh.
-’Níor thugais a cheart féin do’n fhaobhar,’ ar seisean liom. Amadán
-iseadh é, a rígh. Ní miste fear láidir a thabhairt ar Mhurchadh,
-ámhthach. Ní dóich liom gur bhuail riamh fós umam fear chómh láidir le
-Murchadh. Deirtear gur treise d’fhear é ’ná a athair an lá is fearr a
-bhí a athair. Is iongantach an fear é. Ní fhéadfá do shúile thógaint dé
-dá bhfeicfeá ag déanamh na lúthchleas é. Ní’l aon teóra leis an neart
-atá suidhte ins gach ball d’á bhallaibh.”
-
-“Tá súil agam ná buailfead uime sa chath so atá le teacht lá éigin,”
-arsa Sitric. “Ach feuch, a Amhlaoibh. Tá an sgéal go h-olc agat-sa.”
-
-“Conus san airiú!”
-
-“Caithfear an ceann a bhaint díot.”
-
-“Ó, tuigim,” arsa Amhlaoibh. “Agus tá do bhriathar rígh tabhartha
-agat-sa do Mhurchadh agus do Bhrian go ndéanfair do dhícheal chun an
-cinn a bhaint díom. Nách símplídhe na daoine iad! Ach ar ndó, táim
-féin chómh símplídhe le h-aoinne acu. Dá mb’áil liom-sa an ceann a
-bhaint d’ fhear na gcos nuair a bhí greim agam air ní bhéadh an ceann
-le baint díom féin anois, agus ní bhéadh do bhriathar rígh tabhartha
-uait agat-sa chuige. Ach sin mar imthíghean i gcómhnuighe ar an nduine
-ná bainean an ceann d’á namhaid nuair a gheibhean sé an lom air.
-Gheóbhaidh an namhaid sin lom air féin agus bainfidh sé an ceann dé.”
-
-“An neósfair do’n rígh gur tháinig M’lsheachlainn agus Murchadh anso?”
-arsa Sitric.
-
-“Imtheóchad soir láithreach agus neósfad an uile fhocal dé dhó, agus
-neósfad dó go dtáinig fear na gcos anso i n-aonfheacht leó, agus ná
-tiocfadh d’á mb’áil leis an rígh leigint dómh-sa an ceann a bhaint dé
-i n-inead an phúicín a chur air,” arsa Amhlaoibh. “Chuirfinn-se púicín
-air a chuirfeadh deire le n-a chuid spiaireachta. Ach ní h-aon mhaith
-bheith ag caint anois air mar sgéal. An ceannaighe! An peidléir! Is
-deas an obair bheith ag tabhairt ceart ceannaigheachta d’á leithéid
-sin! Ceart spiaireachta atá tugaithe dhó!”
-
-“Agus go mór mór ó’s duine tusa ná déanfadh spiaireacht i n-aon chor!
-Ba lag leat a leithéid a dhéanamh!” arsa Sitric.
-
-“Cuir uait an magadh, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Ní cúrsaí magaidh
-é. Déanfaidh Donn mac Beathach díobháil fós dúinn, agus ní dhéanfadh
-dá ndeintí rud orm-sa nuair a bhí greim againn air. Ach é chur anall
-abhaile ’n-a shaoghal agus ’n-a shláinte! Ní féidir liom foidhneamh
-leis mar sgéal nuair a chuimhnighim air!”
-
-Do sgar an bheirt. D’imthigh Amhlaoibh anonn go ríghtheighlach rígh
-Lochlan agus d’inis sé dhó gach nídh i dtaobh teacht Mhurchadh agus
-Mh’lsheachlainn go h-Áth Cliath, fé mar a dúbhairt sé go neósfadh.
-
-“Tá go maith,” arsa’n rígh. “Is fearr go mór an sgéal a bheith mar
-atá sé ’ná é bheith mar a bhéadh sé dá gcurtí an fear úd chun báis.
-Dá gcurtí chun báis é ní bhéadh Lochlanach beó i n-Éirinn um an
-dtaca so ach an méid acu do cuirfeadh iad féin go daingean fé smacht
-Bhriain. Ní fhéadfaimís-ne cosg do chur le n-ár ndaoine féin anso. Do
-caithfí iad do ghleusadh agus do chur ar loingeas agus iad do breith
-go h-Éirinn chun díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus ar Ghaedhlaibh
-Éirean mar gheall ar mharbhughadh a gcine. Ní bhéadh ach dithineas
-agus droch ollamhughadh sa n-obair. Ní raghadh ár neart go h-Éirinn
-i n-aonfheacht. ’N-a mbuidhnibh fé leith iseadh do shroisfidís Éire.
-Ansan do mharbhóch’ Brian iad ’n-a mbuidhnibh fé leith. Is fearr go mór
-an sgéal a bheith mar atá sé. Beidh uain againn ar thuille nirt do chur
-le chéile. Agus feuch, a Amhlaoibh, a mhic ó,” ar seisean, “beidh uain
-ag Brian ar bhás a dh’ fhághail,------má tá aon aidhm aige ar bhás a
-dh’ fhághail i n-aon chor!”
-
-D’fhan an sgéal mar sin agus do ghluais an t-ollmhúchán ar aghaidh, ins
-gach aon pháirt de chrích Lochlan agus ins gach aon pháirt d’ oileán na
-h-Éirean, go mór mór ins na h-áiteanaibh a bhí dílis do Bhrian.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL IX.
-
-MARBHUGHADH LE SOILBHREAS.
-
-
-An fhaid a bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal mór-thímpal na h-Éirean bhí
-aghaidh na h-Éirean ar Cheann Cora. Ní raibh lá gan priúnsa éigin, nó
-buidhean éigin d’uaislibh nó de mhaithibh móra, ó cheanntar éigin de’n
-tír, ag teacht go ríghtheighlach Bhriain, a d’iaraidh cómhairle, nó
-ag socarughadh cúise, nó ’ghá fhiafraighe an ’mó fear a bhéadh ortha
-do chur le chéile i gcóir an chogaidh a thuig gach aoinne a bhí ag
-teacht. Deiridís go léir, nuair a bhídís ag imtheacht, ná raibh riamh
-i n-Éirinn rígh chómh mór gradam le Brian; ná raibh riamh i n-Éirinn
-ríghtheighlach chómh greanta le ríghtheighlach Bhriain; ná raibh riamh
-i n-Éirinn, ná i n-aon tír eile, fir chómh h-uasal, chómh cródha, chómh
-tréan i gcath le Clainn Chais.
-
-Ansan deiridís go léir, d’á áilneacht agus d’á nósmhaireacht agus
-d’á uaisleacht ar gach aon tsaghas cuma, an ríghtheighlach agus a
-raibh ann, gur chuir an Bhanríghin agus Niamh, ar an ngradam agus ar
-an uaisleacht agus ar an saidhbhreas agus ar an bhflúirse agus ar an
-rabairne, maise ná béadh ortha i n-aon chor mura mbéadh an bheirt sin a
-bheith sa n-áit.
-
-Gan amhras dob’ áluinn an bheirt iad; agus ní aithneóch’ aoinne do
-thiocfadh ann mar sin ar chuaird ná go raibh caradas idir an mbeirt.
-Is ar éigin ba dhóich le duine a thuigeadh Niamh féin uaireanta go
-raibh aon nídh eatartha ach caradas, bhíodh Gormfhlaith chómh caoin
-chómh cneasda chómh grádhmhar san léi. Bhíodh an t-Aifrean gach aon
-mhaidion, ag Maolshuathain, i n-eaglais an ríghtheighlaigh, agus bhíodh
-Gormfhlaith agus Niamh ag an Aifrean coitchianta. Do chítí go minic
-i gcaitheamh an lae an bheirt i bhfochair a chéile, ag caint agus ag
-cómhrádh go soilbhir agus go suairc agus go sultmhar, i dtreó ná bíodh
-aon phioc d’ á chuimhneamh ag aoinne ná raibh fios bunús an sgéil aige,
-go raibh aon nídh idir an mbeirt ach caradas fírinneach. Ní raibh fios
-bunús an sgéil ag Maolshuathain. Do tuigeadh gur bh’fhearr an sgéal a
-choimeád uaidh i dtreó ná taisbeánfadh sé aon sgáthamhlacht ’n-a chaint
-ná ’n-a chuideachtanas leis an Árdrígh ná leis an Árdrígain. Ach bhíodh
-iongnadh mhór air nuair a thagadh Niamh chuige chómh minic roimis an
-Aifrean, ar maidin, agus nuair a dh’iaradh sí chómh dian chómh dlúth
-air a guidhe do chur suas chun Dé sa Naomh Ídhbirt.
-
-Bhí an aimsir ag gluaiseacht ar an gcuma san. Cómhacht Bhriain ag
-neartughadh ins gach aon bhall istigh i n-oileán na h-Éirean, agus
-cómhacht Lochlan ag neartughadh ins gach aon bhall lasmuich d’ oileán
-na h-Éirean. Na buidheana ins na daingeanaibh ag déanamh taithíghe des
-na h-armaibh agus ag leanmhaint ar an dtaithíghe chómh díchealach agus
-ba cheart d’fhearaibh ná feidir cad é an neómat a chaithfidís na h-airm
-sin do láimhsiáil i gcoímhsgar machaire chun iad féin a chosaint ar
-namhdaibh fíochmhara fuilteacha, mar a dhein cuid acu go minic cheana.
-Na ríghthe agus na h-uaisle ar fuid na tíre ag cur a mbuidheana féin le
-chéile, ’ghá múineadh agus ’ghá ngleusadh agus ag méadughadh a neart,
-ag toghadh na bhfear ab fhearr agus ag cur na n-iarmharán i leith
-taoibh. An gabha, Meargach, ag obair go dian, na ceardaighthe dob’
-fhearr le fághail aige, na teinte ar lasadh agus na builg ag séideadh
-aige, do ló agus d’oídhche, agus gan ar a chumas na h-airm a dhéanamh
-chómh tiugh agus bhí glaodhach agus ceannach ortha, bhí a leithéid sin
-d’ airc ar gach aon rud i bhfuirm fir chun arm a bheith n-a láimh aige.
-Bhí Tadhg Mór ua Cealla i gCeann Cora, ach má bhí, bhí Tadhg Óg thiar
-sa bhaile, agus ní baoghal ná gur ghleus sé neart Uíbh Máine chómh
-maith díreach agus dhéanfadh Tadhg Mór féin dá mbéadh sé thiar.
-
-Is amhlaidh a bhí faire agus formad agus iomarbháigh idir na ríghthibh
-agus idir na cineachaibh, feuchaint cé b’ fhearr a dhéanfadh an
-t-ollmhúchán, agus cé r’ bh’ iad an bhuidhean dob’ fhearr a bhéadh
-gleusta agus ba mhó do thaisbeánfadh neart nuair a thiocfadh an ghlaodh.
-
-Bhí an feall a thuig sé a bhí déanta ag Amhlaoibh air ag déanamh ana
-bhuartha do Thadhg Óg ua Chealla. Nuair a chuimhnigheadh sé ar an
-bhfeall san do choruigheadh a chuid fola agus thagadh allus teith
-tré n-a chroicean amach le náire. Thuig sé i n’ aigne mura mbéadh an
-caradas a thaisbeáin sé féin do’n ropaire fill, go mb’ fhéidir ná béadh
-oiread iontaoibh ag Colla as agus do bhí. Thuig sé ansan go mb’ fhéidir
-gur cheart dó dul ódheas chun na mainistreach agus an sgéal go léir a
-dh’innsint do Cholla, sgéal Chaoilte a dh’innsint dó. Go mb’ fhéidir go
-dtiocfadh droch amhras ag Colla ar dhuine éigin eile, díreach fé mar a
-tháinig an droch amhras ag an Legáid ar an sagart óg, ar Art mac Duibh.
-Nuair a chuimhnigh sé ar an méid sin ba dhóbair dó preabadh ódheas
-láithreach. Ach ansan do chuimhnigh sé ar Niamh agus ar Mhurchadh, agus
-dúbhairt sé leis féin gur bh’fhearr dul soir ar dtúis go Ceann Cora
-agus labhairt le Niamh. Siúd soir é. Ní fhéadfadh sé fanmhaint socair.
-Ní fhéadfadh sé an oídhche chodladh. Ní fhéadadh sé aon tsuaimhneas
-fhághail ó n’ aigne ach an fhaid a bhíodh gnó éigin idir lámhaibh aige,
-gnó éigin a choisgfeadh é ar bheith ag machtnamh. Nuair a bhíodh sé ag
-siúbhal ní fhéadadh sé gan bheith ag géarughadh sa chuisidheacht go dtí
-ná féadfadh aoinne coimeád suas leis.
-
-Tháinig sé go Ceann Cora. Nuair a bhí sé ag teacht i gcómhngar an
-ríghtheighlaigh agus é ag siúbhal go géar, chonaic sé an bheirt bhan
-ag siúbhal roimis amach agus é ag teacht suas leó. Bhí sé ag siúbhal
-géar agus bhíodar-san ag siúbhal go breagh réidh. Bhí caint éigin ar
-siúbhal acu a bhí ’ghá gcur ag gáirí go h-iongantach. Níor mhothuighdar
-ag teacht é go dtí go raibh sé nách mór buailte leó. D’iompuighdar
-agus thugadar aghaidh air. Do stad sé ’n-a choilg-sheasamh ar lár an
-bhóthair. Gormfhlaith agus Niamh isiad a bhí ann.
-
-“Ó! Míle fáilte rómhat, a rígh!” arsa Gormfhlaith go soilbhir. “Is fada
-ná feacamair thu,” ar sise, agus shín sí a lámh chuige agus gáire ’n-a
-snua.
-
-Do rug sé ar an láimh, ach dá bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé
-focal do labhairt.
-
-“Is dócha,” ar sise, “ná fuairis aon tuairisg fós ar Amhlaoibh. Cuirean
-sé uaigneas orm, a Niamh,” ar sise le Niamh, “Tadhg a dh’fheisgint
-agus gan Amhlaoibh a dh’fheisgint le n-a chois. Bhí ana chion agam ar
-Amhlaoibh. Ní fheadar an domhan cad d’imthigh air. Ba mhór an truagh
-aon droch nídh a dh’imtheacht air.”
-
-Chomáin sí léi mar sin ag caint. Níor labhair Tadhg. Ní fhéadfadh sé
-labhairt. Bhí sé mar a sádhfaí le sgiain é. Níor labhair Niamh ach
-chómh beag. Pé rud a bhí ’ghá cur ag gáirí sar a dtáinig Tadhg suas,
-níor fhan aon chuimhne aici air agus níor fhan aon gháire aici.
-
-“Is dóich liom,” arsa Gormfhlaith, “go bhfuil rud éigin ag déanamh
-buartha do d’ dhritháir, a Niamh, agus gur maith leis bheith ag caint
-leat at’ aonar. Fanaigh ansan ag siúbhal daoibh féin go dtí go mbeidh
-bhúr gcaint déanta agaibh, agus raghad-sa isteach. Ach ná coimeád
-abhfad uaim í, a Thaidhg,” ar sise. “Tá cleas ar obair shnáthaide aici
-’á mhúineadh dhom agus ní bheidh mé sásta go dtí go mbeidh an cleas
-agam.”
-
-D’imthigh sí uatha. Níor labhair aoinne de’n bheirt go dtí go raibh sí
-as a radharc. Ansan do labhair Niamh.
-
-“Airiú, a Thaidhg, a mhaoinach,” ar sise, “cad tá ort!”
-
-“Ní’l blúire ar domhan orm,” ar seisean, “ach do bhain an bhean san a
-leithéid de phreib asam! Níor fhan léas meabhrach agam nuair a chonac
-an bheirt agaibh i bhfochair a chéile ar an gcuma san. Nách uathbhásach
-an ara í! Cad é mar fhéadan sí caint agus sult agus gáirí dhéanamh,
-gur dhóich le duine ná fuil cor ná lúb ’n-a croídhe ach oiread leis an
-leanbh! Do bhuaidh sí ar a bhfeaca riamh!”
-
-“Ní fheadaraís a leath, a Thaidhg. Ní fheadaraís a leath,” arsa Niamh.
-“Mura mbéadh m’ athair a bheith anso am’ aice agam chomáinfeadh sí
-as mo mheabhair mé. Ní fheadar an tsaoghal cad a dhall Brian agus í
-thabhairt leis riamh! B’fhearr liom go mbeinn féin agus m’ athair thiar
-sa bhaile agus go bhféadfaimís fanmhaint ann.” Ansan do chrom sí ar
-ghol, agus bhí sí ag gol ar feadh tamail mhaith.
-
-Níor labhair Tadhg go dtí go raibh an greas san guil curtha dhi
-aici. Nuair a bhí sé curtha dhi aici: “Seadh!” ar sise. “Is mór an
-t-éadtromughadh ar mo chroídhe an méid sin.”
-
-“A Niamh, a laogh,” arsa Tadhg, “ní dhéanfaidh so an gnó go deó.
-Caithfear atharughadh dhéanamh ar an obair seo. Ní fágfar anso thusa
-níos sia. Tá cion agam ar Bhrian. Tá cion againn go léir air. Ach is
-measa liom-sa thusa ’ná é, agus ’ná a bhfuil beó d’á mbainean leis.
-Má thug sé leis í, agus má dhein sé dearmhad nuair a thug sé leis í,
-ní h-alaidh dhúinn tusa bheith thíos leis an ndearmhad san. Caithfidh
-Murchadh duine éigin eile do chur ag faire ar Ghormfhlaith. Bean éigin
-d’á saghas féin ba cheart do chur ag faire uirthi. Is maith liom mar
-a thánag. Ní raibh aon choinne agam go rabhais i n-a leithéid de chás
-aici. An bhfuil fhios agat cad ’tá ceapaithe aici? Tá sí ceapaithe
-ar do chroídhe a bhriseadh istigh ad’ chliabh le corp soilbhris agus
-síbhialtachta! Isé a nádúr féin fuath fíochmhar a bheith aici lastigh
-de’n tsoilbhreas agus de’n ghealgháire. Is amhlaidh a réidhtighean san
-le n-a goile agus le n-a sláinte. Tá fhios aici go h-áluinn nách mar
-sin duit-se, ná réidhtighean a leithéid le d’ ghoile ná le d’ shláinte.
-Tá fhios aici go gcuirfidh an obair sin sa chré thú ach leanmhaint air.
-Anois, ag feuchaint dom ort, chím go bhfuilir ag dul as. Caithfear
-duine éigin a dh’fhághail a bheidh maith a dóthin di sa chleas so atá
-ar siúbhal aici.”
-
-“Is dóich liom, a Thaidhg,” arsa Niamh, “go bhfuil an ceart agat, nó
-pé ’n-Éirinn é, go bhfuil cuid de’n cheart agat. Tá sí, is dóich liom,
-ceapaithe ar mo shláinte bhriseadh, nó murab é sin é, ar mé dhíbirt
-as so. Is dóich liom gur cuma léi ach go mbéadh sí sgartha liom beó
-nó marbh. Má imthíghim anois beidh áthas uirthi agus déarfaidh sí léi
-féin go bhfuil eirighthe go maith léi sa chluiche a shocaruigh sí ar a
-dh’imirt. Ní maith liom an méid sin a thabhairt mar shásamh di agus gan
-cúrsaí an Árdrígh do bhac i n-aon chor.”
-
-“Ní h-aon chomparáid i n-aon chor tusa agus í féin, a Niamh. Ní h-aon
-chreideamhaint duit-se an lámh uachtair a dh’fhághail uirthi ins na
-beartaibh atá curtha roimpi aici. Téanam agus labhraimís le m’ athair.
-Agus feuch airiú! Ba dhóbair dom an gnó a thug mé do dhearmhad. Táim
-’ghá chuimhneamh, a Niamh, gur ceart dom dul síos go h-Inis Cathaigh
-agus a dh’innsint do Cholla gur b’ é Amhlaoibh a ghuid an chailís.”
-
-“Agus ar neóin, a Thaidhg,” arsa Niamh, ag cur smuta gáire aisti, “ní’l
-aon deimhne ceart fós agat air gur b’ é an t-Amhlaoibh a bhí thíos i
-n-Inis Cathaigh do ghuid an chailís.”
-
-“Tá deimhne mo dhóthin agam air,” ar seisean. “Nách tapaidh a tháinig
-an dúil sa Chreideamh aige! Bhí rud éigin ’ghá chur n-a luighe orm i
-gcaitheamh na h-aimsire an fhaid a bhí sé ’ghá ollmhughadh féin chun
-an Chreidimh a ghlacadh ná raibh aon ghus sa n-ollmhuchán. Bhí eagal
-orm dá ngéillinn do’n smaoineamh san go mbéinn ag déanamh éagcóra ar an
-mbuachail, bhí sé chómh símplídhe, chómh leanabaídhe sin, an ropaire!
-Ansan airís, nuair a dúbhairt sé gur mhaith leis bheith ’n-a shagart,
-tháinig an smaoineamh céadna chúgham. Cheapas nár mhothuigheas an gus
-ceart ’n-a chaint ná ’n-a mheón i dtaobh an ruda a bhí aige ’á chur
-roimis, dar liom. Thugas fé ndeara go minic folamhas éigin ná féadainn
-a thuisgint ins na gnóthaibh Creidimh a bhíodh ar siúbhal aige. An
-lá a bhí Brian agus na h-uaisle thíos, nuair a thainig an Legáid, d’
-airigheas daoine ag cáineadh agus ag gearadh na Lochlanach os cómhair
-an Lochlanaigh óig. Bhí eagal orm go mbéadh fearg air. Níor chuir sé
-blúire suime ’n-a gcaint, an ropaire fill! Is áluinn a choimeád sé a
-aigne istigh, agus mise ag déanamh éagcóra ar mo dhá shúil agus ar mo
-bhreitheamhntas féin le h-eagla go ndéanfainn éagcóir air-sean. Ní’l
-aon phioc d’á mhearbhall orm, a Niamh. Isé ghuid an chailís, agus is
-chun í ghuid do leig sé air gur ghlac sé an Creideamh, agus is chuige
-do leig sé air gur mhaith leis bheith ’n-a shagart. Bhí fhios aige,
-chómh luath agus bhéadh cuid des na mion-Órdaibh glacaithe aige, go
-gcuirfeadh Colla sa n-érdam é. Ansan bhí gach aon chaoi aige ar an
-gcailís a ghuid. Bhíos chun dul síos agus an sgéal go léir a dh’innsint
-do Cholla, ach níor mhaith liom é dhéanamh gan é chur ad’ chómhairle-se
-ar dtúis. Cá bh’ fhios ná go mb’ fhéidir go mbéadh sé ar dhuine éigin
-eile ag Colla. Téanam go bhfeicimíd m’athair, agus sa n-am gcéadna, bí
-ag cuimhneamh ad’ aigne ar cad is ceart dom a dhéanamh.”
-
-Chuadar isteach i dtigh Thaidhg Mhóir uí Chealla, agus fuaradar Tadhg
-féin rómpa istigh.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL X.
-
-FUASGAILT.
-
-
-Bhí Tadhg Mór féin rómpa istigh agus níor bh’ aon iongnadh má gheal
-a chroídhe nuair a chonaic sé chuige isteach an bheirt. Ní raibh le
-feisgint i n-Éirinn an lá san rígan óg a dh’ fhéadfadh seasamh i
-n-aice na h-inghíne agus iomláine a h-áilneachta féin do choimeád. Pé
-áilneacht a chífí inti an fhaid a bhéadh sí ’n-a h-aonar do thiocfadh
-claoídhchlódh ar an áilneacht san nuair a curfaí ’n-a seasamh i n-aice
-Niamh í. Bhí daoine ag tusnughadh ar a thabhairt fé ndeara ná bíodh
-iomláine blátha ar áilneacht Ghormfhlaith féin, le deiriníghe, nuair
-a chítí Niamh ’n-a h-aice. Níor chóir puínn iongnadh dhéanamh dé sin,
-ámhthach, mar is ag teacht a bhí áilneacht Niamh agus bhí áilneacht
-Ghormfhlaith ag imtheacht, nó ag tusnughadh ar imtheacht. Agus i dtaobh
-an mhic. Bhí finne agus solusmhaire agus gileacht na h-inghíne ann,
-agus bhí folt óir na h-inghíne air; an t-ualach órdha ar a cheann agus
-anuas ar a ghuaillibh agus ar a shlinneánaibh. Bhí an tsúil ríoga
-chéadna n-a cheann, go glan agus go h-osgailte agus go neamh-eaglach.
-’N-a theannta san bhí sé groídhe cumasach láidir mar ba dhual athar dó
-bheith. Ní raibh an chaoi fághalta fós aige ar ghníomharthaibh gaile
-agus gaisge dhéanamh, mar a bhí fághalta agá athair, i gcathanaibh
-Bhriain i n-aghaidh na Lochlanach. Ach bhí an chaoi roimis, agus bhí
-gach aon deabhramh go ndéanfadh sé na gníomhartha nuair a thiocfadh an
-chaoi, agus go mothóch’ na Lochlanaigh meaghchaint a bhuille.
-
-Níor bh’ aon iongnadh má gheal croídhe Thaidhg Mhóir uí Chealla nuair a
-chonaic sé an bheirt chuige isteach.
-
-“Dé bheatha-sa, a Thaidhg!” ar seisean. “Conus fhágais gach aon rud
-agus gach aoinne ad’ dhiaigh sa bhaile?”
-
-“Go mairir-se, a athair!” arsa Tadhg. “D’fhágas gach aoinne agus gach
-aon rud am’ dhiaigh go maith, buidhchas le Dia! Bhí rud beag ag déanamh
-buartha dhom agus níor dheineas ach ruith aniar chun go labharfainn le
-Niamh mar gheall air.”
-
-“An ’mó fear a bheidh agat i gcóir an chogaidh, a Thaidhg?” arsa Tadhg
-Mór.
-
-“Tá chúig céad déag fear againn cheana, a athair,” arsa Tadhg Óg,
-“agus tá fhios agam go mbeidh chúig céad eile againn sar a’ fada.”
-
-“Tá san ró bheag, a mhic ó,” arsa Tadhg Mór. “Ba cheart dúinn an trí
-mhíle slán a bheith againn.”
-
-“Is mó an neart dhá mhíle ó Uíbh Máine, a athair, ’ná trí mhíle ó
-áiteanaibh eile. Tá a lán d’ ár bhfearaibh agus tá muirighean óg ortha.”
-
-“Tá,” arsa Tadhg Mór, “agus má gheibhid Lochlanaigh an lámh uachtair
-orainn cad a dhéanfaidh an muirighean óg? Beart lag, a Thaidhg, iseadh
-d’aon fhear atá ábalta ar chlaidheamh a chasadh fanmhaint siar anois.
-Nách dóich leat san, a Niamh?”
-
-“Ní dóich liom, a athair,” arsa Niamh, “go bhfanfaidh aon fhear siar i
-n-Uíbh Máine, aon fhear go bhfuil lúth a ghéag i n-aon chor aige.”
-
-“Ní dóich liom go bhfanfaidh, a ’nghean ó,” arsa Tadhg Mór. “Ach cad é
-seo oraibh, a Thaidhg?” ar seisean.
-
-D’inis Tadhg dó ansan conus a tháinig sé go h-oban ar Ghormfhlaith agus
-ar Niamh agus cad a chonaic sé. Mhínigh sé dhó conus mar, do réir a
-thuisgiona féin, a bhí beartuighthe ag Gormfhlaith sprid agus croídhe
-agus aigne Niamh do bhriseadh agus do mhilleadh le corp soilbhris agus
-le corp caradais mar ’dh eadh.
-
-“Ní fhéadfaidh Niamh an rud san do sheasamh, a athair,” ar seisean. “Tá
-sí ag dul as cheana féin. Ní fhágfaidh an bhean san goile ná sláinte
-aici. Ní fearrde í aon uair a’ chloig de’n aimsir a chaithean sí i
-gcómhluadar na mná san. Crochaire mná iseadh an bhean san! Má fágtar
-Niamh ’n-a fochair cuirfidh sí Niamh sa n-iúir, an rud atá beartuighthe
-aici a dhéanamh.”
-
-D’fheuch Tadhg Mór ar Niamh.
-
-“Ambriathar, a ghamhain,” ar seisean, “gur dóich liom go bhfuil an
-ceart aige. Taoi’n tú ag dul as. Nách olc uaim nár thug fé ndeara é!”
-
-“Ó, a athair,” arsa Niamh, “is truagh chráidhte nár fhanamair thiar
-sa bhaile. Tagan tocht agus ualach ar mo chroídhe nuair a chím
-chúgham í gach aon mhaidion agus í chómh séimh, chómh soilbhir,
-chómh gealgháiriteach. Bím a d’iaraidh gáire dhéanamh léi i dtreó ná
-tabharfadh sí fé ndeara an tocht orm, ach is beag ná go mb’fhearr liom
-bás d’ fhághail ’ná fanmhaint a thuille ’n-a fochair. Go maithidh Dia
-dhom é! ní fhéadaim gan bheith ’ghá mheas go bhfuil droch nídh ’ghá
-leanmhaint.”
-
-“Ná bac í féin a thuille, a ’nghean ó,” arsa Tadhg Mór. “Is truagh
-nár labhrais níos túisge liom. Fanaigh araon ansan. Raghad anonn go
-teighlach Bhriain. Beidh mé chúghaibh sar a’ fada.”
-
-D’imthigh sé amach agus anonn chun an teighlaigh. Gormfhlaith an chéad
-duine a bhuail uime.
-
-“Móra dhuit, a rígh,” ar sise leis. “Cad tá ag coimeád Niamh uaim? Is
-iongantach an t-eólus atá aici ar obair shnáthaide. Tá cleas ar an
-obair sin aici ’á mhúineadh dhom agus isé is fada liom go mbeidh an
-cleas agam. An fada go dtiocfaidh sí, a rígh?”
-
-“Tá sí gan bheith ar fóghnamh, a Árdrígan,” arsa Tadhg Mór. “Tá a
-dritháir ag caint léi. Is dóich liom gur inis sé rud éigin dí a chuir
-tré chéile aigne uirthi. Bíodh foidhne agat, a Árdrígan,” ar seisean.
-“B’fhéidir nách fiú biorán a’s é. B’ fhéidir go mbéadh sí chúghat gan
-puinn ríghnis. An bhfuil an t-Árdrígh le feisgint, le d’ thoil, a
-Árdrígan?”
-
-“Anois díreach a chonac é féin agus an ríghdhamhna ag dul isteach,” ar
-sise.
-
-“Gura maith agat, a Árdrígan!” arsa Tadhg Mór, agus d’imthigh sé
-isteach.
-
-“Seadh!” arsa Gormfhlaith, ’n-a h-aigne féin, nuair a bhí sé
-imthighthe, “ní deirim ná go bhfuil teinneas croídhe curtha agam ar
-do pheata-sa. ‘Tá sí gan bheith ar fóghnamh.’ An cailín bocht! Dá mb’
-áil leó gan í chur am’ threó. Ní féidir aon nídh a dhéanamh a gan fhios
-di. Ach is féidir rud a dhéanamh os a cómhair. Is féidir an croídhe do
-chrádh inti os a cómhair.”
-
-Pé caint a bhí ag Murchadh ’á dhéanamh leis an Árdrígh níor bh’fhada
-go raibh sí déanta. Ansan tháinig sé féin agus Tadhg Mór amach. D’inis
-Tadhg Mór a sgéal dó, agus ná féadfadh sé Niamh a dh’fhágáilt i gCeann
-Cora níba shia.
-
-“Tá go maith, a Thaidhg, tá go h-ana maith,” arsa Murchadh. “Tagan san
-agus an rud ar a bhfuil socair isteach le n-a chéile go h-áluinn. Tá
-m’ athair ag dul ar a chuaird rígh. Fágfar an Árdrígan i gCeann Cora
-os cionn an rightheighlaigh. Ní féidir di aon droch nídh a dhéanamh an
-fhaid a bheidh an t-Árdrígh ar a chuaird. Ní foláir duit-se dul leis,
-a Thaidhg, agus ní foláir duit Niamh a bhreith leat. Má tá sí ag dul
-as tabharfaidh an chuaird tar n-ais ’n-a maise féin airís í, geallaim
-dhuit é.”
-
-Do tháinig Tadhg Mór thar n-ais chun a thíghe féin. D’inis sé do’n
-bheirt cad air go raibh socair. Bhí áthas mór ortha araon.
-
-“Tá mo ghuidhe tabhartha dhom ag Dia, moladh go deó leis!” arsa Niamh.
-“Ní’l maidion le fada,” ar sise, “nár iaras ar Mhaolshuathain mo
-ghuidhe do chur suas chun Dé sa Naomh Idhbirt. Bhíos ’ghá iaraidh ar
-Dhia, tré impidhe Sheanáin, mé dh’fhuasgailt as an gcruadh-chás ’n-a
-rabhas. Chuir Dia thusa chúgham ar dtúis, a Thaidhg. Do labhrais-se
-le m’ athair. Do labhair m’ athair le Murchadh. Agus sin déanta an
-fhuasgailt! Moladh go deó le Dia!”
-
-“Is maith é sin,” arsa Tadhg Óg. “Agus anois, ó tá do ghnó-sa déanta
-chun ár dtoile go léir, is mithid dómh-sa aghaidh a thabhairt ar mo
-ghnó féin. Tá mo chroídhe briste ó bheith ag cuimhneamh ar an ropaire
-fill úd agus ar ghuid na cailíse agus ar an lámh a bhí agam féin sa
-ghadaigheacht san.”
-
-“Airiú, a Thaidhg, an ar buile ataoí!” arsa Niamh. “An lámh a bhí agat
-féin sa ghadaigheacht san! Cad é an lámh a dh’ fhéadfá-sa bheith agat
-sa ghadaigheacht san?”
-
-“Mura mbéadh an caradas a chonaic Colla, agus gach aoinne eile, idir
-mise agus an ropaire úd, a Niamh,” ar seisean, “ní bhéadh oiread
-iontaoibh ag Colla as agus a bhí aige as. Mura mbéadh an iontaoibh a
-bhí ag Colla as ní curfaí isteach sa n-érdam é, agus ní bhfaghadh sé
-an chaothamhlacht a fuair sé ar an ngadaigheacht a dhéanamh. Fuair sé
-caradas, a Niamh, ó m’ athair agus óm’ mháthair, agus uaibh go léir,
-thiar i n-Uíbh Máine. Is truagh chráidhte mar a chuir sé cos leis riamh
-sa n-áit. Ní chuirfeadh sé cos leis sa n-áit agus ní bhfaghadh sé an
-caradas a fuair sé ann, a Niamh, mura mbéadh mise! Nuair a chuimhnighim
-air bíon náire orm ná féadfainn a dh’innsint duit!”
-
-Nuair airigh Niamh an méid sin cainte ní miste a rádh ná go raibh náire
-a dóthin uirthi féin. Thuig sí go h-áluinn an uair sin, agus go minic
-roimis sin, cad é an saghas an grádh a tugadh di gan labhairt. Thuig
-sí an uair sin, agus go minic roimis sin, ó’n lá a dh’inis Caoilte
-sgéal an phúicín, cad é an saghas an glacadh Creidimh a dhein Amhlaoibh
-agus cad í an íntinn ar ar ghlac sé na h-Úird. Bhí an dá mhachtnamh úd
-tabhartha d’á chéile aici cruinn go leór. Bhí náire a dóthin uirthi
-nuair airigh sí Tadhg ’á rádh go raibh náire air. Ní dúbhairt sí aon
-fhocal, ámhthach, amach as a béal i dtaobh an náire a bhí uirthi ná i
-dtaobh ná cúise a bhí aici leis an náire; nídh nár locht ar an gcailín!
-
-“Ó, a Thaidhg,” ar sise, “ná labhair ar an gcuma san. Bhí sé siúd
-chómh sleamhain chómh gealgháiriteach san go raibh báigh agus caradas
-ag gach aoinne leis. Mheasamair go léir go raibh sé chómh símplídhe
-chómh h-osgailte leis an leanbh. Chuirfinn geall go n-admhóch’
-Colla féin nách mar gheall ort-sa a thug sé aon iontaoibh riamh a’
-h-Amhlaoibh, ach mar gheall ar Amhlaoibh féin. Ní h-alaidh dhuit
-éagcóir a dhéanamh ort féin, a Thaidhg. Níor dheinis ach an rud a
-dheineamair go léir. Níor bhuail sé ort-sa ach an bob a bhuail sé
-orainn go léir.”
-
-“Níor bhuail sé aon bhob ort-sa, a Niamh,” arsa Tadhg, agus gan aon
-chuimhneamh aige ar an mbrígh a bhí le n-a chaint.
-
-“Ambriathar gur bhuail,” ar sise. “Do bhuail sé an bob orm a bhuail sé
-ar gach aoinne. Ní raibh aon choinne agam ná gur bhuachail shímplídhe
-osgailte dheagh-chroídheach é. Bhí áthas mór orm mar gheall ar charadas
-a bheith idir thusa agus a leithéid d’ ógánach ghealchroídheach uasal
-onóireach, dar liom.”
-
-Ba mhór go léir an suaimhneas aigne ar Thadhg an chaint sin a
-dh’aireachtaint ó Niamh.
-
-“Agus cad ’deirir liom,” ar seisean, “i dtaobh dul síos agus an sgéal
-go léir a dh’innsint do Cholla?”
-
-“Ní dóich liom,” ar sise, “go bhfuil aon ghádh leis. Cá bh’fhios duit
-ná go mb’ fhéidir go bhfuil fios an sgéil go léir ag Colla cheana chómh
-maith agus atá againne? Agus cá bh’fhios duit ná go mb’fhéidir gur
-mó an milleán atá ag Colla air féin ’ná mar atá aige ar aoinne eile?
-Cad is gádh dhuit-se dul agus tú féin a dhaoradh sa sgéal? I dtaobh
-aon droch amhrais a bheith ag Colla ar aon duine eile,” ar sise, “ní
-baoghal go gcuirfidh Colla aon droch amhras ar aoinne gan labhairt le
-Murchadh. Má labhran sé le Murchadh socaróchaidh Murchadh an sgéal dó.
-Isí cómhairle thabharfainn-se dhuit, a Thaidhg,” ar sise, “’ná gan aon
-chur isteach ná amach a bheith agat ar an sgéal a thuille an fhaid
-ná déanfaidh aoinne aon chur isteach ná amach ort mar gheall air. Do
-sgaoilfinn thorm é dá mbéinn ad’ chás.”
-
-“Is dóich liom, a Niamh,” ar seisean, “go ndéanfaidh mé rud ort. Ní’l
-aon lorg i n-aon chor agam ar bheith ag dul ag caint le Colla mar
-gheall air. Is amhlaidh atá gráin agam air mar sgéal, agus gráin agam
-orm féin mar gheall ar aon bhaint a bheith agam leis.”
-
-Níor bh’ fhada gur ghluais Brian ar a chuaird rígh mór-thímpal na
-h-Éirean. Do ghluais Tadhg Mór ua Cealla agus Niamh ’n-a chualacht. Bhí
-saoghal breagh ansan ag Niamh, agus níor bh’ fhada go raibh a croídhe
-agus a h-aigne séin airís aici.
-
-Do fágadh Ceann Cora fé chúram ’na h-Árdríghna. Bhí fhios aici cad é an
-brígh a bhí leis sin.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XI.
-
-CUAIRD RÍGH.
-
-
-Do ghluais Brian ar a chuaird rígh. Bhí cualacht uasal i n-aonfheacht
-leis. Bhí Murchadh i n-aonfheacht leis, agus Dúlainn Óg, agus Tadhg Mór
-ua Cealla, agus Niamh. Bhí Tadhg Óg ua Cealla imthighthe siar a bhaile
-go h-Uíbh Máine chun aire tabhairt do’n rígheacht san, i n-inead a
-athar, agus chun na bhfear do chur le chéile agus do ghleusadh agus d’
-ollamhughadh i gcóir an chogaidh adúbhairt gach aoinne a bhí ag teacht
-go luath. Ní raibh an cogadh fógartha. Bhí síthcháin idir Árdrígh
-Éirean agus rígh Lochlan. Bhí síthcháin idir é agus na ríghthe eile go
-léir, lastoir agus lastuaidh. Ach bhí sé daingean i n-aigne na ndaoine,
-ar fuaid na h-Éirean, go raibh an cogadh ag teacht agus nár bh’fhada go
-mbéadh sé ann. D’á bhrígh sin bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal ins gach
-aon bhall. Chun an ollmhúcháin sin do chur ar siúbhal níba ghéire dá
-mb’ fhéidir é iseadh chuaidh Brian ar an gcuaird rígh sin. Theastuigh
-uaidh a dh’fheisgint le n-a shúilibh féin conus a bhí an gnó d’á
-dhéanamh. Bhí cuid d’á chlainn mhac, agus uaisle eile a bhí tuisgionach
-i ngnóthaíbh cogaidh, imthighthe roimis mór-thímpal chun na ndún agus
-chun na ndaingean a bhí curtha suas aige, chun a dh’innsint go raibh
-sé ag teacht, agus chun na bhfear a bhí ins na dúnaibh agus ins na
-daingeanaibh sin do ghleusadh agus do chur i dtreó, ionus go mbeidís
-oireamhnach ar dhul fé n-a shúil. Bhí sgéala curtha, leis, ag triall ar
-na ríghthibh, go raibh sé ag teacht, agus bhí gach rígh acu ceapaithe
-ar pé neart fear a bhí aige do bheith chómh ghleusta agus dob’ fhéidir
-iad a bheith, agus an méid ba mhó a dh’ fhéadfadh sé dhíobh a bheith
-curtha le chéile aige i gcóir an lae a thiocfadh Brian. Níor bh’
-fhéidir aon bhob a bualadh ar Bhrian i neithibh de’n tsórd san. Bhí
-an tsúil ró ghéar aige. Do chífeadh sé ar an gcéad amharc an locht ba
-lúgha, ins na fir nó ins na h-airm, nó sa ghleus. Chífeadh sé, leis, ar
-an gcéad amharc, an raibh cóir iompair agus cóir gluaiste agus sáith
-lóin, ag an rígh sin dos na fearaibh sin, dá nglaoidhtí chun bóthair
-ortha.
-
-Ansan, bhí árd fhormad ag na ríghthibh le n-a chéile feuchaint cé h-é
-an rígh a gheóbhadh moladh ó Bhrian nó cé h-é a gheóbhadh cáineadh;
-nó, dá mba ná cáinfí aoinne, cé ba mhó a gheóbhadh de’n mholadh. Bhí
-an formad san idir na fearaibh chómh mór díreach agus bhí sé idir na
-ríghthibh, i dtreó nár ghádh dos na ríghthibh puínn de dhuagh na bhfear
-a dh’fhághail chun iad a ghríosadh, mar go rabhdar féin ag gríosadh
-a chéile chómh dian agus dob’ fhéidir é. Ní raibh aoinne do thuig an
-méid sin níb’ fhearr ’ná mar a thuig Brian é, agus ní raibh aoinne dob’
-fhearr a dh’ fhéadfadh toradh bhaint as ’ná mar a dh’fhéad Brian toradh
-bhaint as.
-
-Siar tré Chonachtaibh a thug Brian aghaidh ar dtúis. Bhí fhios aige gur
-i gConachtaibh ba lúgha a bhí gádh le h-aimsir chun ollmhúcháin mar go
-raibh an t-ollmhúchán déanta cheana ann. Teighlach Thaidhg Mhóir uí
-Chealla an chéad theighlach i gConachtaibh ar ar thug sé aghaidh. Bhí
-Tadhg Óg imthighthe siar roimis agus bhí gach nídh ollamh aige roimis.
-
-Nuair a thagadh Brian isteach mar sin ar chuaird, i dtighearnas rígh,
-ar an eaglais a thugadh sé aghaidh ar dtúis. Dá mbéadh gádh le h-aon
-nídh a dhéanamh do’n eaglais, aon nídh i bhfuirm saoirseachta, chun an
-tíghe chur i méid, nó chun slacht a chur air, thugadh Brian síntiús
-maith do rígh na tíre sin chun na h-oibre sin do dhéanamh. Ansan, dá
-mbéadh mainistir sa n-áit thabharfadh sé cuaird ar an mainistir, agus
-dhéanfadh Maolshuathain feuchaint i ndiaigh oibre na mainistreach,
-feuchaint a’ raibh gach aon rud ’n-a cheart, agus aon rud ba ghádh a
-cheartughadh dhéanfadh sé é cheartughadh.
-
-Ba bheag eaglais ná mainistir ná conbhint ban riaghalta ná bíodh nídh
-éigin tairbhtheach ag Brian le bronnadh ortha nuair a thagadh sé mar
-sin ar chuaird, agus do curtí gach eaglais agus gach mainistir agus
-gach conbhint ban riaghalta sa treó dob’ fhearr ’n-ar bh’ fhéidir iad
-do chur nuair a bhíodh súil le n-a theacht.
-
-Deireadh sé, i gcómhnuighe, gur dos na gnóthaíbh a bhain le Creideamh
-ba cheart do ríghthibh agus do dhaoine aireachas a thabhairt ar dtúis.
-Gur cheart gnó Dé a dhéanamh ar dtúis sar a dtabharfaí aghaidh ar ghnó
-an tsaoghail seo. Gur dhóichígh-de do dhuine an rath a bheith ar a
-ghnóthaíbh saoghalta nuair a dhéanfadh sé a dhícheal ar dhualgaisíbh an
-Chreidimh do chómhlíonadh. Ach, pé ’cu ba thoil le Dia an rath do chur
-ar ghnóthaíbh saoghalta an duine nó gan a chur, go raibh ceangailte ar
-an nduine aitheanta Dé do choimeád.
-
-Do mhúin Brian dos na ríghthibh agus dos na daoine a bhí fé n-a smacht
-an uraim is dual do bhantracht, ach do mhúin sé dhóibh, ’n-a theannta
-san, an uraim is dual do’n cheart ar gach aon tsaghas cuma, agus chuir
-sé ’n-a luighe ar a n-aigne go daingean gur i ndlígh Dé atá brígh agus
-bunús agus cúis agus fáth gach urama dhíobh go léir. An t-é ná beidh
-eagla Dé air ná beann aige ar dhlígh Dé, go bhfuil sé fuar ag aoinne
-bheith ag brath air go staonfaidh an duine sin ó dhrúis ná ó chraos
-ná ó éagcóir a dhéanamh ar a chómharsain má gheibhean sé an chaoi.
-D’á bhrígh sin gur ceart ar dtúis greim daingean a thabhairt do’n
-Chreideamh i gcroídhe agus i n-aigne an duine. Nuair a bheidh an greim
-sin ag an gCreideamh gur b’eadh is féidir an duine sin a dhéanamh úmhal
-do gach dlígh agus do gach riaghail agus do gach dualgas bunaigh d’á
-mbainean leis an gCreideamh.
-
-Na ríghthe agus na riaghaltaisí atá sa tsaoghal anois, an chuid acu go
-bhfuil aon admháil i n-aon chor acu do Chreideamh, do cheadóchaidís
-an Creideamh le h-ionachus go ndéanfadh an Creideamh na daoine úmhal
-dóibh. Chómh maith agus gur chuige sin a cuireadh an Creideamh ar bun,
-chun daoine dhéanamh úmhal do ríghthibh! Do thuig Brian nár bh’eadh.
-Gur chun daoine dhéanamh úmhal do Dhia a cuireadh an Creideamh ar
-bun. Ná fuil sa n-úmhluigheacht a chuirean an Creideamh i n-áirighthe
-do ríghthibh ach cuid de thoradh an Chreidimh. Gur maith an rud do
-ríghthibh an úmhluigheacht san a theacht mar thoradh as an gCreideamh
-ar an saoghal so, ach ná fuil sa méid sin de thoradh an Chreidimh
-ach neamhnídh seachas an toradh a fachtar as ar an saoghal eile. Go
-n-iompuighthear neithe taobh síos suas nuair a cuirtear suim i dtoradh
-an Chreidimh ar an saoghal so agus neamhshuim ’n-a thoradh ar an
-saoghal eile.
-
-Do thuig Brian na neithe sin go léir agus dhein sé beart do réir a
-thuisgiona. Bhí an Creideamh aige ’n-a chroídhe féin istigh agus do
-bhí an Creideamh san le feisgint go soiléir ’n-a ghníomharthaibh. Do
-mhúisgil an deagh-shampla san Creideamh agus toradh an Chreidimh i
-gcroídhthibh na ríghthe agus na ndaoine a bhí fé n-a smacht.
-
-Thug sé tusach do’n Chreideamh ins na h-áiteanaibh ’n-ar thug sé a
-chuarda. Nuair a bhíodh feuchta aige ar na h-eaglaisíbh agus ar na
-mainistiríbh agus ar chonbhintíbh na mban riaghalta thugadh sé aghaidh
-ar na sgoileanaibh, agus d’fheuchadh sé isteach go cruinn sa chuma ’n-a
-mbíodh an obair ag dul chun cinn. Agus thugadh sé aire mhaith,--ach
-níor ghádh dhó san mar do thugadh na manaigh féin aire maith dó,--pé
-easnamh a bhéadh, ná ná béadh, ar aon tsaghas eile ealadhan, ná
-caithfeadh aon easnamh a bheith, ná aon fhaillígh a bheith, sa chuma
-’n-a múintí an Creideamh dos na daoinibh óga. Bhí fhios ag Brian go
-maith, agus bhí fhios ag an uile dhuine des na h-oidíbh a bhí ag
-stiúrughadh na h-oibre sin, ná fuil ach diabhal ó ifrean sa bhfear a
-geóbhaidh sgoluigheacht gan Creideamh. D’á bhrígh sin níor ghádh do
-Bhrian bheith ag feuchaint ’n-a ndiaigh chun a chur fhiachaibh ortha an
-Creideamh do mhúineadh. Ach do bhíodh.
-
-Nuair a bhíodh an obair sin go léir déanta ag Brian, sa n-áit ’n-a
-mbíodh sé ar a chuaird, thugadh sé aghaidh ar an ollmhúchán armála a
-bhíodh ar siúbhal i gcóir an chogaidh mhóir a bhí ag teacht, dar le
-gach aoinne. Do tugtí na fir amach os a chómhair agus do curtí tré n-a
-ngleacaidheacht iad. Bhíodh oiread san eagla roime n-a shúil ag na
-fearaibh go léir, idir uasal agus íseal, go mbídís ag déanamh taithíghe
-de’n ghleacaidheacht ar feadh mórán aimsire roim ré nuair a bhíodh
-súil le n-a theacht. Dheinidís a ndícheal chun ná faghadh sé aon locht
-ortha. Agus bhíodh an formad ann, leis, idir na ríghthibh, feuchaint
-cé aige dob’ fhearr n-a mbéadh an t-ollmhúchán déanta, agus idir na
-buidhnibh, feuchaint cia’cu buidhean ba mhó a thabharfadh sásamh dó.
-
-Thugadh sé tabharthaistí uaidh, dos na ríghthibh agus dos na fearaibh,
-claidheamh, nó sleagh, nó tuagh, nó brat áluinn, nó capal breagh,
-agus bhíodh an formad ann feuchaint cé gheóbhadh an tabharthas ba
-luachmhaire, mar, gan amhras, is do’n t-é ab fhearr a thabharfadh
-sásamh a tabharfaí an tabharthas ab fhearr.
-
-Bhí áthas an domhain ar Niamh nuair a fuair sí gur siar chun teighlaigh
-a h-athar a bhí Brian ag dul ar dtúis. Chuir Tadhg Mór teachtaire siar,
-chómh luath agus fuair sé an t-eólus, ’ghá innsint do Thadhg Óg go
-raibh an t-Árdrígh ag teacht. Ba mhaith le Brian féin dul siar chun na
-h-áite sin ar dtúis. Is ann a bhí a ghaolta ó thaobh a mháthar, agus is
-ann a bhí gaolta na clainne a bhí aige le n-a chéad mhnaoi. Drifiúr do
-Mhaolruanaidh na Paidre ab eadh í. Agus gan amhras bhí áthas an domhain
-ar an muintir thiar go léir, leis, nuair a h-innseadh dóibh go raibh sé
-ag teacht. Tháinig Maolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrach Áidhne,
-agus a lán eile d’uaislibh Conacht, tamal maith de’n tslígh ’n-a
-choinnibh. Bhí Conn, mac Mhaoilruanaidh, i dteighlach Bhriain cheana.
-Thugadar go léir aghaidh ar theighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla. Do
-cuireadh míle fáilte rómpa. Do cuireadh gach cóir ortha d’ár cheart, go
-h-uasal agus go ríoga, agus dúbhairt Niamh nár tógadh an ceó i gceart
-d’á croídhe go dtí go bhfuair sí í féin airís i dteighlach a h-athar
-agus uaisle Conacht agus Cheann Cora ’n-a tímpal.
-
-D’ admhuigh an chuideachta gur shamhluighdar an solus ’n-a tímpal, mar
-a bhíodh cheana, agus gur bh’í an gath gréine céadna airís í ag teacht
-n-a measg.
-
-Nuair a bhí an chuaird go h-Uíbh Máine tabhartha chuadar go léir, le
-cois a chéile, go h-Uíbh Fhiachrach Áidhne agus chuir Maolruanaidh cóir
-uasal ortha.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XII.
-
-CARADAS AG FÁS A’ FUATH.
-
-
-Nuair a bhí a chuaird agus a ghnó críochnuighthe i gConachtaibh ag
-Brian thug sé aghaidh óthuaidh ar Chúig’ Uladh. Thug muintir na
-cúige sin go léir an onóir dó ba cheart a thabhairt do’n Árdrígh,
-agus thug Brian dóibh na tabharthaistí ba cheart do’n Árdrígh a
-thabhairt do ríghthibh cúigí. D’fheuch sé ar na h-eagailsíbh agus ar
-na mainistreachaibh agus ar na sgoileanaibh, fé mar a dheineadh sé ins
-gach aon bhall. Ghlaoidh sé chun na gconbhintí leis, agus ba mhór ag
-na mnáibh riaghalta an t-Árdrígh do theacht ’ghá bhfeuchaint agus ag
-feuchaint na sgoileana a bhí acu. Bhíodh mná óga acu ’n-a sgoileanaibh
-agus iad ag múineadh gach aon tsaghas eóluis dos na mnáibh óga san ar
-na neithibh a bhí riachtanach an uair sin do mhnaoi bheith ar eólus
-aici.
-
-Ba mhór ag na mnáibh riaghalta an t-Árdrígh a dh’fheisgint, agus
-Murchadh, agus Dúlainn Óg, agus gach fear eile de mhuintir Bhriain
-n-a raibh a n-ainimneacha i mbéalaibh daoine ar fuid na h-Éirean an
-uair sin. Ach ní raibh aoinne beó ab fhearr leó a dh’fheisgint ’ná
-Niamh. Chuaidh a tuairisg roímpe eatartha. Do h-innseadh dóibh ná
-raibh rígan óg eile ar thalamh na h-Éirean an uair sin chómh breagh
-ná chómh dathamhail léi. Agus do h-innseadh dóibh go raibh socair
-’n-a h-aigne aici gan pósadh choídhche. Go bhfanfadh sí ag tabhairt
-aire d’á h-athair an fhaid ab é toil Dé iad fhágáilt ar an saoghal so
-i bhfochair a chéile, agus ansan, dá mb’ é a h-athair ba thúisge a
-gheóbhadh bás, go bhfanfadh sí singil ’n-a dhiaigh ar an saoghal so
-go dtí go mbéarfadh Dia chuige féin í agus go mbéadh sí i bhfochair a
-h-athar airís ar an saoghal eile.
-
-Sar a’ dtagadh sí chúcha bhídís ag machtnamh ar a h-áilneacht agus ag
-cuimhneamh ar na mnáibh óga dob’ áluinne agus ba bhreaghtha agus ba
-dhathamhla d’á bhfeacadar riamh, agus ’ghá shamhlughadh ’n-a n-aigne
-cad é an saghas í má bhí sí níba bhreaghtha le feisgint ’ná aoinne acu
-súd. Ansan, nuair a thagadh sí agus do chídís í, do leathadh a súile
-ortha agus d’ admhuighdís nár fhéad aon tsamhlughadh d’ár dheineadar
-teacht i n-aon ghioracht do’n radharc a chonacadar nuair fheuchadar
-uirthi. Ansan, ní bhíodh aon iongnadh ortha nuair airighdís i dtaobh
-an tsoluis ’n-a tímpal agus i dtaobh an ghath gréine. Do samhluightí
-dhóibh féin, nuair a thagadh sí isteach sa chonbhint chúcha, go
-dtugaidís fé ndeara an solus ’n-a gnaoi agus ’n-a tímpal, agus gur
-chuma í nó gath gréine ag teacht isteach.
-
-Isé céad rud a dheineadh na mná riaghalta, ins gach aon chonbhint,
-chómh luath agus bhíodh tamal de lá caithte ann aici, ’ná cromadh ar
-thathant uirthi fanmhaint acu ar fad. Ghlacadh sise an tathant go
-breagh réidh agus go breagh séimh, ach ní baoghal go dtugadh sí aon
-chómharthaí uaithi ar ghéilleadh do’n tathant. Bhíodh áthas mór ortha
-an fhaid a bhíodh sí acu, agus bhíodh uaigneas mór ortha nuair a bhíodh
-cuaird na h-áite tabhartha, agus nuair a bhíodh Brian agus a chualacht
-ag imtheacht go h-áit eile.
-
-Nuair a bhí Cúig’ Uladh siúbhalta do gabhadh tímpal tré Chúige
-Laighean. Do fanadh raint laethanta i gCúige na Mídhe, i dteighlach
-Mh’lsheachlainn Mhóir. Níor chuaird i n-aistear cuaird chun an
-teighlaigh sin. Do cuireadh cóir go fial agus go flathamhail ar an
-Árdrígh agus ar a chualacht ann. Dá mbéadh i gcualacht Bhriain an uair
-sin duine iasachta, duine ná béadh aon fhios aige ar cad a bhí tuitithe
-amach i n-Éirinn suim aimsire roimis sin, ní bhéadh aon chuimhneamh i
-n-aon chor aige go raibh Brian tar éis Mh’lsheachlainn do chur as an
-Árdrígheacht. Shamhlóch’ sé gur bh’ é Brian an t-Árdrígh i gcómhnuighe
-agus go raibh M’lsheachlainn fé n-a smacht i gcómhnuighe. B’é an cleas
-céadna é ag an dá theighlach. Níor leig teighlach Mh’lsheachlainn ortha
-gur bh’ iad féin teighlach an Árdrígh riamh, agus níor thaisbeáin
-teighlach Bhriain aon mhór-is-fiú ná aon eiríghe anáirde os cionn an
-teighlaigh eile. Bhí an dá mhuintir go séimh agus go soilbhir le n-a
-chéile, agus go h-ollamh chun gach urama agus gach onóra thabhairt d’á
-chéile.
-
-Chuaidh an t-Árdrígh agus a theighlach ag triall ar Shitric, ar rígh
-Lochlanach Bhaile Átha Cliath. Do cuireadh an chuaird sin chun cinn
-díreach mar a cuireadh i gcás Mh’lsheachlainn nó i gcás aon rígh cúige
-eile i n-Éirinn. Do ghlaoidh Brian chun tighthe na gceannaighthe agus
-d’ fheuch sé go cruinn ar an gcuma ’n-a ndéinidís a ngnó. D’fheuch sé
-ar na loingeas a bhí sa chuan. Do thuig sé i n’ aigne gur mhór go léir
-an tairbhthe do mhuintir na h-Éirean dá mbéadh mórán des na loingeas
-san sa chuan san, agus ins gach cuan eile de chuantaibh na h-Éirean,
-agus mórán de’n obair cheannaigheachta san acu d’á choimeád ar siúbhal
-idir oileán na h-Éirean agus dúthaíbh iasachta. An fhaid a bhí sé ag
-machtnamh ar an gcuma san ar an dtairbhthe a bhí ag cuan Bhaile Átha
-Cliath ’á dhéanamh, do chuimhnigh sé ar an gcothrom uathbhásach uisge
-atá ó chathair Luimníghe síos go h-Inis Cathaigh agus amach ar fad
-go Léim Chúchulainn, agus chuimhnigh sé ar an dtairbhthe a dhéanfadh
-an cothrom uisge sin dá mbéadh sé clúdaithe le loingeas bhreaghtha
-mhóra do bhéarfadh earaí ceannaigheachta amach ó Éirinn go cuantaibh
-an domhain, agus do thabharfadh earaí iasachta isteach go h-Éirinn sa
-bhflúirse chéadna, ó chuantaibh an domhain.
-
-Nuair fhág sé Baile Átha Cliath agus cuaidh sé ódheas go teighlach rígh
-Laighean, teighlach Mhaoilmhórdha, teighlach drithár a chéile, bhí an
-machtnamh céadna i n’ aigne i dtaobh uisge Béil Sionainne. D’inis sé
-do rígh Laighean cad a bhí i n’ aigne, agus dúbhairt sé leis gur bh’ é
-a thuairim féin ná raibh le fághail i n-Éirinn, ná i n-aon áit eile,
-adhmad a dhéanfadh crainn seóil do loingeas mhóra chómh maith agus do
-dhéanfadh an t-adhmad a bhí ag fás i gCúige Laighean.
-
-“Dá gcurfá chúgham siar go Ceann Cora, a rígh,” ar seisean le
-Maolmórdha, “trí cinn de’s na crannaibh is fearr agat chun na h-oibre,
-do chuirfinn trí loingeas d’á ndéanamh gan a thuille ríghnis.”
-
-“Cuirfead agus fáilte, a Árdrígh,” arsa rígh Laighean.
-
-D’fhan an sgéal mar sin an uair sin.
-
-Do ghluais Brian agus a chualacht ódheas isteach i n-Urmúmhain. Thug
-sé a chuaird chun teighlaigh rígh na nDéiseach. Mothla mac Faeláin ab
-ainim do’n rígh sin. Bhí sé dílis do Bhrian, bíodh ná raibh abhfad
-roimis sin ó bhris Brian cathana fuilteacha ar a chine. Bhí sé i n’
-aigne, fé mar a bhí i n-aigne gach aoinne, go raibh tórmach cogaidh ar
-siúbhal, go raibh an spéir trom leis an dtórmach cogaidh sin, agus ná
-raibh aon fhear beó ach Brian a dh’fhéadfadh Éire thabhairt saor as an
-gcogadh san nuair a thiocfadh sé. D’á bhrígh sin bhí sé dílis do Bhrian.
-
-Tháinig Brian agus a chualacht go teighlach athar Chaoilte. Fuair gach
-aoinne amach ansan cé r’ bh’ é Caoilte, gur mac rígh é agus gur Donn ab
-ainim dó, Donn mac Beathach. Nuair a fuair Conn, mac Mhaoilruanaidh na
-Paidre, gur mhac rígh Caoilte tháinig sé chuige agus do rug sé ar dhá
-láimh air.
-
-“Ó, a Dhuinn,” ar seisean, “cad ’n-a thaobh nár innsis dom cé r’ bh’
-é thú! Bhí sé am’ aigne go mb’fhéidir go raibh braon éigin d’fhuil
-ríoga ionat, agus an bhfuil fhios agat cathin a chuimhnigheas air?
-Chuimhnigheas air nuair a thugas an tarcaisne dhuit agus nuair a chonac
-an chuma ’n-ar choimeádais srian le t’ fheirg. ‘Mura mac rígh é,’ arsa
-mise am’ aigne féin, ‘tá an fholuigheacht ann pé ball ’n-a bhfuair
-sé í bheith ann.’ Dúbhart go deimhin. Nách mór an cleasaidhe Niamh!
-Chuir sí thusa ar theachtaireacht an lá úd. Do chuir má’s fíor bréag!
-Ní h-eadh ach cheap sí sinn a chur ó chéile. Do rug sí mise i láthair
-Bhriain, agus geallaim dhuit gur cuireadh smacht orm. ‘Bíodh ciall
-agat, a mhic ó,’ arsa Brian. Idir Bhrian agus an sagart agus Niamh,
-agus í imthighthe amach, níor fágadh léas meabhrach am’ cheann. Nuair a
-bhíos tagaithe amach agus raint machtnaimh déanta agam iseadh thuigeas
-i gceart cad a bhí imthighthe orm. ‘Tá a h-aigne socair ag Niamh ar gan
-pósadh choídhche,’ arsa Maolshuathain, agus, ‘Bíodh ciall agat, a mhic
-ó,’ arsa Brian. Dheineadar amadán díom eatartha.”
-
-“Agus nách maith nár dheinis aon dearmhad de’n fhocal amháin úd, a
-rígh,” arsa Caoilte.
-
-“Cad é an focal?” arsa Conn.
-
-“An focal úd adúbhairt Maolshuathain, ‘Tá a h-aigne socair ag Niamh ar
-gan pósadh choídhche.’”
-
-“Ó, ambasa is fíor dhuit é,” arsa Conn. “D’ fhan an focal san ’n-a
-sheasamh am’ aigne ó shin. Tá sé ’n-a sheasamh am’ aigne anois
-chómh gléineach agus bhí sé nuair airigheas ag teacht a’ bhéal
-Mhaoilshuathain amach é! ‘Tá sochair ag Niamh ’n-a h-aigne,’ ar
-seisean, ‘gan pósadh choídhche.’ Dá mairinn míle blian ní imtheóch’ an
-méid sin cainte as m’ aigne.”
-
-“’Sé an sgéal céadna agam-sa é,” arsa Caoilte. “Dúbhairt sí an chaint
-sin díreach amach as a béal féin liom nuair a bhí sí a’m chur ar a’
-dteachtaireacht mar ’dh eadh, agus tá an focal ’n-a sheasamh am’ aigne
-anois, agus beidh go deó.”
-
-“Feuch, a Dhuinn,” arsa Conn, “is maith a dhein sí é agus a h-aigne
-do shocarughadh ar an gcuma san. Dá bpósadh sí thusa is dóich liom
-go mbainfinn an t-anam asat; agus dá bpósadh sí mise is dócha go
-mbainfeá-sa an t-anam asam-sa; agus dá bpósadh sí duine eile is dócha
-go mbainfimís araon an t-anam as san. Ach nuair ná pósfaidh sí aoinne
-choídhche ní bheidh aoinne agam-sa ná agat-sa ná againn araon chun an
-anama bhaint as! Is dian mhaith atá an sgéal socair aici!”
-
-“Is fíor dhuit sin, a Chuinn,” arsa Caoilte. “Shocaruigh sí é i dtreó
-go bhféadfaimíd bheith ag baint spóirt as, an rud atá agat-sa ’á
-dhéanamh anois, agus i dtreó go bhfuil ar ár gcumas bheith muinteartha
-caradach le n-a chéile. Tá gádh againn anois le muintearthas agus le
-caradas. Is dóich liom nach ró fhada go mbeidh namhaid agus eascáirde
-ar ndóthin againn.”
-
-“Is fíor dhuit sin, a Dhuinn,” arsa Conn. “Ná béadh sé chómh maith
-againn, agat-sa agus agam-sa a deirim, caradas daingean a bheith
-eadrainn, fé mar atá idir Mhurchadh agus Dúlainn, i dtreó nuair a
-bhéimís i lár catha go bhféadfaimís a chéile chosaint. Tá ana chion
-agam ort ó’n lá úd a bhuaidhis orm sa ruith.”
-
-“Ní mó an cion atá agat orm, a Chuinn,” arsa Caoilte, “’ná mar atá
-agam-sa ort-sa. Agus a bhfuil fhios agat cad é an chúis go bhfuil an
-cion san agam ort, a Chuinn?”
-
-“Andaigh ní fheadar, a Dhuinn,” arsa Conn. “Ní h-eól dom gur dheineas
-aon nídh riamh duit a thuillfeadh cion dom uait.”
-
-“’Neósfad-sa dhuit cad a chuir an cion am’ chroídhe ort. An grádh a
-thaisbeánais a bheith agat do Niamh. Siné a dhein é.”
-
-“Aililiú!” arsa Conn. “Ba dhóich liom gur éad, agus fuath dhom, agus
-gráin orm, a mhúisgileóchadh sé sin a d’ chroídhe.”
-
-“Iseadh, leis,” arsa Caoilte, “go dtí go ndúbhairt sí liom go raibh a
-h-aigne socair aici ar gan pósadh choídhche. Nuair airigheas an focal
-san uaithi bhí fhios agam gur bh’ fhíor an focal. Ansan nuair a chonac,
-agus nuair a thuigeas am aigne, an grádh a bhí agat-sa dhi tháinig
-truagh agam duit. Ansan tháinig an cion agam ort. Sin mar a tháinig sé.
-Tá sé am’ chroídhe fós, chómh láidir díreach agus bhí sé an uair sin.”
-
-“Is iongantach an sgéal é sin, a Dhuinn,” arsa Conn. “Isé an sgéal
-céadna ó m’ thaobh-sa é ach nár thugas fé ndeara é chómh géar agus
-thugais-se fé ndeara é. Bhí fhios agam cad é an chúis n-a mbíodh
-Caoilte ag teacht fé dhéin teighlaigh Thaidhg Mhóir uí Chealla. Nuair
-a thánag amach ó Bhrian agus ó Mhaolshuathain, agus Maolshuathain
-tar éis an chinn a bhaint de’n sgéal dom, dar leis, agus Brian tar
-éis cómhairle thabhairt dom ciall a bheith agam, chómh luath agus d’
-fhéadas mo mheabhair do chruinniughadh, agus níor bh’ fuiriste é,
-‘Agus Caoilte bocht,’ arsa mise am’ aigne féin, ‘cad a dhéanfaidh sé!
-Tá an sgéal chómh h-olc aige agus ’tá sé agam-sa, nó b’fhéidhir níosa
-mheasa.’ Tá ana bháigh agam leat ó shin. Agus feuch, níor thugas fé
-ndeara an chúis go dtí anois nuair a dh’innsis-se do thaobh féin de’n
-sgéal dom.”
-
-Do shnadhmuigh an bheirt a gcaradas go daingean ansan, agus bhí móráil
-agus aiteas agus áthas croídhe ortha as san amach.
-
-D’ admhuighdar i gcómhnuighe, as san amach, gur mhór an tabharthas ó
-Dhia dhóibh an caradas san a bheith eatartha, agus gur ar Niamh a bhí a
-bhuidhchas acu Dia do thabhairt an tabharthais sin dóibh.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XIII.
-
-CIÚNAS ROIM THÓIRTHNIGH.
-
-
-An fhaid a bhí Brian ar an gcuaird sin, mór-thímpal na h-Éirean, bhí
-sé ag táthughadh agus ag dlúthughadh agus ag méadughadh a nirt ar
-gach aon tsaghas cuma. Do bhíodh sé ag gríosadh na ndaoine a bhíodh
-neamh-shuimeamhail. Bhí a lán neamh-shuimeamhlachta ins na daoine
-i n-áiteanaibh. Ní chreidfidís go raibh aon bhaoghal go dtiocfadh
-namhaid go dtí go bhfeicfidís ag teacht é. Ansan, nuair a marbhófaí
-a leath agus nuair a fágfaí an leath eile dhíobh leath-mharbh, agus
-nuair a bhéadh an namhaid imthighthe agus a gcuid an tsaoghal beirthe
-chun siúbhail aige, ní chuirfeadh aon nidh ’n-a luighe ortha gur
-cheart dóibh iad féin d’ollamhughadh mar nár baoghal ná go dtiocfadh
-an namaidh sin airís. Nuair a thagadh Brian ameasg daoine de’n tsórd
-san, ar a chuaird, bhíodh sé ag chaint leó agus ag plé leó agus ’ghá
-ngríosadh agus ag spídiúchán ortha, go dtí go gcuireadh sé a bhfearg
-suas agus go socaruighdís ar na h-airm a sholáthar agus ar thaithíghe
-dhéanamh díobh chómh maith le cách. Bhuaileadh duine uime uaireanta,
-ámhthach, agus ní fhéadadh a dhícheal aon spionadh chur ’n-a mhisneach.
-Thug aon fhear amháin an freagra so air:--
-
-“Ná bí liom, a Árdrígh,” ar seisean. “Dá mbéadh sé i n-áirighthe agam
-maireachtaint míle blian b’fhearr liom gach aon lá de’n mhíle blian san
-do chaitheamh ar mhulach mo chinn sa laithigh ag sglábhaidheacht ’ná
-aon lá amháin do throid!”
-
-B’éigean do Bhrian eirighe as. Ní mór de’n tsaghas san, ámhthach, a
-bhuail uime ar a chuaird. Na fir a bhuail uime, pé neamh-shuimeamhlacht
-a bhí ortha sar ar labhair sé leó, do bhain a chaint an
-neamh-shuimeamhlacht díobh. Do tugadh dóibh na h-airm agus do cuireadh
-ag déanamh na gleacaidheachta iad agus stiúrthóirí ’n-a mbun, agus
-bhí gach aon deabhramh nár ró fhada go mbeidís ábalta ar aghaidh a
-thabhairt ar Lochlanach i gcath agus ar chleas a mhúineadh dhó.
-
-Um an am ’n-a raibh an chuaird d’á críochnughadh bhí measta i n’ aigne
-ag Brian go mbéadh suas le chúig mhíle fhichid fear ollamh aige i gcóir
-na Lochlanach nuair a thiocfaidís. Do réir a bhreitheamhantais is go
-cuan Bhaile Átha Cliath a bhíodar le teacht. Bhí eólus maith tabhartha
-aige do Chlainn Chais, agus dos na cineachaibh eile sa Mumhain, ar
-na bóithribh go Baile Átha Cliath. Ní raibh aon bhaoghal go mbéadh na
-slóighte ag dul amú’ ná go mbéidís ag brúth ar a chéile ná ag teacht
-crosta ar a chéile.
-
-Bhí fhios aige, dá mbéadh fir Éirean go léir i n-aonfheacht aige, go
-mbéadh breis mhór agus dachad míle fear aige, agus bhí fhios aige,
-dá mbéadh san amhlaidh, ná tiocfadh aon chogadh, mar ná raibh aon
-chómhacht lasmuich, i n-aon pháirt de’n domhan, a dh’fhéadfadh aghaidh
-a thabhairt ar chómhacht na h-Éirean dá mbéadh fir Éirean go léir i
-n-aonfheacht. Ach bhí fhios aige go maith go mbéadh cuid d’fhearaibh
-Éirean ar thaobh na Lochlanach, agus go mbéadh cuid acu ná raghadh i
-n-aon chor sa chaismirt. Dhein sé a dhícheal, sa chuaird, ar an dá
-aicme sin do luigheadughadh an oiread agus dob’ fhéidir é. Chuir sé
-go soiléir os comhair aigne na ndaoine, coitchianta, agus ins gach
-áit ’n-ar labhair sé leis na daoine, dá bhfaghadh na Lochlanaigh an
-lámh uachtair sa chogadh a bhí ag teacht go ngeóbhdís do chosaibh i
-nGaedhlaibh Éirean chómh tiubaisteach san gur bh’ fhearr go mór d’á
-raibh de Chríostaighthibh sa n-oileán bás a dh’fhághail sa chath a
-troidfí ’ná maireachtaint i n-Éirinn i ndiaigh an chatha san. Chuaidh
-an chaint sin i bhfeidhm ar fhormhór na ndaoine. Thuigeadar go raibh
-an fhírinne sa chaint. Shocaruighdar a n-aigne ar an lámh uachtair a
-bheith acu féin nuair a thiocfadh an cath nó thuitim sa chath. Chuaidh
-an focal san amach ameasg na ndaoine ins gach aon bhall. Ní h-ar
-theacht ó’n gcath a bhíodh aoinne ag trácht, ach ar thuitim sa chath nó
-an namhaid do thuitim. Chuaidh daoine i dtaithighe an fhocail chómh mór
-san go raibh a n-aigne socair acu, go breagh réidh, gan aon chorbhuais,
-ar dhul sa chath, nuair a thiocfadh an cath, agus ar gan teacht as.
-B’shiné saoghal a gheár gach fear amach dó féin, go dtí go dtiocfadh an
-cath san.
-
-Ní baoghal gur fhág Brian gan cur ’n-a luighe ortha go léir
-coitchianta, an fear a thuitfeadh sa chath gur bhás ar son an Chreidimh
-dó é, agus bhí fhios acu féin, an t-é a dh’fhuilingeóch’ bás ar son an
-Chreidimh go raibh aoibhneas na bhFlathas i n-áirighthe dhó láithreach.
-Ní fhéadfadh bás i gcath sgáth ná eagla do chur ar fhearaibh go raibh a
-n-aigne socair ar an gcuma san. Agus níor chuir, nuair a tháinig sé.
-
-An fhaid a bhí an chuaird sin ar siúbhal, leis, bhí rud eile ar
-siúbhal. Bhí Caoilte ag imtheacht coitchianta ó áit go h-áit i
-n-Éirinn, agus bhíodh sé go minic imthighthe tar faraige a gan fhios
-d’ aoinne ach do Mhurchadh. Chuaidh sé soir go minic go crích Lochlan
-gan spleadhchas do’n fholáramh úd a tugadh dó sa leitir a fuair sé ó
-chaptaéin na loinge a thug abhaile go Corcaigh é tar éis a thamal a
-thabhairt sa phrísún thall i gcathair rígh Lochlan. Chuaidh sé anonn
-airís agus airís eile, agus thug sé leis anall, gach uair díobh, ag
-triall ar Mhurchadh, cúntas cruinn ar an neart fear a bhí thall ag rígh
-Lochlan, agus ar an méid loingeas a bhí aige chun na bhfear a bhreith
-thar faraige, agus gur anall go h-Éirinn a bhí na fir sin le tabhairt,
-chómh luath agus thiocfadh an t-am chuige.
-
-Chuaidh sé óthuaidh, agus níor bh’aon uair amháin é, go h-Ínsíbh Orc
-agus go h-Ínsíbh Gaill, agus chonaic sé le n-a shúilibh féin cad é
-an neart fear a bhí ’á dhéanamh suas ins na h-oileánaibh sin, agus
-cé r’ bh’é an rígh a bhéadh os cionn na bhfear san. Chuaidh sé, ’n-a
-chuardaibh, soir óthuaidh go tír na h-Ioruaidhe, agus fuair sé ansan,
-leis, an t-eólus a bhí uaidh, agus eólus ná raibh coinne aige leis.
-Nuair a bhíodh raint eóluis cruinnighthe aige thagadh sé abhaile agus
-thugadh sé an t-eólus do Mhurchadh, agus thugadh Murchadh do Bhrian é,
-’sé sin, an méid ba mhaith a thabhairt dó dhé. Bhí cuid de’n eólus agus
-níor tugadh do Bhrian é go dtí ’n-a dhiaigh san.
-
-Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht anall ó
-rígh Lochlan agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh ’n-a bhun. Do
-h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht anall ó rígh
-na h-Ioruaidhe agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh ’n-a bhun.
-Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht adtuaidh
-ó Ínsíbh Orc agus ó Ínsibh Gaill agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a
-bhéadh i mbun na slógh san. Agus do h-innseadh dó nách namhaid ar
-fad a bhéadh ag teacht; go mbeadh congnamh fear, agus nár chongnamh
-shuarach é, ag teacht anoir adtuaidh ó Ghaedhlaibh Alban, chun buille
-bualadh le Gaedhlaibh Éirean i gcoinnibh cómhacht Lochlan, agus go
-mbéadh an dá rígh uasal, an dá Mhaor Mhór, i gceannus an chongnaimh
-sin. Fuair Caoilte amach, leis, go raibh slóighte ag teacht anoir ó’n
-gceann tuaidh de’n Almáinn ag cabhrughadh le namhdaibh na nGaedhal.
-Bhí, ba dhóich le duine, an Phágánacht go léir, thoir agus thuaidh, ag
-cruinniughadh agus ag eirighe, mar a bhéadh tonn mór faraige, chun an
-oileáin seo na h-Éirean do bháth agus do mhúchadh agus do thraochadh d’
-aon mhór-iaracht amháin.
-
-Bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal go h-uathbhásach ins gach aon bhall, ar
-fuid na h-Éirean agus ins na dúthaíbh thall, ach ’n-a thaobh san a’s
-uile ní raibh ach síthcháin agus caradas ins gach aon bhall, i n-Éirinn
-agus thar lear. Ba chuma é nó an ciúnas roimis an dtóirthnigh. Bhí an
-tsíthcháin ann. D’á bhrígh sin bhí neart do Chaoilte agus d’á aicme
-féin ar bheith ins gach aon chúinne, ag faire agus ag fághail eóluis,
-agus bhí, ar an gcuma gcéadna, neart do’n namhaid ar a lucht faire
-bheith acu ins gach aon chúinne d’ oileán na h-Éirean, ag feuchaint
-agus ag iniúchadh agus ag fághail eóluis, chómh maith agus dob’ fhéidir
-leó é.
-
-Pé cúis a bhí leis, bíodh go ndeigh Caoilte anonn go minic go
-críochaibh Lochlan, agus anonn go Cathair na Beirbe, níor deineadh aon
-iaracht ar aon chur isteach a dhéanamh air ná ar bhaint leis i n-aon
-tsaghas cuma. Thug sé féin aire mhaith gan aon dlígh a bhriseadh.
-
-Idir an dá aicme faire ba dheacair puinn eóluis a bheith i n-Éirinn
-a gan fhios do’n namhaid, agus ba ró dheacair do’n namhaid aon chor a
-chur díobh a gan fhios do Chaoilte. Ní raibh ag gach taobh le déanamh
-ach bheith ’ghá neartughadh féin chómh maith agus dob’ fhéidir leó é,
-agus bheith a d’iaraidh eóluis a nirt do choimeád ó’n dtaobh eile chómh
-maith agus dob’ fhéidir leó é, go dtí go bpléasgfadh an tóirthneach
-eatartha.
-
-Bhí dhá shaghas eóluis ag gach taobh de’n dá thaobh ’á chruinniughadh.
-Bhí gach taobh a d’iaraidh eóluis a dh’ fhághail ar na neithibh ab
-fhearr a dhéanfadh cur le n-a neart féin agus ar na neithibh ab fhearr
-a dhéanfadh baint ó neart an taoibh eile.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XIV.
-
-CONGNAMH DO’N CHONGNAMH.
-
-
-Ní raibh Brian abhfad imthighthe ó Cheann Cora, ar a chuaird rígh, agus
-Niamh agus a h-athair imthighthe i gcualacht Bhriain, nuair a tugadh
-fé ndeara daoine iasachta ag teacht ann. Níor cuireadh aon tsuim ró
-mhór sa méid sin. Bhíodh daoine ag teacht ó gach aon pháirt d’ Éirinn
-go ceártain Mheargaigh ag ceannach na n-arm. Bhí cúram teighlaigh an
-Árdrígh i gCeann Cora ar an Árdrígain, nídh nár bh’iongnadh, agus ba
-léir do gach aoinne go raibh sí ábalta ar a smacht do chur i bhfeidhm
-agus ar mhuintir an teighlaigh do choimeád fé n-a láimh, agus ar
-a gceann a choimeád fútha, agus ar a chur fhiachaibh ortha a ngnó
-dhéanamh mar ba cheart. D’á bhrígh sin, nuair a thagadh daoine iasachta
-ann, ní leigeadh eagla d’aoinne de mhuintir an teighlaigh aon rud a
-thabhairt fé ndeara ná aon chur isteach a dhéanamh ar neithibh nár
-bhain leó, dar leó féin.
-
-I n-éaghmuis na ndaoine iasachta eile d’ár tháinig ann tháinig
-Amhlaoibh ann. Sa n-oídhche iseadh tháinig sé, agus bhí fhios ag
-Gormfhlaith roim ré go raibh sé ag teacht. Do shleamhnuigh sé isteach
-a gan fhios do’n teighlach. Ní fheacaidh aoinne é. B’éigean dó teacht
-ar an gcuma san mar bhí an iomad aithne sa n-áit air, agus dá bhfeictí
-ann é do shroisfeadh an ráfla Inis Cathaigh agus Uíbh Máine. Ansan do
-shroisfeadh sé Murchadh agus Brian agus níor bh’ fhios cad a thiocfadh
-as. Tháinig sé ann sa n-oídhche, a gan fhios d’aoinne. Nuair a bhí
-sé féin agus Gormfhlaith i bhfochair a chéile, i seómra a bhí abhfad
-isteach, do chuir sí na mílte fáilte roimis. B’ fhuiriste a dh’ aithint
-ó’n gcuma ’n-ar ghlac sí é go raibh an gaol achamair go maith eatartha.
-Ná féadfadh sé bheith níb’ achamaire.
-
-“Ó! a mhic ó, a laogh,” ar sise, “nách fada gur fhéadais teacht!
-Shíleas ná tiocfá choídhche. Conus tá an obair ag dul chun cinn? Cathin
-a buailfear an buille do shaorfaidh sinn ó’n annsgian, ní h-eadh ach
-ó’n sluagh annsgian! Cathin a thiocfaidh an chabhair, a mhic?”
-
-“Thiocfadh an chabhair amáireach, a mháthair,” ar seisean, “dá mbéadh
-do thaobh-sa de’n obair déanta.”
-
-“Conus fhéadfainn mo thaobh de’n obair a dhéanamh anois agus gan Brian
-anso? An fhaid a bhí sé anso bhí an eascú san Thaidhg Mhóir ag faire
-orm ins gach aon chúinne gach aon rae sholuis. Ní fhéadfainn cor a
-chur díom gan mé féin a chur i gcontabhairt. Tá Murchadh ag faire orm.
-Tá Donn mac Beathach ag faire orm. ’Sé mo thuairim láidir gur dhein
-an t-easbog úd a bhí anso ó’n Róimh rud éigin, nó go ndúbhairt sé rud
-éigin, do chuir iad go léir ar a gcosaint féin orm. Thugas fé ndeara
-é, cupla uair, ag feuchaint orm, agus níor thaithn an fheuchaint liom.
-Mheasas gur fheuch sé treasna thríom. Ní fheadar an domhan cad a chuir
-iad go léir ar a gcosaint féin mar atáid. Níor dheineas aon nídh a dh’
-fhéadfadh aon rud do chur ar a súilibh dóibh. An fhaid a bhí Niamh anso
-ag faire orm do leigeas mé féin fé n-a súilibh chómh h-osgailte agus
-dob’ fhéidir dom é. Dheineas gach aon rud, dar liom, chun a thaisbeáint
-dí ná raibh brígh ná bunús leis an bhfaireachán. Dheineas níba mhó ’ná
-san. Thugas mé féin di chómh h-iomlán san gur dóich liom dá bhfanadh sí
-abhfad eile anso go mbéadh sí curtha fé ’n gcré agam!”
-
-“Airiú, cad a chuirfeadh fé’n gcré í, a mháthair? Ar nóin ní h-amhlaidh
-a thabharfá dhi féin an rud n-a raibh sí ag faire ort sar a dtabharfá
-do Bhrian é!” ar seisean.
-
-“Ní h-amhlaidh,” ar sise. “Níor ghádh dhom é. Cailín fíor uasal ’n-a
-h-aigne iseadh í. Do deineadh árd éagcóir uirthi nuair a cuireadh anso
-í. Tá sí ana ghéarchúiseach, ach tá sé bun os cionn ar fad le n-a meón
-agus le n-a nádúr aon rud i bhfuirm faireacháin a thabhairt le déanamh
-di. Ní raibh fasg agá h-athair agus í thabhairt anso. Níor dheineas-sa
-ach í thachtadh agus do mhúchadh le séimhe agus le soilbhreas agus le
-gealgháiriteacht. Go deimhin le fírinne dhuit, a Amhlaoibh, do bhíodh
-truagh agam do’n chailín bhocht nuair a chínn í ag casadh le gáire
-dhéanamh agus gan aon gháire ’n-a croídhe. Mura mbéadh a luathacht a
-rugadar leó chun siúbhail í bhéadh sí ar an gclár acu.”
-
-“Bhí aithne agam uirthi,” arsa Amhlaoibh. “Chonac í thiar sa bhaile
-cúpla uair. Níor mheasas gur bh’ aon rud fóghanta í.”
-
-“Aon rud fóghanta!” arsa Gormfhlaith. “Tabharfad a ceart féin di, a
-mhic, agus tuigim cad tá agam ’á rádh. Isí cailín í is fearr agus is
-uaisle agus is gile agus is glaine croídhe agus aigne d’ár bhuail
-riamh fós umam-sa! Déarfad an méid sin di dá ndéineadh sí oiread eile
-faireacháin orm. Ní’l fasg ag an muintir a chuir anso í.”
-
-“Tá sí imthighthe anois, a mháthair, pé ’r domhan é, agus tá an áit seo
-fút féin. Ba chóir go bhféadfá rud éigin a dhéanamh nuair a thiocfadh
-an t-Árdrígh seo abhaile. Nár chóir go bhféadfá bheith ollamh i dtreó
-nár ghádh dhuit tú féin a chur i n-aon chontabhairt nuair a bhéadh
-sé sa bhaile. Tá sé ana aosda. Dá dtagadh an bás air díreach nuair a
-bhéadh ár neart ag teacht isteach i gcuan Bhaile Átha Cliath bhéadh
-gach aon rud ar ár dtoil againn láithreach. Bhéadh Éire againn gan
-a bheith orainn oiread agus aon fhear amháin do chailleamhaint. Do
-thuitfeadh neart Bhriain as a chéile. D’éileóch’ M’lsheachlainn airís
-an Árdrígheacht a baineadh dé chun í thabhairt do Bhrian. D’éileóch’
-Murchadh an Árdrígheacht ó ’sé an ríghdhamhna é. D’eireóch’ Ua Néill
-chun gan an Árdrígheacht d’ fhágáilt ag aoinne acu ach í bheith aige
-féin. Bhéidís go léir ag marbhughadh a chéile láithreach bonn. Níor
-ghádh dhúinn aon phioc d’á nduagh dh’ fhághail. Mharbhó’dís féin a
-chéile dhúinn. Ní bhéadh le déanamh againn ach sgaoileadh leó agus
-bheith ag brúth isteach ortha fé mar a bhéidís ag lagughadh a chéile.
-Um an dtaca ’n-a mbéidís dísgighthe agá chéile bhéimís-ne i seilbh an
-oileáin. Déin rud éigin, a mháthair. Tabhair congnamh éigin do Bhrian
-chun an tsaoghail seo dh’fhágaint. Is mithid dó imtheacht.”
-
-“Déanfad mo dhícheal, a mhic ó,” ar sise. “Ach caithfir aon nídh amháin
-a gheallamhaint dom, a Amhlaoibh,” ar sise.
-
-“Geallfad aon rud is maith leat duit, a mháthair,” ar seisean. “Cad é
-an rud é?”
-
-“Geall dom,” ar sise, “má eirighean linn go bpósfair Niamh.”
-
-“Aililiú!” ar seisean, agus do leath a dhá shúil air. “Ag magadh
-athaoín tú, a mháthair!” ar seisean.
-
-“Ní h-eadh, a mhic mo chroídhe!” ar sise. “Lom dáiríribh atáim. Ní’l
-cor ’n-a croídhe ná ’n-a h-aigne ná fuil ’fhios agam. Níor bhuail a
-leitéid eile riamh umam. Go dtí gur bhuail sí féin umam níor mheasas
-go raibh a leithéid ar bith. Níor mheasas gur bh’fhéidir a leithéid a
-bheith ar bith. An oídhche úd a bhíobhair go léir anso nuair a chonac
-tu ag rince léi mheasas ná feaca riamh aon bheirt chómh h-oireamhnach
-d’á chéile. Ní mise amháin a mheas é. D’ airigheas an cogarnach: ‘Ó!
-nác áluinn an lánmha a dhéanfaidís!’ An ngeallfair dom go bpósfair í má
-eirighean linn?”
-
-“Ní’l eirighthe linn fós, a mháthair,” ar seisean, “ach ní dóich liom
-gur miste dhom a gheallamhaint duit go bpósfad í----------má phósan sí
-mé. Tá sé i mbéal gach aoinne go bhfuil socair aici ’n-a h-aigne gan
-pósadh choídhche.”
-
-“Ó’n aithne atá curtha agam uirthi ní chuirfeadh san féin blúire
-iongnadh orm,” arsa Gormfhlaith. “Tá meón ana mhaith, ana naomhtha,
-aici. B’fhéidir go n-atharóch’ sí a h-aigne. Is cuimhin liom cogarnach
-eile dh’airigheas an oídhche chéadna ad’ thaobh-sa. ‘Ó,’ adeirthí,
-‘nách mór an truagh sagart a dhéanamh dé!’ Cúis gháire chúghainn! Ach
-pósfair í má phósan sí thú?”
-
-“Tá go maith, a mháthair,” ar seisean. “Ní dóich liom, ámhthach, go
-bpósfaidh sí mé pé tathant a dhéanfair uirthi. Is éagsamhlach an bhean
-tú, a mháthair,” ar seisean. “Mheasas go marbhófá mé níba thúisge ’ná
-mar a leigfeá dom í phósadh!”
-
-“Dá dtuigtheá a feabhas mar a thuigim-se é ní mheasfá san,” arsa
-Gormfhlaith.
-
-Thugadar formhór na h-oídhche ag caint. Thug Amhlaoibh cúntas cruinn
-di ar an neart a bhí le teacht go h-Éirinn chun seilbh na h-Éirean do
-ghlacadh chómh luath agus gheóbhadh Brian bás. D’inis sé dhi cad é an
-neart fear a bhí ollamh ag rígh Lochlan agus cad iad na loingeas a bhí
-ollamh ar uisge aige. D’inis sé dhi cad é an neart fear a bhí ollamh
-ag rígh na h-Ioruaidhe, agus cad iad na loingeas a bhí ollamh ar uisge
-aige, agus conus mar a bhí beirt mac an rígh, an bheirt óigfhear ba
-threise agus ba thréine i dtír na h-Ioruaidhe an uair sin, ag teacht
-’n-a bhfearaibh cinn-riain ar shlóightibh na h-Ioruaidhe.
-
-D’inis sé dhi conus mar a bhí Sígurd mac Lódair, rígh Ínsí h-Orc, chun
-teacht agus mór-shluagh aige d’fhearaibh luatha láidire cruadha ó
-Ínsíbh Orc agus ó Ínsíbh Gaill, ó Sgathaigh agus ó Cheann Tíre agus ó-s
-na dúthaíbh sin go léir mór-thímpal.
-
-Thug sé gach aon chúntas mar sin di ar an gcuma ’n-a raibh neart
-Lochlan suidhte an uair sin agus ar an gcuma ’n-a raibh an neart ag
-méadughadh agus ag dul i n-acfuinníghe i n-aghaidh an lae. Agus chuir
-sé ’n-a luighe ar a h-aigne ná raibh aon nídh ag teastubháil feasta ach
-bás Bhriain.
-
-D’fhan Amhlaoibh i gCeann Cora an chuid eile de’n oídhche sin agus an
-lá a bhí chúghainn. Níor thaisbeáin sé é féin d’ aoinne i gcaitheamh an
-lae. Chómh luath agus bhí am mhairbh na h-oídhche airís ann d’imthigh
-sé. Thug sé aghaidh ar Bhaile Atha Cliath. Chuaidh sé chun cainte le
-Sitric, rígh Lochlanach Bhaile Atha Cliath, agus d’inis sé dhó an uile
-fhocal de’n chaint a bhí idir é féin agus Gormfhlaith.
-
-Bhí eagal ar an mbeirt ná déanfadh Gormfhlaith an bheart. Níor thaithn
-leó i n-aon chor an bháigh a thaisbeáin sí a bheith aici do Niamh.
-Thuigeadar ’n-a n-aigne má bhí congnamh le tabhairt do Bhrian chun
-imtheacht as an saoghal, agus má b’ í Gormfhlaith a thabharfadh an
-congnamh san dó, nár bh’ fholáir congnamh a thabhairt do Ghormfhlaith
-féin sa ghnó.
-
-Conus a tabharfaí an congnamh san di, ámhthach, agus cad é an saghas an
-congnamh a tabharfaí dhi? B’shiní an cheist acu, agus níor cheist ró
-bhog í.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XV.
-
-BUILLE FÉ THUAIRIM; NÓ, FUADAR NÁ FEADAR.
-
-
-Bhí an bheirt istigh i seómra i ríghtheighlach Shitric i mBaile Átha
-Cliath agus iad ag cur ’s ag cúiteamh i dtaobh an sgéil.
-
-“Ní dhéanfaidh sí an bheart,” arsa Amhlaoibh. “Ní’l an sgairt chómh
-láidir aici agus do mheasas. Siné fé ndeár gan an gnó bheith déanta
-fadó. Do cuireadh Niamh ag faire uirthi. Isí Niamh a choisg í ar an
-obair a dhéanamh an fhaid a bhí Brian sa bhaile, ach ní leis an bhfaire
-do choisg sí í. Chuir Niamh Gormfhlaith ó’n ndroch ghníomh a gan fhios
-do Ghormfhlaith féin. Deirim an méid seo leat, a rígh. Dá bhfanadh
-Brian sa bhaile i gCeann Cora agus dá bhfanadh Niamh ann, agus í féin
-agus Gormfhlaith a bheith chómh mór i gcuideachtanas a chéile agus
-bhíodar, ní dhéanfadh Gormfhlaith an gníomh i n-aon chor. Bhéadh sí
-ceapaithe ar an ngníomh a dhéanamh, ach an fhaid a bhéadh Niamh ann
-agus í fé shúilibh Ghormfhlaith, agus a h-anál ag dul fé Ghormfhlaith,
-agus a guth agus a gáire ag dul fé Ghormfhlaith, ní dhéanfadh
-Gormfhlaith an gníomh.”
-
-“Ach!” arsa Sitric. “Airiú, nách eólgaiseach an buachail tu! Cá
-bhfuarais an fháidheamhlacht go léir? Ba dhóich le duine gur ag
-breithniughadh aigne an duine a chaithis do shaoghal.”
-
-“Abair do rogha rud, a rígh,” arsa Amhlaoibh, “i dtaobh conus a
-chaitheas mo shaoghal, ach bain-se an chluas anuas ó’n gceann díom
-mura bhfuil an ceart sa méid úd agam. Bhéadh an rud atá uainn déanta
-fadó mura mbéadh Niamh a theacht go Ceann Cora. Chun na faire dhéanamh
-iseadh do tugadh ann í. Dhein sí an fhaire, ach ní leis an bhfaire do
-choisg sí an gníomh, ach le h-í féin a bheith ann.”
-
-“Ba dhóich liom gur conus a déanfar an gníomh an cheist anois agus nách
-conus a coisgeadh é. Ó bhreithnighis an cosg chómh maith b’ fhéidir go
-bhfuil breithniughadh éigin déanta agat ar conus a curfar an cosg as an
-slígh,” arsa Sitric.
-
-“Tá an breithniughadh san, leis, déanta agam, a rígh,” arsa Amhlaoibh.
-
-“Is maith é sin. Sgaoil chúghainn toradh do mhachtnaimh,” arsa Sitric.
-
-“Ar airighis riamh,” arsa Amhlaoibh, “conus a deineadh Árdrígh de
-Dhiarmaid mac Céirbheóil?”
-
-“Do marbhuigheadh Tuathal Maolgarbh,” arsa Sitric. “Ach ar airighis-se
-cad d’ imthigh ar an bhfear a mhairbh Tuathal?”
-
-“Do deineadh goin galáin dé,” arsa Amhlaoibh.
-
-“Go díreach,” arsa Sitric; “an rud a dh’ imtheóch’ láithreach bonn
-ar an t-é a mharbhóch’ Brian, ach so a bheith de dheifrigheacht idir
-an dá sgéal. Do deineadh goin galáin de ’n t-é mhairbh Tuathal, ach
-tar éis an ghnímh a deineadh dé é. An fear a thabharfadh fé Bhrian a
-mharbhughadh, roimis an ngníomh a déanfaí goin galáin dé.”
-
-Bhí an bheirt ag caint ar an gcuma san. Tháinig seirbhíseach isteach.
-
-“Tá duine sa phóirse agus ba mhaith leis labhairt leat, a rígh,” arsa’n
-seirbhíseach.
-
-“Tabhair anso isteach é,” arsa Sitric.
-
-Do tugadh isteach é.
-
-Sidé saghas duine a chonaic an bheirt nuair a tháinig sé isteach. Firín
-beag agus ceann mór air. Bhí folt odhar ar a cheann, folt trom agus é
-ag tuitim anuas ar a ghuaillibh agus siar sios ar a shlinneánaibh. Bhí
-mar bhéadh raca beag óir ar gach taobh d’á cheann, agá uiseanaibh, ag
-coimeád a ghruaige siar d’á éadan agus d’á shúilibh. Bhí éadan leathan
-árd air agus fáibrí treasna ann, ’ghá thaisbeáint go raibh sé, an chuid
-ba lugha dhé, trí fichid blian. Bhí srón fhada dhíreach air agus dhá
-shúil mhaithe mhóra sholusmhara aige, agus iad aibigh go maith. Bhí a
-cheannacha faidleicineach agus bhí féasóg throm, liath-ghorm air agus
-í ag dul abhfad síos ar a bhrollach. Bhí brat, nó clóca, de’n éadach
-saidhbhir ba cheart a bheith ar dhuin’uasal, aniar ar a shlinneánaibh.
-
-“Cad é an gnó atá agat díom-sa, a dhuine mhacánta?” arsa Sitric leis.
-
-“Liagh iseadh mé, a rígh,” arsa’n duine iasachta. “Tá mórán de
-chríochaibh an dómhain siúbhalta agam i gcaitheamh mo shaoghail. Ó’n
-mBreatain anall a thánag le déanaighe. Tá mórán taithighe agam ar na
-galaraibh a thagan ar an nduine, agus ar na neithibh is fearr chun na
-ngalar san do leigheas. Thánag anso go dtí an chathair seo ag brath air
-go mb’fhéidir go bhféadfainn úsáid a dhéanamh ann de’n eólus atá agam
-agus raint tairbhthe dhéanamh do dhaoine a bhéadh ’n-a ghátar. Is léir
-duit féin, a rígh,” ar seisean, “gur ró bheag an gnó a bhéadh agam’
-leithéid ag teacht anso chun na h-oibre sin a dhéanamh gan mé féin do
-chur i n-iúil ar dtúis do’n rígh agus cead a dh’iaraidh air.”
-
-“Tá san fíor go leór,” arsa Sitric, “ach cá bh’ fhios dómh-sa nách
-díobháil a dhéanfá dom’ dhaoine dá dtugainn an cead san duit,” agus
-chuir sé gáire as. “Cá bh’fhios dom,” ar seisean, “ná gur b’ amhlaidh a
-thabharfá nimh dúinn go léir.”
-
-“Cúis gháire chúgat, a rígh,” arsa’n duine iasachta. “Ní gádh dhom a
-dh’innsint duit-se, a rígh,” ar seisean, “gur b’é meón agus nádúr an
-liaigh gur túisge leis go mór leigheas a dhéanamh ’ná aon díobháil
-sláinte dhéanamh d’ aon duine. Tuigim go maith cad a bhainean le nimh,
-agus cad a bhainean le duine do leigheas ó nimh dá mbéadh sé tar éis
-an nímhe do thógaint, pé ’cu le tionóisg nó le toil a bhéadh an nimh
-tógtha aige. Ach ní gádh dhom bheith ’ghá innsint cad a dh’fhéadfainn
-a dhéanamh. Tá teistiméireachtaí anso agam ó ríghthibh agus ó uaislibh
-agus ó choláistíbh móra, ’ghá thaisbeáint cad é an saghas mé, agus
-cad é an saghas oibre a dheineas cheana ins na h-áiteanaibh eile ’n-a
-rabhas sar a dtánag anso.”
-
-Tharaing sé amach beart phápéar agus shín sé chun an rígh iad. Thóg
-Sitric iad agus chrom sé ar iad do léigheadh. Thaisbeáin sé d’
-Amhlaoibh cuid acu. Do léigh Amhlaoibh iad.
-
-“Chím asta so,” arsa Sitric, “gur Lonán is ainim duit.”
-
-“Iseadh, a rígh,” ar seisean. “Lonán m’ ainim.”
-
-“Tá go maith,” arsa Sitric. “Tá mo chead-sa agat chun aon tairbhthe is
-féidir leat a dhéanamh do mhuintir na catharach so. Is dócha gur cuma
-leat cé ’cu Lochlanaigh nó Éireanaigh an mhuintir n-a n-imireóchair do
-chuid eóluis ortha?”
-
-“Is cuma, a rígh,” arsa Lonán. “Imireóchad mo chuid eóluis ar an
-muintir is mó a chífead ’n-a ghátar agus ar an muintir is fearr a
-dhíolfaidh mé.”
-
-“Ó, tuigim,” arsa Sitric. “Ba dhóich liom féin, ámhthach,” ar seisean,
-“go bhfaghadh duine a shiúbhluigh oiread agus shiúbhluighis-se ceannach
-ar a chuid eóluis, agus díol as, níos fearr ’ná mar a gheóbhair-se sa
-chathair seo.”
-
-“Conus san, a rígh, le d’thoil?” arsa Lonán.
-
-“Ba dhóich liom gur ’mó rígh, nó Árdrígh, gur mhaith leis tusa bheith
-i n’ aice i gcómhnuighe ag feuchaint i ndiaigh a shláinte dhó, agus go
-mb’fhéidir gur bh’ fhearr a dhíolfadh sé thú as do chuid eóluis ’ná mar
-fhéadfadh daoine bochta na catharach so thú dhíol,” arsa Sitric.
-
-Do gheal gnúis Lonáin.
-
-“Tá go maith, a rígh,” ar seisean. “Ní’l aon rud ab fhearr a
-thaithnfeadh liom, má’s chuige atá t’ onóir, ’ná an gnó san a dhéanamh
-do t’ onóir-se. Thabharfainn aire mhaith do’n ghnó, agus is dóich liom,
-nuair a bhéadh taithighe agat ar m’ eólus ar feadh tamail, agus ar
-m’obair, nách go ró bhog ba mhaith leat sgaramhaint liom.”
-
-“Ní h-orm féin a bhíos ag cuimhneamh nuair a labhras,” arsa Sitric. “Is
-ar Árdrígh Éirean, ar Bhrian, a bhíos ag cuimhneamh.”
-
-Do dhoirchigh gnúis Lonáin. Níor labhair sé. B’fhuiriste a dh’aithint
-go raibh rud éigin nár bh’fhóghanta istigh aige i gcoinnibh an Árdrígh.
-D’fheuch an bheirt eile ar a chéile. Ar ball do labhair Lonán.
-
-“Gabhaim párdún agat, a rígh,” ar seisean, “agus agat-sa, a rígh,” ar
-seisean le h-Amhlaoibh. “Tháinig ainim an fhir sin ró oban orm. Tháinig
-ainim an Árdrígh sin ró oban orm,” ar seisean. Do stad sé. “Mheasas gur
-ort féin a bhís ag trácht, a rígh,” ar seisean.
-
-“Ní mheasaim,” arsa Sitric, “go bhfuil aon ghrádh ró mhór agat do’n
-Árdrígh.”
-
-Níor labhair Lonán, ach do dhoirchigh a ghnúis airís.
-
-“Ach bíodh nách orm féin a bhíos ag cuimhneamh ar dtúis b’ fhéidir
-nár bh’fhearra dhom rud a dhéanfainn ’ná cuimhneamh orm féin anois.
-B’fhéidir nách i gcómhnuighe a thiocfadh do leithéid-se crosta orm. Tar
-chugam anso amáireach agus b’fhéidir go bhféadfaimís socarughadh,” arsa
-Sitric.
-
-Do gheal gnúis Lonáin airís. Ba dhóich le duine air gur rígheacht a
-bronnadh air bhí sé chómh h-áthasach, chómh mórálach, chómh buidheach.
-
-D’imthigh sé. D’fheuch an bheirt ar a chéile.
-
-“Cad é an fuadar é seo fút anois?” arsa Amhlaoibh.
-
-“Fágaim le h-uadhacht,” arsa Sitric, “ná feadar cad é an fuadar é seo
-fúm!”
-
-“Ní’l aon ghrádh ag Lonán do Bhrian,” arsa Amhlaoibh.
-
-“Tá an méid sin soiléir go leór,” arsa Sitric. “Ní fheadar an domhan
-cad a dhein Brian air.”
-
-“Is ’mó duine nách é gur dhein Brian droch bheart air,” arsa Amhlaoibh.
-
-
-“Bhí sé ar bhara mo theangan dhá uair a dh’ fhiafraighe dhé cad a dhein
-Brian air, ach bhí eagal orm go samhlóch’ sé go raibh cúis éigin agam
-leis an gceist a chur chuige,” arsa Sitric.
-
-“Tiocfaidh sé anso amáireach,” arsa Amhlaoibh.
-
-“Ní deirim ná go dtiocfaidh,” arsa Sitric.
-
-“Agus cad a dhéanfair leis?” arsa Amhlaoibh.
-
-“B’fhéidir gur ’mó rud a féadfaí a dhéanamh leis,” arsa Sitric.
-
-Do stad an bheirt agus iad ag machtnamh. Bhí Sitric ’n-a shuidhe ar
-chathaoir agus bhí Amhlaoibh ag siúbhal síos a’s suas. Thug an bheirt
-tamal maith ar an gcuma san. Ar ball do labhair Amhlaoibh:--
-
-“Is fíor san,” ar seisean. “Is ’mó rud, b’fhéidir, a féadfaí a dhéanamh
-leis. Tiocfaidh sé anso amáireach. Ní gádh dhom a rádh leat aire mhaith
-a thabhairt. Faigh-se greim air má ’s féidir é, ach ná leig dó aon
-ghreim fhághail ort.”
-
-“Ná bíodh eagal ort,” arsa Sitric. “Mar adúbhart, ní’l aon phioc d’á
-fhios agam fós cad a déanfar. Pé rud ar a socarófar isé Lonán féin a
-shocaróchaidh air, uaidh féin.”
-
-“Siní an chaint,” arsa Amhlaoibh. “Ansan, má sgéidhean sé is air féin a
-sgéidhfidh sé.”
-
-Do sgar an bheirt i gcóir na h-oídhche.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XVI.
-
-CÓMHACHT LUIBHNEACHA.
-
-
-Seachtmhain díreach tar éis na h-oídhche ’n-a raibh Sitric agus
-Amhlaoibh agus Lonán i bhfochair a chéile istigh i dteighlach
-Shitric i mBaile Átha Cliath, bhí Gormfhlaith agus beirt d’á mnáibh
-coímhdheachta ag siúbhal ar bruach glaise bige a bhí ag gabháil thar
-ríghtheighlach Bhriain i gCeann Cora. Chonacadar ag gabháil chúcha
-aníos ó threó Luimníghe capal agus cárbat agus beirt sa chárbat. Nuair
-a tháinig an cárbat i gcómhngar na h-áite ’n-a raibh na mná uaisle do
-stad an cárbat.
-
-“Siné ríghtheighlach an Árdrígh agat anois,” arsa duine de’n bheirt
-leis an nduine eile, “agus siní an Árdrígan féin, Gormfhlaith, an
-bheanuasal is aoirde de’n triúr, an bhean n-a bhfuil an t-éadach corcra
-uirthi.”
-
-Tháinig an fear eile amach as an gcárbat.
-
-“Ní dócha,” ar seisean, leis an bhfear a dh’fhan istigh, “go mbeidh a
-thuille gnótha agam díot-sa indiu. Tá sé chómh maith agat casadh thar
-n-ais.”
-
-Dhíol sé é agus chuir sé uaidh é, agus thug sé féin aghaidh ar an áit
-’n-a raibh na mná uaisle ag siúbhal. Níor stadadar d’á gcaint, ná níor
-shamhluigh sé gur chuireadar blúire suime ann go dtí go raibh sé ar a
-n-aghaidh amach. An uair sin féin gheóbhaidís thairis gan feuchaint
-air ná aon tsuim a chur ann mura mbéadh gur chaith sé é féin ar a dhá
-ghlúin ar aghaidh Ghormfhlaith amach agus gur shín sé leitir chúichi.
-
-“Gabhaim párdún agat, a Árdrígan,” ar seisean, “ar bh’é toil do
-Shoillse an leitir sin do léigheadh. Ó rígh Lochlanach Átha Cliath
-iseadh í.”
-
-“Déirc atá uaidh seo is dócha,” ar sise leis na mnáibh coímhdeachta,
-agus do rug sí ar an leitir. D’aithin sí an sgríbhinn a bhí ar an
-gcúmhdach. B’ fhíor do’n duine é gur ó Shitric a fuair sé an leitir le
-tabhairt ag triall uirthi. D’osgail sí an leitir agus chrom sí ar í
-léigheadh. Ar ball d’ fheuch sí ar an bhfear. D’ fheuch sí go géar air.
-Firín beag ab eadh é agus ceann mór air; an fear céadna a bhí istigh
-i dteighlach rígh Lochlanach Átha Cliath an oídhche úd, seachtmhain
-roimis sin, ag caint le Sitric agus le h-Amhlaoibh.
-
-D’fheuch Gormfhlaith ar na mnáibh coímhdeachta.
-
-“Teidhigh-se isteach, a chlann ó,” ar sise. “Oirean dom labhairt leis
-an nduine seo i n’ aonar.”
-
-D’imthigh an bheirt bhan.
-
-“Chím,” arsa Gormfhlaith leis an bhfear, “gur Lonán is ainim duit-se.”
-
-“Iseadh, chun do thoile, a Árdrígan,” ar seisean.
-
-“Cad chuige gur cuireadh anso thú?” ar sise.
-
-“Do réidhtigh an rígh liom, a Shoillse,” arsa Lonán, “chun go
-ndéanfainn, mar is gnáth a dhéanamh do rígh, aireachas a thabhairt do’n
-bhia agus do’n digh a curfaí os a chómhair le caitheamh, le h-eagla go
-ndéanfaí éagcóir air, le h-eagla go dtabharfaí nimh dó.”
-
-“Agus cad ’n-a thaobh nár choimeád sé thú?” arsa Gormfhlaith.
-
-“Dúbhairt sé liom, a Shoillse,” arsa Lonán, “go mb’fhéidir gur mhó
-an gnó bhéadh anso dhíom féin agus dem’ chuid eóluis agus dem’ chuid
-foghluma ’ná mar a bhí aige féin díom. Is dócha gur inis sé sa leitir
-cad é an gnó ba dhóich leis a bhéadh anso dhíom?”
-
-“Do réir mar a thuigim-se an chaint atá sa leitir is ’mó gnó fhéadfadh
-bheith anso dhíot,” arsa Gormfhlaith.
-
-“Ní mó na gnóthaí a dh’fhéadfadh bheith dhíom anso, a Shoillse,” arsa
-Lonán, “’ná na gnóthaí a dh’fhéadfainn-se a dhéanamh anso.”
-
-“Ach go ndíolfaí thu asta, is dócha,” arsa Gormfhlaith. “Agus is
-dócha,” ar sise, “d’á mhéid iad na gnóthaí gur bh’ eadh ba mhó a bhéadh
-le díol asta?”
-
-“Do réir dheabhraimh, a Shoillse,” arsa Lónán.
-
-Do stad Gormfhlaith ar feadh tamail mhaith. Bhog sí a béal chun
-labhartha cúpla uair agus níor labhair sí. Is amhlaidh a dhún sí a béal
-airís agus do lean sí d’á machtnamh. An fhaid a bhí sí ag machtnamh bhí
-Lonán ag feuchaint uaidh ar an sruthán agus gan aon chor aige ’á chur
-dé. Do bhog sí a béal chun labhartha fé deire agus do labhair sí.
-
-“Tá sé chómh maith agam an ceann a bhaint de’n sgéal duit,” ar sise.
-“Tá oiread anso agus chrochfadh thú seacht n-uaire dá bhfaighfí amach
-ort é.”
-
-“Is fíor san, a Árdrígan,” arsa Lonán.
-
-“Nách breagh bog a ghlacan tú é!” ar sise.
-
-“Tá iontaoibh agam asat, a Shoillse,” ar seisean. “Dúbhart leis an rígh
-i n-Ath Cliath go raibh iontaoibh agam asat.”
-
-Do chruaidh a súil agus a gnúis agus thug sí droch fheuchaint air.
-
-“Ní fheicim,” ar sise, “cad é an chúis go mbéadh an iontaoibh sin agat
-asam-sa, a ghiolla. Ní’l crot na fírinne ar an gcaint sin.”
-
-Thóg sí anáirde a lámh fé mar a bhéadh cómhartha éigin aici ’á
-dhéanamh. Do rith chúichi anuas ó’n ríghtheighlach ceathrar d’fhearaibh
-luatha láidire agus a chlaidheamh nocht i láimh gach fir acu.
-
-“Curtar sa charcair an fear san,” ar sise, go breagh réidh. Ba dhóich
-le duine gur chun a dhínnéir a dh’ órduigh sí é bhreith, do labhair sí
-chómh cneasta san.
-
-Do rugadh ar Lonán agus do cuireadh isteach sa charcair é. Do léigh
-Gormfhlaith an leitir airís, agus dhein sí a machtnamh airís ar an
-gcaint a bhí sa leitir. Sidí an chaint a bhí sa leitir:--
-
- “A mháthair,
-
- “Déanfaidh sé seo an gnó. Tá a chúis féin aige chun na
- h-oibre dhéanamh. Ní miste, ámhthach, é dhíol go maith;
- ansan beidh dhá chúis aige chun na h-oibre dhéanamh. Ní
- h-obair thútach a dhéanfaidh sé. Tá an t-eólus tar bár aige.
-
- “Tá ár neart go léir ollamh ar phreabadh isteach chúghainn
- chómh luath agus d’ aireóchaid siad an tásg.
-
- “Dá bhféadfaí an gnó dhéanamh chómh luath agus bhéadh an
- chuaird críochnuighthe b’ shin mar ab fhearr é. Bhéadh
- fios na h-aimsire againn agus d’ fhéadfaimís an aimsir d’
- fhrithálamh. Déanfaidh an fear so an gnó. Ná caill.
-
- “Is eól duit cé h-é
-
- “Mise.”
-
-Nuair a bhí beagán aimsire caithte agus uain fághalta ag Lonán ar
-sgannra theacht i gceart air, do ghlaoidh sí airís ar an gceathrar.
-
-“Tugtar chúgham anso an fear úd,” ar sise.
-
-Do tugadh.
-
-Nuair a bhí an bheirt ’n-a n-aonar airís do labhair sise. Bhí Lonán ag
-crith.
-
-“Cad é an chúis a bhí agat-sa le n-a rádh,” ar sise, “go raibh
-iontaoibh agat asam-sa?”
-
-“Ní féidir do dhuine i gcómhnuighe, a Shoillse,” ar seisean, “a
-dh’innsint cad é an chúis dó iontaoibh a bheith aige as duine eile.
-Ach is léir, a Árdrígan, mura mbéadh iontaoibh a bheith agam-sa as do
-Shoillse-se ná tiocfainn anso i n-aon chor. Thánag chúghat anso, a
-Árdrígan, agus an téad ar mó mhuineál. Ní dhéanfainn san mura mbéadh an
-iontaoibh a bheith agam as do Shoillse.”
-
-“Ní dhéanfá,” ar sise, “do réir dheabhraimh. Ní dhéanfadh aoinne é ach
-duine buile. Tá crot na fírinne air sin. Ach ní innsean san cad é an
-chúis a bhí agat leis an iontaoibh. Inis an chúis dom.”
-
-“Tá go maith, a Shoillse,” ar seisean, “ach tabhair do bhriathar ríoga
-dhom ná tógfair orm é má innsim an fhírinne do d’ Shoillse.”
-
-“A dhuine!” ar sise, agus bhuail sí speach d’á cois sa talamh, “nách í
-an fhírinne atá uaim!”
-
-“Tá sgannra orm rómhat, a Árdrígan!” ar seisean.
-
-“Mo bhriathar ríoga dhuit,” ar sise, “nách baoghal duit mé. Inis dom an
-rud atá ar t’ aigne.”
-
-“Tá sé am’ aigne, a Shoillse,” ar seisean, “an gnó a thug mise anso
-agus an gnó ba thoil leat-sa a dhéanfainn anso gurab aon ghnó amháin
-iad. D’á bhrígh sin, nuair a bhíos ag teacht anso chun an ghnótha san
-a dhéanamh tháinig iontaoibh agam asat-sa, a Árdrígan, agus mar gheall
-ar an iontaoibh sin thánag anso, mar a chíon tú, agus an téad ar mo
-mhuineál. Ní raibh le déanamh ach mé chur suas ar an gcroich!”
-
-“Tá go maith,” ar sise. “Táim sásta. An ndéanfair an gnó?”
-
-“Déanfad, a Árdrígan,” ar seisean.
-
-“Gheóbhair do thuarasdal go maith as an ngnó,” ar sise.
-
-“Thuigeas go bhfaighinn, a Shoillse,” ar seisean.
-
-Bhí an sgéal socair eatartha ansan. Níor bh’fhada go bhfeictí iad
-coitchianta ag imtheacht tríd an ínse ar bhruach na glaise bige ag
-stathadh na luibhneacha agus ’ghá mbreithniughadh. Do chítí sa gháirdín
-iad agus an gnó céadna ar siúbhal acu. Agus d’admhuigheadh Lonán gur
-bh’ fhearr an t-eólus a bhí ag Gormfhlaith ar na luibhneacha agus ar na
-cómhachtaibh a bhí ionta chun uilc nó chun maitheasa ’ná mar a bhí aige
-féin.
-
-Níor bh’ fhada gur tugadh post gnótha sa teighlach do Lonán. Do
-cuireadh ’n-a stíobhard os cionn an bhídh é, chun feuchaint i ndiaigh
-an bhídh agus aireachas a thabhairt do gach aon tsaghas bídh a bhéadh
-le h-úsáid sa teighlach, i dtreó nár bhaoghal go dtabharfaí chun búird
-ann aon bhia a bhéadh mí-fholáin. Níor mhór stíobhard de’n tsórd san a
-bheith i dteighlach a bhí chómh mór agus n-a mbíodh oiread san bídh d’á
-ollamhughadh gach aon lá an tseachtmhain do dhaoinibh ann.
-
-Ach isé gnó fé leith a bhí ceapaithe do Lonán ann ’ná feuchaint chun an
-bhídh a h-ollmhófaí do’n Árdrígan, le h-eagla go gcurfaí aon droch nídh
-ann.
-
-Bhí Lonán ag déanamh na h-oibre sin agus ag déanamh na h-oibre go
-maith, agus bhí an aimsir ag gluaiseacht agus gach aoinne ag cóimhreamh
-na laethanta agus ag breithniughadh na h-aimsire ’n-ar dhóich leó a
-bhéadh an t-Árdrígh agus a chualacht ag teacht abhaile. Bhí uaigneas
-mór sa teighlach i ndiaigh na ndaoine a bhí amuich, agus b’é b’fhada
-le gach aoinne go rabhdar ag teacht abhaile. Bhítí ag trácht go minic
-ar Niamh agus ar a h-athair agus ar Chaoilte agus ar Chonn. Agus do
-cuimhnightí ar an rás agus ar an bhfeirg a bhí ar Chonn. Agus ar
-conus mar adúbhairt Brian leis ciall a bheith aige. Do cuimhnightí ar
-Mhurcadh agus ar Dhúlainn, agus ar an ngarsún óg, mac Mhurchadh, a
-dheineadh, a deirtí, gníomhartha nár bh’é gach fear a dh’ fhéadfadh iad
-a dhéanamh, agus go mbíodh daoine ’ghá rádh, nuair a bhéadh sé deich
-mbliana fichid go mbéadh sé chómh láidir le beirt de shaghas Mhurchadh
-an lá b’fhearr a bhí Murchadh riamh. Do cuimhnightí ortha go léir ar
-an gcuma san, agus b’é b’fhada le gach aoinne go mbéidís ag teacht
-abhaile, mar, nuair a thiocfaidís, ní bhéadh aon rud sa teighlach, ar
-feadh abhfad, ach spórt agus gleó agus pléisiúr agus caitheamh aimsire,
-rince agus ceól agus ól agus imirt, agus an uile shaghas aoibhnis.
-
-Ar an gcuma gcéadna iseadh bhíodh an sgéal ag an muintir a bhí amuich.
-Bhídís ag feuchaint rómpa amach chun an lae ’n-a mbéadh an chuaird
-críochnuighthe agus iad go léir ag teacht abhaile go Ceann Cora i
-n-aonfheacht leis an Árdrígh, agus a gcáirde sa bhaile ag cur na mílte
-fáilte rómpa agus ag cur an uile shaghas ceisteana chúcha i dtaobh an
-chuma ’n-ar chaitheadar an aimsir an fhaid a bhíodar amuich agus i
-dtaobh na ndaoine a bhuail úmpa ins na críochaibh iasachta, an rabhdar
-fial fáilteach, nó an rabhdar go dothígheasach. I gcaitheamh na cuairde
-bhídís a d’iaraidh cúntas cruinn a choimeád ar gach nídh agus ar gach
-aicme daoine, agus go mór mór ar gach aon sgéal sultmhar a bhuaileadh
-úmpa, i dtreó, nuair a thiocfaidís abhaile, go mbéadh a lán le
-h-innsint acu, a lán a bhainfeadh gáirí agus sult amach, agus a lán a
-chuirfeadh daoine ag déanamh iongnadh des na rudaí a neósfaí dhóibh.
-
-Thagadh teachtairí abhaile coitchianta ó’n áit ’n-a mbíodh an t-Árdrígh
-agus a chualacht, agus d’innseadh na teachtairíconus a bhíodh gach
-aoinne agus gach aon rud. Ansan do bheireadh na teachtairí leó thar
-n-ais, ag triall ar an Árdrígh agus ar a chualacht, cúntas cruinn ar
-conus a bhíodh gach aoinne agus gach aon rud sa bhaile.
-
-Ní raibh Lonán abhfad socair ’n-a phost i gCeann Cora nuair a bhí a
-fhios go cruinn ag Murchadh agus ag Brian agus ag an gcualacht go léir
-go raibh sé ann. Nuair a h-innseadh an sgéal i láthair Mhurchadh níor
-labhair sé focal. Ní dúbhairt sé olc ná maith leis an sgéal. Nuair
-a h-innseadh i láthair Bhriain é níor dhóich le duine gur airigh sé
-i n-aon chor é, mar níor chuir sé suim ar bith ann. Ní h-air, ná ar
-neithibh d’á shórd, a bhí sé ag cuimhneamh. Bhí sé ag cuimhneamh ar na
-tuairisgíbh a bhí ag teacht chuige i n-aghaidh an lae, agus uaireanta
-go minic sa ló, tuairisgí ó chrích Lochlan anoir, agus ó chrích na
-h-Ioruaidhe, agus ó Ínsíbh Orc, agus ó áiteanaibh ná raibh chómh fada ó
-bhaile, agus gan ins na tuairisgíbh go léir ach fuadar agus ollmhúchán,
-fuadar agus ollmhúchán, chun cogaidh, agus gan fios ró chruinn ag
-aoinne ar cá raibh an cogadh le bheith. Bhí a fhios ag Brian agus ag
-Murchadh, agus ag an gcuid eile de lucht cómhairle Bhriain, cad é
-brígh a bhí leis an ollmhúchán agus leis an bhfuadar. Bhí fhios acu
-go raibh geinte Lochlan go léir, agus a lucht cabhartha agus conganta
-agus cómhluadair, ’ghá ngleusadh féin agus ’ghá gcórughadh féin agus
-ag cruinniughadh a neart chun aon iaracht amháin eile, bháis agus
-bheatha, do dhéanamh ar oileán na h-Éirean do shealbhughadh dhóibh
-féin agus d’á sliocht. D’á dhaingine a chuaidh an méid sin ’n-a
-luíghe ar aigne Bhriain agus ar aigne lucht cómhairle Bhriain iseadh
-ba dhéine a dheineadar an uile shaghas díchil, i gcaitheamh na cuairde
-sin, ar neart na h-Éirean do ghleusadh agus do chur i dtreó, ins gach
-aon bhall, ins na daingeanaibh a bhí curtha suas ag Brian, agus i
-dteighlachaibh na ríghthe agus na n-uasal a bhí dílis do Bhrian, ionus,
-nuair a tiocfadh na geinte iasachta, go bhfaighdís an tseilbh,--ach gur
-fé’n bhfód a gheóbhdís an tseilbh.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XVII.
-
-FÓD AN BHÁIS DO SHEASAMH.
-
-
-Nuair airigh an chuid eile de chualacht Bhriain Lonán a bheith i gCeann
-Cora agus an gnó a bhí aige ’á dheanamh ann, bhí iongnadh ortha agus
-bhíodar ag cíoradh an sgéil go tiugh. Bhídís ’á fhiafraíghe cé r’ bh’é;
-cá dtáinig sé; conus a fuair sé eólus ann; cé ba bhun leis an bpost san
-a thabhairt i n-aon chor dó; agus ceisteana de’n tsórd san. Ansan do
-tháinig amach gur bh’ árd liagh é, agus gur thug sé teistiméireachtaí
-móra leis ag triall ar an Árdrígan, agus gur thug an Árdrígan an post
-dó i dtreó go mbéadh liagh chómh mór san eólus agus chómh mor san
-tuisgint sa ríghtheighlach i gcómhnuighe, chun feuchaint i ndiaigh bídh
-an ríghtheighlaigh i dtreó go mbéadh an bia foláin i gcómhnuighe, agus
-chun feuchaint i ndiaigh sláinte na ndaoine sa ríghtheighlach, leis.
-I ríghtheighlach n-a raibh oiread san daoine ann nár bh’ fhios cad é
-an neómat, sa lá nó sa n-oídhche, do thiocfadh taom oban ar dhuine
-éigin de mhuintir an ríghtheighlaigh, agus ansan dá mba ná béadh liagh
-maith sa n-áit go mb’ fhéidir go bhfaghadh an duine bás sar a mbéadh
-dochtúir tagaithe ó áit eile, dá mbéadh ar an ndochtúir teacht abhfad.
-
-“Cad dúbhairt Niamh, agus a h-athair, agus Murchadh, leis an ngnó?” a
-déarfaidh duine éigin, b’fhéidir.
-
-Pé rud adúbradar leis an ngnó is eatartha féin adúbhradar é. Níor
-leigeadar aon fhocal dé amach ameasg na cod’ eile de’n chualacht.
-Bhíodar ’á chíoradh agus ’á bhreithniughadh eatartha féin, ámhthach,
-chómh dian, ní h-eadh ach níba dhéine go mór, ’ná mar a bhí an mhuintir
-a labhair ’ghá chíoradh agus ’á bhreithniughadh. Chífear ar ball cad
-é an breithniughadh a bhí ag Niamh agus agá h-athair agus ag Murchadh
-’á dhéanamh ar an sgéal, agus cad é an chúis a bhí acu leis an sgéal a
-bhreithniughadh go dlúth.
-
-Pé breithniughadh a bhí ag Niamh ná agá h-athair ná ag Murchadh, ná
-ag aoinne eile de chualacht Bhriain ’á dhéanamh, i gcaitheamh na
-cuairde san, ar an sgéal san, ná ar aon sgéal eile d’á shórd a tháinig
-chúcha ó Cheann Cora, bhí aon bhreithniughadh amháin acu go léis ’á
-dhéanamh ar na sgéalta a bhí ag teacht chúcha anoir agus adtuaidh,
-agus anoir-adtuaidh, ó’n uile áird de’n dómhan Lochlanach. Bhí na
-sgéalta san ag teacht coitchianta, agus fé mar a bhí an aimsir ag
-imtheacht bhíodar ag teacht níba thiúgha. Isé breithniughadh a bhí ag
-cualacht Bhriain ’á dhéanamh ’ná so: nuair a thiocfadh na slóighte a
-bhí chun teacht, nuair a thiocfadh toradh ar an dtórmach go léir, nuair
-a thiocfadh an cogadh a bhí geallta, nár bh’ fholáir dó bheith ’n-a
-chogadh bháis do thaobh éigin, do Ghaedhlaibh Éirean nó dos na geintibh
-a bhí ag teacht. Thuig gach aoinne, agus dúbhairt gach aoinne le n-a
-chómharsain agus le n-a chomrádaidhe é, i gcaitheamh na cuairde sin,
-go raibh ceangailte ar gach aon fhear de shliocht Gaedhal gan bheith
-beó i ndiaigh an cogaidh sin dá mb’ ag na geintibh a bhéadh an buadh
-sa chogadh. Dúbhairt gach fear le gach fear eile, “Beidh buadh ag
-Gaedhlaibh nó ní bhéad-sa beó! Ní’l orm ach bás d’fhághail aon uair
-amháin. Is fearr go mór bás d’fhághail i lár an chatha ’ná bheith beó i
-n-Éirinn fé smacht na Lochlanach. Má bhíon an buadh acu bíodh Éire acu
-ach ní bhéad-sa acu! Ach geallaim an méid seo dhóibh. Má ’sé mo bhás a
-bheidh acu ní h-i n-aisge a bheidh sé acu!”
-
-Fé mar a thagadh na tuairisgí bhíodh an saghas san cainte le clos níba
-mhinicíghe, agus bhíodh an machtnamh a bhíodh laistigh de’n chaint
-ag dul i ngéire i n-aghaidh an lae go dtí, fé dheire, go raibh sé
-socair i n-aigne gach fir ná raibh aige le caitheamh ar an saoghal so
-ach go dtí lá an chatha mhóir sin a bhí le teacht, pé fada gairid go
-dtiocfadh sé, agus do thuig gach fear i n’ aigne ná raibh a thuille
-saoghail uaidh. Bás a dh’fhághail an lá san, ar son Gaedhal Éirean agus
-ar son Chreidimh Chríost, tar éis an éirligh ba mhó a dh’fhéadfadh sé
-do dhéanamh ar an namhaid iasachta, air sin iseadh bhí aigne gach fir
-socair. Níor chuimhnigh aoinne ar cad a dhéanfadh sé ná ar conus a
-mhairfeadh sé dá dtagadh sé saor ó’n gcath agus an buadh ag Gaedhlaibh.
-Níor bheag, dar le gach duine, bheith ag cuimhneamh air sin nuair a
-bhéadh san amhlaidh.
-
-Bhí aigne na bhfear socair ar an gcuma san ní h-amháin i gcualacht
-an Árdrígh, ar an gcuaird, ach fós i dteighlach gach rígh cúige n-ar
-chaith an t-Árdrígh raint laethanta ann, agus ins na daingeanaibh a
-bhí curtha suas ag an Árdrígh, agus ins gach aon bhall ’n-ar chuaidh
-caint na bhfear san agus a n-anál fé’n bpoibilidheacht. Bhí aigne na
-mban chómh socair air sin agus bhí aigne na bhfear. Nuair a thiocfadh
-an lá ní fhanfaidís sa bhaile i ndiaigh na bhfear. Do raighdís isteach
-sa chath agus do thabharfaidís gach congnamh dos na fearaibh, agus
-dá mbéadh buadh ag an namhaid iasachta ní bhéadh aon bhean acu beó i
-n-Éirinn i ndiaigh an chatha. Gheóbhdís bás i dteannta na bhfear. Agus
-dá mbéadh aon fhear chómh meathta san agus go dtaraingeóch’ sé siar ó
-fhód a bháis, do sheasóch’ bean ar an bhfód san agus thabharfadh sí
-aghaidh ar an namhaid agus do ghlacfadh sí an bás a sheachain seisean.
-Sin mar a labhraidís, pé rud a dhéanfaidís. Bhí cuid acu, agus níor
-chuid bheag é, do dhéanfadh an gníomh chómh dána díreach agus dhéanfadh
-aon duine des na fearaibh é. Dhéanfadh Niamh é, bíodh ná dúbhairt sí go
-ndéanfadh.
-
-Dá mbéadh fhios ag an muintir a bhí le teacht, agus a bhí ag
-socarughadh ar a mná agus a gclann a thabhairt leó chun cur fútha i
-n-Éirinn, dá mbéadh fhios acu go raibh an saghas san aigne ag fás agus
-ag neartughadh agus ag aibiughadh i n-Éirinn ’n-a gcóir, b’fhéidir go
-dtiocfaidís ar atharughadh aigne agus go bhfanfaidís thall. Ach ní
-raibh aon phioc d’á fhios acu. Bhí daoine i n-Éirinn a bhí coitchianta
-ag cur tuairisgí anonn ag triall ortha, ach níor innseadar dóibh go
-raibh a leithéid siúd de dhásacht croídhe ’n-a gcóir. B’fhéidir nár
-thuigeadar féin go raibh, agus b’fhéidir gur chuma leó ach bheith
-ag séideadh fé ’n muintir thall, i dtreó go dtiocfaidís, pé rud a
-thiocfadh as, thall ná abhus. Gormfhlaith agus Amhlaoibh macánta agus
-Sitric, rígh Lochlanach Átha Cliath, a bhí ’ghá dhéanamh san. Bhéadh
-Maolmórdha, rígh Laighean, drítháir Ghormfhlaith, ’ghá dhéanamh leó,
-ach, dar leis an dtriúr eile, leath-amadán ab eadh é, agus níor bh’ aon
-iontaoibh é chun aon ghnó chontabharthach a thabhairt le déanamh dó.
-
-Do críochnuigheadh an chuaird.
-
-Tháinig Brian agus a chualacht abhaile go Ceann Cora. Bhí lán a
-chroídhe d’ áthas ar gach aoinne; an mhuintir a bhí sa bhaile ag cur
-gach aon tsaghas tuairisgí ar an muintir a tháinig, agus an mhuintir
-a tháinig ag cur gach aon tsaghas tuairisgí ar an muintir a bhí sa
-bhaile. Nuair a bhí na ceisteana go léir curtha, freagartha, ar gach
-taobh, agus na tuairisgí go léir tabhartha, thusnuigh ceist ar ghabáil
-tímpal i dtaobh an stíobhaird nua a bhí tagaithe ann chun bheith
-ag feuchaint i ndiaigh an bhídh agus i ndiaigh na ndaoine a bhéadh
-breóite, dá mba rud é go mbéadh a leithéidí ann.
-
-“Ce h-é sin?”
-
-“Cad as é?”
-
-“Cad a thug anso é?”
-
-“Cé ’ro díobh é?”
-
-Do freagradh na ceisteana fé mar a féadadh teacht ortha agus fé mar
-a bhí eólus ag an muintir n-ar cuireadh chúcha iad. Ansan do chuaidh
-gach aoinne isteach i n’áit féin, ag déanamh a ghnótha féin, agus
-chuaidh gach aon rud chun suaimhnis, gnó an ríghtheighlaigh d’á
-dhéanamh go cruinn agus go slachtmhar mar ba ghnáth, na ríghthe agus
-na h-uaisle, na sagairt agus na h-easboig, ag teacht gach aon lá chun
-cainte dhéanamh leis an Árdrígh, agus an t-uathbhás bídh agus díghe, an
-t-uathbás aráin agus ime agus fíona agus feóla, d’á chaitheamh gach aon
-lá sa ríghtheighlach, mar ba ghnáth.
-
-Cúpla lá tar éis Bhriain a theacht abhaile do shocaruigh Tadhg Mór ua
-Cealla ar dhul siar abhaile go h-Uíbh Máine. Bhí Brian, i gcaitheamh na
-cuairde, tar éis a chur ar a súilibh dos na ríghthibh go léir agus do
-thaoiseachaibh na slógh, nár bh’ fhios cathin a thiocfadh an namhaid,
-agus nár bh’fholáir do gach rígh cúige agus do gach taoiseach airm
-agus do gach fear cinn riain, agus do’n uile dhuine a bhí i n-aon
-chor ábalta ar arm do láimhsiáil, bheith ollamh, chómh luath agus
-gheóbhdís an focal, chun aghaidh a thabhairt ar an namhaid pé áit ’n-a
-dtaisbeánfaidís iad féin. Níor bh’fholáir do Thadhg Mhór ua Chealla,
-nídh nár bh’ iongnadh, dul siar go h-Uíbh Máine agus a mhuintir féin do
-ghleusadh agus d’ollamhughadh, agus a chur ar a súilibh dóibh nár mhór
-dóibh bheith ollamh, chómh maith le cách, chun aghaidh a thabhairt ar
-an namhaid chómh luath agus thiocfadh an ghlaoidh.
-
-Bhí Tadhg Óg ua Cealla thiar cheana, ag déanamh na h-oibre sin, agus
-ba mhaith chuige é, ach má bhí féin, agus má ba mhaith féin, do thuig
-an t-athair nár bh’ alaidh dhó féin gan dul siar, leis, agus bheith ag
-feuchaint i ndiaigh na h-oibre. Bhí gach rígh cúige i n-Éirinn, go
-mór mór na ríghthe a bhí dílis do Bhrian, ag gleusadh a neart féin, fé
-n-a súilibh féin, agus é daingean i n-aigne gach rígh acu gur bh’é fód
-an chatha, pé áit ’n-a raibh an fód san, fód a bháis. Bhí Tadhg Mór ua
-Cealla chómh dílis do Bhrian le h-aon rígh cúige acu, agus bhí an rud
-eile chómh daingean i n-aigne Thaidhg agus bhí sé i n-aigne aoinne acu.
-Níor bh’fhéidir dó gan dul siar.
-
-Agus níor bh’fhéidir do Niamh gan dul siar i n-aonfheacht leis.
-
-Is ar Thadhg Óg a bhí an t-áthas nuair a chonaic sé chuige iad.
-
-“Ó! a Niamh,” ar seisean, “is áluinn a dh’ fheuchan tú! Dhein an
-chuaird sin ana thairbhthe dhuit. Tá do ghnaoí agus do dhá shúil féin
-airís agat.”
-
-Thug Niamh gach aon chúntas dó ar an gcuaird, agus ar na tuairisgíbh
-agus ar na ráflaíbh a bhí ag gluaiseacht ins gach aon bhall i dtaobh
-na namhad iasachta a bhí ag teacht go h-Éirinn chun clanna Gaedhal do
-dhísgiughadh agus seilbh na tíre do thógaint dóibh féin. D’inis sí dhó
-go cruinn an obair a bhí déanta ag Brian chun neart na nGaedhal do
-ghleusadh i gcóir an chogaidh mhóir a bhí ag teacht, agus conus mar a
-bhí fir Éirean socair ’n-a n-aigne ar bhás a dh’fhágail sa chogadh san
-nuair a thiocfadh sé, nó ar bhás a thabhairt do’n namhaid.
-
-Thug sí dhó go cruinn agus go mion tuairisg agus cúntas ar gach nídh
-d’ár thuit amach ins gach aon áit ’n-ar ghabhdar i gcaitheamh na
-cuairde. Agus d’inis sí dhó go raibh Maolmórdha, rígh Laighean, ag
-teacht go Ceann Cora i n-achmaireacht, ag tabhairt na gcrann leis i
-gcóir na loingeas a bhí le déanamh ar linn Luimnighe.
-
-“Siné anois agat, a Thaidhg,” ar sise, “an sgéal go léir, ó’n lá
-fhágamair an áit seo go dtí an lá a thánamair thar n-ais ann.”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XVIII.
-
-SGUAB-BHUILLE CHLAIDHEAMH.
-
-
-An lá a chuaidh Niamh agus a h-athair siar go h-Uíbh Máine, nó an lá
-’n-a dhiaigh, tháinig Caoilte go Ceann Cora, agus níor bh’ fhios an mór
-de ’n domhan a bhí siúbhalta aige. Chómh luath agus bhí bia caithte
-aige, agus a thuirse curtha dhé aige, bhí sé féin agus Murchadh agus
-Brian i seómra fé leith agus é ag tabhairt eóluis dóibh ar a chuardaibh
-agus ar cad a chonaic sé.
-
-“Anonn go crích Lochlan a chuadhas ar dtúis,” ar seisean, “a ríghthe.
-Dúbhart liom féin go dtabharfainn fútha pé rud a dh’imtheóch’ orm. Ní
-fheadar cé ’cu do h-aithnigheadh mé nó nár aithnigheadh. Má aithin
-aoinne mé níor leig sé air gur aithin sé mé.
-
-“Níor fhágas aon phioc d’á neart gan feuchaint, agus do bhreithnigheas
-a neart chómh cruinn agus d’fhéadas é bhreithniughadh. Táid na daoine
-go léir as a meabhair, ba dhóich le duine, le dúil teacht go h-Éirinn
-agus seilbh a ghlacadh i n-oileán na h-Éirean agus cur fútha ann. Tá sé
-buailte isteach ’n-a n-aigne go bhfuil an t-oileán so chómh saidhbhir,
-agus an talamh chómh torthamhail sin ann, nách gádh dos na daoine gur
-leó é aon obair a dhéanamh ag saothrughadh an tailimh. Chím go soiléir
-go bhfuil daoine éigin anso i n-Éirinn atá ag séideadh fútha agus ag
-cur neithe de’n tsórd san isteach ’n-a n-aigne. Pé cúis atá leis ní’l
-aon mheas i n-aon chor acu ar a dtír féin, agus d’á luathacht a bheid
-siad tagaithe anall anso i n-aonfheacht iseadh is fearr é, dar leó.
-Táid na mná agus an chlann chómh mór buile chun teacht agus atáid na
-fir, nó níos mó. Tá oiread loingeas ollamh acu agus thabharfadh anoir
-fiche míle fear agus airm agus lón dóibh. Is dóich leó féin go mbeidh
-deich míle fear acu, agus go dtógfaid na mná agus an chlann suas oiread
-slíghe agus thógfadh deich míle eile fear.
-
-“Ní mheasaim féin, tar éis na cainte go léir, go bhféadfaid siad deich
-míle fear do chur le chéile agus do thabhairt anso anoir. Ba mhaith an
-rud a bhéadh déanta acu dá dtugaidís ocht míle fear leó i dteannta na
-mban agus na clainne.
-
-“Chuadhas óthuaidh go tír na h-Ioruaidhe. Tá an obair chéadna ar
-siúbhal ansan, agus an bhuile chéadna ar na daoine go léir chun
-imtheacht as a dtír féin agus teacht go h-Éirinn. Ní h-aon iongnadh an
-dithineas a bheith ortha san chun imthighthe as a dtír féin. Ní’l sa
-bhaile acu ach beatha chruaidh, agus tuillid siad go cruaidh í. Talamh
-fuar fiain neamh-thorthamhail atá acu. Tá obair chruaidh acu le déanamh
-coitchianta, ag casadh leis an dtalamh a shaothrughadh, agus ansan, tar
-éis na sglábhuigheachta go léir, ní bhíon puínn de bhár a saothair acu.
-Ní h-aon iongnadh dithineas a bheith ortha chun na tíre dh’fhágáilt
-agus teacht chun cómhnuighthe i dtír a dhéanfaidh, dar leó, iad do
-chothughadh díomhaoin. Tá daoine éigin ó Éirinn ag séideadh fútha san,
-leis, agus ag cur na smaointe sin isteach ’n-a n-aigne. Mura mbéadh go
-bhfuil ní thiocfadh na smaointe chúcha.”
-
-“An mó míle fear is dóich leat, a Dhuinn, a dh’ fhéadfaidh rígh na
-h-Ioruaidhe do chur le chéile agus do thabhairt leis, má thagan sé?”
-arsa Brian.
-
-“Déarfainn, a Árdrígh,” arsa Caoilte, “go gcuirfidh sé le chéile trí
-nó ceathair de mhíltibh fear. Tá beirt mhac aige, fir ana chródha.
-Fé’n mbeirt sin iseadh bheidh an tsluagh. Beidh, is dócha, trí nó
-ceathair de mhíltibh ban agus leanbh acu i dteannta na bhfear. Is mó
-an dithineas atá ar mhnáibh na h-Ioruaidhe chun teacht ’ná mar atá
-ar mhnáibh tíre Lochlan. Tá sé ’n-a n-aigne ná beidh acu le déanamh
-nuair a thiocfaid siad go h-Éirinn ach bualadh isteach agus suidhe
-síos. Tá duine éigin, nó daoine éigin, ’ghá gcur amú’, ’ghá gcur ar a
-n-aimhleas, ag cur an duibh ’n-a gheal ar na daoine bochta.”
-
-“Comáin leat, a Dhuinn,” arsa Brian.
-
-“Chuadhas óthuaidh go h-Ínsíbh Orc, a Árdrígh,” arsa Caoilte. “Chuireas
-mé féin i riocht file, agus thógas cláirseach liom agus thánag go
-ríghtheighlach an Iarla Sígurd, Iarla na n-Ínsí sin Orc. Bhí cuideachta
-le bheith ann. Bhí cuireadh tabhartha ag Sígurd do’n Iarla Gilli,
-fear atá pósta agá dhrifiúr. Tháinig an t-Iarla Gilli, fear driféur
-Shíguird. Tháinig a lán eile uaisle ann. Bhí glaodhach ar cheól agus
-thugas dóibh an ceól. Cé bhuailfeadh chúghainn isteach ach Sitric, rígh
-Lochlanach Átha Cliath. Do cuireadh fáilte roimis féin agus roime n-a
-chualacht. Bhí fear ann a tháinig adtuaidh ó Inis Tuile. Bhí cúntas
-aige ’á thabhairt ar cad fé ndeara dhó féin agus do raint eile de
-mhuintir an oileáin sin imtheacht ó’n mbaile. Dheineadar coir throm.
-D’eirigh idir iad agus duin’uasal fóghanta a bhí ann, agus mheasadar
-an duin’uasal do chur chun báis. Do theip ortha ar feadh abhfad, mar
-bhí clann mhac ró chródha aige agus do chosain an chlann mhac é. Fé
-dheire do fuaradar lom air theighlach an duin’uasail do losgadh, agus
-do loisgeadar ’n-a mbeathaigh é féin agus a bhean agus a chlann istigh
-’n-a dtigh féin. Nial ab ainim do’n duin’uasal. B’éigean do’n mhuintir
-a dhein an losgadh imtheacht as an oileán. Thánadar, nó tháinig cuid
-acu, go teighlach Shíguird i n-Inis Orc. Gunar, nó Conchubhar, ab
-ainim do’n fhear a bhí ag innsint an sgéil. An fhaid a bhí an sgéal ar
-siúbhal tháinig fear chun an doruis, lasmuich, ach níor thaisbeáin sé
-é féin. Cairí ab ainim do’n fhear san, agus fear ana chródha iseadh
-é. Cliamhain iseadh é do’n duin’uasal a loisgeadh, agus ba dhóbair go
-loisgtí é féin mar bhí sé sa tigh an oídhche do déanadh an losgadh. Bhí
-sé ar an dtaobh amuich de dhorus ríghtheighlaigh Shíguird an uair sin,
-agus bhí sé ag éisteacht leis an sgéal. Duine de’n mhuintir a dhein
-an losgadh ab eadh an fear a bhí ag innsint an sgéil. Bhí an dá Iarla
-ag an mbórd agus rígh Lochlanach Átha Cliath eatartha, agus iad ag
-éisteacht leis an sgéal. Bhíos féin ag éisteacht leis an sgéal agus mo
-chláirseach fé m’ uillinn agam. Do labhair Sitric.
-
-“‘Conus a dh’fhuiling Scraphádinn an teine, a Ghunair?’ ar seisean.
-
-“‘Maith go leór ar dtúis, a rígh,’ arsa Gunar, ‘ach nuair a rug an teas
-i gceart air do liúigh sé agus do ghoil sé mar a dhéanfadh seana bhean.’
-
-“Air éigin a bhí an méid sin cainte as a bhéal nuair a léim Cairí an
-dorus isteach agus suas chun na h-áite ’n-a raibh Gunar ’n-a shuidhe
-i n-aice an bhúird ar aghaidh an rígh agus an dá Iarla amach. Sar a’
-raibh fhios ag aoinne cad a bhí ar siúbhal aige do tharaing Cairí a
-chlaidheamh agus le aon sguab-bhuille amháin do bhain sé an ceann de’n
-sgéalaídhe. Chuir sé a leithéid sin d’fhuinneamh leis an mbuille gur
-léim an ceann isteach ar an mbórd, ar aghaidh Shitric agus an dá Iarla
-amach, agus go raibh an bórd lán d’fhuil, mór-thímpal an chinn, sar
-a raibh uain ag aoinne ar a thuisgint cad a bhí tuitithe amach. Níor
-dhein Cairí ach feuchaint ’n-a thímpal agus ansan imtheacht amach. Níor
-lean aoinne é. Ar ball, nuair a bhí caoi agam air, do chromas ar dhuine
-a bhí am’ aice do cheistiughadh. Do labhras i gcaint na h-Ioruaidhe.
-
-“‘Cé h-é an rígh sin, Sitric?’ arsa mise.
-
-“‘Ó Éirinn andeas é sin,’ arsa’n duine liom. ‘Isé rígh Lochlanach Átha
-Cliath é.’
-
-“‘Agus cad a thug anso é?’ arsa mise.
-
-“‘Do réir mar a thuigim,’ ar seisean, ‘is amhlaidh a tháinig sé ’ghá
-iaraidh ar an dá Iarla, ar Shígurd agus ar Ghilli, a neart do chur le
-chéile agus dul leis go h-Éirinn ag cabhrughadh leis sa chogadh so atá
-le déanamh i gcoinnibh Bhriain.’
-
-“‘Agus cé h-é Brian?’ arsa mise go neamh-thuairimeach.
-
-“‘Ach!’ ar seisean, ‘an amhlaidh nách eól duit cé h-é Brian!’
-
-“‘Agus cé h-é féin asdó?’ arsa mise.
-
-“‘Árdrígh Éirean,’ ar seisean. ‘Mheasas,’ ar seisean, ’ná raibh aoinne
-beó gan aithne aige ar Bhrian.’
-
-“‘Is dócha,’ arsa mise, ‘gur droch rígh é, treás go bhfuil an cogadh
-mór so d’á bheartughadh ’n-a choinnibh.’
-
-“‘Ní droch rígh,’ ar seisean. ‘Siné iongnadh an sgéil ar fad. Ní’l
-rígh eile beó sa domhan atá chómh maith leis. Nuair a déintear feall
-air maithean sé an feall an chéad uair, agus má dheinean an duine sin
-feall air an tarna h-uair maithean sé an feall an tarna h-uair. Ansan,
-má dheinean an duine céadna feall air an trímhadh h-uair tugan sé an
-cuirptheach suas do’n dlígh. Sin rígh fóghanta agat!’ ar seisean.
-
-“‘Agus cad ’n-a thaobh an cogadh má ’seadh?’ arsa mise.
-
-“‘Ní fheadar an tsaoghal,’ ar seisean, ‘murab amhlaidh atá daoine éigin
-ag déanamh an fhill an trímhadh h-uair air. Ní bhéidís ag déanamh an
-fhill an trímhadh h-uair air,’ ar seisean, ‘dá mb’ áil leis iad do
-chrochadh an chéad uair, nó, an chuid ba lúgha dhé, an tarna h-uair.’
-
-“‘An bhfuil Sígurd ag dul le Sitric?’ arsa mise.
-
-“‘Deir gach aoinne go bhfuil,’ ar seisean, ‘agus Gilli, agus Ospac.
-Deir gach aoinne,’ ar seisean, ‘nách féidir do Bhrian agus do
-Ghaedhlaibh seasamh i n-aghaidh na slóighte atá ag cruinniughadh as an
-uile áird ’n-a gcoinnibh. Go gcurfar clanna Gaedhal go léir chun báis,
-agus ansan go mbeidh Éire gan chíos ag an muintir a raghaidh ann anois
-ag déanamh an chogaidh.’”
-
-“An mór an neart is dóich leat a dh’fhéadfaidh Sígurd agus Gilli do
-thabhairt leó?” arsa Brian.
-
-“Tá mórán loingeas acu, a Árdrígh,” arsa Caoilte, “agus tá mórán
-loingeas ag Ospac. Tá taithighe ag an uile shaghas lucht gadaidheachta
-agus rabála ar theacht ag triall ar Shígurd nuair a bhíon sé ag dul ar
-chuaird tar faraige. Bíon deimhne acu ar chuid mhaith de’n fhoghail a
-dh’ fhághail dóibh féin. Is deacair tuairim a thabhairt do’n méid nirt
-slógh a dh’ fhéadfaidh sé a thabhairt leis.”
-
-“An bhfuil aon tuairim acu,” arsa Murchadh, “do’n neart slógh a bheidh
-’n-a gcoinnibh i n-Éirinn?”
-
-“Tá tuairim acu, a rígh,” arsa Caoilte, “nách i n-aisge a gheóbhaid
-siad seilbh na h-Éirean, ach ní’l aon chuimhneamh acu go bhfuil aon
-bhaoghal ná go bhfaighid siad an tseilbh. Tá an méid sin curtha ’n-a
-luighe ar a n-aigne go daingean, agus is ó Éirinn a cuireadh ’n-a
-luighe ar a n-aigne é.”
-
-“Nách mór an iongnadh nár aithin Sitric thú, a Dhuinn,” arsa Brian.
-
-“Fágaim le h-uadhacht, a Árdrígh,” arsa Caoilte, “gur bainead preab
-asam nuair a chonac ag teacht isteach é. Ach bhí an cheilt ró mhaith
-orm. Thugas aire do’n chláirsigh, agus bhí a ghnó féin ag déanamh
-buartha dhó-san. D’á éagmuis sin ní dóich liom go n-aithneóch’ sé mé dá
-mba ná béadh aon cheilt orm. Ní ró mhinic a chonaic sé riamh mé, agus
-níor chuir sé puínn suime riamh ionam.”
-
-“Táimíd go léir fé chomaoine mhór agat, a Dhuinn,” arsa Brian. “Ní’l
-aon teóra le n-a bhfuil d’eólus tabhartha agat chúghainn, agus eólus
-tairbhtheach iseadh é. Ní bheimís ollamh i gceart i n-aon chor mura
-mbéadh a bhfuil d’eólus tabhartha chúghainn agat. Thiocfaidís a gan
-fhios orainn mura mbéadh tú!”
-
-Um an dtaca ’n-a raibh deire an eóluis tabhartha dhóibh ag Caoilte
-do ghluais an focal tríd an ríghtheighlach go raibh Maolmórdha, rígh
-Laighean, ag teacht go Ceann Cora agus cualacht le n-a chois agus na
-trí crainn mhóra acu ’á thabhairt leó, chun na gcrann-seóil dos na
-loingeas a bhí le déanamh ar linn Luimníghe.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XIX.
-
-CLUICHE FICHILLE, AGUS POLL I GCRANN.
-
-
-Nuair a bhí an t-eólus san go léir fághalta ag Brian agus ag Murchadh,
-ó Chaoilte, do labhair Brian.
-
-“Dúbhraís dhá uair nó trí, a Dhuinn,” arsa Brian, “gur daoine anso
-i n-Éirinn atá ag séideadh fé mhuintir na ndúthaí iasachta so go
-léir agus ’á ngríosadh i n-ár n-aghaidh. B’fhéidir go bhfuil obair
-de’n tsórd san ar siúbhal. Má tá ní h-uatha féin atá na daoine sin,
-anso i n-Éirinn, ag déanamh na h-oibre sin. Tá cómhachta atá níos
-treise ’ná cómhachta daona, ag oibriughadh ag bun-phréimh na h-oibre
-go léir. Cómhachta ifrinn isiad atá ’ghá n-oibriughadh féin i n-ár
-gcoinnibh, i gcoinnibh an Chreidimh atá istigh i n-ár gcroídhe. Táid
-cómhachta ifrinn ag spriocadh agus ag gríosadh na ndroch dhaoine
-atá anso i n-Éirinn againn, chun na smaointe úd do chur isteach i
-n-aigne ár namhad, agus tá cómhachta ifrinn, ar an gcuma gcéadna, ag
-spriocadh agus ag gríosadh ár namhad, ins na tíorthaibh sin go léir a
-shiúbhluighis, chun na smaointe sin do ghlacadh agus beart a dhéanamh
-d’á réir. Tá cómhacht is treise ’ná cómhacht dhaona i n-ár gcoinnibh.
-Ní foláir dúinne, d’á bhrígh sin, cómhacht is treise ’ná comhacht
-dhaona do bheith ag cabhrughadh linn sa ghleic seo atá ag teacht
-orainn. Ba mhaith liom bheith ag caint le m’ anamchara.”
-
-Do tugadh chuige Maolshuathain. Dheineadar an chaint. Ansan dúbhairt
-Brian le Maolshuathain teachtaireacht do chur mór-thímpal ag triall ar
-chléir na h-Éirean, ’ghá órdúghadh guidhe na n-easbog agus guidhe na
-sagart agus guidhe na bpobal do bheith ag dul suas chun Dé coitchianta,
-as san amach, ’ghá iaraidh ar Dhia, tré ímpídhe na Maighdine Muire
-agus na naomh go léir, agus tré ímpídhe Phádraig agus Bhríghde agus
-Cholum Cille agus naomh Éirean go léir, an Creideamh agus sliocht
-Gaedhal do thabhairt saor as an ngleic uathbhásach a bhí ag teacht
-ortha.
-
-“Tá an nídh sin d’á dhéanamh cheana, a Árdrígh,” arsa Maolshuathain.
-“Tá sé ’á dhéanamh ar fuid na h-Éirean ins gach áit ’n-a bhfuil
-sagart agus pobul, agus Aifrean d’á rádh, agus tá sé ’á dhéanamh ins
-gach mainistir agus ins gach conbhint ban riaghalta. Ach cuirfead an
-teachtaireacht tímpal, mar sin féin. B’fhéidir gur déine-de a déanfar
-an guidhe an teachtaireacht do chur tímpal uait-se, a Árdrígh. Ní
-fhéadfaidh an guidhe bheith ró dhian.”
-
-“Ní fhéadfaidh,” arsa Brian, “ná chómh dian agus ba mhaith é bheith. Ba
-mhaith liom, thar gach nídh eile, go mbéadh Naomh Ídhbirt an Aifrinn
-d’á dhéanamh coitchianta ar an íntinn chéadna.”
-
-“Curfar san sa teachtaireacht, a Árdrígh,” arsa Maolshuathain.
-
-Do cuireadh an teachtaireacht san mór-thímpal na h-Éirean.
-
-An fhaid a bhí an chaint sin ar siúbhal idir Bhrian agus Maolshuathain
-bhí aos óg an bhaile imthighthe amach, gach bóthar agus gach cómhngar,
-soir an treó ’n-a raibh rígh Laighean agus a chualacht ag teacht, chun
-go bhfeicfidís an rígh, agus na h-uaisle iasachta, agus na crainn
-mhóra. Fé dheire do chonacadar an rígh agus chonacadar na h-uaisle
-iasachta agus chonacadar na crainn. Bhí fiche fear, deichniúbhar ar
-gach taobh, fé gach crann acu. Bhíodar ag siúbhal go breagh réidh.
-D’iompuigh an t-aos óg leó siar agus thánadar go Ceann Cora. Tháinig
-Brian amach agus chuir sé fáilte roim rígh Laighean. Do leigeadh na
-crainn anuas ar an bpáirc bhreagh ghlas a bhí amach ó’n ríghtheighlach.
-Do rugadh na fir isteach agus do cuireadh gach cóir ortha. Ansan
-d’imthigh na fir abhaile agus d’ fhan an rígh i bhfochair Bhriain chun
-raint laethanta chaitheamh ag caint agus ag cómhluadar leis. Tháinig
-sé mar a raibh an Árdrígan, a dhrifiúr.
-
-“Seó, a Ghormfhlaith,” ar seisean, “do chailleas an cnaipe óir a bhí sa
-bhrat so agam. Feuch a’ bhféadfá cnaipe do chur ann dom.”
-
-“Conus a chaillis an cnaipe?” ar sise.
-
-“Nuair a bhíomair ag teacht leis na trí crannaibh,” ar seisean, “bhí
-muintir Uíbh Fáilge fé chrann acu agus muintir Uíbh Faoláin fé chrann
-eile agus muintir Mhuireadhaigh fé’n dtrímhadh crann. Bhíomair ag
-teacht tré Shliabh an Bhogaig. Níor bh’fhéidir dos na trí buidhnibh
-gluaiseacht i n-aonfheacht. Níor bh’fholáir dóibh gluaiseacht i ndiaigh
-’chéile. D’ eirigh eatartha feuchaint cé’cu buidhean a bhéadh ar
-tusach. Bhí fearg ag teacht ortha. Ní ghéillfeadh aon bhuidhean acu
-do bhuidhean eile. Shíleas go mbéadh sé ’n-a bhruidhin chaorthainn
-eatartha. Níor dheineas féin ach túirliocan de m’ chapal agus dul
-agus mo ghuala chur fé’n gcrann a bhí ag muintir Uíbh Faoláin. Nuair
-a chonaic an dá bhuidhin eile an méid sin tharaingeadar siar agus bhí
-an tsíthcháin againn. Nuair a tháinig meághchaint an chrainn ar mo
-ghualainn do sgeinn an cnaipe as an mbrat agus do chailleas é.”
-
-Bhí Gormfhlaith ag éisteacht leis agus ag feuchaint air an fhaid
-a bhí sé ag caint. Nuair a stad sé níor dhein sí ach an brat do
-chaitheamh sa teine. Do las an brat agus do loisgeadh ’n-a luaithrigh
-é os cómhair na beirte agus iad ag feuchaint air. Brat ana dhaor ab
-eadh é. Níor bh’fhada roimis sin ó thug Brian do rígh Laighean é. Bhí
-iongnadh agus alltacht ar rígh Laighean nuair a chonaic sé cad a bhí
-déanta ag Gormfhlaith. Ní fheidir sé an domhan cad a bhí ag eirighe
-dhi. Níor fhág sí abhfad gan eólus é. Do sheasaimh sí ar a aghaidh
-amach agus a gnúis áluinn ar lasadh le buile feirge, agus a dhá súil,
-agus ba bhreagh an dá shúil iad, ag taithneamh le solus éigin nár bh’
-fhóghanta. Do chaoluigh na fabhraí anuas ortha agus do dhoirchigh a
-h-aghaidh, fé mar a thiocfadh sgamal ar an ngréin, agus dubhairt sí,
-tré n-a fiacalaibh, i gcogar nách mór:--
-
-“A rádh gur rug sé am’ beathaigh orm mo dhritháir a bheith n-a
-bheithigheach iompair ag Brian!”
-
-Nuair a dúbhairt sí an focal san d’iompuigh sí uaidh agus do ghluais
-sí ag rástáil síos agus suas an seómra. Do leath a dhá shúil air-sean,
-agus ní fheidir sé cad ba mhaith dó a rádh. D’iompuigh sí airís air sar
-a raibh uain aige ar phuínn machtnaimh a dhéanamh.
-
-“Ní ró fhada,” ar sise, “go mbheidh sé ’n-a bheithigheach iompair ag
-Murchadh, leis! Ansan iseadh a bainfear obair as an mbeithigheach.
-Ansan iseadh a curfar an t-ualach air, agus má chuirean sé stailc suas
-ní bheidh ach an bata thabhairt dó!”
-
-“Tá an éagcóir agat, a bhean!” ar seisean. “Ná tabhair a thuille de’n
-chaint sin dómh-sa mar ní glacfar uait í. Níor dheineas aon rud ach
-an rud ba cheart do Chríostaidhe a dhéanamh chun daoine gan chiall
-do choimeád ó n-a chéile mharbhughadh. ’A’m beithigheach iompair ag
-Brian’! Is ró maith an bhail ort nách fear thu! Dá mb’ eadh ní déarfá
-an chaint sin. Dá n-abarthá ní déarfá an tarna h-uair í!”
-
-Do stad sí airís ar a aghaidh amach agus do chaoluigh na súile i dtreó
-gur bheag ná go rabhdar dúnta.
-
-“Ní déarfainn,” ar sise. “Níor ghádh dhom é. Ní gádh dhom an chaint do
-rádh anois. Déarfaidh daoine nách mé í. Déarfaidh muintir Uíbh Faoláin
-í, ag maoidheamh as an gcuma ’n-a bhfuaradar tusach ar an dá mhuintir
-eile. Déarfaidh an dá muintir eile í ag gearán ar an éagcóir a deineadh
-ortha. Raghaidh an chaint ó bhéal go béal ar fuid na h-Éirean. Raghaidh
-an chaint ó shliocht go sliocht an fhaid a bheidh sliocht Gaedhal beó;
-‘Dhein rígh Laighean beithigheach iompair dé féin do Bhrian.’ Conus
-a chuirfir-se fhiachaibh ar na daoine gan an focal do rádh an tarna
-h-uair! Mairfidh an focal, a rígh, an fhaid a mhairfir-se, an fhaid a
-mhairfidh aoinne de d’ shliocht i n-Éirinn. Cad ’déarfaid Laighnigh
-feasta nuair a caithfear ins na súilibh ortha go bhfuil an rígh atá
-ortha n-a bheithigheach iompair ag Brian!”
-
-An túisge ’n-a raibh an méid sin as a béal aici bhí sí imthighthe amach
-dorus a bhí i n-iachtar an tseómra agus an dorus dúnta ’n-a diaigh aici
-agus an eochair casta sa ghlas aici.
-
-D’fhág sí ansúd n-a sheasamh é agus a mheabhair bainte dhé nách
-mór. D’fhan sé ar feadh abhfad gan aon chor a chur dé. Fé dheire
-bhuail sé amach. Chuir sé an dínnéar agus an tráthnóna dhé gan puínn
-cainte dhéanamh le h-aoinne. Nuair a bhí an dínnéar caithte agus an
-chuideachta sgaipithe bhuail sé isteach i seómra n-a raibh uaisle
-ag imirt fichille ann. Bhí Murchadh agus Conáing, beirt de mhacaibh
-Bhriain, ag imirt chluiche, agus iad ’á ímirt go dian. Bhí rígh
-Laighean ’n-a sheasamh os a gcionn ag feuchaint ar an gcluiche. Thug sé
-fé ndeara dá n-aistirigheadh Conáing fear áirighthe go mbuadhfadh sé
-an cluiche. Thug sé cómhartha éigin do Chonáing. Do dhein Conáing an
-t-aistiriughadh agus do bhuaidh sé an cluiche.
-
-Bhí fhios ag Murchadh gur thug rígh Laighean an cómhartha uaidh.
-
-“Is fearr an chómhairle a thugais do Chonáing anois, a rígh,” arsa
-Murchadh leis, “’ná an chómhairle thugais dos na Lochlanaigh roim chath
-Ghleanna Mháma. Do buadhadh ortha mar gheall ar an gcómhairle úd a
-thugais-se dhóibh.”
-
-“Tabharfad cómhairle a bheidh níos fearr ’ná an chómhairle sin dóibh lá
-eile,” arsa rígh Laighean.
-
-“Má ’seadh,” arsa Murchadh, “ná dein aon dearmhad de chrann a bheidh
-folamh ’n-a lár a bheith i n-aice na h-áite agat chun dul i bhfolach
-ann, fé mar a chuadhais sa chrann i nGleann Mháma. Agus bíodh an poll
-mór a dhóthin i dtreó go bhféadfair do chosa tharang isteach. Mura
-mbéadh do chosa bheith lasmuich de’n pholl a bhí sa chrann úd i nGleann
-Mháma ní fheicfinn tú ann i n-aon chor.”
-
-D’iompuigh rígh Laighean agus do rith sé an dorus amach.
-
-“Ó, a Mhurchadh,” arsa Conáing, “tá cathughadh orm nár leigeas orm
-nár thuigeas an cómhartha! Tá fearg air. Beidh an t-Árdrígh ar buile
-chúghainn mar gheall air.”
-
-“Ná féadfadh sé é féin d’iompar!” arsa Murchadh.
-
-“Is truagh mar a thráchtais i n-aon chor ar an gcrann!” arsa Conáing.
-
-“Dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin, a Chonáing,” arsa
-Murchadh, “dhéanfá an gháire sin dá bhfeicfeá é nuair a rugas ar dhá
-chois air agus tharaingeas amach a’ poll an chrainn é. Ní raibh aon
-choinne i n-aon chor agam gur bh’é a bhí agam go dtí go raibh sé
-taraingthe amach agam. Tá sé riamh ag gabháil páirt na Lochlanach a
-gan fhios. Gabhadh sé a bpáirt os cómhair an tsaoghail agus ní déarfad
-focal leis! Ach ’ghá leigint air go bhfuil sé dílis dúinn agus ansan ag
-déanamh an fhill orainn!”
-
-Ní fheacadar rígh Laighean an chuid eile de’n oídhche. D’imthigh sé
-roim lá agus thug sé aghaidh soir abhaile. Nuair a tháinig an mhaidion
-do fuaradh go raibh sé imthighthe. Do h-innseadh do Bhrian an rud a
-thuit amach i dtaobh an chluiche. Chomáin Brian teachtaire i ndiaigh
-rígh Laighean ’ghá iaraidh air casadh agus go ndéanfaí leórghníomh sa
-n-easonóir a tugadh dó. Go raibh tabharthaisí ag Brian le bronnadh air
-mar gheall ar na crainn a thabhairt chuige.
-
-Tháinig an teachtaire suas leis. Thug sé a theachtaireacht dó. Bhí
-bata ’n-a láimh ag rígh Laighean. Níor dhein sé ach cúpla buille de’n
-bhata thabhairt sa cheann do theachtaire an Árdrígh, agus comáint
-leis soir. Ar ghuaillibh fear a tugadh abhaile an teachtaire. Nuair a
-chonaic muintir ríghtheighlaigh Bhriain an cor a bhí ar an dteachtaire
-d’iaradar ar Bhrian leigint dóibh rígh Laighean do leanmhaint agus é
-thabhairt thar n-ais ’n-a phrísúnach. Ní thoileóch’ Brian chuige sin.
-
-“Is do rígh Laighean a tugadh an easonóir ar dtúis,” arsa Brian.
-“Leigtear dó imtheacht slán abhaile. Ansan raighmíd soir agus bainfimíd
-sásamh dé ag dorus a thíghe féin.”
-
-Chómh luath agus a fuair Gormfhlaith go raibh rígh Laighean imthighthe
-i bhfeirg agus go raibh an easonóir tabhartha aige do theachtaire
-Bhriain, bhí fhios aici go raibh sé n-a chogadh dhearg eatartha. Sin a
-raibh uaithi. Chomáin sí teachtaire go Baile Átha Cliath ag triall ar
-Shitric agus ar Amhlaoibh ’ghá innsint dóibh cad a bhí tuitithe amach.
-
-“Anois an t-am agaibh!” ar sise. “Tagadh bhúr neart go léir chómh
-tapaidh agus is féidir é. Beidh an gnó eile déanta agam-sa agus ag
-Lonán sar a mbeidh bhúr neart cruinnighthe, tagaithe.”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XX.
-
-RÍGH LAIGHEAN.
-
-
-Duine b’eadh rígh Laighean nár chuir aoinne puínn suime i n-aon rud a
-dhéanfadh sé ná i n-aon nídh a déarfadh sé. Fear baoth ab eadh é. Mheas
-sé féin ná raibh duine ar bith dob’ fhearr ciall agus tuisgint ’ná é,
-ach níor bh’é sin meas daoine eile air. Bhí sé ollamh i gcómhnuighe
-chun daoine eile do chómhairliughadh. Do leigeadh daoine ortha go
-nglacfaidís an chómhairle, ach ní ghlacaidís. Thugadh sé a aigne do
-gach aoinne agus ní thugadh aoinne a aigne dhó-san. Dá dtugaidís ní
-choimeádfadh sé rún. Bhí sé ar thaobh na Lochlanach i gcath Ghleanna
-Mháma agus bhí sé amuich air gur mar gheall ar chómhairle éigin a
-thug sé dhóibh a chuaidh an lá n-a gcoinnibh. Tar éis an chatha bhí
-Murchadh agus Dúlainn Óg ag gabháil tímpal ag feuchaint i ndiaigh
-na bhfear ngunta. Chonacadar crann agus poll dreóite ann agus a lár
-folamh. Bhí dhá chois duine amach as an bpoll. Do rug Murchadh ar an
-dá chois agus tharaing sé an duine amach a’ poll an chrainn. Cé bhéadh
-aige ach Maolmórdha! Dhein Murchadh agus Dúlainn gáirí a ndóthin nuair
-a chonacadar cé bhí acu. Do deineadh rígh ar Laighnibh ’n-a dhiaigh san
-dé tré chómhairle Ghormfhlaith agus Shitric.
-
-Níor thug Gormfhlaith ná Sitric ná Amhlaoibh fios ná eólus dó ar
-an uisge-fé-thalamh a bhí ar siúbhal acu i gcoinnibh Bhriain agus
-Mhurchadh. Ní fhéadfaidís é. Do sgoilfeadh air nó do leigfeadh sé amach
-é. Do leigeadar dó go dtí go raibh gach aon nídh ollamh acu i gcóir
-an chogaidh. Theastuigh uatha ansan é féin agus slóighte Laighean a
-bheith ar a dtaobh féin, i gcoinnibh Bhriain, sa chogadh. Chuige sin
-iseadh chuir Gormfhlaith an fhearg air nuair a chuaidh sé go Ceann
-Cora leis na crannaibh. Dhein sí an gnó go feilimionta. Tháinig sé go
-Ceann Cora an uair sin agus gan idir é agus Brian ach an caradas ba
-threise agus ba dhílse. D’fhág sé Ceann Cora agus gan ’n-a chroídhe do
-Bhrian ach fuath agus fíoch agus fearg, agus a chroídhe d’á losgadh
-ag an bhfocal úd a chuir Gormfhlaith isteach ’n-a chluais, é bheith
-’n-a “bheithigheach iompair ag Brian!” Bhí sé lán cheapaithe ar dhul,
-gan stad gan ríghneas, ag triall ar Shitric agus ar a dh’innsint dó
-cad é an tarcuisne a tugadh dó i gCeann Cora, agus ar a iaraidh air
-cabhrughadh leis chun an tarcuisne do dhíoghalt ar Bhrian agus ar
-Mhurchadh agus ortha go léir.
-
-Nuair a bhí san mar sin bhí a h-aidhm féin curtha chun cinn go h-áluinn
-ag Gormfhlaith. Bhí rígh Laighean gabhtha isteach go daingean aici ar
-a taobh féin, sa chogadh a bhí ag teacht, agus ní raibh aon phioc d’á
-fhios ag rígh Laighean ná gur bh’é a ghnó féin a bhí aige d’á dhéanamh;
-ná gur bh’é a fhuath féin agus a mhiosgais féin a bhí aige d’á shásamh
-i gcoinnibh Bhriain. Bhí gnó Ghormfhlaith aige d’á dhéanamh chun a
-toile go h-iomlán agus ní raibh aon bhaoghal go leigfeadh sé amach aon
-rún, mar níor tugadh dó aon rún.
-
-Sar a raibh uain ag Maolmórdha ar bheith sa bhaile ó Cheann Cora bhí
-teachtaire Ghormfhlaith i mBaile Átha Cliath ’ghá innsint do Shitric
-cad a bhí déanta. Chómh luath agus do shrois Maolmórdha an baile
-siúd isteach go Baile Átha Cliath é ’ghá innsint do Shitric cad d’
-imthigh air i gCeann Cora agus ’ghá iaraidh air a pháirt do ghabháil i
-gcoinnibh Bhriain.
-
-“Geóbhad, a rígh,” arsa Sitric, “do pháirt i gcoinnibh Bhriain, agus
-ní mise amháin a gheóbhaidh do pháirt ’n-a choinnibh. Geóbhaidh rígh
-Lochlan do pháirt ’n-a choinnibh. Agus geóbhaidh rígh na h-Ioruaidhe
-do pháirt ’n-a choinnibh. Agus geóbhaid ríghthe nách iad do pháirt
-’n-a choinnibh. Comáinfead teachtairí láithreach ag triall ortha ’ghá
-iaraidh ortha teacht anso go cuan Bhaile Átha Cliath chómh luath i
-n-Éirinn agus is féidir é, chun do pháirt-se ghabháil, agus díoltais
-a dhéanamh ar Bhrian agus ar a chlainn mar gheall ar a bhfuil d’ olc
-déanta acu ar chlannaibh Lochlan le fada bhliantaibh. Imthigh-se
-abhaile, a rígh,” ar seisean, “agus cruinnigh do neart agus cuir thu
-féin i dtreó, agus bí anso le d’ shlóightibh nuair a thiocfaidh an
-neart iasachta.”
-
-D’imthigh rígh Laighean abhaile agus dhírigh sé ar a shlóighte do
-chruinniughadh agus do ghleusadh. D’inis sé do gach aoinne cad é an
-tarcuisne a tugadh dó i gCeann Cora, conus mar a caitheadh Gleann
-Mháma ins na súilibh air féin agus ar Laighneachaibh, agus conus mar
-adúbhairt Murchadh, mac Bhriain, leis féin agus leis na Laighneachaibh
-gan aon dá chuid a dhéanamh d’á ndícheal.
-
-Do chealg an chaint sin na Laighneacha, agus dúbhradar go mbéadh lá
-eile acu féin agus go ndíolfadh Brian agus Murchadh, agus Clann Chais
-go léir, a’ Gleann Mháma. Bhíodar ag dhéanamh na h-oibre a bhí geártha
-amach dóibh ag Gormfhlaith, agus ní raibh aon phioc d’á fhios acu gur
-bh’ í sin obair a bhí acu ’á dhéanamh. Ba dhoimhinn agus ba ghasta agus
-ba dhroch aigeanta an bhean Gormfhlaith, agus dob’ ábalta an bhean í.
-Ach bhí cluiche bháis a’s bheatha aici d’á imirt le daoinibh a bhí
-beagán ró dhoimhinn di, agus ró ghasta dhi, agus ró ábalta dhi. Do
-thuigeadar an cluiche a bhí aici d’á imirt agus do sgaoileadar léi. Bhí
-bob aici d’á bhualadh ar rígh Laighean agus ar na Laighneachaibh, agus
-ní raibh aon phioc d’á fhios aici go raibh a chothrom, agus breis, de
-bhob d á bhualadh, i láthair na h-uaire céadna, uirthi féin.
-
-
-
-
-LEABHAR A TRÍ.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL I.
-
-COR I N-AGHAIDH AN CHAIM.
-
-
-Raint laethanta tar éis rígh Laighean a dh’ imtheacht i bhfeirg ó
-Cheann Cora bhí Brian agus Murchadh agus Dúlainn Óg i bhfochair a
-cheile i gcómhairle. Bhí a lán neithe acu ’á bhreithniughadh. Bhíodar
-ag áireamh na mílte fear a féadfaí thabhairt as gach triúch nuair a
-thiocfadh an ghlaodh. Thuigeadar gur isteach i gcuan Bhaile Átha Cliath
-a thiochfadh an namhaid iasachta. Bhíodar ag breithniughadh na mbóithre
-a bhí ó Cheann Cora go Baile Átha Cliath; agus ó Uíbh Máine go Baile
-Átha Cliath; agus ó Chaiseal go Baile Átha Cliath; agus ó thír na
-nDéise go Baile Átha Cliath; agus ó Chiarraighe go Baile Átha Cliath;
-agus mar sin, ó gach aon áit ’n-a raibh cuid de neart slógh Bhriain go
-dtí an áit i n-aice Bhaile Átha Cliath ’n-a gcaithfeadh a shlóighte go
-léir teacht agus cruinniughadh i gcoinnibh na slógh namhad iasachta a
-bhí ag teacht go h-Éirinn ó’n uile pháirt de’n domhan Lochlanach. Ansan
-iseadh do tuigeadh go h-áluinn tairbhthe na h-oibre a bhí ag Brian ’á
-dhéanamh ar feadh abhfad roimis sin, nuair a bhí na bóithre breaghtha
-leathana aige ’á dhéanamh ins gach aon bhall agus nuair a bhí na
-drochaid bhreaghtha láidire aige ’á chur ar na h-aibhníbh. Do tuigeadh,
-leis, an uair sin gur deineadh maitheas mór nuair a rugadh slóighte
-Bhriain go minic roimis sin, go Cill Mhaighneann i n-aice Bhaile Átha
-Cliath, an áit ’nar ghnáth le Brian dul agus longphort a dhéanamh agus
-raint aimsire chaitheamh, nuair a bhíodh gnó aige le déanamh, aighneas
-a shocarughadh idir ríghthibh, nó a smacht féin do chur i bhfeidhm.
-Bhí aithne mhaith ag Dál gCais ar na bóithribh ó Cheann Cora go Cill
-Mhaighneann.
-
-Nuair a bhí cuid mhaith aimsire caithte sa chómhairle, agus caint agus
-breithniughadh déanta ar a lán neithe, táinig an t-am chun dul agus
-bia chaitheamh. Tháinig teachtaire ’ghá rádh go raibh an bia ollamh.
-D’eirigh an triúr agus thánadar go seómra an bhídh. Shuighdar chun an
-bhúird. Tháinig Gormfhlaith agus shuigh sí i n-aice an Árdrígh. Bhí sí
-go séimh agus go soilbhir agus go gealgháiriteach leó, agus go mór mór
-leis an Árdrígh. Bhí sí ag déanamh grínn agus suilt de’n chuma ’n-ar
-chuir rígh Laighean fearg ar Mhurchadh nuair a dhein sé an bhagairt ar
-Chonáing sa chluiche.
-
-“Níor dhéineas aon iongnadh de m’ dhritháir,” ar sise. “Fear iseadh é,
-is dóich liom, nár theip an tuathal riamh air. Ach go deimhin agus go
-dearbhtha níor mheasas go ndéanfadh Murchadh an rud a dhein sé.”
-
-“Cad a dheineas, a Árdrígan?” arsa Murchadh.
-
-“Nuair a thagan fearg ort, a rígh,” ar sise, “ní h-aon dóichín tu. Ach
-ní gnáth leat fearg a theacht ort gan puínn cúise.”
-
-“Is fíor dhuit, a Árdrígan,” ar seisean. “Ní raibh aon cheart agam a
-dhéanamh de’n sgéal ach neamhnídh, mar ní raibh ann ach neamhnídh. Is
-truagh ná táinig sé thar n-ais nuair a tháinig an teachtaire suas leis.
-Dá dtagadh d’ admhóchainn láithreach go raibh an éagcóir agam agus
-d’iarfainn air mo leathsgéal do ghabháil.”
-
-Níor chuir Brian ná Dúlainn aon fhocal isteach sa chómhrádh san. Níor
-mhaith leó trácht i n-aon chor ar an easonóir a tugadh do theachtaire
-an Árdrígh. Dar leó d’fhéadfadh rígh Laighean diúltughadh do chasadh
-agus gan an teachtaire do bhualadh. Cuid ab eadh é sin de’n tuathal
-nár theip riamh ar rígh Laighean.
-
-Ba ghnáth, i ndeire gach dínnéir, sódhluist éigin, nó mísleán éigin, do
-thabhairt isteach agus do chur ar an mbórd. Bhí gaidhrín na h-Árdríghna
-ar a ghlúin ag Murchadh agus é ag cimilt a bhaise dh’á dhrom, ag
-feitheamh leis na mísleáin. Lonán a bhí ag frithálamh. Do tógadh chun
-siúbhail na miasa móra. Tháinig Lonán isteach agus trí miasa beaga
-aige agus sórd éigin bídh ortha, agus aon mhias bheag amháin agus dhá
-ubhall uirthi. Chuir sé an mhias ar a raibh na h-ubhla os cómhair na
-h-Árdríghna, agus na trí miasa eile os cómhair an trír fear. D’fheuch
-sé ar Mhurchadh. Chuir Murchadh a lámh anonn láithreach agus tharaing
-sé chuige an mhéisín a cuireadh os cómhair Bhriain agus an mhéisín a
-cuireadh os cómhair Dhúlainn. Dhein sé an méid sin go tapaidh, i dtreó
-ná raibh uain ag aoinne acu ar aon phioc de’n bhia chur ’n-a bhéal.
-Ansan do thóg sé blúire de’n bhia agus chuir sé i mbéal an ghaidhrín
-é agus do sgaoil sé an gaidhrín uaidh ar an dtalamh. Shiúbhluigh an
-maidirín beagán ar an úrlár. Ansan do thuit sé. D’ iompuigh sé na
-cheithre cosa anáirde. Do croth na cosa ar feadh tamail bhig agus bhí
-an gaidhrín marbh.
-
-D’fheuch Murchadh ar Ghormfhlaith.
-
-“Dheinis láidir ár ndóthin dúinn é!” ar seisean.
-
-Thug sé fé ndeara a lámh aici ’á chur isteach ’n-a brollach. Do phreab
-sé anonn agus do rug sé ar an láimh.
-
-“Ná dein é sin, a Árdrígan!” ar seisean. Is amhlaidh a bhí sgian ’n-a
-brollach aici agus mheas sí Lonán do shádh leis an sgiain.
-
-Nuair a bhí greim ag Murchadh ar a láimh d’ fheuch sí ar Lonán, agus
-ba dhóich leat go sádhfadh sí é le n-a súilibh. An mhuintir a bhí
-láithreach an uair sin agus do chonaic a h-aghaidh agus í ag feuchaint
-ar Lonán, ní miste a rádh ná go bhfeacadar a diabhal coímhdeachta má
-chonaic aoinne riamh é.
-
-“Do dhíolais mé!” ar sise le Lonán.
-
-“Cad é an brígh atá leis an obair seo?” arsa Brian, agus d’fheuch sé ó
-dhuine go duine d’á raibh láithreach.
-
-“Tá, a Árdrígh,” arsa Murchadh, “go bhfuil oiread nímhe sa méid bídh
-atá ar na trí miasaibh beaga san agus mharbhóch’ trí naonbhúir, ní
-áirighim triúr.”
-
-D’fheuch Brian ar Lonán.
-
-“Cad chuige dhuit a leithéid sin de ghníomh a dhéanamh?” ar seisean.
-
-“Níor dhein sé ach an rud a dúbhradh leis a dhéanamh,” arsa Murchadh.
-
-“Ní shaorfadh san i n-aon chor é!” arsa Brian.
-
-“Osgail do bhéal agus inis an fhírinne do’n Árdrígh,” arsa Murchadh le
-Gormfhlaith.
-
-“Osgail-se féin do bhéal,” arsa Gormfhlaith, “agus inis an sgéal go
-léir dó. Is dóich liom gur tu is fearr eólus air.”
-
-“Cad é an ainim atá ort-sa?” arsa Murchadh le Lonán.
-
-“Lonán mac Beathach, a rígh,” arsa Lonán.
-
-“Airiú, an dritháir do Dhonn tu?” arsa Brian.
-
-“Ó! Ó! Ó!” arsa Gormfhlaith.
-
-“Iseadh, a Árdrígh,” arsa Lonán.
-
-“Tar i dtusach an sgéil, a Lonáin,” arsa Murchadh, “agus inis do’n
-Árdrígh é, tríd síos.”
-
-“Déanfad sgéal gairid dé dhuit, a Árdrígh,” arsa Lonán. “Thánag
-abhaile anso go h-Éirinn tar éis sgoileana agus coláistí an domhain do
-shiúbhal, ag cruinniughadh eóluis ar ghearántaibh agus ar thaomaibh an
-duine, agus ar na leighseanaibh is fearr ortha. Ní rabhas abhfad sa
-bhaile nuair a chuir mo dhritháir, Donn, nídh am’ chómhairle.
-
-“‘Táthar ar tí an t-Árdrígh do chur chun báis le nimh,’ ar seisean.
-‘Tá aireachas maith ’á thabhairt dó,’ ar seisean, ‘ach tá sgannra
-orainn go léir le h-eagla go bhfaighfí caoi ar an ngníomh a dhéanamh
-i n-aimhdheóin ár n-aireachais. D’fhéadfá-sa beart a dhéanamh,’ ar
-seisean, ‘a chuirfeadh an t-Árdrígh ó bhaoghal.’
-
-“‘Cé atá ar a thí?’ arsa mise.
-
-“‘Tá Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus a mac, rígh Lochlanach Átha
-Cliath.’
-
-“‘Cad é an tairbhthe a dhéanfaidh a bhás dóibh?’ arsa mise.
-
-“‘Ní sa tairbhthe a dhéanfaidh a bhás dóibh atá an cheist,’ ar
-seisean, ‘ach sa tairbhthe is dóich leó a dhéanfaidh a bhás dóibh. Tá
-Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus Sitric ag obair, fé thalamh agus os
-cionn tailimh, chun geinte críche Lochlan agus críche na h-Ioruaidhe
-do chruinniughadh agus do thabhairt anso go h-Éirinn chun na nGaedhal
-do dhísgiughadh agus Éire bheith acu féin, agus Sitric a bheith i n’
-Árdrígh ar Éirinn. Dá bhfaghadh Brian bás le linn an chruinnighthe
-bheith déanta do thuitfeadh, dar leó, cómhacht Bhriain as a chéile.
-Bhéadh ríghthe Éirean go léir ag marbhughadh a chéile chun teacht ar
-an Árdrígheacht, agus ba ró fhuiriste do chómhacht Lochlanach bualadh
-isteach agus an Árdrígheacht do sgiobadh uatha go léir. Chuige sin,’
-ar seisean, ‘tá Gormfhlaith ag faire feuchaint an bhfaghadh sí caoi
-ar nimh a thabhairt do Bhrian, agus táimíd-ne ag faire uirthi chun
-gan an chaoi a thabhairt di. Thugamair Niamh, inghean Thaidhg Mhóir
-uí Chealla, go Ceann Cora, chun na faire dhéanamh, ach tá Gormfhlaith
-ró ghlic do Niamh. D’á éaghmais sin ní réidhtighean faireachán de’n
-tsórd san le meón ná le h-aigne Niamh. Thugamair fé ndeara go raibh a
-sláinte ag imtheacht uaithi sa n-obair. Tá an aigne ró uasal ag Niamh.
-Do mharbhóchadh faireachán de’n tsórd san í. Díreach nuair a bhíomair i
-gcás ná raibh fhios againn cad ba mhaith dhúinn a dhéanamh shocaruigh
-Brian ar dhul ar a chuaird rígh. An fhaid a bheidh sé ar an gcuaird
-agus Gormfhlaith i gCeann Cora ní’l baoghal air. Ach nuair a bheidh an
-chuaird tabhartha ní fheadar an tsaoghal cad a dhéanfaimíd.’
-
-“‘Inis an sgéal go léir do Bhrian féin,’ arsa mise.
-
-“‘Ní bhéadh aon mhaith ann,’ ar seisean. ‘Ní chreidfeadh sé go
-ndéanfadh sí é, agus ansan is amhlaidh a bhéadh an chontabhairt níba
-mhó.’
-
-“‘Agus cad ’tá agam-sa le déanamh?’ arsa mise.
-
-“‘Éist go cruinn liom,’ ar seisean, ‘agus neósfad duit cad tá agat le
-déanamh. Ní’l Sitric sásta nuair ná fuil an gnó d’á dhéanamh chómh
-tapaidh agus ba mhaith leis é. D’á bhfaghadh sé duine a dhéanfadh an
-gnó níos tapamhla do thabharfadh sé tuarasdal maith dhó as an obair a
-dhéanamh. Imthigh-se go Baile Átha Cliath, ad’ dhochtúir, mar ’dh eadh.
-Leig do Shitric tu dh’fhághail amach. Tuigeadh sé uait, i ndiaigh ar
-ndiaigh, ná fuil aon ghrádh agat do Bhrian. Nuair a thuigfidh sé an
-méid sin measfaidh sé go ndéanfair-se an gnó. Curfar siar go Ceann Cora
-thu. Beidh tú ann nuair a thiocfaidh Brian abhaile. Ceapfar tu chun na
-h-oibre dhéanamh agus geallfar tuarasdal maith dhuit. An fhaid a bheidh
-an gnó ar do láimh-se ní baoghal go gcurfar ar aon láimh eile an gnó.
-Luigh isteach chun na h-oibre chómh maith agus dá mbeitheá dáiríribh.
-Dein gach aon rud díreach mar a déarfar leat é dhéanamh. Tabhair a toil
-féin do Ghormfhlaith. Dein rud uirthi ins gach aon nídh a chuirfidh sí
-os do chómhair. Ansan, nuair a thiocfaidh an t-am ceart chuige féadfair
-sgéidh uirthi.’
-
-“Chuadhas go Baile Átha Cliath. Thuit gach nídh amach díreach mar a
-mheas Donn a thuitfeadh. Is uathbhásach an bhean í!” ar seisean, agus
-d’ fheuch sé anonn ar Ghormfhlaith, mar fheuchfadh duine ar éan éigin
-neamh-choitchianta, nó ar bheithigheach neamh-choitchianta.
-
-D’fheuch sise air, idir an dá shúil.
-
-“Ní foláir a dh’ admháil,” ar sise, “gur dheinis do ghnó go maith.
-Bhuailis bob ar Shitric, agus bhuailis bob ar fhear atá níos géire
-go mór ’ná Sitric. Bhuailis bob ar Amhlaoibh. Mura mbéadh san ní
-bhuailfeá an bob orm-sa mar a bhuailis. Is ábalta an buachail tu,” ar
-sise. “Tháinig amhras am’ aigne cúpla uair go mb’ fhéidir go rabhais
-am’ mhealladh, ach chuiris m’ aigne chun suaimhnis gach uair acu le
-d’ shímplidheacht. Ó, is sleamhain an bioránach tu! Is truagh nách ag
-triall orm féin a tháinís ar dtúis! Ach nuair a tháinís chúgham ó’n
-mbeirt sin cad fhéadfainn a rádh! Cad é an díobháil dom ach Amhlaoibh.”
-
-“Cé h-é Amhlaoibh?” arsa Brian.
-
-Chrom gach aoinne a cheann.
-
-“Nách é sin an t-ógánach úd a thagadh anso aníos ó Inis Cathaigh i
-n-aonfheacht le mac Thaidhg Mhóir uí Chealla?” arsa Brian.
-
-Níor labhair aoinne, ach do las gnúis Mhurchadh.
-
-“Ná neósfaidh aoinne dhom cé h-é an t-óganach úd?” arsa Brian.
-
-“Ní’l ach aoinne amháin anso a dh’fhéadfadh an cheist sin do fhreagairt
-duit, a athair,” arsa Murchadh, agus do labhair sé go h-ana íseal.
-
-D’eirigh Brian ó’n mbórd agus d’ imthigh sé amach gan feuchaint ar
-Ghormfhlaith.
-
-“Coimeádtar ’n-a prísúnach í,” arsa Murchadh le Dúlainn, agus d’imthigh
-sé amach i ndiaigh an Árdrígh.
-
-“Tá cárbat na h-Árdríghna féin ollamh amuich chun bóthair,” arsa
-Lonán. “Bhíomair chun imtheacht ar cos-anáirde go Baile Átha Cliath,”
-ar seisean, “chómh luath agus bhéadh an gníomh déanta,” agus chuir sé
-gáire as.
-
-“Imthigh amach agus inis an méid sin do Mhurchadh,” arsa Dúlainn.
-“Tabharfad-sa aire dhi seo.”
-
-D’imthigh Lonán amach. Bhí Brian agus Murchadh amuich agus iad ag
-siúbhal síos agus suas agus Brian ag caint. D’ airigh sé an t-aon
-fhocal amháin ó Bhrian.
-
-“Ní mac d’ Amhlaoibh é. Tuigim an sgéal go léir anois.”
-
-Chonaic sé Lonán ag teacht ’n-a dtreó.
-
-“A Lonáin, a mhic ó,” ar seisean, “tá comaoine mhór curtha agat orm!
-Chuiris t’anam féin i gcontabhairt ar mo shon.”
-
-“Is suarach le rádh m’anam-sa seachas t’anam-sa anois, a Árdrígh,” arsa
-Lonán. “Ach a leithéid seo, a rígh,” ar seisean le Murchadh. “Tá cárbat
-na h-Árdríghna ollamh chun bóthair. Bhí socair aici ar dhul láithreach
-go h-Áth Cliath agus ar mise bhreith léi. Do crochfaí mé chómh luath
-agus bhéinn thíos dá mbéadh an sgéal aici mar a mheas sí a bhéadh sé.
-Siné tuarasdal a gheóbhainn uatha,” agus chuir sé gáire as.
-
-“Tá san go maith! Tá san go h-ana mhaith!” arsa Brian. “Ní’l aon phioc
-d’á fhios ag aoinne cad ’tá tuitithe amach. Cuir isteach sa chárbat í,
-a Mhurchadh, agus cuir buidhean fear léi síos go Baile Átha Cliath,
-agus fágtar thíos í.”
-
-D’imthigh Brian isteach ’n-a sheómra féin, agus d’imthigh Murchadh agus
-Lonán chun an ruda a dh’ órduigh sé do dhéanamh. Thánadar isteach mar a
-raibh Dúlainn agus Gormfhlaith, agus an gaidhrín marbh.
-
-“Tuigim go bhfuilir ag dul go h-Áth Cliath, a Árdrígan,” arsa Murchadh.
-“Tá do chárbat féin ollamh duit.”
-
-D’éirigh sí, gan labhairt, agus bhuail sí amach i n-aonfheacht
-leis. Tháinig Lonán i n-aonfheacht leis an mbeirt. Thug sé cogar do
-Mhurchadh. Thánadar mar a raibh an cárbat, gabhtha, ollamh chun bóthair.
-
-“Tá an Árdrígan ag dul go h-Áth Cliath, a ghiolla,” arsa Murchadh leis
-an ngiolla. “Tabhair aire mhaith dos na capailibh.”
-
-D’fheuch Murchadh isteach sa chárbat. Chonaic sé bosca beag deas
-istigh ann. Thóg sé amach an bosca.
-
-D’fheuch Gormfhlaith air. D’fheuch seisean uirthi. Níor labhair aoinne
-acu.
-
-Do ghluais an cárbat.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL II.
-
-BREALL AR AN BHFEALL.
-
-
-Nuair a bhí an cárbat ag gluaiseacht bhí beirt bhan uasal sa chárbat
-i n-aonfheacht le Gormfhlaith, beirt d’á mnáibh coímhdeachta, beirt a
-tháinig léi go Ceann Cora nuair a phós Brian í. Bhí Dúlainn agus dírim
-marcach aige chun dul, mar ghárda, i n-aonfheacht leis an gcárbat. Le
-Gormfhlaith féin ab eadh cúigear dos na marcachaibh. Thánadar léi go
-Ceann Cora nuair a bhí sí ag teacht ann. Ní raibh aon phioc d’á fhios
-ag aoinne acu, ná ag aoinne des na mnáibh coímhdeachta, cad a bhí
-tuitithe amach. Choimeád Gormfhlaith an gnó go léir idir í féin agus
-Lonán. Bhí socair aici ar imtheacht láithreach nuair a bhéadh an gníomh
-déanta. Dá mbéadh Brian agus Murchadh agus Dúlainn chómh marbh leis an
-ngaidhrín bhéadh sí féin agus Lonán, agus an méid d’á muintir féin a
-bhí i gCeann Cora, bhéidís leath na slíghe go h-Áth Cliath sar a mbéadh
-teighlach Chinn Cora tagaithe as an sgeón, dar léi. Bhéidís socair,
-ó bhaoghal, i n-Áth Cliath sar a mbéadh teighlach Chinn Cora ábalta
-ar aon tsaghas gnímh a dhéanamh, bhéadh a leithéid sin de mheasgán
-mearaídhe ar an áit agus ar na daoine, dar léi. Ansan d’fhéadfaí Lonán
-a chrochadh agus ní bhéadh fhios ag aoinne beó cé dhein an gníomh.
-Choimeád sí féin agus Lonán an rún chómh maith san ná raibh aon phioc
-d’á fhios ag aoinne ach acu féin go dtí gur sgéidh Lonán, ach amháin
-ag Murchadh, agus ag Caoilte, dritháir Lonáin. An mhuintir a bhí ag
-gluaiseacht i n-aonfheacht leis an gcárbat an uair sin, lasmuich de
-Dhúlainn, ní raibh aon choinne acu ná go mbéidis ag teacht thar n-ais
-airís i n-aonfheacht leis an gcárbat gcéadna, agus an Árdrígan istigh
-ann acu, i gceann beagán aimsire, nuair a bhéadh a cuaird go h-Áth
-Cliath tabhartha aici.
-
-Nuair a druideadh soir ó Cheann Cora chuir Dúlainn beirt des na
-marcachaibh, beirt de mhuintir Ghormfhlaith, uaidh, níba ghéire ’ná mar
-a bhí an chuid eile ag gluaiseacht, agus leitir acu do rígh Lochlanach
-Átha Cliath, ’ghá rádh leis dírim marcach a thabhairt leis agus teacht
-’n-a gcoinnibh chun na h-Árdríghna do thógaint uatha agus í thionnlacan
-an chuid eile de’n tslígh. Ansan do ghluais Dúlainn go réidh i dtreó go
-mbéadh Sitric tamal maith ar an slígh ’n-a gcoinnibh.
-
-An uair a sgar Murchadh leó do thóg sé leis an bosca agus chuaidh sé go
-seómra Bhriain. D’ osgail sé an bosca i láthair Bhriain, agus thóg sé
-rud amach as agus chuir sé ar an mbórd é.
-
-“Cad chuige gur tugadh an chailís sin aníos ó’n mainistir, a
-Mhurchadh?” arsa Brian.
-
-D’inis Murchadh cúrsaí na cailíse dó ó thusach go deire. Níor labhair
-Brian aon fhocal amach as a bhéal an fhaid a bhí Murchadh ag innsint an
-sgéil dó.
-
-“Bhí fhios againn,” arsa Murchadh, ag críochnughadh an sgéil, “gur
-anso bhí an chailís agus cé r’ bh’é an bitheamhnach. D’inis Caoilte
-do Lonán an sgéal. Ní raibh Lonán abhfad anso nuair a fuair sé amach
-gur sa bhosca san a bhí an chailís. Bhí socair aici, nuair a bhéimís
-go léir sínte chómh marbh leis an ngaidhrín, an bosca bhreith léi. Bhí
-sé aici anois sa chárbat. Chonaic Lonán é agus thug sé an cogar dom.
-Thógas an bosca os cómhair a súl. Níor dhein sí ach feuchaint orm. Níor
-labhair sí focal. Labharfaidh an coileán úd léi nuair a raghaidh sí
-síos ag triall air féin agus ar an gcoileán eile.”
-
-“Is fearr,” arsa Brian, “an chailís do chur síos airís go mainistir
-Ínse Cathaigh, mar a raibh sí cheana. I n-onóir do Sheanán iseadh
-thugas do’n mhainistir í. Cuir síos ann airís í, a Mhurchadh. Agus
-feuch. Is ceart a dh’innsint do Mheargach gur fuaradh í. Beidh áthas
-air. Ní deirim ná go bhfeuchfaidh sé roimis sar a ndéanfaidh sé
-macshamhail eochrach airís, an fear bocht! Is dóich liom, leis, go
-dtabharfaidh Colla aireachas níos fearr di féin agus do gach aon
-chailís eile d’á bhfuil aige.”
-
-Do cuireadh síos an chailís go dtí an mhainistir. Ní miste a rádh ná
-go raibh áthas ar Cholla. Do h-innseadh an sgéal do Mheargach. Bhí
-áthas air. Bhí seirbhthean, leis, air, chuige féin. Níor bh’ fhuiriste
-a bhreithniughadh, ámhthach, cé ’cu ag an áthas nó ag an seirbhthean a
-bhí an lámh-uachtair i n’ aigne.
-
-Do h-osgaladh an córtha láidir sa n-érdam agus do tógadh amach as an
-bosca iarainn a bhí folamh. Do cuireadh an chailís dhaor isteach airís
-sa bhosca bheag iarainn sin, mar a raibh sí cheana, sar a dtáinig an
-t-ógánach Lochlanach úd, an t-ógánach breagh dathamhail úd, a bhí chómh
-naomhtha, chómh séimh, chómh grianach, chómh gealgháiriteach, chómh
-h-osgailte ’n-a mheón, gur dhóich le duine ná raibh ’n-a chroídhe ar
-fad ach fírinne agus dílse. Dhein Meargach glas eile agus eochair eile
-do’n bhosca, agus ní baoghal gur dhein sé macshamhail do’n eochair sin.
-
-Ní bhfuair Art mac Duibh amach riamh go raibh sé ar feadh tamail i
-n-a leithéid de chontabhairt. Ní bhfuair na manaigh amach, ó’n lá a
-cuireadh an chailís sa bhosca san ar dtúis go dtí an lá a cuireadh iad
-féin as an oileán, go raibh an bosca folamh ar feadh tamail agus an
-chailís dhaor imthighthe.
-
-Tháinig an Legáid céadna airís, tar éis suim blianta. B’ í céad cheist
-a chuir sé ar Cholla, chómh luath agus d’fhéad sé labhairt a gan fhios
-leis, ’ná, “An bhfuaradh an chailís?”
-
-Do taisbeánadh dó í. Bhí áthas mór air. Do h-innseadh an sgéal go léir
-dó; conus a ghuid Amhlaoibh an chailís; conus a cuireadh Niamh ag faire
-ar Ghormfhlaith le h-eagla go dtabharfadh sí nímh do Bhrian; conus ab
-éigean Niamh a thógaint as an obair sin mar go raibh Gormfhlaith ’ghá
-cur chun báis le neart soilbhris agus cuideachtanais agus gealgháirí.
-Ansan do h-innseadh dó conus a h-imireadh an cleas ar Ghormfhlaith;
-conus a cuireadh Lonán chúichi ag cabhrughadh léi, mar dh’eadh, chun
-an ghnímh a dhéanamh, agus conus mar a bhí Brian ó bhaoghal ar fad an
-fhaid a bhí an cabhrughadh san ar siúbhal, agus cad é an deire a bhí
-ar an gcabhrughadh. Do gháireadh an Legáid airís agus airís eile nuair
-a chuimhnigheadh sé ar an gcuma na mbíodh an bheirt, Gormfhlaith agus
-Lonán, ag déanamh a ngnótha chómh disgréideach, agus an disgréid go
-léir ag Lonán ’á thabhairt do Mhurchadh i gcaitheamh na h-aimsire.
-
-“Ó!” a deireadh sé, “do tugadh a srian féin dí ar áilleacht an domhain!
-An bhean bhocht!”
-
-Do shrois an bheirt mharcach an chathair. Thánadar go dorus
-ríghtheighlaigh an rígh. Do rugadh an leitir isteach. Do léigh Sitric
-í. Bhí Amhlaoibh ann. Bhí an bheirt ag faire agus ag feitheamh.
-Bhíodar ag brath, i n-aghaidh gach neómait, ar sgéal uathbhásach a
-dh’aireachtaint ó Cheann Cora. Nuair a tháinig an leitir bhí an bheirt
-deimhnightheach go raibh an sgéal a bhí uatha sa leitir. Ní raibh aon
-nídh iongantach sa leitir. Leitir ó Dhúlainn ab eadh í ’ghá innsint go
-raibh an Árdrígan ag teacht agus ’ghá iaraidh ar an rígh, ar Shitric,
-dul ’n-a coinnibh chun í thionnlacan go h-Áth Cliath. Tháinig an bheirt
-amach mar a raibh an dá mharcach. D’fheuchadar ortha, agus d’fheuchadar
-ar a chéile.
-
-“Cad é an sgéal ó Cheann Cora agaibh é, a fheara?” arsa Sitric.
-
-“Mar ba ghnáth, a rígh. Níor thugamair aon nuacht linn,” arsa duine
-de’n bheirt.
-
-“Conus tá an t-Árdrígh?” arsa Sitric.
-
-“Go h-ana mhaith, a rígh,” arsa’n fear a labhair.
-
-“Agus an Ríghdhamhna, conus tá sé?” arsa Sitric.
-
-“Go h-áluinn, a rígh,” arsa’n fear.
-
-“Agus Dúlainn, conus tá sé?” arsa Sitric.
-
-“Tá sé go maith, a rígh,” arsa’n fear. “Is fé n-a láimh atá na fir atá
-ag tionnlacan na h-Árdríghna,” ar seisean.
-
-“Tá go maith,” arsa Sitric. “Téidhigh-se isteach go gcurfar cóir
-oraibh. Ní iarfar oraibh dul chun bóthair airís indiu.”
-
-“Gura maith ag bhúr Soillse!” arsa’n fear, agus d’imthigh an bheirt.
-
-“Cad deirir leis an sgéal?” arsa Sitric le h-Amhlaoibh.
-
-“Ní féidir liom tón ná ceann a dh’fhághail air!” arsa Amhlaoibh.
-
-D’imthigh Sitric agus chuir sé dírim marcach ar bóthar, agus ghluais
-sé chun siúbhail. Níor fhéad sé gan gluaiseacht ana ghéar. Chonaic an
-dírim eile chúcha é abhfad sar ar mheasadar a chífidís é. D’úmhluighdar
-d’á chéile mar ba chóir. Thug Dúlainn an Árdrígan suas d’á mac, agus
-d’iompuigh sé féin agus a chualacht abhaile. Níor bh’ fhada go raibh
-an chualacht eile sa chathair. Focal amach as a béal níor labhair
-Gormfhlaith go dtí go raibh an triúr i bhfochair a chéile istigh agus
-gan aoinne ann ach iad. Ansan do labhair sí agus níor mhaith leat
-bheith ag éisteacht léi.
-
-“Seadh!” ar sise, “dheineabhair go deas é! Ní miste gnó thabhairt do
-bheirt agaibh le déanamh!”
-
-“Cad a dheineamair, a mháthair?” arsa Sitric.
-
-“Inis an méid seo dhom,” ar sise. “Cá bhfuarais Lonán? Nó an bhfuil
-fhios agat cé h-é?”
-
-“Liagh tuisgionach iseadh é,” arsa Sitric. “Tá an t-eólus a dh’oir duit
-aige. Do shiúbhluigh sé chuige. Cad é sin dúinne cé h-é, ach, mar a
-dúbhart leat, é chrochadh chómh luath agus bhéadh an obair déanta.”
-
-Bhí sí ag feuchaint ó dhuine go duine acu an fhaid a bhí sé ag caint.
-
-“Ó,” ar sise, “is deacair do dhuine foidhneamh le n-bhúr leithéidí de
-bheirt amadán! Dritháir do Chaoilte iseadh é.” (Do léim an bheirt ’n-a
-seasamh.) “Tháinig sé anso chúghaibh-se ’ghá leigint air go raibh fuath
-aige do Bhrian. Chuireabhair-se ag triall orm-sa é, an rud a bhí uaidh.
-Bhí iontaoibh agam-sa as mar gheall ar é theacht chúgham uaibh-se. D’
-oibríghmair araon a’ láimh a chéile. Níor chuireamair cor dínn nár inis
-sé do Mhurchadh chómh luath agus chuireamair dínn é. Díreach nuair a
-bhí an obair nách mór déanta do sgéidh sé. Chuir sé na trí miasa nímhe
-os cómhair an trír. Tharaing Murchadh chuige na trí miasa sar a raibh
-uain ar aoinne de’n bheirt eile ar an mbia do bhlaiseadh. Thug Murchadh
-blúire de’n bhia dom’ ghaidhrín. Thuit an gaidhrín marbh os cómhair ár
-súl go léir. Ansan d’inis Lonán dóibh cé r’ bh’ é agus cad é an bob a
-bhí buailte aige orm-sa. Ní féidir liom gan uraim a bheith agam dó.
-Chosain sé Brian orm chómh h-áluinn agus do cosanadh aoinne riamh.
-Conus fhéadfainn-se aon bheart eile tharang chúgham an fhaid a bhí an
-iontaoibh agam a’ Lonán agus sinn ag oibriughadh a’ láimh a chéile!
-Níor bh’fhéidir an gníomh a dhéanamh gan sinn araon ’á dhéanamh. Níor
-bhaoghal do Bhrian an fhaid a bhí lámh Lonáin sa ghníomh, nídh nách
-iongnadh. Ní bhéadh a lámh sa ghníomh mura mbéadh é theacht chúgham
-uaibh-se. Ó, táid siad go léir ag cur a n-anam amach ag gáirí umainn
-agus ag magadh fúinn! Agus gan amhras tá a chúis acu.”
-
-Chomáin sí léi ag caint. Níor labhair aoinne de’n bheirt eile go ceann
-abhfad. Ar ball do labhair Amhlaoibh.
-
-“Ar thugais leat an chailís?” ar seisean.
-
-“Níor thugas!” ar sise. “Bhí sí agam sa chárbat agus mé ag fágaint na
-h-áite. Chonac Lonán, an ropaire! ag cogarnaigh le Murchadh. Tháinig
-Murchadh chúgham anall agus thóg sé leis an bosca ’n-a raibh an
-chailís. Ó, dheineabhair an gnó go h-áluinn ar fad nuair a chuireabhair
-Lonán chúgham! Dá mb’áil leis teacht ar aon chuma eile chúgham ach
-uaibh-se! Is gasta a dhein sé é. Go deimhin ní féidir liom gan uraim a
-bheith agam dó.”
-
-D’iompuigh dath dubh ar ghnúis Amhlaoibh nuair a fuair sé go raibh an
-chailís imthighthe.
-
-“Dá mb’áil liom-sa,” ar seisean, “a mhalairt de chúram a chur ar Fhear
-na gCos nuair a bhí an chaoi agam air!”
-
-“Eist, a Amhlaoibh,” arsa Sitric. “Ní fiú biorán a’s an gnó go
-léir. Tá ár máthair anso againn beó. Is iongantach an sgéal iad ’ghá
-leigint uatha chómh bog. Beidh caoi airís agat ar shocarughadh le Fear
-na gCos uair éigin. Tá ár neart ollamh ins gach aon bhall. Ba mhór
-go léir an tairbhthe dhúinn neart Gaedhal a bheith gan cheann, dá
-n-eirigheadh linn. Ach tá sé ana aosta. Is cuma nó bheith gan cheann
-dóibh an ceann a bheith chómh h-aosta. Ná h-abraimís a thuille mar
-gheall ar Lonán ná ar a ghnó. Ní dóich liom go bhfuil puínn d’á fhios
-ag aoinne go raibh an gnó ar siúbhal. Tugaimís aghaidh ar an obair
-atá rómhainn. Comáinimís teachtairí mór-thímpal ’ghá rádh le n-ár
-neart cruinniughadh, gan a thuille ríghnis, sa chuan so amuich; go
-bhfuil gach aon rud ollamh. Tá Maolmórdha ar dearg-bhuile, a mháthair.
-Dheinis an méid sin go maith. Tá néal chun cogaidh i Lochlanachaibh
-na h-Éirean, agus is ag triall ar rígh Laighean atáid siad ag teacht.
-Buadhfaimíd fós ar Bhrian agus ar Chlainn Chais!”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL III.
-
-AN DÁ LONÁN.
-
-
-Chómh luath agus bhí an cogar tabhartha ag Lonán do Mhurchadh agus
-an bosca tógtha ag Murchadh as an gcárbat, d’imthigh Lonán isteach
-chun an tseómra a bhí aige sa ríghtheighlach ó tháinig sé ann ’n-a
-dhochtúir, agus ’n-a stíobhard ar gach córughadh bídh d’á mbéadh le
-déanamh ann. Ní fheacaidh aoinne riamh ó shin an Lonán céadna ag teacht
-amach as an seómra san. Tháinig fear amach as an seómra, ach níor bh’
-é an Lonán céadna é, dar le h-aoinne a chonaic an Lonán a chuaidh
-isteach, agus ansan, an Lonán a tháinig amach. Bhí folt odhar, ag
-tuitim siar síos ar a shlinneánaibh, ar an Lonán a chuaidh isteach.
-Bhí folt breagh fionn-ruadh, ag tuitim siar síos ar a shlinneánaibh,
-ar an Lonán a tháinig amach. Bhí féasóg fhada liath-ghorm ar an Lonán
-a chuaidh isteach. Bhí féasóg ruadh ná raibh ró fhada, ar an Lonán a
-tháinig amach. Firín beag agus ceann mór air ab eadh an Lonán a chuaidh
-isteach. Níor bh’ fhear ró mhór an Lonán a tháinig amach, ach bhí an
-ceann tar éis dul i luighead, agus ansan níor fheuch an fear chómh beag
-agus d’fheuch sé fé’n gceann mór. Bhí na fáibrí imthighthe as an éadan,
-ach bhí an t-éadan leathan go maith agus árd go maith ag an Lonán a
-tháinig amach, díreach mar a bhí ag an Lonán a chuaidh isteach. Bhí
-an Lonán a chuaidh isteach trí fichid, mura raibh sé os a chionn. Ní
-raibh an Lonán a tháinig amach aon lá os cionn seacht mbliana fichid.
-Dá bhfeiceadh Amhlaoibh, nó Sitric, nó Gormfhlaith, an Lonán a tháinig
-amach thabharfaidís an leabhar ná feacadar riamh é. D’á bhrígh sin
-níor ghádh do’n Lonán a tháinig amach puínn eagla bheith aige roimis
-an gcaint a bhí ar siúbhal idir an dtriúr, istigh i ríghtheighlach
-Shitric i n-Áth Cliath, nuair a bhíodar ’ghá mhaoidheamh agus ’ghá
-dhearbhughadh go ndéanfaidís so ’s súd leis an Lonán a bhuail an bob
-ortha, chómh luath agus gheóbhdís greim air.
-
-Isiad a bhí go loisgithe sgólta ’n-a gcroídhe agus ’n-a n-aigne, ag
-cuimhneamh ar an gcuma ’n-ar bhuail sé an bob san ortha, díreach nuair
-a mheasadar gur bh’ iad féin a bhí ’á bhualadh air-sean go h-áluinn.
-Bhí Caoilte i gCeann Cora an uair chéadna agus is ’mó gáire maith a bhí
-aige féin agus ag Lonán agus ag Murchadh agus Lonán ag seanachus do’n
-bheirt eile ar an gcuma ’na mbíodh sé féin agus Gormfhlaith ag toghadh
-na luibhneacha agus ag áireamh na gcómhacht a bhí ionta.
-
-“Tá an méid seo agam le radh, ámhthach,” arsa Lonán leis an mbeirt.
-“Tríd an obair go léir ní mise do chúm ná do cheap ná do bheartuigh ná
-do thusnuigh aon droch nídh. Í féin a thusnuigheadh gach aon rud. Níor
-thugas di aon bhlúire droch eóluis ná raibh aici cheana. Nuair a bhí an
-bia againn d’á ollamhughadh chun an ghnímh a dhéanamh, níor dheineas
-ach gach aon rud do shocarughadh agus do chórughadh díreach mar a
-dh’órduigh sí dhom é dhéanamh.”
-
-“Tá fhios agam-sa aon rud amháin a dheinis, a bhitheamhnaigh, agus níor
-órduigh sí dhuit é dhéanamh,” arsa Murchadh.
-
-“Cad é an rud é sin, a rígh?” arsa Lonán agus iongnadh ag teacht air.
-
-“Níor órduigh sí dhuit an bhagairt úd a dhéanamh orm-sa,” arsa Murchadh.
-
-“Ó!” arsa Lonán. “Is fíor dhuit, a rígh,” agus gháireadar, mar do
-baineadh iaracht de gheit a’ Lonán.
-
-“Tá aon nídh amháin sa sgéal agus ní ró mhaith a thaithnean sé liom,”
-arsa Caoilte.
-
-“Cad é an rud é?” arsa Murchadh.
-
-“Tá Gormfhlaith i n-Áth Cliath,” ar seisean, “agus tá cead a cos aici,
-agus cead a cinn, agus cead a béil. Is truagh nár coimeádadh anso
-í. Déanfaidh an bhean san díobháil dúinn. Tá sí ar dearg bhuile mar
-gheall ar an gcuma ’n-a bhfuil stáicín áiféis déanta dhi os cómhair
-an domhain. Ní chuirfeadh sé blúire iongnadh orm d’á dtéidheadh sí
-féin, do shiúbhal a cos dá mb’ fhéidir é, soir chun cainte le rígh
-Lochlan, agus as san óthuaidh chun cainte le rígh na h-Ioruaidhe,
-agus mór-thímpal chun gach rígh agus chun gach tíre ’n-ar dhóich léi
-go bhfaghadh sí a bheag nó a mhór d’ aon rud i bhfuirm nirt slógh le
-tabhairt léi chun díoltais a dhéanamh ar Árdrígh Éirean agus orainn go
-léir. Daoine ná cuimhneóch’ i n-aon chor ar theacht meallfaidh sí léi
-iad agus tiocfaid siad. Is mór an truagh nár coimeádadh anso í!”
-
-“Tá an ceart agat sa méid sin, a Chaoilte,” arsa Murchadh. “Dúbhart
-féin leis an Árdrígh gur í choimeád anso ba cheart. Ní dhéanfadh. Ba
-lag leis é. Ní’l againn ach aon ghnó amháin a dhéanamh de pé neart a
-thiocfaidh. D’á mhéid a thiocfaidh díobh, má thugaimíd Gleann Mháma an
-tarna h-uair dóibh, rud a thabharfaimíd, iseadh is lúgha is baoghal iad
-do theacht go deó airís chúghainn. Táid siad fada a ndóthin ag teacht.
-Is mithid deire chur le n-a gcuardaibh. Ní raibh fir Éirean riamh chómh
-ceapaithe ar dheire chur le cómhacht Lochlan agus atáid siad anois. Ach
-ní h-ag caint is ceart dúinn a bheith. Téanaíg. Tá caint ag an Árdrígh
-le déanamh liom-sa agus le beirt agaibh-se.”
-
-Chuadar i láthair an Árdrígh. Bhí a lán eile des na giollaíbh turais
-cruinnighthe rómpa ann. Bhí Maolshuathain ann agus leitireacha aige
-’á sgrí’ chómh tiugh agus d’ fhéadadh sé an cleite chomáint. Fé mar a
-bhíodh gach leitir sgríobhtha aige chuireadh Brian a ainim thíos léi,
-agus do tugtí do dhuine des na giollaíbh turais í agus chuireadh sé sin
-an talamh dé.
-
-Ag triall ar na ríghthibh agus ar na taoiseachaibh a bhí cuid des na
-leitireachaibh ag dul: Sidé bunús na cainte a bhí ionta san:--
-
- “A rígh onóraigh,
-
- “Tá an lá buailte linn. Ní fios cad é an neómat a
- thiocfaidh sgéala chúghainn ’ghá innsint dúinn loingeas
- rígh Lochlan agus loingeas rígh na h-Ioruaidhe agus
- loingeas Shíguird, rígh Ínsí h-Orc, a bheith i gcuan
- Átha Cliath. Ní h-alaidh dhúinn gan bheith ollamh dóibh.
- Cruinnigh do neart, a rígh, agus tabhair aghaidh ar Chill
- Mhaighneann. Ní bheidh aon uaigneas ort ar an slígh. Beid
- fir Éirean ’n-a míltibh ag bualadh umat. Tá socair againn
- go léir i n-ár n-aigne gan teacht abhaile beó nó teacht
- abhaile le buadh. Abair le gach fear d’á bhfuil agat gur
- fearr go mór bás d’fhághail i gcath ’ná luighe fé smacht
- Lochlanach anois.
-
- “Mise Brian.”
-
-Bhí cuid des na leitireachaibh ag dul ag triall ar easbogaibh agus ar
-shagartaibh agus ar mhainistreachaibh. Seo bunús na cainte a bhí ionta
-san:--
-
- “A Thighearna Easboig,
-
- “Cuir do ghuidhe suas chun Dé ar ár son chómh dian chómh
- díchealach agus chuiris guidhe suas chun Dé riamh. Tá
- an lá cruaidh buailte linn fé dheire. Tá ár namhaid ag
- cruinniughadh chúghainn as an uile áird. Má bheirean an
- namhaid seo buadh anois orainn tá deire linn; tá deire le
- sliocht Gaedhal i n-Éirinn agus tá deire leis an gCreideamh
- a thug Pádraig chúghainn tré ghrásta Dé. Cuir féin do
- ghuidhe suas chun Dé ’ghá iaraidh ar Dhia gan an buadh
- thabhairt do’n namhaid. Iar ar na pobalaibh go léir a
- nguidhe chur suas chun Dé ar an íntinn gcéadna. ‘Éistean
- Dia le guidhe na ndaoine.’
-
- “Brian.”
-
-Chómh luath agus fuair gach rígh agus gach taoiseach a leitir do
-thusnuighdar ar na fir do chruinniughadh. Do thuig na daoine go léir
-an focal úd, “gur fearr go mór bás d’ fhághail i gcath ’ná luighe fé
-smacht Lochlanach anois.” Thuig gach aoinne gur bh’ fhearr an fharaige
-do theacht isteach ar Éirinn agus gan aon Chríostaidhe dh’ fhanmhaint
-beó ar an oileán ’ná sliocht Gaedhal do luighe fé smacht na Lochlanach
-an uair sin. D’á bhrígh sin, na mná agus na seandaoine a bhí ag
-fanmhaint sa bhaile níor dheineadar buairt ná gol ná ologón. Má bhí an
-bhuairt ortha, agus is dócha go raibh, níor thaisbeánadar puínn dé.
-
-Na mná a bhí pósta agus go raibh cúram clainne ortha d’fhanadar sa
-bhaile, ach má fhanadar níor airigh aoinne osna ó aoinne acu, ná ní
-fheacaidh aoinne deóir le n-a súil. Is dócha gur shileadar a ndóthin
-díobh nuair ná raibh aoinne ag feuchaint ortha. Níor fhan na cailíní
-óga sa bhaile. Chuadar i n-aonfheacht le n-a ndrithárachaibh chun bídh
-a dh’ ollamhughadh dhóibh ar an slígh agus chun éadaigh a níghe dhóibh
-nuair ba ghádh é, agus chun banaltranais a dhéanamh ortha tar éis an
-chatha dá mbéadh gádh acu leis. Bhí mná na nGaedhal go léir, óg agus
-críona, ana thuisgionach sa n-obair sin.
-
-Chómh luath agus fuair na h-easboig agus na sagairt agus na h-abbana
-ins na mainistreachaibh na leitireacha, do cuireadh an guidhe ar
-siúbhal ins gach aon bhall láithreach. Bhí na h-Aifrinní ins na
-h-eaglaisibh gach maidion ar an íntinn sin Bhriain agus na pobuil
-ag guidhe ar an íntinn gcéadna, agus na manaigh ag guidhe ins na
-mainistreachaibh, ní h-amháin sa lá ach i gcaitheamh na h-oídhche
-leis. Chaithidís an oídhche i láthair na h-Altórach ’ghá iaraidh ar
-an Slánuightheóir, tré ímpídhe na Maighdine Muire agus tré ímpídhe
-Phádraig agus Bhríghde agus Cholum Cille, gan an buadh thabhairt dos na
-Lochlanaigh sa chath uathbhásach a bhí ag theacht. Ní miste a rádh ná
-gur dheineadar a nguidhe go dúrthachtach, mar bhí fhios acu go dian
-mhaith cad a bhí le h-imtheacht ortha féin agus ar na mainistreachaibh
-dá mbeireadh na Lochlanaigh buadh. Bhíodar go léir ollamh, gan amhras,
-ar bhás a dh’fhulang ar son an Chreidimh, ach bhí fhios acu, dá
-mbeireadh na Lochlanaigh buadh an chatha san a bhí ag teacht an uair
-sin, go gcuirfidís an Creideamh féin ar neamhnídh i dteannta na ndaoine
-do chur chun báis. D’á bhrígh sin do leanadar ag guidhe go cruaidh, do
-ló agus d’ oídhche, agus ag déanamh trosgaidh go dian, an fhaid a lean
-an chontabhairt.
-
-Níor bh’ fhada go bhfeacathas ag gluaiseacht na bóithre soir óthuaidh,
-ó gach aon pháirt de’n Mhúmhain, mar a bhéadh sochraidí móra fada,
-na fir chródha, fir bhreaghtha óga láidire, fir go raibh socair ’n-a
-n-aigne acu gan teacht thar n-ais beó ó’n gcogadh dá mbéadh buadh
-ag Lochlanaigh. Ag machtnamh ar an nídh sin dóibh shocaruighdar
-’n-a n-aigne ná tiocfaidís thar n-ais beó pé taobh a bhuadfadh.
-Shocaruighdar ’n-a n-aigne d’á luighead eagla bhéadh acu roimis an mbás
-gur bh’ eadh b’fhearr a dhéanfaidís an troid agus gur bh’eadh ba mhó an
-t-éirleach a dhéanfaidís ar na Lochlanaigh, agus, as san, gur bh’eadh
-ba dhóichígh-de an buadh bheith ag Gaedhlaibh agus an cath do bhriseadh
-ar na Lochlanaigh. Chuaidh an socarughadh san ’n-a luighe chómh
-daingean san ar a n-aigne gur ghnáth eatartha, ’n-a gcómhrádh, agus gan
-acu ’á dhéanamh dé ach cúis gháire, an focal, “Pé duine thiocfaidh thar
-n-ais ná ná tiocfaidh, ní thiocfad-sa thar n-ais.”
-
-“Siní an chaint! Ní chun teacht thar n-ais atáimíd ag dul sa chath so!”
-a déarfadh duine eile.
-
-“Caithfead bás a dh’fhághail uair éigin. Ní thiocfaidh uair choídhche a
-bheidh níos fearr ar gach aon tsaghas cuma chun báis a dh’fhághail ’ná
-an uair a chífead na bitheamhnaigh ar m’ aghaidh amach agus an t-arm
-am’ láimh!” adéarfadh an trímhadh duine.
-
-“Agus d’á éaghmuis sin,” adéarfadh an ceathramhadh duine, “is bás ar
-son an Chreidimh é, agus an t-é a dh’fhuiling eóchaidh bás ar son an
-Chreidimh raghaidh a anam suas láithreach go h-aoibhneas na bhFlathas!
-Dá dtagainn thar n-ais agus maireachtaint fiche bliain eile, b’fhéidir
-nár ró mhór an deimhne a bhéadh agam air sin. Déanfaid na Lochlanaigh a
-ngnó go h-olc nó ní thiocfaidh aon chos díom-sa thar n-ais.”
-
-Siné saghas cainte a bhíodh ar siúbhal acu agus iad ag gluaiseacht na
-bóithre soir óthuaidh ’n-a sochraidíbh móra fada. Bhíodh na seandaoine
-ar na cnucánaibh ag feuchaint ortha ag gluaiseacht, agus do lasadh a
-gcuid fola le dásacht, agus, “Ó!” adeiridís, “Nách truagh gan mé óg
-airís!” Chídís na fir agus na gathana breaghtha fada ’n-a lámhaibh acu
-agus reana glasa, cruadha, géara na ngathana san ag taithneamh agus ag
-spréacharnaigh sa ghréin, agus na tuaghana ar ghuaillibh na bhfear,
-agus na bratacha ar a gcrannaibh i dtusach gach buidhne, ag luasgadh
-sa ghaoith; agus gach buidhean ag gluaiseacht go breagh, réidh,
-stuamdha, cos le cois, guala le gualainn, agus an bhuidhean ag casadh
-fé mar a chasadh an bóthar agus ag díriughadh nuair a dhírigheadh
-an bóthar. Chíodh na seandaoine ar na cnucánaibh an obair go léir,
-agus do ghluaiseadh an tsean’fhuil trés na sean fhéitheachaibh, ’n-a
-caisíbh teine, agus thagadh luas croídhe ar na seandaoinibh, agus, “Ó!”
-adeiridís, “Nách truagh chráidhte gan mé óg airís!”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL IV.
-
-OSPAC I n-INIS CATHAIGH.
-
-
-Ag triall ar na ríghthibh ba shia ódheas iseadh do cuireadh an chéad
-cuid des na leitireachaibh, ó b’iad ba shia ó áit an choinne. Ansan
-do cuireadh iad ag triall ar ríghthibh Conacht; ag triall ar na
-dúnaibh; ag triall ar rígh na nDéise, agus mar sin. Chuaidh Lonán ó
-dheas go Ciarraighe Luachra, ag triall ar a athair, Mac Beathach.
-Chuaidh Caoilte siar go h-Uíbh Máine agus leitir aige do Thadhg Mhór ua
-Chealla. Ní raibh puínn gádh le leitir a chur ag triall ar Thadhg. Bhí
-an méid nirt a bhí acu gleusta, ollamh chun bóthair aige féin agus agá
-mhac. Bhí ráflaí ar siúbhal ann ar conus mar ba dhóbair go gcurtí Brian
-agus Murchadh chun báis le nimh, agus gur bh’í an Árdrígan a mheas
-an gníomh a dhéanamh ach gur chaill an feartíghis uirthi nuair a bhí
-gach aon rud ollamh aici. Ansan gur mhairbh sí an feartíghis agus gur
-imthigh sí síos go h-Áth Cliath ag triall ar a mac, Sitric.
-
-Thug Caoilte an sgéal ’n-a cheart dóibh. Nuair a tugadh dóibh an sgéal
-’n-a cheart dúbhradar go léir an focal céadna adúbhairt Caoilte féin,
-gur mhór an truagh nár coimeádadh an Árdrígan ’n-a prísúnach.
-
-Nuair airigh Niamh an sgéal ’n-a cheart, “Ó!” ar sise, “ní’l aon teóra
-libh! Ní’l aon teóra leat, a Chaoilte,” ar sise, “agus cuimhneamh ar a
-leithéid de chleas.”
-
-“Mura mbéadh Lonán a bheith agam ní chuimhneóchainn air, a rígan,” arsa
-Caoilte. “Dheineamair dochtúir iasachta de Lonán i dtreó nár aithin a
-athair féin é, ná a mháthair, nuair a bhí sé socair againn. Ní raibh
-aon bhaoghal go dteipfeadh an t-eólus air mar is ag foghluim chun
-bheith ’n-a dhochtúir atá a shaoghal go dtí so caithte aige. Dhein sé
-a ghnó go h-áluinn. Dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin dhéanfá
-an gháire sin dá mbeitheá ag éisteacht leis ’ghá innsint conus a chaith
-sé féin agus Gormfhlaith an aimsir, ag piocadh luibhneacha agus ’ghá
-mbreithniughadh.”
-
-I lár a gcod’ cainte dhóibh, siúd chúcha isteach teachtaire ainíos ó
-Inis Cathaigh.
-
-“Ó! a ríghthe,” ar seisean, “tá an fharaige go léir, ó Inis Cathaigh
-amach go Léim Chúchulainn, lán de loingeas iasachta. Is dócha go bhfuil
-an mhainistir tré theine um an dtaca so agus na manaigh go léir marbh!”
-agus chas sé an dá ologón déag agus é ag greadadh a dhá bhas.
-
-Siúd gach aoinne ’ghá cheistiughadh:--
-
-“Cathin a thánadar?”
-
-“Cad iad na loingeas iad?”
-
-“Ar labhair aoinne leó?”
-
-“An bhfeacaís féin iad?”
-
-“Cá bh’fhios duit an loingeas namhad iad?”
-
-Ní raibh uain aige ar aon fhreagra thabhairt ar na ceisteanaibh nuair
-siúd isteach teachtaire eile.
-
-“Eist do bhéal, a amadáin!” arsa’n tarna teachtaire. “Is tu dhein an
-fothram gan ghádh gan riachtanas! Táid na loingeas ann, a ríghthe,” ar
-seisean, “ach ní loingeas namhad iad. Is loingeas carad iad. Ospac
-is ainim do’n rígh atá ortha. Tháinig sé isteach chun na mainistreach
-i mbád, agus do labhair sé le Colla agus d’inis sé dhó cad a thug
-é agus gach aon rud. Tá an chabhlach loingeas ansúd mór-thímpal an
-oileáin agus tá Ospac agus Colla imthighthe soir go Ceann Cora chun
-labhartha leis an Árdrígh. Deir na fir atá ar na loingeas go bhfuil
-cabhlach eile ag Bruadar. Bhí an dá rígh (beirt dritás iseadh iad)
-muinteartha go maith le n-a chéile ar feadh tamail, go dtí gur thoiligh
-Bruadar chun an chogaidh seo atá dh’á dhéanamh i gcoinnibh Bhriain.
-Do thuig Ospac i n-a aigne gur bh’ éagcóir an cogadh agus dhiúltuigh
-sé d’ aon lámh a bheith aige ann. Bhí loingeas Ospaic agus loingeas
-Bhruadair istigh i n-aon chuan amháin lastuaidh i n-áit éigin. Do
-leath Bruadar a loingeas féin ar bhéal an chuain chun gan loingeas
-Ospaic do leigint amach. Cheangail sé a loingeas féin d’á chéile le
-téadaibh móra láidire agus cheangail sé long acu de’n talamh tirim ar
-gach taobh. Níor leig Ospac air gur thug sé fé ndeara an gníomh san.
-Nuair a tháinig an oídhche agus bhí Bruadar agus a mháirnéalaigh ’n-a
-gcodla, chuir Ospac a loingeas go léir i ndiaigh chéile i n-aon líne
-amháin agus d’ órduigh sé gan aon tsolus do lasadh ar aon loing acu.
-Ansan do bhog sé chun gluaiste iad i ndiaigh chéile, i dtreó na h-áite
-’n-a raibh long na láimhe deise de loingeas Bhruadair ceangailte de’n
-talamh tirim. Chuaidh fuirean i mbád agus do ghearadar an téad gan aon
-fhothram a dhéanamh. Ansan do shleamhnuigh na loingeas go léir amach.
-Nuair a tháinig solus na maidine chonaic Bruadar an cuan laistigh dé
-folamh, agus loingeas Ospaic abhfad amach ar an bhfaraige agus iad ag
-imtheacht siar ódheas fé lán a seól. Thánadar anso go dtí an linn seo
-Luimnighe chun a dh’ innsint do Bhrian cad a bhí chuige, agus chun pé
-cabhair a bhéadh ar a gcumas do thabhairt dó. Dá mb’ áil leat-sa,” ar
-seisean leis an gcéad teachtaire, “beagáinín foidhne bheith agat níor
-ghádh dhuit an ruith a dheinis do dhéanamh anso ainíos, agus níor ghádh
-dhómh-sa bheith ag briseadh mo chos agus ag cur saothair orm féin ag
-ruith ainíos ad dhiaig chun gan leigint duit an dúthaigh a chur as a
-meabhair.”
-
-“Seadh!” arsa Tadhg Mór ua Cealla, “is mithid dúinn go léir bheith ag
-gluaiseacht. Cad dúbhairt Ospac a bhí Bruadar ar aigne dhéanamh?” ar
-seisean leis an dteachtaire.
-
-“Dúbhairt sé le Colla, a rígh,” arsa’n teachtaire, “gur bh’é a
-thuairim go mbéadh Bruadar ’n-a cheann ar loingeas rígh Lochlan agus go
-mbéadh Sígurd agus pé loingeas a bhéadh aige fé smacht Bhruadair. Agus
-dúbhairt sé gur bh’é a thuairim go bhfuilid siad go léir istigh i gcuan
-Átha Cliath um an dtaca so, nó geall leis.”
-
-“Ó! foth, foth!” arsa Tadhg Mór. “Ní bheimíd i n-am i n-aon chor!”
-
-Le n-a linn sin cé bhuailfeadh chúcha isteach ach Tadhg Óg ua Cealla
-agus Conn agus athair Chuinn, Maolruanaidh na Paidre, rígh Ua
-bhFiachrach Áidhne. Do cuireadh fáilte roimis an rígh agus roim Chonn.
-
-“Bhíomair díreach ollamh ar imtheacht,” arsa Maolruanaidh, “ach ní
-bhéadh Conn sásta gan teacht feuchaint an rabhabhair-se ollamh. Deir
-sé, agus is dócha gur fíor dhó é, gur fearra dhúinn coimeád i n-aice
-chéile ar an slígh, agus ansan coimeád i n-aice chéile sa chath, leis,
-má fhéadaimíd é.”
-
-“Tá an ceart aige, a rígh,” arsa Caoilte. “Is ’mó cuma ’n-a ndéanfaimíd
-áise d’á chéile má choimeádaimíd i n-aice chéile, ’sé sin, ach gan
-bheith ró achmair d’á chéile. An ’mó fear a bheidh agaibh, a Chuinn?”
-ar seisean.
-
-“Beidh breis agus fiche céad fear, is dóich liom,” arsa Conn. “An
-bhfuil Niamh ag teacht?” ar seisean.
-
-“Tá, Niamh ag teacht,” arsa Niamh féin; “ná bíodh aon phioc d’á
-mhearbhall ort-sa ná ar aoinne eile,” ar sise.
-
-“Ní fhanfaidh Niamh i n-aon bhall i ndiaigh a h-athar,” arsa Tadhg Mór
-ua Cealla.
-
-“Is maith an inghean a thug Dia dhuit, a rígh,” arsa Maolruanaidh,
-“nuair a thug sé Niamh duit. Tá súil agam go gcuimhnighean tú go minic
-air sin, agus go dtugan tu buidhchas do Dhia mar gheall air.”
-
-Rígh ana dhiadha ab eadh Maolruanaidh na Paidre. Bhíodh sé coitchianta
-ag machtnamh i láthair an Athar Síoruídhe, agus, as an machtnamh,
-bhíodh sé coitchianta ag labhairt leis an Athair Síoruídhe. Thuigeadh
-sé i n’ aigne ná raibh aon tsaghas cainte ba chirte chun labhartha
-leis an Athair Síoruídhe ’ná an chaint a chuir ár Slánuightheóir i
-mbéalaibh na gCríostaidhthe chun labhartha leis an Athair Síoruídhe.
-D’á bhrígh sin, nuair a labhradh sé leis an Athair Síoruídhe is, “Ár
-n-Athair atá ar neamh, &c.” adeireadh sé. Bhíodh sé ag rádh na Paidre
-sin coitchianta, agus do tugadh an ainim, “Maolruanaidh na Paidre,” air
-mar gheall air sin. Fear ana láidir, ana chródha, ab eadh é, agus mura
-raibh eagla ag na Lochlanaigh roime n-a Phaidir ní baoghal ná go raibh
-eagla acu roime n-a thuaigh.
-
-Níor bh’ fhada go rabhdar go léir ollamh chun bóthair. Bhí cárbat
-áluinn ag Niamh, agus bhí beirt d’á mnáibh coímhdeachta sa chárbat i
-n-aonfheacht léi, ach thugadh sí a lán d’á h-aimsir ameasg na mban óg
-eile a bhí ag dul ó’n mbaile, i n-aonfheacht leis na fearaibh, agus í
-’ghá stiúrughadh agus ’ghá thaisbeáint dóibh conus na h-éadaí lín a
-theastóch’ uatha ar ball, do chur chúcha agus do choimeád i n-eagar.
-
-D’ fhan an dá bhuidhean san, buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla agus
-buidhean Mhaoilruanaidh na Paidre, i n-aice chéile ar an slígh, agus
-bhíodh Conn agus Caoilte i gcómhluadar a chéile go mór. B’éigean do
-Chaoilte an sgéal go léir ó thusach go deire a dh’innsint do Chonn,
-conus a chuir Sitric agus Amhlaoibh an fear ó Áth Cliath chun Briain do
-chur chun báis le nimh, agus gur bh’é fear a chuireadar uatha chun na
-h-oibre sin a dhéanamh ’ná Lonán, dritháir Chaoilte, an fear, thar a
-raibh d’fhearaibh i n-Éirinn, dob’ fhearr a dhéanfadh Brian do chosaint
-ar an mnaoi a bhí ceapaithe ar an nimh a thabhairt dó.
-
-Do ghluais na buidheana eile ó gach aon pháirt de Chúige Conacht, na
-bóithre soir, i dtreó na h-áite ’n-ar ghnáth le Brian longphort a
-dhéanamh, i n-aice Átha Cliath. Tháinig an dá bhuidhean, buidhean Ua
-Máine agus buidhean Ua bhFiachrach Áidhne, go Ceann Cora, chun bheith
-i n-aonfheacht le buidhin an Árdrígh. Ansan do ghluaiseadar féin agus
-buidhean an Árdrígh an bóthar soir óthuaidh.
-
-Díreach sar ar fhágadar Ceann Cora tháinig teachtaire ó rígh Laighean
-ag triall ar an Árdrígh agus thug sé leitir do’n Árdrígh, agus sidiad
-na focail a bhí sa leitir sin.
-
- “A Árdrígh Éirean,
-
- “Do tugadh easonóir dómh-sa ad’ ríghtheighlach-sa i
- gCeann Cora. Tar anois agus cosain thu féin orm, mar táim
- ceapaithe ar an easonóir sin do dhíoghailt ort-sa agus ar
- do chlainn, agus ar Dhál gCais.
-
- “Mise Maolmórdha
-
- “Rígh Laighean.”
-
-Do léigh Brian an leitir. Ansan do sgríbh sé ar dhrom na leitire na
-focail:--
-
- “Táim ag teacht, a dhritháir. Feuch chúghat féin.
-
- “Mise Brian.”
-
-“Seo, a ghiolla,” ar seisean leis an dteachtaire. “Beir thar n-ais í.”
-
-Thóg an teachtaire an leitir agus do rug sé leis thar n-ais í.
-
-Ní raibh um an dtaca san bóthar andeas ná bóthar aniar ná bóthar
-óthuaidh tré Chúige Laighean ná raibh clúdaithe leis na buidhnibh
-fear agus iad ag gluaiseacht ’n-a míltibh, fé n-a ríghthibh agus fé
-n-a dtaoiseachaibh, agus a n-airm ar a nguaillibh, agus a mbratacha
-breaghtha síoda anáirde ar a gcrannaibh ag lúbadh agus ag luasgadh
-sa ghaoith, agus a n-aghaidh go léir ar an áit ’n-ar ghnáth le Brian
-a longphort a dhéanamh, i n-aice Átha Cliath. Agus ní raibh ins na
-buidhnibh sin go léir oiread agus aon fhear amháin ná raibh socair go
-daingean i n’ aigne aige gan teacht thar n-ais beó.
-
-“Má’s ag Lochlanaigh a bheidh buadh,” a deiridís, “is fearr gan teacht
-thar n-ais beó. Má’s ag Gaedhlaibh a bheidh buadh bíodh a thoradh ag
-an muintir atá sa bhaile i n-ár ndiaigh. Pé taobh ar a mbeidh buadh,
-díolfaid na Lochlanaigh as.”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL V.
-
-MÍCHEÁL RUADH.
-
-
-Bhí Brian agus a ghnáth-theighlach tamal soir ó Cheann Cora, ar bhóthar
-Átha Cliath, agus iad ag gluaiseacht go h-áluinn agus go stuamdha
-agus go mileata. Bhí buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla agus buidhean
-Mhaoilruanaidh na Paidre ag teacht ’n-a ndiaigh. Bhí Niamh ’n-a cárbat
-i dtusach buidhne Thaidhg. Tháinig bean agus clóca uirthi, agus cochal
-an chlóca amach ar a ceann aici, i gcómhngar do’n chárbat. Bhagair sí
-ar Niamh. Do stad an cárbat. Do shín an bhean leitir isteach chun Niamh
-agus d’ imthigh sí. Do léigh Niamh an leitir. D’ fheuch sí ’n-a tímpal.
-Ní raibh Caoilte abhfad ó’n áit. Dúbhairt sí le duine des na fearaibh
-glaodhach air. Tháinig sé. Thug sí dhó an leitir. Do léigh sé í.
-
-“Cad is fearr a dhéanamh, a rígan?” arsa Caoilte.
-
-“Measaim gur fearr an leitir sin a thabhairt do Mhurchadh,” ar sise.
-
-“Is fíor,” arsa Caoilte.
-
-D’imthigh sé amach i ndiaigh ghnáth-theighlaigh an Árdrígh, agus thug
-sé an leitir do Mhurchadh. Bhí iongnadh ar Mhurchadh nuair a léigh sé
-an leitir.
-
-“Tá go maith, a Chaoilte,” ar seisean.
-
-Tháinig Caoilte thar n-ais.
-
-Lar na mháireach an lae sin tháinig giolla turais ag triall ar
-Chaoilte, duine d’á ghiollaíbh turais féin, agus shín sé leitir chuige.
-Do léigh Caoilte í. Siúd ag triall ar Niamh é agus shín sé chúichi an
-leitir. Do léigh sí í.
-
-“Ó!” ar sise. “Imthigh láithreach, a Chaoilte,” ar sise, “agus tabhair
-í seo leis do Mhurchadh.” Do dhein.
-
-I dtreó go dtuigfear brígh agus bunús an dá leitir sin ní foláir dul
-siar beagán agus a dh’innsint conus a dh’imthigh le Gormfhlaith ó fhág
-sí Ceann Cora agus ó tháinig sí go teighlach rígh Lochlanach Átha
-Cliath.
-
-Do h-innseadh i dtusach an sgéil seo conus mar a thug Brian a inghean
-le pósadh do Shitric, le h-ionachus go ndéanfadh an cleamhnas san a
-chómhacht féin do neartughadh leis an gcaradas, dar leis, a thiocfadh
-as idir Lochlanaigh Átha Cliath agus Clann Chais. Béibionn ab ainim
-do’n inghean san Bhriain, ainim a mháthar féin. Rígan ana chiallmhar,
-ana thuisgionach ab eadh í. Do coimeádadh uaithi an t-uisge-fé-thalamh
-a bhí ’á dhéanamh i gcoinnibh a h-athar an fhaid a bhí Niamh ag déanamh
-na faire, agus ansan, an fhaid a bhí Lonán ’ghá leigint air go raibh
-sé ag cabhrughadh le Gormfhlaith sa droch obair a bhí ar siúbhal
-aici. Choimeád a muintir féin an sgéal ó Bhéibionn i gcaitheamh na
-h-aimsire sin chun gan bheith ag cur buartha uirthi gan ghátar, agus i
-dtreó gur shuaimhneasaíghe a bhéadh an saoghal aici nuair a chífeadh
-Sitric go soiléir ná raibh aon phioc d’ fhios na droch oibre aici.
-Choimeád Sitric an t-eólus uaithi díreach mar a dhein sé a dhícheal ar
-é choimeád ó gach aoinne ba dhóich leis a dhéanfadh aon iaracht ar an
-ndroch obair do chosg.
-
-Ach nuair a tháinig Amhlaoibh thar n-ais ó Inis Cathaigh chómh h-oban,
-agus nuair nár h-innseadh d’aoinne cad é an chúis, agus ansan, nuair a
-thug sí fé ndeara an disgréid agus an cogarnach ag Amhlaoibh agus ag
-Sitric, agus an bheirt ag stad de pé caint a bhíodh eatartha nuair a
-thagadh sí ’n-a láthair, thuig sí ’n-a h-aigne go raibh rud éigin nár
-bh’ fhóghanta d’á bheartughadh acu. D’á shoiléire a thuig sí an nídh
-sin iseadh ba lúgha a leig sí uirthi gur thuig sí é féin ná aon nídh
-dh’á shórd, agus iseadh ba lúgha a bhí aon chuimhneamh acu-san gur
-thuig sí é féin ná aon nídh dh’á shórd. Bhí sí ag faire ortha go géar
-agus ní raibh aon choinne acu go raibh. D’á fheabhas faire a dhein
-sí, ámhthach, níor fhéad sí teacht suas le h-aon nídh áirighthe do
-thabharfadh eólus cruinn dí ar cad a bhí ar siúbhal acu, ná ar cé ’n-a
-choinnibh go raibh an t-uisge-fé-talamh ’á dhéanamh.
-
-Do lean an sgéal mar sin go dtí go dtáinig Gormfhlaith go h-Áth Cliath.
-Ansan do thuig Béibionn go raibh donas éigin thar na beartaibh déanta.
-Níor bh’ fhada gur tugadh le tuisgint di ná raibh Gormfhlaith ag dul
-thar n-ais ag triall ar Bhrian. Ansan do stadadh de bheith ag déanamh
-aon choimeád ar cad n-a thaobh gur tháinig sí uaidh ná ar cad ’n-a
-thaobh ná raibh sí ag dul thar n-ais. Do thárla go raibh an ceathrar i
-bhfochair a chéile agus gur eirigh fearg Ghormfhlaith. Do léim sí agus
-do spriúch sí. Do chaith sí ins na súilibh ar Shitric agus ar Amhlaoibh
-an bob a bhuail Lonán ortha, agus ansan, an bob a bhuail sé uirthi
-féin nuair a chuaidh sé siar ag triall uirthi agus teistiméireacht
-aige uatha-san. Ansan do thuig Béibionn cad é an brígh a bhí leis an
-ndisgréid agus leis an gcogarnach agus leis an stad cainte nuair a
-thagadh sí féin. Níor labhair sí aon fhocal amach as a béal mar gheall
-ar an ngníomh a measadh a dhéanamh ar a h-athair. Dúbhairt sí, ’n-a
-h-aigne féin: “Do theip an méid sin oraibh. Ní stadfaidh sibh anois.
-Déanfaidh sibh iaracht eile. Ní mór dhom faire níos fearr a dhéanamh,
-le h-eagla go mb’ fhéidir ná teipfeadh an tarna h-iaracht oraibh.”
-
-Níor dhein sí aon cheilt ar an ndroch mheas a bhí aici ortha, ná ar
-an bhfeirg a bhí uirthi mar gheall ar an rud a cheapadar a dhéanamh.
-Ach níor dhein sí trácht ar imtheacht as an áit mar gheall air. Níor
-bh’fhada gur thuit rud amach a thaisbeáin di gur mhaith a dhein sí é
-agus fanmhaint.
-
-Tháinig rígh Laighean ann.
-
-“Seadh!” arsa Gormfhlaith leis, “measaim gur dheineas éagcóir ort
-nuair a dúbhart gur bheithigheach iompair ag Brian tu. Measaim gur
-bh’fhearra dhó go sgaoilfeadh sé thairis an beithigheach. Airighim
-go bhfuil do neart agat d’á chruinniughadh go cuthaigh. Fíorfair an
-focal úd a dúbhraís le Murchadh; ‘Má cailleadh Gleann Mhámha tré m’
-chómhairle,’ arsa tusa, ‘buadhfar Gleann Mháma eile tré m’ chómhairle.’
-An t-annsgian! Mura mbéadh an bheirt seo bheith chómh símplidhe,” ar
-sise, “bhéadh sé féin agus a athair agus Dúlainn fé ’n bhfód go tréith
-anois.”
-
-“Ní gádh dhuit é chur ar an mbeirt seo, a mháthair,” arsa Amhlaoibh.
-“Bhí aimsir do dhóthin agat chun an ghnímh a dhéanamh sar a ndéigh
-Lonán ag triall ort, agus níor dheinis é. Níor dheinis, agus ní dhéanfá
-ó shin é, pé caoi a bhéadh agat air, an fhaid a bhéadh inghean Thaidhg
-Mhóir uí Chealla at’ aice! Is dóich liom,” ar seisean, “dá mbéadh
-sí abhfad at’ aice go ndéanfadh sí mírbhuilt ort, a mháthair,” agus
-chuir sé drana-gháire as. Níor dheas an drana-gháire é, bhí sé chómh
-diablaídhe agus an ghnúis chómh h-áluinn, chómh h-óg. An t-é a chífeadh
-an ghnúis sin an uair sin agus an drana-gháire, déarfadh sé go raibh
-duine i n-éaghmuis Ghormfhlaith gur bh’fhéidir a dhiabhal coímhdeachta
-a dh’fheisgint uaireanta. Chonaic Béibionn diabhal coímhdeachta
-Amhlaoibh an uair sin, agus choimeád sí cuimhne air.
-
-“Cad é sin agat dh’á rádh, a choileáin!” arsa Gormfhlaith. “Cad í an
-mhírbhuilt a dhéanfadh sí orm!”
-
-“Dhéanfadh sí naomh díot, a mháthair,” ar seisean, “agus ba mhór an
-mhírbhuilt é,” agus do leathnuigh an drana-gháire.
-
-Do stad sí agus í ag feuchaint air.
-
-“Ní dhéanfadh mírbhuilt féin naomh díot-sa!” ar sise.
-
-“Foth, foth!” arsa Maolmórdha, “ní’l aon tairbhthe le teacht as
-an saghas san cainte. Cuirigh uaibh í. Ní deirim ná go bhfuil rud
-déanta agam-sa do chuirfidh chun cinn an bheart so do theip ar thriúr
-agaibh-se.”
-
-Do léim Sitric agus chuir sé bas ar bhéal rígh Laighean, agus shín sé
-a mhéar i dtreó na h-áite ’n-a raibh Béibionn ’n-a seasamh i lúib na
-finneóige. Dhruid sí isteach sa lúib sin nuair a thusnuigh an chaint ar
-dhul i n-olcas idir Ghormfhlaith agus Amhlaoibh. D’ airigh sí an focal,
-ámhthach, a’ béal rígh Laighean, ach níor leig sí uirthi gur airigh. Do
-rith cailín isteach, duine de mhnáibh coímhdeachta Bhéibionn.
-
-“Ó!” ar sise, “tá an cuan lán de loingeas!”
-
-Do rith gach aoinne amach ach Béibionn.
-
-“Tar a leith, a laogh,” ar sise leis an gcailín. “Tháinís anso i
-n-aonfheacht liom-sa,” ar sise. “Tá fhios agam nách miste dhom rún
-a thabhairt duit. Tá, mar is eól duit, mar is eól do gach aoinne,
-Lochlanaigh an domhain ag cruinniughadh a neart i n-aghaidh na h-Éirean
-agus i n-aghaidh Árdrígh Éirean. Tá an t-Árdrígh ag cruinniughadh neart
-na nGaedhal chun na h-Éirean do chosaint. Tuigid ríghthe Lochlanach dá
-mbéadh Árdrígh Éirean as an slígh go dtuitfeadh cómhacht na nGaedhal
-as a chéile agus nár dheacair an lámh uachtair a dh’ fhághail ortha.
-Tá, d’á bhrígh sin, iaracht mhalluighthe d’á déanamh le fada ar an
-Árdrígh do chur chun báis le nimh. Tá teipithe glan ar an iaracht san.
-Siné fé ndeara Gormfhlaith a bheith anso anois. Tá iaracht eile d’á
-dhéanamh anois. Tá feall éigin eile d’á dhéanamh anois ar m’ athair.
-D’ airigheas an focal ó chiainibh ó rígh Laighean. ‘Tá rud déanta
-agam-sa,’ ar seisean, ‘do chuirfidh chun cinn an bheart so do theip
-ar thriúr agaibh-se.’ Ní dúbhairt sé a thuille mar do chuir Sitric
-lámh ar a bhéal. Ní dóich leó gur airigheas-sa an focal. Ní mór sgéala
-chur láithreach ag triall ar an Árdrígh. Indiu an lá chun an fhíona do
-chur siar go Sórd Cholum Cille. Imthigh, a laogh, agus cuir an fíon sa
-bhosca mar is gnáth leat a dhéanamh, fíon Aifrinn, agus tar chúgham
-anso nuair a bheidh san déanta agat.”
-
-D’imthigh an cailín agus chuir sí an fíon sa bhosca. Ba ghnáth le
-Béibionn an fíon san do chur chun na mainistreach san, agus d’á
-bhrígh sin níor chuir aoinne aon tsuim sa rud a bhí ag an gcailín ’á
-dhéanamh. Nuair a bhí an bosca i dtreó aici tháinig sí ag triall ar an
-mBanríghin mar a dúbhradh léi.
-
-“Seó anois,” arsa’n Bhanríghin léi, “cuir chúghat an dá leitir seo.
-Tabhair an dá leitir do’n Airchinneach, do Ghiolla Pádraig, agus dein
-an rud a déarfaidh sé leat.”
-
-D’imthigh an cailín agus do rug sí léi an bosca, agus an capal
-agus an cárbat aici, mar ba ghnáth. Chonaic Sitric agus Amhlaoibh
-agus Gormfhlaith ag imtheacht í. Chonacadar an bosca fíona. Níor
-chuimhnighdar ar aon nídh eile bheith aici, agus níor chuireadar blúire
-suime inti.
-
-Tháinig sí go Sórd Cholum Cille. Thug sí an dá leitir do’n
-Airchinneach. D’osgail sé leitir acu, mar dó féin ab eadh í. Do léigh
-sé í. Thug an cailín fé ndeara gur iompuigh a lith ann.
-
-“An bhfuil fhios agat cad ’tá sa leitir seo atá léighte agam?” ar
-seisean leis an gcailín.
-
-“Tá tuairim agam dó, a Athair,” ar sise.
-
-“An mbéarfá-sa an leitir eile seo ag triall ar inghín Thaidhg Mhóir
-uí Chealla?” ar seisean. “Deir Béibionn ná fuil aoinne is fearr a
-dhéanfaidh an gnó ’ná mar a dhéanfair-se é.”
-
-“Agus cá bhfuil inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla le fághail?” arsa’n
-cailín.
-
-“Tá sí le fághail,” arsa’n t-Airchinneach, “i mbuidhean a h-athar, sa
-mhór-shluagh atá ag teacht aniar ó Cheann Cora. Cuirfead cárbat agus
-giolla leat. Thabharfainn an leitir do’n ghiolla le breith siar ach
-deir an Bhanríghin gan an leitir a thabhairt d’ aoinne ach duit-se.
-Agus deir sí go gcaithfir do cheann a choimeád folaighthe go maith, le
-h-eagla go n-aithneófaí thu. Caithfidh Niamh an leitir a dh’fhághail a
-gan fhios d’ aoinne, agus caithfidh sí an leitir a dh’fhághail gan a
-fhios a bheith aici cé uaidh go bhfaighidh sí í.”
-
-“Tá go maith,” arsa’n cailín. “Dúbhairt Béibionn liom go neósfá-sa
-dhom cad a bhéadh le déanamh agam.”
-
-“Nuair a bheidh an leitir tabhartha do Niamh agat féadfair an cárbat
-agus an giolla do bhreith leat siar abhaile ag triall ar do mháthair.
-Cuirfidh Béibionn fios ort airís i ndiaigh an chatha. Ní fios cé bheidh
-beó an uair sin, ámhthach.”
-
-Do gabhadh capal agus cárbat, agus do cuireadh an cailín sa chárbat
-agus do cuireadh an tsrian i láimh an ghiolla.
-
-“Dein an dithineas is mó a dh’ fhéadfair,” arsa’n t-Airchinneach leis
-an ngiolla, “ach gan súile na ndaoine tharang ort ach chómh beag a’s is
-féidir é.”
-
-Do ghluais an cárbat. Níor fhéad an giolla oiread dithinis a dhéanamh
-agus a measadh a dhéanfadh sé, mar bhí na bóithre go léir lán de
-dhaoine. Ach thánadar fé dheire chun buidhne Thaidhg Mhóir agus, mar
-a dúbhradh cheana, do tugadh an leitir do Niamh agus chuir Niamh chun
-Murchadh í. Chómh luath agus do léigh Murchadh an leitir d’imthigh sé
-chun na h-áite ’n-a raibh Brian agus d’ atharuigh sé na fir a bhí i
-n-aice le pearsain an Árdrígh.
-
-Nuala ab ainim do’n chailín a thug an leitir sin do Niamh. Chómh luath
-agus bhí an leitir tabhartha uaithi aici d’imthigh sí amach chun na
-h-áite ’n-ar fhág sí an giolla agus an cárbat. Bhailighdar leó amach a’
-brúth na slógh, agus thugadar aghaidh siar go Cúige Conacht, chun na
-h-áite ’n-a raibh máthair an chailín ’n-a cómhnuighe.
-
-Isé cúis go ndúbhradh le Nuala a ceann do choimeád folaighthe ’ná so.
-Do thuig Béibionn go raibh Maolmórdha tar éis breibe gheallamhaint d’
-fhear éigin ach dul i n-aice an Árdrígh sa ghluaiseacht agus sleagh
-do shádh ann, nó é chur chun báis ar chuma éigin mar sin. Bhí eagal
-uirthi, dá mb’ ar an gcuma san a bhéadh an sgéal, go mb’ fhéidir go
-n-aithneóch’ an fealltóir Nuala agus ansan go bhfaghadh Sitric amach an
-sgéal go léir, agus go marbhóch’ sé í féin. Níor fhág sí ar a chumas
-Nuala do mharbhughadh, pé rud a thuitfeadh amach, mar dúbhairt sí léi
-dul siar abhaile. Choimeád Nuala a ceann folaighthe agus níor aithin
-aoinne í. Níor aithin Niamh féin í, bíodh go raibh aithne mhaith thiar
-sa bhaile aici uirthi féin agus ar a máthair.
-
-Um thráthnóna an lae, a dh’imthigh Nuala ó ríghtheighlach Shitric agus
-an capal agus an cárbat agus an bosca fíona aici, do thárla gur airigh
-duine eile de mhnáibh coímhdeachta Bhéibionn caint idir an dá rígh,
-idir Shitric agus Maolmórdha.
-
-“Ná bíodh ceist ort, a rígh,” arsa Maolmórdha. “Déanfaidh Mícheál Ruadh
-an bheart. Tá sé i ngnáth-theighlach an Árdrígh anois le cheithre
-bliana, agus tá árd iontaoibh ag Brian as. Tá iontaoibh acu go léir
-as. Is dóich le Murchadh ná fuil fear eile sa ríghtheighlach chómh
-dílis leis. Gormfhlaith a thug aithne dhom air. Is cuma leis cé ’cu
-curfar chun báis é nó ná curfar nuair a bheidh an gníomh déanta, mar
-tá geallta againn dó go mbeidh fearan saor go deó agá mhnaoi agus agá
-shliocht má chuirean sé Brian as an slígh uainn. Dá mbéadh Brian as an
-slígh bhéadh gach aon rud ar ár dtoil againn.”
-
-D’imthigh an bhean choímhdeachta agus d’inis sí do Bhéibionn an chaint
-a dh’airigh sí. D’imthigh Béibionn agus chomáin sí ar siúbhal giolla
-turais i lár na h-oídhche agus leitir eile aige le tabhairt do Niamh.
-D’ aimsigh sé capal maith. Bhí aithne ar na bóithribh agus ar na
-cómhngair aige. Do shrois sé an áit ’n-a raibh buidhean Thaidhg Mhóir
-uí Chealla. Thug sé an leitir do Chaoilte, mar adúbhradh, agus thug
-Caoilte do Niamh í, agus chuir Niamh ag triall ar Mhurchadh í. Do léigh
-Murchadh í. D’fheuch sé ’n-a thímpal. D’fheuch sé ar an ngárda a chuir
-sé, indé roimis sin, ó bheith i n-aice Bhriain. Bhí aithne mhaith aige
-ar Mícheál Ruadh. Ní raibh Mícheál Ruadh le feisgint i n-aon bhall.
-Nuair a deineadh an t-atharughadh indé roimis sin do thuig Mícheál i n’
-aigne go raibh sgéidhte ag duine éigin air. D’euluigh sé sa n-oídhche
-as an áit. Chómh luath agus fuair Murchadh imthighthe é do sgaoil sé an
-focal ameasg na bhfear, breith air agus é thabhairt thar n-ais. Níor
-bh’ fhada gur tugadh thar n-ais é. Bhí an iomad aithne air. Do tugadh i
-láthair Mhurchadh é.
-
-“Pé duine thabharfadh cúl le cath,” arsa Murchadh leis, “níor mheasas
-gur tusa dhéanfadh é! Seasaimh ansan at’ inead, agus ná fág an áit
-airís.”
-
-Cheap Mícheál nuair a tugadh thar n-ais é go gcrochfaí é. Bhí fhios
-aige go raibh an chroch tuillte aige. Nuair nár deineadh ach a rádh
-leis dul agus seasamh i n’ inead féin bhí iongnadh air. Níor thug sé fé
-ndeara an bhagairt a dhein Murchadh ar na fearaibh eile.
-
-Dá gcrochtí é b’fhéidir go raghadh an sgéal ó bhéal go béal agus go
-sroisfeadh sé rígh Lochlanach Átha Cliath, agus nár bh’fhearr-de
-Béibionn san. Dá bhféadadh sé imtheacht slán go h-Áth Cliath nuair a
-dh’euluigh sé thiocfadh an díobháil céadna as, b’fhéidir.
-
-Sheasaimh sé i n’ inead féin ameasg na bhfear an lá san----ach ní
-feacathas ’n-a dhiaigh san é beó ’ná marbh.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL VI.
-
-ÉIGEAN AR RÍGHEACHT NA bhFLATHAS.
-
-
-Nuair a bhíodh Caoilte i n-Albain ag breithniughadh an nirt a bhí ag
-Lochlanaigh i n-Ínsibh Orc agus ins na h-oileánaibh eile ann, is i
-dteighlach Dhómhnaill mhic Éimhin, i Mágh Geirrghinn, a chaitheadh sé
-an chuid ba mhó de’n aimsir. Thugadh sé, sa chaint a bhíodh eatartha,
-tuairisg cruinn do Dhómhnall ar an gcuma ’n-a raibh gach aon rud ag
-dul chun cinn i n-Éirinn. Bhiodh Dómhnall coitchianta ’ghá cheistiú’ i
-dtaobh Bhriain agus i dtaobh Mhurchadh agus i dtaobh Dhál gCais go léir.
-
-Thugadh Caoilte cuid d’á aimsir, leis, i bhfochair Mhuireadhaigh,
-Mórmhaor Leamhna, agus chaitheadh sé na tuairisgí céadna thabhairt dó
-san ar an gcuma ’n-ar sheasaimh cómhacht Bhriain, agus ar gach dóchas
-a bhí go bhféadfadh sé seasamh i n-aghaidh na mór-chómhacht a bhí ag
-cruinniú’ as gach áird ’n-a choinnibh.
-
-Bhí ana bháigh ag an mbeirt sin le Brian agus le Gaedhlaibh. Níor
-bh’iongnadh báigh a bheith ag Dómhnall le Brian, mar ó Oilioll Olum do
-shiólraidh an bheirt. Ó Ghaedhlaibh a shiolraidh Muireadhach leis. D’á
-éaghmuis sin, níor bh’ aon iongnadh dúil mhór a bheith ag an mbeirt
-go mbuadhfadh Brian sa mhór-chath a bhí ag teacht, mar dá mb’ ag na
-geintibh a bhéadh an buadh do chuirfidís deire leis an gCreideamh a
-mhúin Colum Cille do Ghaedhlaibh agus do Chruithneachaibh Alban, agus
-níor mhiste deimhin a dhéanamh dé go ndéanfaidís Gaedhil Alban do
-dhísgiughadh.
-
-Bhíodh Caoilte ’ghá innsint do’n bheirt cad é an saghas fir Brian, agus
-cad é an saghas fir Murchadh, agus cad é an saghas fir Dúlainn, agus
-Maolruanaidh na Paidre, agus Tadhg Mór ua Cealla.
-
-“Agus,” arsa Dómhnall, “cad é an saghas an cailín seo, inghean Thaidhg
-Mhóir uí Chealla, go bhfuilimíd bodhar ag gach aoinne ag moladh a
-h-áilneachta?”
-
-Nuair a cuireadh an cheist sin chuige do las Caoilte go bun na gcluas.
-Ansan do bhánuigh sé chómh bán le cailc.
-
-D’ fheuch Dómhnall air agus thuig sé an sgéal go léir láithreach, dar
-leis féin.
-
-“Is dócha,” ar seisean, “gur fíor an chaint a deirtear, go bhfuil sí
-níos áilne ’ná Gormfhlaith féin.”
-
-“Is fíor, a rígh,” arsa Caoilte. “Tá sí níos áilne ’ná mar a bhí
-Gormfhlaith riamh. Ní h-é an saghas céadna áilneachta atá ionta. Tá
-sé chómh maith agam an sgéal go léir a dh’innsint duit, a rígh,” ar
-seisean le Dómhnall.
-
-Ansan tháinig sé i dtusach an sgéil agus d’inis sé do Dhómhnall, ó
-thusach go deire, gach aon rud a bhí aige le h-innsint i dtaobh Niamh;
-conus a bhain a h-áilneacht a mheabhair shaoghalta dhé an chéad uair a
-chonaic sé í; conus mar a bhí éad ar Chonn chuige mar gheall uirthi;
-conus mar adúbhairt sí leis féin, agus leis an gcuid eile des na
-ríghthibh óga, go raibh socair aici ’n-a h-aigne gan pósadh i n-aon
-chor, ach fanmhaint i bhfochair a h-athar an fhaid a mhairfeadh a
-h-athair, agus ansan maireachtaint singil ar an saoghal so go dtí go
-leanfadh sí é.
-
-Fear breagh dathamhail uasal cumasach ab eadh Dómhnall. D’éist sé
-le Caoilte an fhaid a bhí Caoilte ag caint. Thuig sé i n’ aigne nár
-bh’fholáir nó gur bh’uathbhásach an áilneacht a bhí sa rígan óg san.
-Dúbhairt sé leis féin gur dhócha gur bh’é cúis go ndúbhairt sí go raibh
-a h-aigne socair ar gan pósadh mar nár thaithn aoinne des na fearaibh
-óga san léi. Go mb’ fhéidir dá bhfeiceadh sí an fear a thaithnfeadh léi
-go n-atharóchadh sí an socarughadh san. Níor leig sé air le Caoilte
-go raibh aon mhachtnamh de’n tsórd san i n’ aigne. Bhí sé i mbéalaibh
-na ndaoine go léir go raibh Sitric chun a mháthar féin, Gormfhlaith,
-a thabhairt le pósadh d’ Iarla Ínsí h-Orc. Bhí tuairim ag daoine go
-raibh sí geallta aige do níba mhó ’ná an t-Iarla san. Gan amhras bhí
-Gormfhlaith ag dul amach ins na bliantaibh. Ach má bhí féin bhí na
-geallamhna úd ann. Is dócha gur thuig Sitric go mb’fhéidir go socaróch’
-an cath, nuair a thiocfadh sé, a lán de’n tsaghas san geallamhna.
-
-Thuig Dómhnall i n’ aigne dá bhféadadh sé féin Niamh a dh’ fhághail go
-mbéadh bean aige a bhéadh níob’ áilne, agus níob’ fhearr ar gach aon
-tsaghas cuma, ’ná an bhean so a bhí ’á geallamhaint do gach aoinne ach
-teacht ag cabhrughadh le Sitric.
-
-Pé ’r domhan é, bhí Dómhnall socair ar theacht go h-Éirinn ag
-cabhrughadh le Brian i gcoinnibh na Lochlanach, ach nuair airigh sé an
-moladh a dhein Caoilte ar inghín Thaidhg Mhóir uí Chealla bhí sé socair
-níba dhaingine, naoi n-uaire níba dhaingine, ar theacht, agus ar an
-uile fhear a dh’ fhéadfadh sé, do thabhairt leis. Do labhair sé leis an
-Mórmhaor eile, Mórmhaor Leamhna a tugtar air sa tseanachus, agus chuir
-sé suas é chun a nirt go léir do chruinniughadh ar an gcuma gcéadna
-agus teacht go h-Éirinn ag cabhrughadh le Brian.
-
-“Má buaidhtear ar Bhrian,” ar seisean, “sa chath so atá ag teacht, tá
-sé chómh maith ag Gaedhlaibh imtheacht a’ h-Albain. Dísgeófar sinn
-go léir. Is fearra dhúinn tuitim i gcath ag cabhrughadh le Brian ’ná
-na Lochlanaigh a theacht agus sinn a mharbhughadh anso sa bhaile má
-buaidhtear ar Bhrian.”
-
-Do chruinnigh an bheirt a neart go léir. Tháinig chúcha an uile shaghas
-fir a dh’ fhéadfadh aon nídh i bhfuirm airm do láimhseáil. Níor fhan sa
-bhaile ach seandaoine agus mná agus leanbhaí.
-
-Is ró bheag d’á chuimhneamh a bhí ag Niamh gur bh’ í fé ndeár an méid
-sin de’n chongnamh a tháinig ag triall ar Bhrian a bheith chómh láidir
-agus bhí sé. Díreach mar a bhí sí gan aon phioc d’á chuimhneamh aici,
-nuair a bhí sí ag faire ar Ghormfhlaith chun gan leigint di nimh a
-thabhairt do Bhrian, nách leis an bhfaire do chosain sí Brian ach leis
-an gcosg a chuir a cómhluadar fóghanta, agus a cuideachtanas fóghanta,
-agus a h-anál fóghanta, le droch íntinn Ghormfhlaith, a gan fhios di
-féin agus a gan fhios do Ghormfhlaith.
-
-An fhaid a bhí na slóighte ar an slígh bhí mórán tairbhthe ag Niamh ’á
-dhéanamh, a gan fhios di féin, ar an gcuma san. Bhí dúil ag na fearaibh
-go léir gach gnó dhéanamh ar an gcuma ba dhóich leó dob’ fhearr a
-thaithnfeadh léi; agus i mbuidhnibh na mban ní raibh aon nídh ba mhó
-ag na mnáibh ’ná focal molta dh’fhághail uaithi nuair a bhíodh sí ag
-gabháil eatartha ag feuchaint ar an gcuma ’n-a mbíodh a ngnó acu ’á
-dhéanamh. Dheinidís go léir a ngnó níob’ fhearr go mór, ar gach aon
-tsaghas cuma, ’ná mar a dhéanfaidís é dá mba ná béadh sí ann.
-
-Ach dhein sí, leis, mórán tairbhthe agus ní h-a gan fhios di a dhein sí
-é, ach le h-iomláine feasa agus machtnaimh.
-
-Do h-innseadh cheana cad é an chúis gur tugadh “Maolruanaidh na
-Paidre” ar rígh Ua bhFiachrach Áidhne. Gur thuig sé i n’ aigne a
-bheith ceangailte ar an gCríostaidhe bheith coitchianta ag guidhe chun
-an Athar Síoruidhe, agus ná fuil aon chaint is oireamhnaighe chun
-labhartha leis an Athair Síoruidhe, moladh a’s glóire leis, ’ná an
-chaint a mhúin ár Slánuightheóir dúinn.
-
-Do labhair Niamh anois a’s airís le cuid des na fearaibh. Do thrácht
-sí leó ar an gcuma ’n-a rabhdar go léir lán cheapaithe ar’ gan teacht
-thar n-ais ó’n gcath. Chuir sí i gcuimhne dhóibh gur ar son an
-Chreidimh, chómh maith le h-ar son na h-Éirean, a bhí an ceapadh san
-déanta acu go léir. Bhí focal aici le rádh, ó am go h-am, ar rígh Ua
-bhFiachrach Áidhne agus ar an gcuma ’n-a mbíodh an Phaidir ar siúbhal
-aige i gcómhnuighe. Chuir sí ’n-a luighe ortha go raibh gach duine acu
-chómh ceapaithe ar bhás a dh’fhághail sa chath a bhí rómpa agus bhí
-Maolruanaidh. D’á bhrígh sin, go raibh gach duine acu chómh mór i ngádh
-leis an bPaidir agus bhí Maolruanaidh.
-
-“Is dócha,” ar sise, “go bhfuil oiread gádh agam féin leis agus atá ag
-aoinne,” agus thusnuigh sí ar an bPaidir dó rádh coitchianta.
-
-“Má tá gádh ag Niamh leis an bPaidir,” arsa duine des na fearaibh, “is
-deacair a rádh ná go bhfuil gádh agam-sa leis!” agus tusnuig sé ar
-an bPaidir do rádh coitchianta. Níor bh’fhada go raibh an Phaidir ar
-siúbhal ag gach duine d’á raibh ar an mór-shluagh.
-
-Bhí a lán sagart ar an mór-shluagh. Ní raibh gnáth-theighlach rígh ann
-gan sagart fé leith, nó b’ fhéidir beirt shagart dá mbéadh a lán daoine
-sa ghnáth-theighlach. Do chabhruigh na sagairt go mór leis an bPaidir
-do chur ar siúbhal ameasg na bhfear, agus ansan, ameasg na ndaoine
-go léir a bhí ag leanmhaint na slógh. Ní baoghal ná go ndúbradh an
-Phaidir sin ó chroídhe, go dúrthachtach. Thuig gach aoinne dá mba ná
-béadh lámh Dé go láidir le Gaedhlaibh Éirean sa chath a bhí ag teacht
-ná béadh an buadh acu. D’á mhéid a tuigeadh an nídh sin iseadh is
-dúrthachtaíghe a dúbhradh an Phaidir agus iseadh is aoirde do glaodhadh
-ar Dhia, le gach saghas úrnuighthe, ’ghá iaraidh air cabhrughadh le
-Gaedhlaibh agus leis an gCreideamh. Do glaodhadh ar an Slánuightheóir
-ó b’é do mhúin an Phaidir dos na Críostaidhthibh. Do glaodhadh ar an
-Maighdin Muire, ó b’ í Máthair an tSlánuightheóra í. Do glaodhadh ar
-Mhicheál Naomhtha an t-Árdaingeal, ar Naomh Eoin Baiste, ar Pheadair
-agus ar Phól, ar Phádraig agus ar Bhríghid agus ar Cholum Cille, agus
-ar na naoimh go léir, ’ghá iaraidh ortha a nguidhe chur suas chun an
-tSlánuightheóra agus chun an Athar Síoruidhe ar son na nGaedhal agus ar
-son an Chreidimh, ionus go dtabharfadh Dia an buadh do Ghaedhlaibh sa
-mhór-chath a bhí rómpa.
-
-Do thuig Brian cad a bhí ar siúbhal agus do ghaibh sé a bhuidhchas go
-dúrthachtach le Dia, agus do neartuigh a ghuidhe féin chun Dé ar son na
-slógh a bhí ’ghá leanmhaint chun an chatha mhóir, slóighte ná fillfeadh
-aon duine acu ó’n gcath san dá mbéadh buadh ag an namhaid, slóighte ná
-fillfeadh duine as an gcéad acu pé taobh ar a mbéadh buadh.
-
-Ní sa mhór-shluagh amháin a bhí éigean d’á dhéanamh ar Rígheacht na
-bhFlathas ar an gcuma san le guidhe daoine. Ins na mainistiribh agus
-ins na h-eagailsibh, ar fuid na h-Éirean, bhí sagairt agus manaigh agus
-mná riaghalta, do ló agus d’oídhche, gan bhia gan deoch gan chodla
-gan suan, ag briseadh a gcroídhe ag glaodhach go h-árd ar Dhia, tré
-impídhe na Maighdine Muire agus na naomh go léir, gan buadh an chatha a
-bhí ag teacht do leigint leis an namhaid.
-
-Ar an gcuma gcéadna, ins gach aon pháirt d’ Éirinn, go mór mór i ngach
-lín-tíghe go raibh duine de mhór-shluagh Bhriain tagaithe as, bhí an
-t-éigean céadna ’á dhéanamh ar Rígheacht na bhFlathas, an t-athair agus
-an mháthair agus an chuid eile de’n chlainn ’ghá iaraidh ar Dhia an t-é
-a bhí amuich uatha do thabhairt saor ó’n gcath agus é thabhairt chúcha
-thar n-ais slán. Bhí na paidreacha agus na h-úrnuighthe ba ghnáth ar
-siúbhal ins gach tigh, agus i n-éaghmuis na n-úrnuighthe ba ghnáth
-bhíodh na h-úrnuighthe móra ar siúbhal, Mairineamh Phádraig, agus Amhra
-Colum Cille, agus Lúireach Phádraig, agus mórán úrnuighthe de ’n tsórd
-san i n-onóir do naoimh fé leith, ’ghá iaraidh ortha a nguidhe chur
-chun Dé ar son duine éigin fé leith a bhí sa mhór-shluagh agus an duine
-thabhairt saor.
-
-Bhí gach fear des na fearaibh a bhí sa mhór-shluagh ceapaithe ar gan
-filleadh o’n gcath, ach bhí a mhalairt sin d’aigne ag an muintir a bhí
-sa bhaile n-a ndiaigh. Bhí an mhuintir a bhí sa bhaile ag déanamh a
-gcroídhe dícheal ’ghá iaraidh ar Dhia iad do thabhairt abhaile slán.
-
-Ba bheag aon treabhchas fé leith gan naomh de naoimh Éirean fé leith
-acu. Bhí Seanán ag muintir gnáth-theighlaigh Bhriain. Bhí Breandán ag
-muintir Chiarraighe. Bhí Íta ag muintir Uíbh Chonaill Ghabhra. Bhí
-Deaclán ag muintir na nDéise. Bhí Barra ag muintir Chorcaighe. Mar
-sin dóibh. Agus bhí na h-úrnuighthe ag dul suas coitchianta chun gach
-naoimh acu san, ó’n muíntir a bhí fé n-a chomairce, a d’iaraidh a
-n-ímpidhe chun Dé, an uair sin thar gach uair d’ár tháinig riamh roimis
-sin.
-
-Idir mhór-shluagh ag gluaiseacht chun an chatha agus gaolta ’n-a
-ndiaigh sa bhaile, ní raibh ach aon-ghuth úrnuighthe ag dul suas chun
-Dé ó Ghaedhlaibh Éirean go léir.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL VII.
-
-CONNLA.
-
-
-Bhí mac ag Murchadh agus Toirdhealbhach ab ainim dó. Ní raibh sé
-ach trí bliana dh’ aois nó mar sin nuair a tháinig Tadhg Óg ua
-Cealla agus Amhlaoibh go h-Inis Cathaigh chun na sgoluigheachta dh’
-fhághail. Tímpal na h-aimsire céadna san do rugadh an leanbh siar go
-ríghtheighlach Mhaoilruanaidh na Paidre, toisg an gaol a bheith ann.
-Ní fada a bhí sé thiar sa ríghtheighlach san nuair a tháinig Niamh ann
-ar chuaird, ó ríghtheighlach a h-athar i n-Uíbh Máine. Do chuir an
-leanbh aithne ar Niamh. Má chuir do cheangail sé suas di. Nuair a bhí
-sí ag dul abhaile bhí an leanbh ag briseadh a chroídhe ag gol. B’éigean
-dóibh leigint dó imtheacht i n-aonfheacht léi go h-Uíbh Máine. As san
-amach is mó d’á aimsir a chaith sé i n-Uíbh Máine ’ná i n-aon áit
-eile. Bhíodh sé ann nuair a thagadh Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh
-ar a gcuardaibh ó Inis Cathaigh ainíos ann. Tháinig árd chion aige ar
-Amhlaoibh an chéad uair a chonaic sé é. Bhí cion aige ar Thadhg Óg,
-agus bhí cion aige ar Thadhg Mhór, agus ar gach aoinne sa teighlach.
-Ach do fuair Amhlaoibh inead ’n-a chroídhe ná fuair aon duine eile an
-uair sin, lasmuich de Niamh féin.
-
-Chonaic Niamh an nídh sin. Chonaic gach aoinne é, ach níor chuir aoinne
-eile puínn suime ann. Ní raibh ann, dar leó, ach mian leinbh. Chonaic
-Tadhg Óg é, agus bhí áthas air, mar, dar leis, tháinig mian an leinbh
-agus an caradas a bhí idir é féin agus an Lochlanach óg isteach le n-a
-chéile. Chuir Niamh suim ana mhór i mian an leinbh an uair sin, ach
-níor leig sí uirthi gur chuir. Do chuir sí an suim ann mar, dar léi, do
-thaisbheáin an cion san a tháinig ag an leanbh san ar Amhlaoibh an uair
-sin, nách gan adhbhar a tháinig an nídh eile úd ’n-a h-aigne agus ’n-a
-croídhe féin an uair chéadna i dtaobh an Amhlaoibh chéadna.
-
-Bhí san mar sin. Bhíodh Niamh agus an leanbh i bhfochair a chéile
-coitchianta. Ní raibh aon teóra leis an leanbh san chun ceistiúcháin,
-agus Niamh a caitheadh na ceisteana go léir a fhreagairt dó. Bhíodh
-ceisteana aige le cur chúichi i dtaobh an uile shaghas nídh; an spéir;
-an talamh; na cnuic; na h-aibhní; an ghrian; an ghealach; an duine; an
-bás; an saoghal eile; gach aon rud ar a bhféadadh sé cuimhneamh. Bhí an
-chiall agus an breitheamhantas go h-áluinn aici-sin agus, gan a leigint
-uirthi go raibh sí ’ghá dhéanamh, chuir sí isteach i n-aigne an leinbh
-sin eólus ar an gCreideamh chómh cruinn agus chómh h-iomlán agus chómh
-fórlíonta agus a dh’fhéadfadh Colla féin a dhéanamh. Ní déarfainn ná
-gur dhein sí an gnó níb’ fhearr ’ná mar fhéadfadh Colla é dhéanamh.
-Mar gheall ar an gcion a bhí ag an leanbh uirthi, agus aici air, do
-tugadh an t-eólus agus do glacadh an t-eólus ar chuma nár bh’ fhéidir
-é thabhairt ná é ghlacadh dá mb’ é Colla, nó duine mar é, a bhéadh i
-n-inead Niamh.
-
-Nuair a bhíodh na ceisteana a bhaineadh leis na neithibh a thagadh
-fé n-a shúilibh réidhtighthe dó d’iompuigheadh an leanbh ar na
-ceisteanaibh a thagadh os cómhair a aigne, agus ansan ar na
-ceisteanaibh a bhain le h-Éirinn agus le ríghthibh Éirean, agus le
-naoimh na h-Éirean, le teacht an Chreidimh go h-Éirinn agus le dílse
-na nGaedhal do’n Chreideamh. Ansan, do cheistigheadh sé í ar theacht
-na Lochlanach agus ar an léirsgrios teine agus fola a dheinidís i
-gcómhnuighe nuair a thagaidís, agus d’innseadh sí dhó gach aon rud
-fé mar a bhíodh le h-innsint. Ní baoghal ná gur mhínigh sí dhó go
-soiléir na gníomhartha móra a dhein a shean-athair ar na Lochlanaigh
-i gcaitheamh a shaoghail, agus na gníomhartha a dhein a athair féin,
-Murchadh, ortha, agus dritháracha a athar.
-
-Leanbh mór ab eadh é d’á aois. Nuair a bhí sé chúig bliana dh’ aois
-bhí sé chómh mór le leanbh a bhéadh seacht nó h-ocht de bhlianaibh. Bhí
-an dúchas garbh ann agus thug sé leis an dúchas. Níor bh’fhada go raibh
-sé ag breith suas ar bheith chómh h-árd, geall leis, le Niamh féin.
-Chíodh na daoine i n-aonfheacht iad ag gluaiseacht ar fuid na mbánta
-agus an ceistiúchán ar siúbhal.
-
-Nuair a chíodh na daoine mar sin iad do chuimhnighdís ar “Eachtra
-Thaidhg mhic Céin,” agus ar “Chonnla Ruadh,” mac Cuinn Chéadchathaigh,
-agus ar an mnaoi do rug léi Connla. Bhí ’fhios ag gach aoinne gur bh’
-óigbhean ana naomhtha, ana dhiadha, Niamh, agus bhí ’fhios acu go raibh
-Toirdhealbhach óg lán de naomhthacht agus de Chreideamh agus de gach
-aon tsaghas eile deagh-thréithe aigne, mar gheall ar an oileamhaint
-aigne a bhí aige d’á fhághail ó Niamh.
-
-Níor bh’fhada gur thug na daoine “Connla” mar ainim cheana air. Níor
-thugadar “Connla Ruadh” air, mar ní ruadh a bhí sé ach donn. Nuair a
-bhí “Connla” ag gach aoinne air is “Connla” a bhíodh ag Niamh air.
-
-Nuair a tháinig an sgéal áthais go h-Uíbh Máine go raibh Amhlaoibh ag
-glacadh an Chreidimh bhí áthas ana mhór ar Chonnla. Bhí oiread áthais
-air agus bhí ar Niamh.
-
-“A Niamh,” ar seisean léi, “an bhfuil ’fhios agat cad a dhéanfainn-se
-dá mbéinn am’ Árdrígh?”
-
-“Ní fheadar, a Chonnla,” ar sise. “Is dócha gur rud éigin fóghanta a
-dhéanfá.”
-
-“Chuirfinn fheuchaint ar na Lochlanaigh go léir,” ar seisean, “an
-Creideamh do ghlacadh.”
-
-“Ach, a Chonnla,” ar sise, “ní bhéadh aon tairbhthe sa ghníomh san.”
-
-“Cad ’n-a thaobh, a Niamh?” ar seisean.
-
-“Ní féidir Creideamh a ghlacadh,” ar sise, “ach le saor thoil. Ní
-Creideamh i n-aon chor é mura nglactar é le saor thoil.”
-
-“Tuigim,” ar seisean. “D’fhéadfadh duine a rádh, ‘Creidim,’ ’n-a
-chaint, agus gur, ‘Ní chreidim,’ a bhéadh istigh ’n-a chroídhe.”
-
-“Go díreach,” arsa Niamh.
-
-“Má ’seadh,” arsa Connla, “chuirfinn an Creideamh d’á mhúineadh dhóibh,
-agus ansan, nuair a bhéadh an t-eólus acu do ghlacfaidís an Creideamh
-le saor thoil.”
-
-“Ní dhéanfadh an t-eólus féin an gnó, a Chonnla,” arsa Niamh, “gan rud
-eile i dteannta an eóluis.”
-
-“Cad é an rud eile bhéadh uatha, a Niamh?” arsa Connla. “Ar nóin nuair
-a bhéadh eólus ar an bhfírinne ag duine ní fhéadfadh sé gan an fhírinne
-chreideamhaint.”
-
-“D’fhéadfadh duine cur i gcoinnibh an Chreidimh, a Chonnla,” arsa
-Niamh, “pé eólus a múinfí dhó ar na fírinníbh, mura bhfaghadh sé
-congnamh agus solus ó ghrásta Dé.”
-
-“Ó, tuigim,” arsa Connla, “agus tugan Dia a ghrásta do’n t-é a dheinean
-a dhícheal ó n-a thaobh féin.”
-
-“Tugan,” arsa Niamh, “agus tugan sé a ghrásta do’n duine sin chun an
-díchil sin a dhéanamh.”
-
-“Moladh go deó le Dia!” arsa Connla.
-
-Tháinig an tuairisg go raibh Amhlaoibh chun bheith n-a shagart. Ansan
-iseadh bhí an obair ag Niamh chun gan a leigint uirthi le Connla go
-raibh an dá mhachtnamh úd os cómhair a h-aigne agus é ag teip uirthi
-iad do thabhairt d’á chéile. Dhein sí an bheart, ámhthach, maith go
-leór. Bhí Connla ró óg. Ach d’á óige a bhí sé do chuaidh ’n-a luighe ar
-a aigne nár thaithn an sgéal ró mhaith le Niamh. Níor fhéad sé dul a
-thuille.
-
-Nuair a tháinig an sgéal uathbhásach ná raibh aon tuairisg ar Amhlaoibh
-bhí iongnadh agus alltacht i gceart ar Chonnla. Chonaic sé an bhuairt
-go léir ar Thadhg Óg ua Chealla. Bhí uaigneas agus buairt a dhóthin
-air féin. Chonaic sé go raibh buairt ar Niamh, ach níor mheas sé gur
-bh’í an bhuairt cheart í. Do lean sé ar feadh tamail ag cur ceisteana
-chúichi ’n-a thaobh, ’ghá fhiafraighe a’ raibh aon tuairisg air; cad
-ba dhóich léi a bhí imthighthe air; a’ raibh aon tsúil go dtiocfadh sé
-thar n-ais; cé r’ bh’ iad a mhuintir; agus a lán ceisteana de’n tsórd
-san. Ní raibh aon eólus aici le tabhairt dó go dtí go bhfuair Caoilte
-gach aon rud amach i dtaobh Amhlaoibh. Ansan féin do coimeádadh an
-sgéal ó Chonnla go dtí go raibh an Árdrígan, Gormfhlaith, imthighthe
-agus na slóighte ar na bóithribh ag dul go h-áit an choinne chun an
-chatha mhór do throid i gcoinnibh na Lochlanach.
-
-Nuair a bhí an t-ollamhughadh chun gluaiste d’á dhéanamh i
-ríghtheighlach Bhriain i gCeann Cora do measadh Connla dh’fhágáilt
-thíos i n-Inis Cathaigh fé láimh Cholla. Ní fhanfadh she ann.
-
-“Táim chúig bhliana déag,” ar seisean. “Ní raibh m’ athair ach chúig
-bhliana déag nuair a mhairbh sé Maolmuaidh i mBealach Leachta. Ní raibh
-mo shean-athair ach chúig bhliana déag nuair a thóg sé claidheamh
-i gcoinnibh na Lochlanach. Tá sé chómh ceart agam-sa claidheamh a
-thógaint agus mé i n-aois mo chúig mblian ndéag agus bhí sé agam’
-athair agus agam’ shean-athair.”
-
-B’éigean a shlígh féin a thabhairt dó, agus do tugadh. Bhí áthas ar
-Bhrian agus ar Mhurchadh nuair a fuaradar é chómh ceapaithe ar dhul
-sa chath. Bhí rud eile, leis, sa sgéal. Bíodh ná raibh Connla ach na
-chúig bhliana déag, ba bheag ná go raibh sé chómh h-árd le n’ athair
-agus bhí an ghairbheacht agus an neart ins na géagaibh aige mar a bhí
-agá athair. An Lochlanach a thiocfadh ’n-a choinnibh sa chath níor bh’
-fholáir dó bheith láidir go maith nó bhéadh Connla maith a dhóthin dó.
-
-Nuair a bhí an méid sin socair agus an mhór-shluagh ar an slígh, do
-labhair Connla le Niamh.
-
-“A Niamh,” ar seisean, “tá ceist agam le cur chúghat, agus caithfidh tu
-labhairt agus an cheist do fhreagairt dom.”
-
-“Deanfad gan amhras, a Chonnla,” ar sise, “má fhéadaim é.”
-
-“Féadfair,” ar seisean. “An t-eólus atá uaim tá sé agat-sa. Tá an
-t-eólus céadna ag Tadhg Óg. Ar feadh tamail tar éis Amhlaoibh a
-dh’imtheacht bhí ana bhuairt ar Thadhg, díreach mar a bhí orm féin,
-agus mar is dóich liom a bhí ort-sa. Le déanaighe, má thráchtan aoinne
-ar Amhlaoibh i láthair Thaidhg dubhan gnúis Thaidhg. Tá fuath fíochmhar
-aige d’ Amhlaoibh. Siní mo cheist, a Niamh. Cá bhfuil Amhlaoibh? An
-bhfuil sé beó? Pé ’cu beó nó marbh dó, inis dom cad a dhein sé ar
-Thadhg?”
-
-B’éigean di teacht i dtusach an sgéil agus é go léir a dh’innsint dó, ó
-thusach go deire.
-
-D’éist Connla le Niamh an fhaid a bhí sí ag innsint an sgéil agus é
-’n-a shuidhe le n-a h-ais sa chárbat, agus iad féin agus an tsluagh ag
-gluaiseacht go réidh. D’inis sí dhó i dtaobh na cailíse; i dtaobh na
-h-eochrach; i dtaobh an phúicín a cuireadh ar Chaoilte thall i gCathair
-na Beirbe; i dtaobh na leitire a tugadh dó nuair a bhí sé ar an loing
-ag teacht anall go Corcaigh; agus i dtaobh conus mar a dheineadar amach
-gur bh’ aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh agus gur chun caoi a dh’
-fhághail ar an gcailís a ghuid do leig sé air an Creideamh a ghlacadh
-agus na mion-Úird do ghlacadh. D’éist Connla leis an sgéal go léir
-gan focal do labhairt. Bhí iongnadh ar Niamh a rádh go raibh sé chómh
-ciúin. Bhí a chúis féin aige leis.
-
-Nuair a chonaic sé Amhlaoibh ag teacht ar dtúis go Ceann Cora agus
-go h-Uíbh Máine agus nuair a bhíodh an rince ar siúbhal, ba chuimhin
-leis gur airigh sé an focal: “Nách áluinn an lánmha a dhéanfaidís!”
-Níor thaithn an focal an uair sin leis, d’á óige a bhí sé. Ba leis
-féin Niamh, dar leis, agus níor theastuigh uaidh aon éileamh a bheith
-ag Amhlaoibh ná ag aoinne eile uirthi. Bhí cion an uair sin aige ar
-Amhlaoibh, mar a bhí ag gach aoinne, ach má bhí féin níor thaithn an
-focal úd leis.
-
-An fhaid a bhí sí ag innsint an sgéil dó bhí sé ag cuimhneamh ar an
-bhfocal úd agus bhí uabhar agus bochtaineacht agus fearg agus diombágh
-agus buile seirbhthin ’n-a chroídhe, a rádh gur labhradh an chaint
-sin riamh agus gur cuireadh i n-aice ’chéile sa chaint Niamh agus a
-leithéid de ropaire fill agus éithigh agus díthchreidimh.
-
-Nuair a bhí cúrsaí na cailíse innste aici dhó d’inis sí dhó gnóthaí
-Ghormfhlaith agus conus mar a bhí sí féin i gCeann Cora chómh fada agus
-í ag faire le h-eagla go dtabharfadh Gormfhlaith nimh do’n Árdrígh.
-
-Níor bhain sí aon fhocal cainte as go dtí gur inis sí obair Lonáin dó.
-Ansan do gháir sé a dhóthin, agus nuair a bhí an sgéal go léir innste
-dhó do sgeartadh sé ar gháirí, as a mhachtnamh, nuair a chuimhnigheadh
-sé ar an gcleas a dhéin Lonán.
-
-Ach do lasadh an fhearg airís, ar buile, gach aon uair a chuimhnigheadh
-sé ar an bhfocal úd, “Nách áluinn an lánmha a dhéanfaidís!” Agus a
-fhios aige ná raibh ag Amhlaoibh ’á dhéanamh i gcaitheamh na h-aimsire
-go léir ach feall!
-
-Bhí an doimhneas ann, ó n-a shean-athair, agus níor thug Niamh fé
-ndeara i n-aon chor go raibh a leithéid d’ fhearg air. Ach bhí.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL VIII.
-
-GEALLTA DO BHEIRT.
-
-
-An uair úd do rith an cailín isteach mar a raibh Sitric agus Maolmórdha
-agus Amhlaoibh agus Gormfhlaith ag caint, agus adúbhairt sí go raibh
-an cuan lán de loingeas, do rith, mar a dúbhradh, an ceathrar amach
-go bhfeicfidís na loingeas. Chonacadar iad ach ní raibh oiread acu
-ann agus mheasadar ba cheart a bheith ann. Ní raibh ann ach loingeas
-Shíguird ó Ínsibh Orc. D’ aithin Sitric iad.
-
-“Is ceart dúinn dul amach chun cainte leis an Iarla,” arsa Gormfhlaith.
-
-“Is fíor san, a mháthair,” arsa Sitric, “ach ní mór dhom nídh áirighthe
-a dh’ innsint duit-se ar dtúis.”
-
-“Cad é an nídh é?” ar sise.
-
-“Nídh a bhainfidh gáire asat,” ar seisean, agus do stad sé.
-
-“Sgaoil chúghainn é!” ar sise. “Má bhainean sé gáire asainn ní miste
-dhuit é sgaoileadh chúghainn. Cad é an greim atá agat air?”
-
-“Gheallas nídh do’n Iarla so. Ní thiocfadh sé liom go dtí gur thugas an
-gheallamhaint dó.” Do stad sé airís. (Bhí Maolmórdha láithreach.)
-
-“Ochón!” ar sise, “is agat atá an greim air. Cad a gheallais dó?”
-
-D’iompuigh sé uirthi agus d’ fheuch sé uirthi.
-
-“Gheallas tusa dhó!” ar seisean.
-
-“Is maith a dheinis é,” ar sise, “rud a gheallamhaint dó ná raibh ar
-do chumas a thabhairt dó. Ní dóich liom, ámhthach, gur maith a dhein
-seisean é agus an gheallamhaint sin do ghlacadh uait.”
-
-“Do ghlac sé an gheallamhaint agus do tháinig sé. Mura mbéadh gur
-thugas an gheallamhaint dó ní thiocfadh sé. Dar leis, agus dar leó go
-léir, ní’l bean eile sa domhan chómh breagh leat-sa.”
-
-“Agus conus a bheidh an sgéal agat ar ball má dhiúltuighim-se do’n
-gheallamhaint do chómhlíonadh?”
-
-“Bhí san sa mhargadh. Gheallas go bhfaghadh sé thu le m’ lán toil-se.
-Bhí fhios aige go maith ná féadfadh sé thu dh’fhághail i gcoinnibh do
-thoile féin. Mar a deirir, is ceart dul amach agus labhairt leis, agus
-fáilte chur roimis agus roime n-a mhuintir, roimis na daoine a tháinig
-i n-aonfheacht leis. Ná leig ort leis, a mháthair, go bhfuil fhios agat
-gur gheallas dó go bhfaghadh sé thu, ach bí chómh séimh chómh cneasda
-leis agus a dh’ fhéadfair a bheith. Fear láidir tréan cuthaigh iseadh
-é, agus má gheibhean sé thusa séimh gealgháiriteach leis is troime-de a
-bheidh a bhuille ar fhearaibh Éirean nuair a thiocfaidh an cath.”
-
-“Tá go maith, a mhic ó,” ar sise. “Teánam agus feicimís é, agus
-feiceadh sé sinn.”
-
-Do ghluais an ceathrar síos chun an chalaith. Ag gabháil síos an uair
-sin dóibh iseadh chonacadar an cailín agus an bosca fíona aici agus í
-ag dul siar go Sórd. Níor chuireadar aon tsuim inti. Chuirfidís suim
-inti dá mbéadh fhios acu go raibh an dá leitir úd istigh ’n-a brollach
-aici. Ní raibh aon phioc d’á fhios acu, agus chomáineadar leó gan aon
-tsuim a chur inti.
-
-Chuadar isteach sa bhád, bád an rígh. Bhí fir an rígh ann i gcómhnuíghe
-agus iad ollamh ar an mbád do ghleusadh, fé sheóltaibh dá mbéadh gaoth
-ann, nó fé bhataíbh ramha dá mba ná béadh gaoth ann. Bád breagh mór
-órnáideach ab eadh é, agus bhí gach aon chóir d’á uaisleacht agus d’á
-dhaoire ar bórd air, mar ba cheart a bheith ar bhád an rígh. Pé áit ’na
-bhfeictí ar an gcuan é do h-aithnightí é mar gheall ar ghlaine agus ar
-uaisleacht a dhathana.
-
-Bhí gaoth ann an lá san agus do cuireadh suas na seólta. Do ghluais an
-bád an cuan amach, i dtreó na h-áite ’n-a raibh na loingeas iasachta.
-D’ aithin Sitric long an Iarla. Do tugadh aghaidh ar an loing sin.
-Do tagadh ’n-a h-aice. Chómh luath agus bhíodar i n-aice na loinge
-d’aithin an t-Iarla Sitric. Do cuireadh an dréimire síos láithreach
-idir an long agus an bád agus chuaidh an ceathrar ar bórd na loinge.
-Chuir an t-Iarla na mílte fáilte roimis an rígh, rígh Lochlanach Átha
-Cliath, agus roim Ghormfhlaith. Ní raibh aithne roimis sin aige ar
-Mhaolmórdha ach do cuireadh aithne acu ar a chéile. Bhí sean aithne
-aige ar Amhlaoibh. Théidheadh Amhlaoibh óthuaidh go minic go h-Ínsibh
-Orc ag breith teachtaireachtaí ag triall ar an Iarla ó Shitric, agus
-ag tabhairt eóluis dó ar an gcuma ’n-a mbíodh gach nídh ag dul chun
-cinn i n-Éirinn. Bhí Amhlaoibh tar éis a dh’innsint do’n Iarla, ar na
-cuardaibh sin, conus mar a bhí Brian ana aosta agus conus mar a bhí gnó
-ar siúbhal a chuirfeadh Brian as an slígh, díreach um an dtaca ’n-a
-mbéadh cómhacht Lochlan ollamh ar theacht go h-Éirinn chun an ghnímh
-a dhéanamh. Ní baoghal, ámhthach, gur thug Amhlaoibh aon eólus do’n
-Iarla ar cia a bhí chun an ghnótha dhéanamh do Bhrian nuair a thiocfadh
-an t-am. D’á bhrígh sin ba bheag ná gur bh’ í céad cheist a chuir an
-t-Iarla chúcha ’ná conus a bhí Brian.
-
-“Tá sé chómh maith, a rígh,” arsa Maolmórdha, “agus is féidir d’fhear
-a bheith sa n-aois atá aige, ach ní fheadramair cad é an neómat a
-gheóbhmís tásg a bháis.”
-
-“An amhlaidh atá aon bhreóiteacht air, a rígh?” arsa’n t-Iarla.
-
-“Ní h-amhlaidh, a rígh,” arsa Maolmórdha. “Is amhlaidh atá duine curtha
-agam-sa ag tabhairt aireachais dó, duine d’á mhuintir féin, duine
-de’n bhuidhin a bhíon ’n-a seasamh i n’ aice coitchianta, duine d’á
-bhuidhin chosanta. Curfar sleagh ’n-a chroídhe nuair is lúgha a bheidh
-coinne aige leis. Ansan ní bheidh ’n-a mhór-shluagh ach mór-shluagh gan
-cheann. Tuitfidh a chómhacht as a chéile. Beidh Éire againn féin, agus
-beidh Sitric i n’ Árdrígh ar Éirinn.”
-
-D’fheuch an t-Iarla ar Shitric, chómh maith le n-a rádh, “An é sin a
-gheallais-se dhómh-sa?” Do labhair sé:--
-
-“Do réir mar a thuigim-se an sgéal,” ar seisean, “dá n-imthigheadh aon
-nídh ar Bhrian anois bhéadh Éire ag an Árdrígain, agus ag an bhfear a
-phósfadh í.”
-
-Do phreab aigne Ghormfhlaith nuair airigh sí an focal san. “Ó,” ar
-sise, ’n-a h-aigne, “Ní mise a bhéadh uait ach an Árdrígheacht! ‘Mo
-ghrádh thu agus rud agat.’”
-
-Ní raibh focal a’ h-aoinne ar feadh tamail. Do labhair Amhlaoibh agus é
-ag gáirí.
-
-“Gan dabht!” ar seisean. “Dá n-imthigheadh aon rud ar Árdrígh Éirean is
-ag an Árdrígain a bhéadh an Árdrígheacht, agus ag an t-é go dtabharfadh
-sí dhó an Árdrígheacht. Marbhuighmís Brian ar dtúis agus ansan beidh
-fhios againn cad a dhéanfaidh an Árdrígan.”
-
-“Is fíor,” arsa’n t-Iarla. “Marbhuighmís Brian ar dtúis. Ní’l brígh ná
-éifeacht le caint go dtí go mbeidh san déanta ar dtúis. An fear san a
-chuiris-se ag tabhairt aire do Bhrian,” ar seisean le Maolmórdha, “má
-dheinean sé a ghnó go maith, agus go luath, beidh caoi ag an Árdrígan
-ar a taobh féin de’n ghnó dhéanamh. Ansan iseadh bheidh éifeacht le
-caint. Go dtí san ná deintear a thuille cainte.”
-
-“Dar so ’s súd!” arsa Gormfhlaith ’n-a h-aigne féin, “ach má bhíon
-Árdrígheacht agam-sa le tabhairt d’ aoinne ní baoghal gur duit-se
-thabharfad í, a bheithigh allta! Ó! is mór idir thu agus Brian, d’á
-olcas é! Agus is mór idir thu agus Bruadar!”
-
-“Bara na teangan go mbaintear amach as do bhéal, a bhrealláin!” arsa
-Sitric, i n’ aigne féin, le Maolmórdha.
-
-“Ba mhaith linn na fir a thugais leat a dh’fheisgint, a rígh,” arsa
-Amhlaoibh leis an Iarla.
-
-Do rug an t-Iarla leis iad ó loing go loing agus thaisbeáin sé a
-shluagh dhóibh. Ní ró shuaimhneasach an aigne a bhí ag aoinne de’n
-cheathrar tar éis an méid úd cainte, agus ní suaimhneas ar fad a chuir
-an radharc a taisbeánadh dóibh ortha. Chonacadar fir mhóra láidire
-agus airm mhaithe ghéara ’n-a lámhaibh acu, agus a dheabhramh ortha go
-rabhdar ábalta ar úsáid a dhéanamh go neamh-eaglach agus go cródha des
-na h-airm. Chuir san sásamh aigne ar an gceathrar. Ach do chonacadar,
-i n-éaghmuis na bhfear, sloigisg ban agus leanbh agus gan ionta, nách
-mór, ach daoine fiaine. Is ceart a dh’ admháil go dtáinig uabhar agus
-bochtaineacht ar an uile dhuine de’n cheathrar nuair a thuigeadar n-a
-n-aigne cad é an cor a bhéadh ar Éirinn agus ar Ghaedhlaibh Éirean
-nuair a leigfí an tsloigisg sin isteach ortha agus an buadh acu. Ach má
-bhí uabhar agus bochtaineacht ortha do bhrughdar fútha é. Choimeádadar
-istigh é. Níor dheineadar oiread agus a dh’admháil d’á chéile ’n-a
-gcaint gur mhothuighdar istigh é. Sin mar a bhíon i gcómhnuighe ag an
-t-é a dheinean an droch ghníomh. Chun sásamh aigne thabhairt dó féin
-iseadh dhéinean sé an droch ghníomh, agus ar ball isé rud a thagan as
-dó ’ná mí-shásamh aigne, agus seirbhthean aigne, agus buaireamh aigne,
-agus cancar agus tré chéile aigne. Ansan bíon an tré chéile aigne
-laistigh aige agus an gealgháire lasmuich aige, agus is mór an truagh é.
-
-Tháinig an ceathrar abhaile go ríghtheighlach Shitric agus dheineadar
-an ceann ab fhearr de’n ghnó, chómh maith agus d’fhéadadar é, ’n-a
-gcaint. Mholadar an t-Iarla mar gheall ar a mhéid agus ar a neart. Dar
-leó, ní raibh aon fhear ar theighlach Bhriain a dh’ fhéadfadh seasamh
-’n-a láthair agus é throid: Mholadar na fir a bhí aige, agus na h-airim
-a bhí acu. Ní dúbhradar puínn i dtaobh na mban agus na leanbh. Níor
-mhaith le Gormfhlaith cuimhneamh ortha i n-aon chor, bhíodar chómh
-grána chómh salach chómh fiain.
-
-D’imthigh Maolmórdha. Bhí a shlóighte féin ag teacht isteach ó árdaibh
-Cúige Laighean. Níor mhór dó dul agus feuchaint chúcha.
-
-Nuair a bhí sé imthighthe do labhair Sitric.
-
-“Greadadh chuige,” ar seisean, “ba dhóbair dó an donus a dhéanamh
-orainn! Mura mbéadh Amhlaoibh bhí an donus déanta aige. Nách
-uathbhásach an sgéal ná féadfadh sé a bhéal a dh’ osgailt gan toirmeasg
-éigin a dhéanamh! Mura mbéadh a thapamhlacht a labhair Amhlaoibh do
-dhéanfadh sé an donas.”
-
-“Tá ’fhios ag an dtalamh,” arsa Amhlaoibh, “gur mheasas go mbéadh an
-sgéal go léir sgaoilte amach aige sar a mbéadh uain agam ar labhairt!”
-
-“Ní fheicim cad é an díobháil a bhéadh déanta dá dtigeadh leis an sgéal
-go léir do sgaoileadh amach,” arsa Gormfhlaith.
-
-“Ní bheidhfeá mar sin, a mháthair,” arsa Sitric, “dá mbéadh fios an
-sgéil go léir agat. Dá mbéadh an chuid eile de’n sgéal agat chífeá go
-h-áluinn cad é an díobháil a dhéanfadh sé agus cad é an díobháil ba
-dhóbair dó a dhéanamh.”
-
-“Aililiú!” ar sise. “Inis-se dhom an chuid eile de’n sgéal, a
-Amhlaoibh, nuair ná neósfadh sé seo dhom é.”
-
-“Ní’l puínn deifrigheachta,” arsa Amhlaoibh, “idir an dtaobh atá agat
-agus an taobh eile. Gheall Sitric go dtabharfadh sé thusa do’n Iarla.
-Ansan, nuair a bhí sé ag caint le Bruadar, gheall sé dhó go dtabharfadh
-sé thusa dhó! Taoín tú geallta dhóibh araon, a mháthair. Má gheibhid
-siad araon amach é beidh spórt againn!”
-
-Chaith sí í féin i gcathaoir agus ba dhóich leat go dtuitfeadh an
-t-anam aisti le neart gáirí. Do gháir sí, agus do gháir sí airís.
-
-“Ó!” ar sise fé dheire, “feuch air sin! An ’mó duine eile gur gheallais
-mé dhóibh?” (Bhí ’fhios aici go raibh sí geallta do Bhruadar.)
-
-“Níor gheallas tu ach do’n bheirt sin, a mháthair,” arsa Sitric.
-
-“Ach!” ar sise, “is olc a dheinis é! Bhíos ag brath air go mb’fhéidir
-gur gheallais mé do bheirt mhac rígh na h-Ioruaidhe. Ar gheallais-se d’
-aoinne mé?” ar sise le h-Amhlaoibh.
-
-“Níor gheallas, a mháthair,” ar seisean, “ach is dócha go mbeidh
-Bruadar, agus loingeas rígh Lochlan aige, ag teacht isteach sa chuan
-so ar maidin amáireach. Chuadhmair amach chun cainte leis an Iarla,
-leis an bhfear mór mileata meirgeach. Ní foláir dul amach chun cainte
-le Bruadar nuair a thiocfaidh sé. Dá n-airigheadh sé gur chuadhais-se
-amach chun cainte leis an bhfear meirgeach agus gan tu dhul amach chun
-cainte leis féin b’fhéidir go dtiocfadh éad air.”
-
-“Tá go maith,” ar sise. “Raighmíd amach chun cainte leis.” Agus chuir
-sí sgeartadh gáire eile aisti.
-
-“Seachain, a mháthair,” arsa Sitric, “agus ná tuigeadh sé uait go
-bhfuilir geallta do’n Iarla.”
-
-“Ní baoghal duit,” ar sise. “Is amhlaidh a bheidh sé a d’ iaraidh a
-thuisgint go bhfuilim deimhnighthe dhó féin.”
-
-
-
-
-CAIBIDIOL IX.
-
-CAD A THIOCFAIDH AS?
-
-
-Nuair a tháinig an mhaidion d’ fheuchadar amach ar an gcuan. Bhí
-cabhlach loingeas a bhí dhá uair chómh mór le cabhlach an Iarla tar
-éis teacht isteach sa chuan agus tar éis inead do ghlacadh laistigh de
-chabhlach an Iarla, fan na trágha, ar an dtaobh thuaidh de’n chuan.
-Bhí a lán des na fir, a’ cabhlach an Iarla, tar éis imtheacht as na
-loingeas agus dul i dtír, lastuaidh de’n chuan, agus cábáin a chur suas
-dóibh féin, agus teinte do lasadh chun bídh a dh’ ollamhughadh agus
-leapacha dhéanamh dóibh féin agus tuirse na faraige chur díobh. Bhí
-na daoine a bhí sa chabhlach mhór a tháinig i gcaitheamh na h-oídhche
-ag tusnughadh ar an rud céadna dhéanamh. Bhí na báid, agus iad lán
-de dhaoine agus d’ adhbhar na gcábán, ag fágáilt na loingeas agus ag
-imtheacht amach tré chúbhar na trágha, chun an tailimh tirim.
-
-Níor bheag d’uathbhás a raibh de loingeas sa dá chabhlach. Nuair a bhí
-na h-ancaireacha curtha amach acu agus iad ’n-a stad, agus iad i n-aon
-líne amháin, fan na trágha, do shrois an líne ó Bheinn Éadair go h-Áth
-Cliath nách mór.
-
-Do ghluais bád Shitric amach airís ó’n gcalaith i n-aice an
-ríghtheighlaigh, agus do ghluais sé i dtreó na loinge ar a raibh
-Bruadar. Chuaidh Gormfhlaith agus Sitric agus Amhlaoibh ar bórd na
-loinge sin. Chuir Bruadar na mílte fáilte rómpa.
-
-“Ó,” ar seisean le Gormfhlaith, “nách óg a dh’fheuchan tú, a Árdrígan!”
-
-“Ní h-aon iongnadh é sin, a rígh,” ar sise. “Ní h-aon iongnadh mé
-bheith ag feuchaint óg an fhaid atáim óg. Ní rabhas ach seacht mbliana
-déag nuair a rugadh é seo,” ar sise, (b’é sin Sitric) “agus ní’l sé seo
-puínn thar fiche bliain fós. Ní ceart seana bhean a thabhairt orm go
-dtí go mbeidh mé a dachad an chuid is lúgha dhé.”
-
-“Ní tabharfar seana bhean ort choídhche, a Árdrígan,” ar seisean.
-“Taoín tú ag feuchaint chómh h-óg an neómat so agus bhís an lá a
-phósais Amhlaoibh. Mheasas ná raibh agat ach aon mhac amháin le
-h-Amhlaoibh agus go bhfuair Amhlaoibh bás sar ar rugadh an mac san.”
-
-“Is iongantach an fear chun plámáis tú, a rígh,” arsa Amhlaoibh.
-“Dheinis tuathal ar dtúis nuair a dheinis an iongnadh d’ í bheith ag
-feuchaint chómh h-óg, ach do leighsis an tuathal nuair a dúbhrais go
-mbéadh sí ag feuchaint óg go deó.”
-
-“Tá dearmhad ort sa méid úd, a rígh,” arsa Gormfhlaith. “Sidé an mac a
-rugadh tar éis bháis Amhlaoibh.”
-
-“Ó, tuigim,” arsa Bruadar. “Sidé an t-Amhlaoibh Óg. Cad ’n-a thaobh nár
-innsis riamh dom cé r’ bh’é t’ athair, a bhitheamhnaigh?” ar seisean le
-h-Amhlaoibh.
-
-“Le h-eagla go ndéanfainn bréag, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Nách shiní
-an Árdrígan tar éis a rádh leat ná feaca-sa m’ athair riamh. Conus
-fhéadfainn a dh’innsint duit cé r’ bh’ é agus ná feaca riamh é?”
-
-“Is fíor,” arsa Bruadar. “Ach is cuma dhuit cé ’cu. Tá géarchúis do
-mháthar agat, agus tá a croicean agus a bláth ort.”
-
-Níor thug Gormfhlaith uain dó ar a thuille plámáis a dhéanamh. Níor
-bheag léi a raibh ráidhte aige. Bhí sé ag taighde ar neithibh nár oir
-di é féin ná aoinne eile bheith ag taighde ortha.
-
-“Thánamair chun go bhfeicfimís do neart slógh, a rígh,” ar sise.
-
-“Tá go maith, tá go maith, a Árdrígan,” ar seisean.
-
-Do rugadh ó loing go loing iad, agus do taisbeánadh gach aon rud
-dóibh. Conacadar na slóighte fear armtha, agus ba bhreagh an radharc
-iad. Fir mhóra láidire chumasacha, agus na h-airm ar áilleacht acu. Do
-taisbeánadh dóibh an deich gcéad fear n-a raibh na h-éidí mitil ortha.
-Dúbhairt Bruadar leis na fearaibh na h-éidí do chur umpa go bhfeicfeadh
-an Árdrígan iad. Do chuireadar.
-
-“Ó!” arsa Gormfhlaith. “Geóbhaid siad san tré shlóightibh Bhriain mar a
-gheobhadh buanaidhthe tré pháirc cruithneachtan a bhéadh aibigh!”
-
-Do rugadh iad chun na loinge ar a raibh beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe,
-Carrol Cnút agus Anrud.
-
-Ní fheacaidh an bheirt sin Gormfhlaith riamh go dtí san, ach d’
-airighdar teacht tháirse. D’ airighdar daoine a chonaic í ag trácht ar
-a h-áilneacht. Bhí fhios acu gur bhean áluinn thar bár í. Ach nuair a
-chonacadar í ba dhóbair dóibh a mbéasa agus a stuaim do chailleamhaint,
-chuir a h-áilneacht a leithéid sin d’iongnadh ortha. Ní fhéadaidís gan
-bheith ag feuchaint uirthi, agus ansan nuair fheuchaidís uirthi ní
-fhéadaidís a súile bhogadh dhi.
-
-Bhí an tsluagh ar an gcuma gcéadna. An fhaid a bhíodh sí ag gabháil
-thórsa ní fhéadaidís aon rud a dhéanamh ach bheith ag feuchaint uirthi.
-Dá mb’ iad na mná féin iad bhí an sgéal ar an gcuma gcéadna acu. Nuair
-a ghabhadh sí thórsa do rithidís tímpal chun teacht roímpi agus radharc
-eile dh’ fághail uirthi.
-
-Thugadar a lán de’n lá ag gabháil tímpal ó loing go loing. Nuair a bhí
-an fheuchaint déanta acu thánadar abhaile go ríghtheighlach Shitric.
-
-“Seadh!” arsa Gormfhlaith, nuair a bhíodar ’n-a suidhe ar a suaimhneas
-i n-aice na teine, “tá m’ aigne sásta. Ní’l aon bhreith ag Brian ar
-bhuachtaint sa chath so atá le troid anois aige. Bhí an t-eagla i
-gcómhnuíghe orm roim Mhurchadh agus roim Dhál gCais, ach an deich gcéad
-úd ins na h-éidíbh práis, cuirfid siad san deire, glan, le Dál gCais.
-Nuair a bheidh deire le Dál gCais beidh deire le cómhacht Bhriain.
-Má dheinean Mícheál Ruadh an bheart atá geallta aige a dhéanamh is
-amhlaidh is fearr é, ach pé ’cu dhéanfaidh nó ná déanfaidh ní’l baoghal
-orainn anois.”
-
-“Is maith liom mar a thaithnean an mhór-shluagh leat, a mháthair,” arsa
-Sitric. “Do fuaradh a lán d’á duagh. Níor bh’ aon ghnó ró shuarach an
-dá chabhlach loingeas san, agus na mílte fear san, do thabhairt ansan
-amuich ar uisge an chuain sin chúghat! Tá obair mhór déanta ag rígh
-Lochlan agus ag rígh na h-Ioruaidhe agus ag an Iarla, d’á mhéid de
-bheithigheach é. Tá obair mhór déanta acu go léir. Ní deintear obair
-mhór de’n tsórd san gan súil le díol as.”
-
-“Cad í an ghruaim seo anois ort?” arsa Gormfhlaith.
-
-“Tá eagal air,” arsa Amhlaoibh, “má bhuadhaid na ríghthe seo ar Bhrian
-go gcoimeádfaid siad toradh an bhuadha dhóibh féin.”
-
-“Bhuailis do mhéar air, a Amhlaoibh,” arsa Sitric. “Ní sheasuighean
-sé le cóir ná le ceart ná le résún go dtiocfadh na fir seo anso
-agus go dtroidfidís cath fuilteach dúinne i gcoinnibh Bhriain, agus
-ansan, nuair a bhéadh Brian marbh, agus Murchadh, agus M’lsheachlainn
-Mór, agus Dál gCais go léir, go n-árdóchaidís a seólta agus go
-n-imtheóchaidís soir abhaile, agus óthuaidh abhaile, airís agus go
-bhfágfaidís Éire againne.”
-
-“Cad é sin agat d’á rádh mar sin!” arsa Gormfhlaith. “Ná fuil slígh
-dhóibh go léir, agus dúinne ’n-a dteannta, i n-Éirinn!”
-
-“Siné díreach atá orm, a mháthair,” arsa Sitric. “Tá eagal orm ná
-fuil, ’sligh dhóibh go léir agus dúinne ’n-a dteannta, i n-Éirinn.’ An
-focal úd adúbhairt an t-Iarla, an ‘beithigheach,’ a ndúbhraís féin,
-an focal úd adúbhairt sé le rígh Laighean tá sé daingean am’ chroídhe
-ó shin mar a bhéadh dealg. ‘Beidh an Árdrígheacht ag Gormfhlaith,’ ar
-seisean, ‘agus ag an bhfear a phósfaidh í.’ Is dócha go bhfuil an rud
-céadna istigh i n’ aigne féin ag Bruadar. Agus tá fhios ag an saoghal
-nách chun na h-Árdrígheacht do chur i n-áirighthe dhómh-sa, ná d’
-aoinne de’n bheirt sin, a tháinig beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe anso
-go h-Éirinn agus loingeas a n-athar acu, agus slóighte a n-athar,
-agus a dtír féin curtha fé chostas mhór throm acu. Tá eagal orm go
-bhfuil aimhleas, agus nách aimhleas beag é, déanta againn, agus nách
-fios conus a thiocfaimíd uaidh. B’ fhearr liom bheith fé Árdrígheacht
-Bhriain, a mháthair, ’ná fé Árdrígheacht aoinne de’n cheatrar.”
-
-“Ní mac duit-se an fear san i n-aon chor, a mháthair!” arsa Amhlaoibh.
-“Mac d’ Amhlaoibh iseadh é. Deir a lán daoine liom nách mac d’
-Amhlaoibh mise. Measaim go bhfuil an ceart acu. Mac duit-se iseadh
-mé. Cad is gádh dhuit-se, a Shitric, bheith fé smacht aoinne de’n
-cheathrar! Cuir i gcás go ndéanfaid na buanaidhthe an obair ar an
-gcruithneacht aibigh, agus go mbeidh Brian agus Dál gCais ’ar slígh na
-fírinne,’ mar adéarfadh Colla, cad a thuitfidh amach? Iompó’idh Bruadar
-agus an ‘Beithigheach’ ar a chéile agus troidfid siad cath fuilteach
-feuchaint cé aige go mbeidh Gormfhlaith agus an Árdrígheacht. Iompó’id
-beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe ortha araon, nó ar an t-é a bheidh beó
-dhíobh, ’ghá chur i n-iúil nách ag aoinne acu is ceart an Árdrígheacht
-so do bheith ach ag duine acu féin, mar gur b’iad is sia ó bhaile do
-tháinig ’ghá h-iaraidh. Measaim, nuair a bheidh a gcuid coímhsgair
-déanta ag an gceathrar ná beidh puínn éilteóirí ag teacht idir thusa
-agus an Árdrígheacht, a mhic t’athar!----Inis an fhírinne, a mháthair;
-nách é an coímhsgar san idir an gceathrar an rud a chuir tusa ag cur an
-anama amach ag gáirí aréir nuair a h-innseadh duit go rabhais geallta
-do bheirt acu?”
-
-“Fágaim le h-uadhacht, a Amhlaoibh,” arsa Gormfhlaith, “gur bhuailis do
-mhéar go cruinn ar an rud a chuir ag gáirí mé. Ní rabhas, ámhthach, ag
-cuimhneamh ach ar an mbeirt, ar Bhruadar agus ar an Iarla. Do chonac go
-soiléir conus a féadfaí an bheirt sin do chur ag dísgiú’ a chéile agus
-gur mé féin a dh’ fhéadfadh an bheart san a dhéanamh. Ach chím anois
-go bhféadfar an ceathrar do chur ag dísgiú’ a chéile go feilimionta.
-Féadfar é dhéanamh agus déanfar é. Ná bíodh ceist ná eagal ort, a
-Shitric. Dísgeó’id siad cómhacht Bhriain duit ar dtúis. Ansan dísgeó’id
-siad a chéile dhuit. Ansan beidh Árdrígheacht na h-Éirean agat ’n-a
-ndiaigh go léir!”
-
-“Ní’l aon teóra libh!” arsa Sitric. “Ach déinig feuchaint bheag a
-thabhairt ar an dtaobh so de’n sgéal. Cuir i gcás go bhfuil a ngnó
-déanta ag an meithiol buanaidhthe seo atá cruinnighthe againn, agus go
-bhfuil an gort cruithneachtan ar lár. Chím an ceathrar i gcómhairle.
-
-“‘Is liom-sa an Árdrígheacht agus an Árdrígan,’ adeir an t-Iarla.
-
-“‘Cad a bhéarfadh gur leat-sa iad?’ adeir Bruadar.
-
-“‘Mar do gheall Sitric féin dom iad, agus mura mbéadh gur gheall ní
-thiocfainn anso,’ adeir an t-Iarla.
-
-“‘Ní dhuit-se a gheall Sitric iad,’ adeir Bruadar. ‘Is dómh-sa a gheall
-sé iad.’
-
-“‘B’fhéidir,’ adeir duine de mhacaibh rígh na h-Ioruaidhe, ‘gur gheall
-sé do bheirt agaibh iad,’ agus cuirean sé gáire as. Gheibhtear amach
-gur thugas an gheallamhaint do’n bheirt. Eirighid siad ar buile.
-
-“‘Téanaíg,’ adeirid siad. ‘Cuirimís ár neart le chéile agus tugaimís do
-Shitric an rud atá tuillte aige!’----B’fhéidir go neósfadh Amhlaoibh
-agus a mháthair do mhac Amhlaoibh cé air go ndéanfar dísgiú’ ansan.”
-
-“Stad go fóil, a mhic Amhlaoibh,” arsa Amhlaoibh. “Cá bh’fhios duit an
-’mó duine de’n cheathrar a thiocfaidh saor ó’n gcath?”
-
-“Ní fheadar; ná an ’mó duine againn féin a thiocfaidh saor ó’n gcath,”
-arsa Sitric.
-
-“Agus ar nóin, an t-é ná tiocfaidh saor ó’n gcath,” arsa Amhlaoibh,
-“cad é sin dó san cad a dhéanfaidh an Árdrígheacht?”
-
-“Ná an Árdrígan, an eadh?” arsa Sitric.
-
-“Is dóich liom, a bhuachailí,” arsa Gormfhlaith, “nách fearr rud a
-dhéanfaidh beirt agaibh anois ’ná dul a chodla.”
-
-Chuadar a chodla.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL X.
-
-OSGAILT SÚL DO SHITRIC.
-
-
-Níor chodail Sitric aon néal an oídhche sin. Chómh luath agus tháinig
-solus an lae bhí sé thuas ar bhara an ríghtheighlaigh agus é ag
-feuchaint soir-óthuaidh ar an líne fada loingeas a bhí sínte ar an
-uisge ó Bhinn Éadair go h-Áth Cliath, agus ar an líne cábán a bhí
-sínte fan chiúmhais na trágha, amuich ar an dtalamh tirm, agus é chómh
-fada le líne na loingeas. Bhí an machaire, lasmuich des na cábánaibh,
-clúdaighthe le slóightibh dúbha daoine agus iad ag cur neithe i dtreó
-dóibh féin i gcóir bhéile na maidine. Bhí Sitric ag feuchaint ar na
-loingeas agus ar na cábáin agus ar na slóighte daoine, agus bhí a aigne
-ana thré n-a chéile.
-
-“Is eagal liom,” ar seisean i n’ aigne féin, “nách é mo leas a dheineas
-nuair a thugas ansan sibh. Dá mbéadh sibh go léir sa bhaile airís,
-gach duine agaibh ’n-a dhúthaigh féin, bhéadh sibh ann tamal sar a’
-dtabharfainn-se as sibh. Tá sé déanach agam anois bheith ag cuimhneamh
-air sin.”
-
-Níor mhothuigh sé an Bhanríghin, Béibionn, ag teacht i n’ aice. Chuir
-sí a lámh ar a chuislinn agus bhí méar na láimhe eile ar a béal féin
-aici, mar chómhartha dó gan fothram a dhéanamh. D’fheuch sé uirthi.
-
-“Ná labhair, a rígh!” ar sise leis i gcogar. “Tá nídh agam le h-innsint
-duit. Tar chun mo sheómra.”
-
-An fhaid a bhí an méid sin cainte aici d’á rádh bhí a méar sínte
-aici i dtreó na h-áite ’n-a raibh na loingeas agus na slóighte, mar
-’dh eadh gur ortha a bhí sí ag feuchaint agus ag trácht. Níor mhór
-di an gliocas. Ní raibh ach an cogar críochnuighthe aici nuair a bhí
-Gormfhlaith laistiar di. Do lean sí ag caint go réid, mar ’dh eadh nár
-mhothuigh sí Gormfhlaith ag teacht:--
-
-“Nách seóig a’ bhfuil ann díobh!” ar sise. “Feuch,” ar sise, “is dócha
-gur b’í an long mhór san i lár baill long an Iarla.”
-
-“Ní h-í, a rígan,” arsa Sitric. “Siní long Bhruadair. An bhfeicean tú
-an long mhór eile úd thoir ar fad? An long go bhfuil an buthaire mór
-deataigh ag eirighe aisti?”
-
-“Chím í,” arsa Béibionn.
-
-“Siní long an Iarla,” arsa Sitric.
-
-“Is moch ar maidin atáthaoí araon ’ghá n-iniúchadh, a chlann ó,” arsa
-Gormfhlaith laistiar de’n bheirt.
-
-Do baineadh geit dáiríribh a’ Sitric mar níor mhothuigh sé ag teacht í.
-Do leig Béibionn uirthi gur baineadh geit aisti féin, leis, agus dhein
-sí an leigint uirthi chómh maith san gur shamhluigh an Árdrígan gur
-baineadh.
-
-Thug an triúr tamal sa n-áit ag breithniughadh na loingeas agus
-na slógh. Ansan dúbhairt Béibionn go raibh an mhaidion glas, agus
-d’imthigh sí. Níor bh’ fhada go ndúbhairt Gormfhlaith gur bh’ fhíor do
-Bhéibionn é, go raibh an mhaidion glas, agus d’imthigh sí. Chómh luath
-agus a thuig Sitric ná raibh aoinne ’ghá thabhairt fé ndeara tháinig sé
-go seómra Bhéibionn.
-
-“Cad é seo ort, a Bhéibionn?” ar seisean.
-
-“Tá sé buailte isteach am’ aigne, a rígh,” ar sise, “go bhfuil éagcóir
-’á déanamh ort, éagcóir throm.”
-
-“Cad a bhuail an nídh sin isteach ad’ aigne?” ar seisean.
-
-“Inis dom ar dtúis,” ar sise, “agus bí chómh cruinn agus d’fhéadfair ar
-na focalaibh, cad í an chaint a dúbhradh idir an gceathrar agaibh indé,
-idir thusa agus Bruadar agus Amhlaoibh agus do mháthair.”
-
-D’inis sé dhi an chaint chómh maith agus d’fhéad sé é. D’éist sí leis
-go dtí go raibh an chaint ráidhte aige.
-
-“Seadh!” ar sise, “thugais leat an chaint cruinn go leór.”
-
-Ní fheidir sé an domhan cad a bhí ag teacht.
-
-“Bhíos ag éisteacht libh aréir,” ar sise, “a gan fhios daoibh.
-Admhuighim é agus ní’l aon náire ’n-a thaobh orm. D’ airigheas do
-mháthair ’ghá rádh libh dul a chodla. Chuadhabhair a chodla. Ní fheadar
-ar chuais-se a chodhla ach tá fhios agam ná déigh Amhlaoibh a chodla.
-D’fhill sé thar n-ais agus thug sé féin agus do mháthair tamal maith
-de’n oídhche ag caint. Do taraingeadh anuas an uile fhocal de’n chaint
-a bhí eadraibh ar bórd na loinge. Dheineadar ana shult de’n chuma ’n-ar
-dhein sí amach ná rabhais-se ach fiche bliain d’ aois agus gur bh’é
-Amhlaoibh an mac léi a rugadh tar éis bháis a athar, ’sé sin tar éis
-bháis Amhlaoibh, agus gur mar gheall air sin a tugadh Amhlaoibh óg air.
-Ba dhóich leat go gcuirfidís araon an t-anam amach ag gáirí, fé n-a
-n-anál, an fhaid a bhí an méid sin ar siúbhal acu. Ach níor bh’ aon
-rud an méid sin suilt seachas an sult a bhí acu nuair a tharaingeadar
-chúcha conus mar a chuir do mháthair cosg leis an gcaint ar eagla go
-leigfeadh Bruadar amach sgéal áirighthe éigin, nídh éigin a theastuigh
-ó’n dtriúr a choimeád uait-se.
-
-“Sidiad anois agat, a rígh, na ceisteana atá os cómhair m’ aigne
-agus atá ag déanamh buartha dhom. Cad é an nídh é seo atá acu d’á
-choimeád uait-se? Cad é an t-eólus é seo atá ag Bruadar agus ná fuil
-agat-sa, agus nár bh’fholáir an chaint do chosg ar eagla go leigfeadh
-Bruadar amach, ad’ láthair, aon bhalaith dhé? Cad é an brígh a bhí
-ag Amhlaoibh leis an sult a dhein sé, ad’ láthair féin, amuich ar an
-loing, de’n rud gur dhóich le h-aoinne go n-eistfeadh sé a bhéal ’n-a
-thaobh?--‘Cad ’n-a thaobh, a bhitheamhnaigh,’ arsa Bruadar, ’nár innsis
-dom ná feacaís t’ athair riamh?’--‘Le h-eagla,’ arsa Amhlaoibh, ‘go
-ndéanfainn bréag,’ agus, ’nách shiní mo mháthair ’ghá innsint duit ná
-feaca m’ athair riamh.’--Tá sé daingean am’ aigne, a rígh, go bhfuil
-níos mó idir an dtriúr ’ná mar a thuigean aoinne ach iad féin. Tá
-uisge-fé-thalamh d’á dhéanamh ad’ choinnibh, a rígh, agus neósfad duit
-cad é an t-uisge-fé-thalamh é. Má thuitean m’ athair-se táthar chun
-Árdrígh dhéanamh de Bhruadar.’
-
-“Eist! eist! a rígan,” arsa Sitric. “Taoín tú as do mheabhair.”
-
-“Feuch isteach sa sgéal,” arsa Béibionn, “agus breithnigh é, agus
-meaghaigh é, agus cuirfead geall go ndéarfair go bhfuil an ceart agam.
-Cad tá acu d’á choimeád uait? Siní an cheist. Cad tá acu le coimeád
-uait? Níor choimeádais-se aon nídh uatha-san riamh. Cad é an sgéal é
-seo atá idir iad féin agus Bruadar agus nách maith leó aon ghaoth dhé
-do leigint chúghat-sa?”
-
-Do léim Sitric ’n-a sheasamh. Siúbhluigh sé an seómra síos agus suas
-ar feadh tamail, díreach mar a dhéanfadh a mháthair. Nuair a bhí greas
-rástála déanta aige do stad sé ar aghaidh na Banrighne amach:--
-
-“Dar so ’s súd, a Bhéibionn,” ar seisean, “ach tá an ceart agat! Chím
-anois é go soiléir. Cad a dhall mé? Nách é é ’n-a steilibheathaigh!
-Agus ó, nách aithreamhail an mac é! Ó, cad a dhall mé! Cad a dhall
-mé! Déanfaidh sí Árdrígh dhé! Ansan déanfar Árdrígh d’Amhlaoibh ’n-a
-dhiaigh. Táim-se sa tslígh. Cad a chómhairleófá dhom a dhéanamh, a
-Bhéibionn?”
-
-“Ná leig ort go bhfuil aon bhlúire droch amhrais agat ortha,” ar sise.
-“Sgaoil leó. Tá sluagh mhaith láidir agat-sa féin i gcóir an chatha so.
-Leig iad súd i dtreó Dhál gCais sa chath. Socaró’id Clann Chais a lán
-des na ceisteanaibh seo.”
-
-“Is maith í do chómhairle, a Bhéibionn,” ar seisean. “Is truagh
-chráidhte nách í do chómhairle a ghlacas ó thusach i n-inead cómhairle
-Ghormfhlaith. Ó, nach baileach a choimeád sí uainn an méid úd!”
-
-“Nuair a bhí Amhlaoibh i gCeann Cora agus i n-Inis Cathaigh iseadh thug
-sí an t-eólus dó,” arsa Béibionn.
-
-“Is uathbhásach an bhean í!” arsa Sitric, “agus tá Amhlaoibh maith a
-dóthin di. Tá sé aithreamhail, máithreamhail.”
-
-“Tá,” arsa Béibionn, “ach ní h-é an taobh fóghanta de’n dúchas a thug
-sé leis ó athair ná ó mháthair.”
-
-“Ní puínn fóghantachta a dh’fhéadfadh sé a thabhairt ó aon taobh acu,”
-arsa Sitric.
-
-Bhí an t-am ann chun dul fé dhéin béile na maidine. Chuadar isteach i
-seómra an bhídh. Bhí Gormfhlaith istigh rómpa.
-
-“Móra dhaoibh, a chlann ó!” ar sise. “Ní h-iongnadh liom a lán cainte
-bheith agaibh le déanamh indiu. Ní dócha go mbeidh puínn eile caoi ar
-chaint agaibh go dtí go mbeidh buadh an mhór-chatha so ar taobh éigin.
-Ansan beidh gach aon nídh ar bhúr dtoil agaibh má bhíon an buadh ar an
-dtaobh gceart.”
-
-“Agus má bhíon an buadh ar an dtaobh eile, a mháthair, cad a
-dhéanfaimíd?” arsa Sitric.
-
-“Má bhíon an buadh ar an dtaobh eile,” arsa Gormfhlaith, “ní bheidh aon
-ghádh le caint againn. Deineadh gach fear a ghníomh féin sa chath agus
-ní baoghal ná go mbeidh an buadh ar ár dtaobh féin.”
-
-“Cad tá ag coimeád Amhlaoibh?” arsa Béibionn.
-
-“Ní fheaca indiu é,” arsa Gormfhlaith. “Is dócha go mb’fhéidir go
-bhfuil tuirse air tar éis an lae ’ndé.”
-
-Chríochnuighdar an béile. Níor tháinig Amhlaoibh.
-
-“Is fearr glaodhach air,” arsa Sitric. “Raghad agus glaodhfad air.”
-
-D’imthigh sé. Níor bh’fhada gur fhill sé.
-
-“Ní’l sé ’n-a sheómra,” ar seisean.
-
-“Is mór an iongnadh,” arsa Gormfhlaith, “é dh’eirighe chómh moch.
-Má’s ag feuchaint ar ár mór-shluagh a bhí sé nách mór an iongnadh ná
-feacamair é.”
-
-“Níor luigh sé ar a leabaidh i n-aon chor aréir, a mháthair,” arsa
-Sitric.
-
-Tháinig iongnadh uirthi, díreach mar a thiocfadh dá mb’ a gan fhios a
-thiocfadh an sgéal uirthi. Níor bh’ eadh. Bhí fhios aici go maith nár
-chodail sé sa ríghtheighlach an oídhche roim ré. Dhein sí an iongnadh
-chómh maith san gur mheas an bheirt eile go raibh an iongnadh uirthi
-dáiríribh.
-
-Bhí Amhlaoibh imthighthe amach go loing Bhruadair agus teachtaireacht
-aige do Bhruadar ó Ghormfhlaith.
-
-Do ghluais Gormfhlaith ar fuid an ríghtheighlaigh ag ceistiúchán ar
-na seirbhísigh feuchaint cé ba dhéanaighe a chonaic an tighearna óg,
-Amhlaoibh, agus canad a chonacthas é. Ní bhfuair sí aon tuairisg air,
-nídh nár bh’iongnadh. Ní fheacaidh aoinne acu é ó chonacadar go léir
-é féin agus an rígh agus an Ardrígan ag teacht isteach ar an mbád um
-tráthnóna indé roimis sin.
-
-Dhein Gormfhlaith dearmhad. Dhein sí an iomad ceistiúcháin. Nuair a
-chonaic Béibionn an ceistiúchán thuig sí ná raibh ann ach púicín. Thug
-sí cogar do’n rígh.
-
-“Ní’l sa cheistiúchán san ach púicín, a rígh,” ar sise. “Tá fhios ag
-Gormfhlaith cá bhfuil Amhlaoibh imthighthe. Pé ball ’n-a bhfuil sé
-imthighthe, a rígh,” ar sise, “ní ar mhaithe le rígh Lochlanach Átha
-Cliath atá a thriall.”
-
-“Is fíor,” arsa Sitric. “Ní foláir feuchaint go cruinn chun an méid sin
-sgéil,” ar seisean.
-
-Ansan do labhair sé leis an mbeirt, le Béibionn agus le Gormfhlaith.
-
-“Feuchaíg, a ríogna,” ar seisean. “Indiu an Mháirt. Ní dóich liom gur
-ró fhada uainn an cath. Tá slóighte an Árdrígh nach mór cruinnighthe i
-gCill Mhaighneann. Ní mór dóm-sa imtheacht agus neart slógh Lochlanach
-na h-Éirean do chur sa n-inead atá ceapaithe dhóibh ar talamh an
-chatha. Beid siad féin agus slóighte rígh Laighean i n-aice chéile.
-Is dóich liom go bhfuil na Laighnigh ollamh cheana féin. Fágfar anso
-oiread nirt agus chosanóchaidh an ríghtheighlach so pé cuma ’n-a
-ngeobhaidh an cath. Fanaigh-se araon anso istigh go dtí go mbeidh
-an buadh ar thaobh éigin. Má bhíon an buadh ag Brian ní baoghal go
-ndéanfaidh sé aon anchor a thabhairt d’ aoinne agaibh-se. Má bhíon an
-buadh againn féin beidh gach aon rud go maith.”
-
-D’imthigh sé agus d’fhág sé ansan an bheirt.
-
-B’ shiniad an bheirt ná raibh aon ghrádh ró mhór acu d’á chéile. Ach an
-t-é a chífeadh iad i bhfochair a chéile ní h-é sin ba dhóich leis.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XI.
-
-FUADAR AGUS FLOSG AGUS GIODAM.
-
-
-Um an dtaca ’n-a raibh slóighte na Lochlanach agus a lucht conganta
-socair ’n-a gcábánaibh ar an machaire, fan na trágha, ar an dtaobh
-thuaidh de chuan Átha Cliath, bhí slóighte Bhriain ag teacht go tiugh
-isteach ar mhachaire Cille Maighneann, mar ar ghnáth le Brian longphort
-a dhéanamh i gcómhnuíghe nuair a thagadh sé féin agus a shlóighte
-andeas ó’n Múmhain, ag cur smachta ar Lochlanachaibh Átha Cliath, nó ag
-cur eagla a chómhachta ar na Gaedhlaibh a ghabhadh a bpáirt. Chuaidh
-gach rígh des na ríghthibh a tháinig andeas an uair sin chun na h-áite
-’n-ar ghnáth leis dul, é féin agus a bhuidhean, agus chuireadar suas
-a gcábáin ann, fé mar ba ghnáth leó a dhéanamh. Bhí gach rígh agus a
-bhuidhean féin ag cur a gcábán suas fé mar a shroisidís an áit, agus ní
-raibh aon bhuidhean ag teacht sa tslígh ar bhuidhin eile, ná ní raibh
-aighneas ná diospóireacht ná abhcóidigheacht ar siúbhal.
-
-Bhí cábán Thaidhg Mhóir uí Chealla sa n-áit ’n-a mbíodh sé
-i gcómhnuíghe, i n-aice le cábán an Árdrígh, agus bhí cábán
-Mhaoilruanaidh na Paidre i n-aice le cábán Thaidhg Mhóir. D’fhág san
-caoi ag Conn agus ag Tadhg Óg ua Cealla ar bheith go minic i bhfochair
-a chéile, agus bhíodh Caoilte agus Lonán i bhfochair na beirte sin
-chómh minic agus d’fhéadaidís é. Minic go maith ab eadh san, mar ní
-raibh cábán a n-athar ró fhada ó’n áit. D’fhág san, leis, caoi ag
-Niamh ar bheith go minic n-a bhfochair go léir, agus ar a lán eóluis
-a dh’fhághail ó Chaoilte ar an gcuma ’n-a raibh an tsluagh go léir
-suidhte, agus ar cad é an saghas an namhaid agus cad a bhí acu d’á
-dhéanamh. B’é gnó an ghiolla turais gach eólus de’n tsórd san do
-sholáthar agus do bheith aige, agus ní baoghal ná go raibh Caoilte
-tugtha go maith chun an ghnótha san do dhéanamh, agus chun gach aon
-bhlúire eóluis, fé mar a thagadh sé suas leis, do thabhairt ag triall
-ar Niamh. Do thugadh sé ag triall ar Niamh é chómh luath agus thugadh
-sé ag triall ar Bhrian é.
-
-Bhí cuid mhaith des na Lochlanaigh a bhí ’n-a gcómhnuíghe i n-Éirinn an
-uair sin, ar mhór-shluagh Bhriain, i gCill Mhaighneann, ag cabhrughadh
-leis sa chath san, agus bhí ceart Éireanach, do réir dlighthe na
-h-Éirean, curtha i bhfeidhm aige dhóibh féin agus d’á sliocht, mar
-gheall ar an gcabhrughadh san.
-
-Bhí Ospac ann agus an méid nirt slógh a tháinig adtuaidh leis ó-s na
-h-oileánaibh nuair a dh’euluigh sé ó Bhruadar. Do ghlac sé féin agus
-a dhaoine an Creideamh, agus do bhaist Colla iad i n-Inis Cathaigh,
-agus chuireadar fé chomairce Sheanáin iad féin. Ansan do thánadar, i
-n-aonfheacht le mór-shluagh Bhriain, chun an mhór-chatha. Do thuigeadar
-go raibh an cath le troid ar son an Chreidimh, agus bhí fhios acu go
-raibh neamh le fághail ag an t-é do thuitfeadh i gcath a troidfí ar son
-an Chreidimh.
-
-Bhí M’lsheachlainn Mór ann, rígh na Mídhe, agus deich gcéad fear aige.
-
-Tháinig a lán d’fhearaibh Uladh ann agus do luighdar isteach ins na
-buidhnibh, fé mar a bhí aithne acu ar na fearaibh nó ar na ríghthibh.
-Fir ab eadh iad ná leigfeadh a gcroídhe ná a n-aigne dhóibh fanmhaint
-sa bhaile nuair a bhí a leithéid de chath le bualadh, agus Éire go léir
-i n-a leithéid do chontabhairt, agus an Creideamh i n-a leithéid de
-chontabhairt.
-
-Bhí an dá rígh ó Albain ann agus neart maith láidir de Ghaedhlaibh
-Alban i n-aonfheacht leó.
-
-Do réir gach seanachais bhí suas le fiche míle fear ag Brian i gCill
-Mhaighneann an uair sin nuair a bhíodar go léir cruinnighthe. Do réir
-na gcúntaisí gcéadna bhí aon mhíle fhichid ag an namhaid. Ach bhí an
-deich gcéad fear ins na h-éidíbh práis ar thaobh na Lochlanach, agus do
-measadh gur mhó le rádh an deich gcéad san, i bhfriothghuin catha, ’ná
-deich míle des na fearaibh ná raibh ortha ach na “léinteacha sróil.”
-
-Bhí Caoilte agus na giollaí eile ag teacht isteach coitchianta ó bheith
-ag feuchaint ar an namhaid agus ’ghá mbreithniughadh.
-
-As na tuairisgibh a thugadar leó do mheas Brian ná tiocfadh an namhaid
-amach chun catha go ceann seactmhaine eile pé ’r domhan é. Bhí Luan
-na Failime an uair sin ann. Bhí a neart go léir cruinnighthe i n-aice
-Átha Cliath ag rígh Laighean i gcóir an chatha. Bhí Cúige Laighean
-gan chosaint. Dob’ ana mhaith an rud, an fhaid a bhéifí ag feitheamh
-leis an gcath, an Chúige sin do sgrios agus bia do’n mhór-shluagh
-do thabhairt aisti; a chur fhiachaint ar rígheacht Mhaoilmhórdha an
-mhór-shluagh do chothughadh.
-
-Chuir Brian amach a mhac, Donchadh, chun Cúige Laighean do sgrios. Do
-ghluais Donchadh i dtusach na h-oídhche, i dtreó ná feicfí ag imtheacht
-é agus go mbéadh na creacha istigh aige sar a’ mhothóch’ an namhaid go
-raibh an gnó ’á dhéanamh i n-aon chor. Níor rug Donchadh leis ar an
-gcuaird sin puínn thar cúig nó sé chéadaibh fear. Ní raibh aon ghnó
-aige d’á thuille.
-
-An oídhche do ghluais Donchadh ó Chill Mhaighneann, chun na h-oibre
-sin a dhéanamh, b’shiní díreach an oídhche do chuir Gormfhlaith
-Amhlaoibh leis an dteachtaireacht, ó ríghtheighlach Shitric, ag
-triall ar Bhruadar, a gan fhios do Shitric agus a gan fhios do
-Bhéibionn. Bhí Amhlaoibh ábalta ar cheilt a chur air féin i n-a lán de
-riochtaibh, agus ar é dhéanamh go maith. Nuair a bhí sé ag imtheacht
-ó’n ríghtheighlach do chuimhnigh sé i n’ aigne gur mhaith an rud dó
-gabháil tré Chill Mhaighneann feuchaint an bhféadfadh sé teacht suas le
-h-aon bhlúire eóluis a bhéadh tairbhtheach do Bhruadar. D’ aimsigh sé
-mála agus chuir sé ar a mhuin é, mar ’dh eadh ná raibh ann ach duine
-de lucht leanamhna an tslóigh agus go raibh sé ag díol neithe beaga a
-bhéadh áiseach d’ fhearaibh an tslóigh. Cá dtabharfadh sé aghaidh ach i
-dtreó an bhaill ’n-a raibh Donchadh agus a bhuidhean ag tusnughadh ar
-ghluaiseacht ódheas. Bhí iongnadh air. Do luigh sé ar chaint le cuid
-de’n lucht leanamhna a thárla i n’ aice. Níor bh’ fhada gur bhailigh
-sé uatha an toisg ar a raibh an bhuidhean ag imtheacht ódheas, agus cé
-bhí ’n-a cheann ortha. Do bhailigh sé é féin amach ó’n lucht leanamhna
-chómh tapaidh agus d’ fhéad sé é gan aon droch amhras a tharang air
-féin. Chómh luath agus bhí sé bailighthe uatha thug sé aghaidh soir
-óthuaidh, agus níor bh’fhada go raibh sé ag caint le Bruadar. Ní
-baoghal gur ag triall ar Mhaolmhórdha a chuaidh sé chun a innsint dó
-go raibh buidhean fear imthighthe ódheas chun a thíre do sgrios. Dá
-ndeineadh, b’fhéidir go ngluaiseóch’ Maolmórdha ódheas chun a thíre
-do chosaint, agus do lagóch’ san mór-shluagh na Lochlanach i gcóir an
-chatha. Ag triall ar Bhruadar a thug sé aghaidh.
-
-“Is maith a dheinis é, a mhic ó!” arsa Bruadar leis. “Tá súil agam
-ná faghaidh rígh Laighean amach go bhfuil san ar siúbhal ’n-a thír.
-D’imtheóch’ sé uainn láithreach agus ní oirfeadh dúinn sgaramhaint le
-h-oiread agus aon fhear amháin. Tá an sgéal céadna díreach anso sa
-leitir seo agam ó d’ mháthair, pé cuma n-a bhfuair sí amach é. Deir
-sí gur ceart dúinn an cath do troid láithreach sar an mbeidh uain ag
-Donchadh ar theacht thar n-ais.”
-
-“Isé mo thuairim-se, a rígh,” arsa Amhlaoibh, “go mbeidh easnamh
-níos mó ’ná easnamh Dhonchadh agus a bhuidhne ar an Árdrígh nuair a
-thiocfaidh an cath.”
-
-“Cad é an t-easnamh eile a dh’fhéadfadh a bheith air?” arsa Bruadar.
-
-“Tá rígh cúige éigin ag déanamh a dhíchil chun a chur fhiachaint ar
-chuid des na ríghthibh eile tarang siar ó Bhrian agus ó Dhál gCais
-nuair a thusnóchaidh an cath,” arsa Amhlaoibh.
-
-“Dar so ’s súd ach má deintear san beidh an cath ar ár dtoil féin
-againn!” arsa Bruadar. “An dóich leat,” ar seisean, “an bhfuil ag
-eirighe leis an rígh cúige sin?”
-
-“Do réir mar airigheas an chaint,” arsa Amhlaoibh, “do bheartuigheas go
-raibh ag eirighe leis maith go leór.”
-
-“Ó, is maith é sin!” arsa Bruadar. “Imthigh, a laogh,” ar seisean,
-“agus cuir chúgham an draoi.”
-
-Fear ab eadh Bruadar a dhein, i dtusach a bheatha, an rud céadna
-díreach a dhein Amhlaoibh nuair a bhí sé i n-Inis Cathaigh. Do ghlac
-sé an Creideamh, agus ansan do ghlac sé na h-Úird i dtreó gur deineadh
-deacon dé. Dhá dheacon ab eadh é féin agus Amhlaoibh. Ansan níor lean
-Bruadar de’n Chreideamh. Do shéan sé é agus chaith sé uaidh é, díreach
-mar a dhein Amhlaoibh. Nuair a chaith sé uaidh an Creideamh d’ iompuigh
-sé ar dhiablaidheacht agus ar dhraoidheacht agus ar dheamhanaibh agus
-ar phiseógaibh, agus ar an uile shaghas deismireachta de’n tsórd san,
-i dtreó go ndeirtí go raibh ar a chumas a lán neithe iongantacha do
-dhéanamh le cómhacht deamhan.
-
-Tháinig an draoi. D’inis Bruadar dó conus mar a bhí cuid de shluagh
-Bhriain imthighthe amach ag creachadh Cúige Laighean, agus conus mar a
-bhí cuid des na ríghthibh ag iompáil i gcoinnibh Bhriain.
-
-“Agus anois,” ar seisean leis an ndraoi, “cad í do chómhairle dhom?
-Is mise, mar is eól duit, is fear cinn riain ar an mór-shluagh so. Is
-agam atá lá an chatha do cheapadh. Dá dtugainn an t-órdú’ anois,” ar
-seisean, “bheimís ollamh chun an chatha do thusnú’ go moch ar maidin Dé
-h-Aoine. Cad deirir liom?”
-
-Do stad an draoi ar feadh tamail. Tar éis machtnaimh do labhair sé.
-
-“Má troidtear an cath so Dé h-Aoine,” ar seisean, “tuitfidh Brian. Má
-troidtear an cath aon lá eile tuitfidh sibh-se go léir.”
-
-Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’iompuigh sé ar a sháil agus
-d’imthigh sé chun a chábáin féin.
-
-Do stad an bheirt, Bruadar agus Amhlaoibh, ag feuchaint ’n-a dhiaigh.
-Nuair a bhí sé imthighthe as a radharc do labhair Bruadar.
-
-“Tuigim é,” ar seisean. “Má throidimíd Dé h-Aoine beidh Donchadh gan
-filleadh agus beidh an rígh cúige seo a deirir-se i n-earaid le Brian.
-Má fantar níos sia gan an cath do throid beidh Maolmórdha imthighthe
-chun a chúige do chosaint, beidh Donchadh tagaithe thar n-ais agus na
-creacha aige. Chífidh an rígh cúige seo a deirir-se an dá nídh sin,
-Maolmórdha imthighthe agus Donchadh tagaithe agus na creacha aige,
-agus luighfidh sé isteach i n’ inead féin sa chath. Ansan beidh Brian
-ró láidir dúinn go léir. Siné brígh na cainte sin adúbhairt an draoi.
-Ní foláir an focal do chur amach anois ameasg na slógh so go léir go
-bhfuil an cath le tusnú’ ar maidin Dé h-Aoine.”
-
-Do cuireadh amach an focal. Do h-innseadh, leis, do’n mhór-shluagh
-go léir, an focal adúbhairt draoi Bhruadair, dá dtroidtí an cath Dé
-h-Aoine go dtuitfeadh Brian, ach dá bhfágtí gan troid é níba shia ’ná
-go h-Aoine go dtuitfeadh na Lochlanaigh agus a lucht conganta go léir.
-Do thuig an mhór-shluagh as san dá dtroidtí an cath Dé h-Aoine a bhí
-chúghainn go mbéadh an buadh ag na Lochlanaigh.
-
-D’á bhrígh sin, chómh luath agus fuaradar an focal thusnuighdar go
-léir ar iad féin d’ ollamhughadh i gcóir an chatha. Ní raibh puínn
-thar ocht n-uaire a’s dachad acu an uair sin chun an ollmhucháin a
-dhéanamh. Níor bheag leó an méid sin aimsire. D’á luathacht a troidfí
-an cath dob’ eadh b’fhearr é, dar leó. Bhíodar deimhnightheach go
-mbuadhfaidís. Bhítheas tar éis a chur ’n-a luighe ortha go daingean
-ná raibh ag Brian de mhór-shluagh ach sloigisg a bhí níba thugtha go
-mór chun iompáil ar a chéile ná mar a bhíodar chun troda dhéanamh le
-namhaidh. Go raibh cuid des na ríghthibh cúige agus ná rabhdar ach
-ag feitheamh leis an gcath do thusnughadh chun druim lámha thabhairt
-le Brian agus é féin agus Clann Chais do thréigean. Go raibh cúis a
-ndóthin agá lán acu chuige sin, mar go raibh lámh Bhriain ana dhian
-ortha, agus d’á dhéine a bhí lámh Bhriain ortha gur thuigeadar go
-mbéadh lámh Mhurchadh níba sheacht ndéine ortha nuair a thiocfaidís
-fúithi. Nuair a thusnóch’ an cath gur bh’ eadh do chífí an neamhghus a
-bhí i gcómhacht Bhriain, d’á mhéid leatha a bhí faoi agus d’á aoirde
-cáil a bhí air. Ach pé breith a bhéadh aige ar bhuachtaint sa chath dá
-mbéadh an dá shluagh mar a chéile i dtaobh arm, ná raibh aon bhreith
-i n-aon chor aige ar bhuachtaint nuair a bhí an deich gcéad fear ins
-na h-éidíbh práis ag na Lochlanaigh. Go siúbhlóch’ an deich gcéad
-fear san rómpa tré mhór-shluagh Bhriain agus go ngeóbhdís de chosaibh
-ionta. D’á luathacht, d’á bhrígh sin, a troidfí an cath dob’ eadh b’
-fhearr é, dar leó, mar b’ shin mar ba thúisge a dh’ fhéadfaidís iad
-féin do leathadh isteach ar mhachairibh breaghtha míne na h-Éirean agus
-seilbh a ghlacadh ionta. Bhí fonn agus flosg agus giodam agus meanamna
-agus mórchroídhe, d’á bhrígh sin, ortha féin agus ar a mnáibh, agus
-fuadar an domhain fútha, nuair a rith an focal mór-thímpal eatartha
-go dtroidfí an cath ar maidin Dé h-Aoine a bhí chúghainn. Níor chodail
-aoinne acu an chuid eile de’n oídhche sin, bhí a leithéid sin d’
-fhothram agus de ghleó ar siúbhal ó cheann ceann de’n longphort.
-
-Níor bh’fhada go bhfuaradh amach i longphort Bhriain cad a bhí ar
-siúbhal, agus cad fé ndeár an gleó agus an fothram. Bhí Caoilte agus
-a ghiollaí turais anso agus ansúd, fé cheilt, ameasg na Lochlanach.
-Thugadar leó ag triall ar mhór-shluagh Bhriain tuairisg cruinn ar
-an ollmhúchán. Thusnuigh na Gaedhil ar iad féin d’ ollamhughadh
-láithreach. Bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal go tréan sa dá longphort
-i ndeire na h-oídhche sin agus i gcaitheamh an lae amáirigh, agus i
-gcaitheamh na cod’ eile de’n aimsir as san go h-Aoine.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XII.
-
-DAOINE CIALLMHARA AG FEUCHAINT RÓMPA AMACH.
-
-
-Dá mhéid a bhí deimhne ag Bruadar agus ag Amhlaoibh, agus ag an gcuid
-eile acu, ar bhuachtaint sa mhór-chath a bhí ag teacht, iseadh ba mhó
-a bhíodar ag feuchaint rómpa amach agus ag cuimhneamh ar na neithibh a
-dhéanfaidís tar éis an chatha.
-
-Do labhair Amhlaoibh le Bruadar.
-
-“A leithéid seo, a rígh,” ar seisean. “Is tusa a bheidh i
-n-Árdrígheacht na h-Éirean tar éis an chatha so.”
-
-“B’fhéidir é,” arsa Bruadar, “ach cá bh’fhios duit-se sin?”
-
-“Táim deimhnightheach dé,” arsa Amhlaoibh. “Do gheall Sitric duit
-go dtabharfadh sé mo mháthair duit. Ní foláir dó an gheallamhaint
-sin do sheasamh. Ansan, an t-é go mbeidh an Árdrígan aige beidh an
-Árdrígheacht aige.”
-
-“Mheasas,” arsa Bruadar, “gur chun na h-Árdrígheachta thabhairt do
-Shitric a tusnuigheadh an obair seo ar dtúis.”
-
-“Mheasas-sa, leis, é,” arsa Amhlaoibh, “ach measaim rud eile anois.
-Chím atharughadh ar aigne mo mháthar ó thusnuigh na slóighte móra so ar
-chruinniú’ fé n-a súil. Ní déarfainn ná go bhfuil fhios agat féin, a
-rígh, gur duit a tabharfar an Árdrígheacht, agus nách indiu ná indé do
-thusnuighis ar a fhios a bheith agat.”
-
-“Nár gealladh Árdrígan agus Árdrígheacht do’n Iarla?” arsa Bruadar.
-
-“Ní ceist ag lorg eóluis í sin, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Tá freagra na
-ceiste sin agat féin cheana agus ní gádh dhómh-sa í fhreagairt duit.”
-
-“Is fíor, a mhic ó,” arsa Bruadar, “ach cad ’tá uait? Tá fhios agam
-go dteastuighean uait nídh éigin a dh’iaraidh orm nuair a bhéad am’
-Árdrígh, agus gur maith leat an nídh sin do chur i n-áirighthe dhuit
-féin roim ré.”
-
-“Siné díreach a theastuighean uaim, a rígh,” arsa Amhlaoibh.
-
-“Tá go maith. Comáin leat. Ach ba dhóich liom, ó ’tá fhios agat anois
-cé h-é thu, go dtuigfeá ad’ aigne ná fuil aon ghádh leis an gcur i
-n-áirighthe roim ré. Ach comáin leat;” arsa Bruadar.
-
-“Nuair a bhíos-sa i n-Inis Cathaigh,” arsa Amhlaoibh, “chuireas aithne
-ann ar mhac do Thadhg Mhór ua Chealla. Tá aithne agat ar Thadhg Mhór ua
-Chealla.”
-
-“Tá. An fear so adeirtear atá níos treise agus níos cródha ’ná Murchadh
-féin,” arsa Bruadar.
-
-“Siné é,” arsa Amhlaoibh. “Chuireas aithne ar a mhac. Buachail bocht
-símplidhe iseadh é. Ach do chuadhmair ar chuaird óthuaidh go h-Uíbh
-Máine, go ríghtheighlach Thaidhg Mhóir. Chonac rígan óg ansan, inghean
-do Thadhg Mhór. Niamh a tugtí uirthi. Ní fheacaidh mo dhá shúil
-riamh roimis sin, ná ó shin, aon nídh i riocht duine chómh h-áluinn
-léi. Mheasas gur bhain a h-áilneacht mo radharc díom. Ach sa n-am
-gcéadna, ar an gcéad amharc, do buaileadh isteach am’ aigne go raibh
-sí go h-olc. Ní h-í a bhí go h-olc ach mise. Tháinig sí go Ceann Cora
-’n-a dhiaigh san chun bheith ag faire ar mo mháthair le h-eagla go
-dtabharfadh sí nimh do Bhrian. Chuir mo mháthair aithne uirthi. Bhíos
-ag caint le m’ mháthair uair, i gcaitheamh na h-aimsire ’n-a raibh
-Brian ar a chuaird rígh. Dúbhairt sí liom go raibh dearmhad mór déanta
-agam i dtaobh Niamh. Thuigeas gur bh’ fhíor di é. Do chaitheas a
-gheallamhaint di dá n-eirigheadh ár n-obair linn go bpósfainn Niamh.”
-
-“An ndúbhairt sí leat,” arsa Bruadar, “go bpósfadh Niamh thu?”
-
-“Táim féin deimhnightheach, ó’n gcéad amharc úd, go bpósfaidh. Isé
-rud atá agam le h-iaraidh ort, nuair a bhéir-se i n-Árdrígheacht na
-h-Éirean, go dtabharfair ríghe Conacht dómh-sa agus do Niamh.”
-
-“Ambasa, a mhic ó,” arsa Bruadar, “tabharfad agus fáilte. Tabharfad
-ríghe Conacht duit pé ’cu thógfaidh sí thu nó ná tógfaidh.”
-
-I n-áit eile, sa mhór-shluagh chéadna, bhí beirt eile agus iad ag
-feuchaint rómpa ar an gcuma gcéadna agus iad ag socarughadh, neithe
-go h-áluinn, dar leó. B’iad beirt iad san ’ná Maolmórdha agus Sitric.
-Níor ró fhuiriste do Shitric neithe do shocarughadh i gcómhairle le
-Maolmórdha, mar fear ró bhaoth, ró bhéalsgaoilte, ab eadh Maolmórdha,
-agus ní féadfaí aon eólus a thabhairt dó ach eólus nar mhiste a leigint
-amach.
-
-“Is dócha, a rígh,” arsa Sitric le Maolmórdha, “ná fuil aon teip ná go
-mbuadhfaimíd sa chath so atá le troid Dé h-Aoine.”
-
-“Ní’l, a mhic ó,” arsa Maolmórdha. “Ní fhéadfadh a bheith. Chuirfeadh
-an deich gcéad fear so ins na h-éidíbh práis i n-áirighthe dhúinn é dá
-mba ná béadh aon nídh eile chun é chur i n-áirighthe dhúinn. Ach tá
-a lán neithe chun é chur i n-áirighthe dhúinn. Airighim-se go bhfuil
-socair ag M’lsheachlainn Mór ar tharang siar ó’n gcath chómh luath agus
-thusnóchaidh an cath. Ní h-aon iongnadh i n-aon chor go mbéadh socair
-aige ar a leithéid.”
-
-“Agus cad ’n-a thaobh nár fhan sé thiar sa bhaile agus gan teacht i
-n-aon chor, fé mar a dh’ fhan tuille acu?” arsa Sitric.
-
-“D’fhanfadh, leis, ach go bhfuil socair aige ar níos mó díobhála
-dhéanamh do Bhrian ’ná mar a dhéanfadh sé dhó dá bhfanadh sé thiar sa
-bhaile,” arsa Maolmórdha.
-
-“Agus cad é an díobháil eile atá beartuighthe aige a dhéanamh?” arsa
-Sitric.
-
-“Tá sé ag brath air go mbéarfaidh sé leis as an gcath beirt nó triúr
-eile des na ríghthibh atá dílis fós do Bhrian. Ní fhéadfadh rígh na
-nDéiseach aon ghrádh ró mhór a bheith aige do Bhrian; ná rígh Ua
-n-Eachac Múmhan; ná tuille acu,” arsa Maolmórdha.
-
-“Agus cogar, a rígh,” arsa Sitric, “cad is dóich leat a dhéanfaidh mo
-mháthair tar éis an chatha?”
-
-“Cad a dhéanfadh sí,” arsa Maolmórdha, “ach an rud atá geallta aici ó
-thusach, tusa chur sa n-Árdrígheacht?”
-
-“Mura dtiocfadh aon lucht droch chómhairle chúichi a chuirfeadh suas í
-chun a h-aigne d’ atharughadh,” arsa Sitric.
-
-“Cé h-é an droch chómhairleóir a dh’ fhéadfadh í chur suas chun a
-h-aigne dh’ atharú’?” arsa Maolmórdha.
-
-“Ní fheadar an domhan, a rígh,” arsa Sitric, “ach tá raint neithe
-agam ’á thabhairt fé ndeara le déanaighe agus ba ró mhaith liom do
-chómhairle-se dh’ fhághail ’n-a dtaobh. B’fhéidir go bhfuil an éagcóir
-agam. Má tá ’sin mar is fearr é. Ach ní dhéanfaidh do chómhairle-se aon
-díobháil dom pé ’cu ’tá an éagcóir agam nó ná fuil.”
-
-“Cad tá agat d’á thabhairt fé ndeara?” arsa Maolmórdha.
-
-“Tá so agam ’á thabhairt fé ndeara,” arsa Sitric. “I dtusach na
-h-oibre seo is dómh-sa a thugadh sí an chuid ba mhó d’á h-aigne. Am’
-chómhairle-se a chuireadh sí gach aon rud, go mór mór na neithe ba mhó
-a dheineadh buairt di. Ansan, fé mar a ghluais an aimsir, bhíodh an
-triúr againn i n-aonfheacht ins gach cómhairle, mise agus Amhlaoibh
-agus í féin. Táim ’á thabhairt fé ndeara le déanaighe gur d’ Amhlaoibh
-a thugan sí a h-aigne ar fad. Nuair a chuir sí óthuaidh mé chun a
-dh’iaraidh ar Bhruadar teacht agus a neart slógh thabhairt leis,
-dubhairt sí liom a gheallamhaint dó, dá mba rud é ná cuirfeadh aon rud
-eile fhiachaint air teacht, a gheallamhaint dó go dtabharfainn í féin
-dó agus Árdrígheacht na h-Éirean, dá mbeirimís buadh. Mheasas an uair
-sin ná raibh ins na geallamhnaibh ach neamhnídh. Is eagal liom anois
-nách neamhnídh i n-aon chor iad. Agus is eagal liom go bhfuil ’fhios ag
-Amhlaoibh nách neamhnídh iad.”
-
-“Ó ’seadh!” arsa Maolmórdha, “agus go bhfuil Amhlaoibh ag cabhrughadh
-le Bruadar sa n-obair!”
-
-“Bhuailis do mhéar air, a rígh,” arsa Sitric.
-
-“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Maolmórdha. “Is maith a dheinis an méid
-sin a dh’innsint dom. Ná leig aon nídh ort leó. Nuair a bheidh an
-ruagairt curtha againn ar shlóightibh Bhriain iompó’míd araon, tusa
-agus mise, ar shluagh Bhruadair, agus dísgeó’míd iad. Ansan ní bheidh
-aoinne chun teacht idir thusa agus an Árdrígheacht.”
-
-Shocaruighdar an méid sin chun a dtoile go h-áluinn. Nuair a bhí an
-socarughadh déanta acu, ámhthach, bhí socarughadh nár bh’é i n’ aigne
-féin ag gach duine acu.
-
-“Is agam-sa féin a bheidh an Árdrígheacht i ndeire bára, agus ní
-h-agat-sa ná ag Bruadar!” arsa Maolmórdha, i n’ aigne féin.
-
-“Ní h-aon iontaoibh tu, a dhritháir mo mháthar,” arsa Sitric, i
-n’ aigne féin. “Ní’l agam,” ar seisean, “ach an úsáid is fearr a
-dh’fhéadfad, a dhéanamh díot, agus ansan----mé féin do sheachaint ort
-chómh maith agus d’ fhéadfad é!”
-
-Bhí beirt eile i n-áit eile, sa mhór-shluagh, agus bhí caint eatartha,
-leis. B’ iad beirt iad san ’ná Cnút agus Anrud, beirt mhac rígh na
-h-Ioruaidhe.
-
-“Ar airighis, a dhritháir,” arsa Cnút, “cé ’tá le bheith i n’ Árdrígh
-ar Éirinn i ndiaigh an chatha so a troidfear Dé h-Aoine?”
-
-“D’ airigheas a lán ráflaí,” arsa Anrud, “ach ní fheadar an ceart puínn
-suime chur ionta. D’airigheas ar dtúis gur do Bhruadar a tabharfaí an
-Árdrígheacht agus an Árdrígan. D’airigheas ansan gur do Shitric, rígh
-Lochlanach Átha Cliath, a tabharfaí an Árdrígheacht. Ach tá muintir
-an Iarla deimhnightheach gur b’é an t-Iarla a bheidh i n’Árdrígh; gur
-gheall Sitric an Árdrígheacht agus an Árdrígan i n-aonfheacht dó.”
-
-“Tá an sgéal go léir cruinn agat,” arsa Cnút. “Is léir, as na ráflaíbh
-sin ná fuiltear socair i gceart ar cé aige go mbeidh an Árdrígheacht.”
-
-“Is fíor san, a dhritháir,” arsa Anrud, “ach cad é sin dúinne cé ’cu
-atáthar socair air nó ná fuiltear?”
-
-“Is mórán neithe dhúinn é,” arsa Cnút. “Ar thánamair-ne anso, sinn
-féin agus ár mór-shluagh, tar éis mórán costais do chur ar ár dtír
-féin, treasna faraigí fuara, chun ár n-anama dh’ imirt i bhfriothghuin
-chatha, i gcoinnibh Bhriain agus Dál gCais, i dtreó go bhfaghadh
-Bruadar Árdrígheacht agus Árdrígan?”
-
-“Ní mheasaim gur chuige sin a thánamair,” arsa Anrud.
-
-“Ar thánamair i dtreó go bhfaghadh an t-Iarla iad?” arsa Cnút.
-
-“Ní mheasaim gur thánamair,” arsa Anrud.
-
-“Ar thánamair chun Árdrígh dhéanamh de Shitric?” arsa Cnút.
-
-“Ní mheasaim é,” arsa Anrud. “Ní cneasta an fheuchaint a thabharfadh
-ár n-athair orainn nuair a raighmís abhaile dá mba ná béadh de bhár ár
-gcuarda againn ach Árdrígh dhéanamh de Shitric,” ar seisean. “Ach cad
-’tá beartuighthe agat?”
-
-“Neósfad-sa san duit,” arsa Cnút. “Tá sé daingean am’ aigne, chómh
-luath agus bheidh buaidhte againn ar mhór-shluagh Bhriain go
-n-eireóchaid na ríghthe seo go léir chun a chéile agus go mbeidh sé
-’n-a chogadh dhearg eatartha. Leigimís dóibh a chéile do dhísgiughadh,
-agus ansan bíodh Éire againn féin!”
-
-“Is maith an chómhairle í,” arsa Anrud. “Nuair a bheidh Éire againn
-féin tiocfaidh m’ athair anall agus déanfaimíd Árdrígh dhé.”
-
-“Thar a bhfeacaís riamh!” arsa Cnút.
-
-Níor chodail an bheirt sin puínn an oídhche sin ach ag socarughadh an
-sgéil sin, agus shocaruighdar é chun a dtoile go h-áluinn.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XIII.
-
-ROSG CATHA BHRIAIN.
-
-
-Ar eirighe lae ar maidin Dé h-Aoine, ar maidin Aoine an Chéasta, bhí
-Béibionn agus Gormfhlaith thuas i mbara ríghtheighlaigh Shitric i n-Áth
-Cliath, agus iad ag feuchaint anonn treasna an chuain ar na línte fada
-cábán. Chonacadar na slóighte go léir ag gluaiseacht amach agus ’ghá
-gcur féin i n-eagar. Níor bh’ fhada go bhfeacadar na h-íodhna fada ’ghá
-riaradh féin, fan na trágha, lasmuich des na cábánaibh.
-
-Chonacadar lasmuich airís, abhfad amach, ar aghaidh na Lochlanach
-anonn, íodhna eile ’ghá gcur féin i n-eagar, agus do thuig an bheirt
-rígan go raibh na h-íodhna amuich chómh fada, chómh líonmhar, chómh
-láidir ar gach aon tsaghas cuma, le h-íodhnaibh na Lochlanach.
-
-“Ní mheasaim go bhfuil puínn sa mbreis ag aon taobh acu ar a chéile i
-dtaobh nirt slógh,” arsa Béibionn.
-
-“Ní líonmhaire a dheinean neart i gcómhnuíghe,” arsa Gormfhlaith, “ná
-ní h-é a bheirean buadh.”
-
-“Is fíor,” arsa Béibionn. “Dá bhfeicinn-se m’ athair agus Murchadh
-agus Dál gCais i láthair catha agus a dtrí n-oiread nirt slógh ’n-a
-gcoinnibh ní bhéadh aon eagal orm ná go mbéadh an buadh acu.”
-
-“Fan leat go fóil,” arsa Gormfhlaith, “go bhfeicir lucht na n-éidí
-práis úd thall ag tabhairt aghaidh ortha. Ansan iseadh chífir cad a
-dhéanfaidh Murchadh agus Clann Chais.”
-
-“Is fíor!” arsa Béibionn.
-
-Bhí na h-íodhna catha, ó gach taobh, ag teacht fé dhéin a chéile. Bhí
-na Lochlanaigh ag gluaiseacht go h-ana réidh. D’órduigh na ríghthe agus
-na taoiseacha dhóibh siúbhal go réidh i dtreó ná béadh saothar ortha
-nuair a thiocfaidís lámh le láimh agus ucht le h-ucht leis an namhaid.
-Bhí íodhna na nGaedhal, leis, ag teacht go réidh agus go stuamdha.
-
-Do h-órduigheadh dos na Gaedhlaibh stad. Do stadadar.
-
-Nuair a bhíodar ’n-a stad tháinig an t-Árdrígh amach os a gcómhair
-agus é ar muin capail agus beirt fhear ag ceann an chapail agus greim
-acu ar an sriain. Bhí a chlaidheamh nocht anáirde ag an Árdrígh, ’n-a
-láimh dheis, an claidheamh a bhí tar éis rian a bhéil do chur ar
-Lochlanachaibh ins gach aon pháirt de’n Mhumhain agus ins gach aon
-pháirt d’Éirinn. D’ aithin an tsluagh go léir an claidheamh san, agus
-nuair a chonacadar anáirde é thugadar trí gártha molta dó féin agus
-do’n Árdrígh. Le linn na ngártha san a thabhairt dóibh d’ árduigh gach
-fear a chlaidheamh féin. Bhí an ghrian díreach ag eirighe. Do thaithn
-solus na gréine ar na claidhmhtibh go léir agus iad anáirde, i dtreó
-gur mheas Béibionn agus Gormfhlaith go raibh slóighte Bhriain tré
-theine.
-
-Do thóg Brian anáirde, ’n-a láimh chlé, an Chrois Chéasta agus íomhágh
-an tSlánuightheóra uirthi. Ansan do cuireadh an capal ag siubhal go
-réidh, fan na n-íodhna, ar aghaidh na slógh amach, agus do labhair an
-t-Árdrígh mar seo:--
-
-“A Chlanna Gaedhal, a ríogra Éirean, táimíd go léir le tamal maith
-’ghár n-ollamhughadh féin i gcóir an lae seo. Tá aon nídh amháin socair
-againn agus measaim gur fearr d’ ollamhughadh é ’ná aon ollamhughadh
-eile atá déanta againn. Tá socair ag gach fear againn gur b’é an lá
-indiu lá a bháis féin pé taobh ar a mbeidh buadh. Má’s ag ár namhaid a
-bheidh buadh ní bheidh a smacht orainne, mar ní bheimíd beó acu chuige.
-Má’s againne a bheidh buadh an lae seo bíodh a thoradh ag an muintir
-atá i n-ár ndiaigh sa bhaile.
-
-“An t-é go bhfuil socair i n’ aigne aige ar bhás d’fhághail sa chath so
-atá le troid againn ní baoghal go n-iompóchaidh sé ó’n gcath. Dá mba ná
-béadh aon nídh eile chun buadh do chur i n-áirighthe dhúinn, cuirfidh
-san i n-airighthe dhúinn é. Dá mbéadh fhios ag an namhaid go bhfuil ár
-n-aigne socair mar sin againne ní ró mhór an misneach a bhéadh anois
-ortha. Gheóbhaid siad amach ar ball é.”
-
-Do labhair sé focal fé leith le gach rígh agus le gach cineil fé mar
-a tháinig sé ar a n-aghaidh amach, focal éigin a chuir a n-uaisleacht
-féin agus a gcródhacht i gcuimhne dhóibh, agus conus mar a bhí Dia agus
-daoine ag faire ar an gcuma ’n-a ndéanfaidís gníomh an lae a bhí rómpa.
-Nuair a tháinig sé ar aghaidh Dál gCais, dúbhairt sé:--
-
-“A Chlann Chais, a shliocht ríoga! A mhuintir na n-arm ngéar agus na
-gcruadh-lámh, nár staon agus nár stríoc do namhaid fós riamh, i gcath
-d’á thruime, i n-éigin d’á ghéire, i spéirlinn d’á dhéine, mo sheasamh
-indiu oraibh!”
-
-Ansan d’ árduigh sé a ghlór agus do sheinn a ghuth mar a sheinnfeadh
-fuaim adhairce, i dtreó gur h-airigheadh agus gur tuigeadh an uile
-fhocal uaidh ó cheann ceann de’n mhór-shluagh:--
-
-“Feuch ansúd iad!” ar seisean, ag síneadh a chlaidhimh i dtreó na
-Lochlanach, “cruinnighthe cnuasta os bhúr gcómhair. Tá rian bhúr lámh
-go daingean cheana ortha. Ní thugan san ciall dóibh. Is minic le
-fiche bliain a chuireabhair-se anaithe agus teitheadh agus ár agus
-dearg-ruathar ortha, ar fuid réidhthe agus gleannta agus machairí
-Éirean. Is mór d’á gcuid fola agus feóla atá ag cur geamhair agus féir
-ghlais ag fás i n-Éirinn indiu. Go dtí so ba chuma iad nó cormhíola;
-d’á mhéid a marbhuightí dhíobh ní samhluightí easnamh ná laighead
-ortha. Is fada sinn cráidhte acu, iad ag faire ar ár gcuantaibh agus
-ar ár mbailtibh puirt, ag preabadh chughainn isteach nuair ná bíodh
-coinne leó, ag braduíol agus ag sgiobadh agus ag cosgar. Is minic a
-leigeadh as iad agus croch tuillte acu. B’é a mbuidhchas teacht airís
-agus feall níba mheasa do dhéanamh. An fada a cuirfear suas leis an
-obair sin? Is dócha gur dóich leó go leigfear as indiu iad mar a
-leigeadh chómh minic cheana. Bíodh san de dhearmhad ortha, a chlann
-ó! Ná téidheadh fear innste sgéil abhaile dhíobh! Níor cuireadh fios
-ortha. Do thánadar uatha féin. Is minic a dúbhradh leó go dtiocfaidís
-agus ná h-imtheóchaidís. Deintear deimhin indiu dé dhóibh. An amhlaidh
-a cheapadar ná raibh aoinne ’n-a chómhnuighe ar an oileán so? Má
-deineadar dearmhad bíodh ortha féin anois.
-
-“Tá aon mhaith amháin sa dearmhad atá déanta acu. Do thánadar go léir.
-Feuchaidh, a chlann ó, feuch an tsloigisg sin. Tá ’an chráin ’s a h-ál
-go léir’ ansan agaibh. Tá a bhfuil beó de chlannaibh Lochlan ansan
-agaibh. Táid siad bailighthe ansan agaibh ó Bhreatain agus ó Shasana,
-ó Albain agus adtuaidh ó-s na h-oileánaibh, anall ó Mhanain agus anoir
-ó chríochaibh Danmarg agus ó riasgaibh na h-Ioruaidhe. Ní’l a thuille
-’n-a ndiaigh sa bhaile gur fiú iad d’áireamh. Múchaidh an satha san
-indiu, agus tá deire le réim Lochlan go bráth na breithe!”
-
-Le n-a linn sin do chonacadar go léir M’lsheachlainn agus a dheich
-gcéad fear ag imtheacht as a n-inead. Dúbhairt Brian:--
-
-“Chím cuid agaibh ag amharc anonn treasna na páirce sin. Ní maith an
-radharc atá le feisgint ann. Is mairg do Mh’lsheachlainn, díreach
-mar is mairg do Mhac Giolla Pádraig agus d’á Laighnibh, caismirt an
-lae indiu do sheachnadh. Déanfar gníomh an lae indiu gan a gcabhair.
-Béarfar buadh an lae indiu os cómhair a súl agus gan iad páirteach ann.
-Beidh san de mhasla agus de ghuith ar a gclú agus ar a gcáil an dá lá
-’s an fhaid a bheidh grian ar spéir agus daoine ar talamh.
-
-“Tá cuid d’ár muintir féin amuich uainn. Ná bac san. Tá oiread againn
-anso agus shocaróchaidh cúntas leis an sloigisg sin thall. Is cúntas
-fada é. Is mithid é shocarughadh. Anois an t-amh chun é shocarughadh.
-Isiad ár namhaid iad. Isiad namhaid ár gCreidimh iad. Tá rian na teine
-ar eaglaisíbh agus ar mhainistríbh Éirean ’n-a ndiaigh. Beidh lámh Dé
-linn ’ghá dhíoghalt san indiu ortha.
-
-“Cad é an lá é seo indiu againn? Indiu an Aoine. Is í Aoine an Chéasda
-féin í,” agus d’árduigh sé an Chrois Chéasda i radharc an tslóigh go
-léir. “I gcuimhneamh an lae indiu,” ar seisean, “iseadh d’fhuiling ár
-Slánuightheóir Íosa Críost bás ar chrann na Croise chun an Chreidimh
-do chur ar bun. Táimíd-ne anso indiu ag tabhairt aghaidh ar an mbás
-chun an Chreidimh do chosnamh. An dóich leat ná go mbeidh lámh
-chómhachtach an tSlánuightheóra linn sa ghleó? An dóich leat ná go
-mbeidh meanmna ó Dhia indiu i gcroídhe gach fir a thabharfaidh aghaidh
-ar an namhaid sin? Beidh; agus má’s anso atá fód ár mbáis beidh bás an
-tSlánuightheóra féin mar urúdhas againn air go raghaidh ár n-anam saor
-ó’n bhfód so go Flathas na ngrást.”
-
-Ansan d’eirigh a ghlór níob’ aoirde agus níba bhinne:--
-
-“Gabhaidh chúcha, a chlann ó, i n-ainim Dé agus Mhuire. Tugaidh an
-faobhar dóibh! Gabhaidh do chosaibh ionta! Ní h-é an chéad uair agaibh
-é. Ná téidheadh aon mhac máthar acu beó uaibh. Ná cuiridh suim ’n-a
-gcótaibh iarainn. Cótaí troma iseadh iad. Tá aon mhaith amháin ionta;
-coimeádfaid siad na fir daoibh-se chun na gceann a bhaint díobh. Do
-thánadar chun fanmhaint. Fanaidis, i n-ainim Dé. Tá slígh fé’n bhfód
-anso dhóibh. Tugtar dóibh é go fial!”
-
-Ansan do labhair sé le Dál gCais:--
-
-“A chlann ó, a óga mo chroídhe, a chine uasal! Is maith is eól dómh-sa
-bhúr ngníomh. Feiceam an gníomh san indiu uaibh, agus geallfad daoibh
-go mairfidh a thoradh agus a chlú an fhaid a bheidh uisge ag ruith agus
-féar ag fás i n-Éirinn!”
-
-Um an dtaca ’n-a raibh an méid sin cainte déanta ag Brian bhí an
-namhaid ag teacht i gcómhngar. Tháinig Tadhg Mór ua Cealla agus
-Murchadh agus tuille des na ríghthibh, agus cuireadar fhiachaibh ar
-Bhrian dul agus fanmhaint ’n-a chábán, mar go raibh sé ró aosta chun
-dul sa chath, agus dá dtuiteadh sé sa chath go gcuirfeadh san misneach
-ar an namhaid. Dhein sé rud ortha, agus do cuireadh lucht cosanta
-tímpal ar an gcábán.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XIV.
-
-AN CATH.
-
-
-Um an dtaca ’n-a raibh Brian socair ’n-a chábán agus an lucht cosanta
-’n-a thímpal bhí an dá shluagh i ngioracht cúpla péirse dh’á chéile. Do
-léim fear mór amach a’ sluagh na Lochlanach agus do labhair sé.
-
-“An bhfuil Dómhnall mac Éimhin anso?” ar seisean.
-
-“Tá sé anso,” arsa Dómhnall ag teacht amach a’ sluagh na nGaedhal.
-
-Thug an bheirt aghaidh ar a chéile. Do bhuail gach fear díobh aon
-bhuille amháin ar an bhfear eile agus do thuit an bheirt marbh ar an
-bhfód.
-
-Ansan do séideadh na h-adharca ar gach taobh, do rith an dá shluagh
-chun a chéile agus do thusnuigh an t-éirleach. Bhí solus na gréine
-ag neartughadh agus ní raibh an solus ins na súilibh ar aon tsluagh
-acu, mar bhí an ghrian ag taithneamh anoir díreach, ar láimh dheis na
-Lochlanach agus ar láimh chlé na nGaedhal. I dtusach an chómhraic ní
-raibh puínn des na fearaibh ag tuitim ar aon taobh, mar bhí an chosaint
-chómh maith leis an mbualadh. Aon áit sa tímpal ’n-a raibh cnucán ná
-árdán bhí mná agus daoine óga anáirde ar na h-árdánaibh ag faire ar an
-gcómhrac. Níor mhar a chéile cómhrac an uair sin agus cómhrac anois. Ní
-fhéadfadh aoinne dul i n-aon ghaor do chómhrac anois mar gheall ar an
-arm teine. An uair sin d’fhéadfadh mná agus mion-daoine teacht achamair
-go maith do’n chómhrac. Bhí mná na Lochlanach cruinnighthe ins gach
-sórd áite ’n-ar fhéadadar aon radharc a dh’fhághail ar an gcómhrac. Do
-chonacadar na claidhmhte d’á gcasadh agus iad ag taithneamh sa ghréin.
-Chonacadar gach buille d’á chosaint, le faobhar nó le sgiath, chómh
-tiugh agus do thagadh sé. D’ airighdar fuaim na mbuillí ar na sgiathibh
-agus sgreadach na bhfaobhar i gcoinnibh a chéile, agus guthana árda
-na dtaoiseach ag labhairt leis na fearaibh, agus dranntán na namhad
-chun a chéile le linn na mbuillí do bhualadh dhóibh, agus do mheasg na
-fuaimeana san ar a chéile ó dhachad míle namhad, i dtreó dá ndúnadh
-duine a shúile agus éisteacht leis an ngleic, gur dhóich leis gur
-choill mhór a bhí tré theine, agus an lasair ag búirthigh agus an
-t-adhmad ag cnagarnaigh le neart na teine.
-
-Do lean an cómhrac ar an gcuma san ar feadh abhfad agus an ghrian ag
-druidim suas ar an spéir, agus is go h-ana mhall a bhí sí ag druidim
-suas. Ansan do thusnuigh na fir ar thuitim. Bhí saothar agus tuirse ag
-teacht ar chuid acu agus bhí an chosaint ag teip.
-
-Maolmórdha agus a Laighneacha isiad a bhí aghaidh ar aghaidh le Dál
-gCais agus bhí sluagh mhór des na Lochlanaigh ag cabhrughadh leó.
-
-Nuair a bhíodh tuirse ag teacht ar a namhaid iseadh ba ghnáth le Dál
-gCais breis nirt agus breis fuinnimh do theacht ionta. Bhí san ag
-teacht ionta an uair sin. Bhí idir Laighneacha agus Lochlanaigh ag
-tuitim fé n-a mbuillibh, agus bhí an chuid nár thuit díobh ag dul i
-ndiaigh a gcúil, go ríghin. Ba dheacair iad do chur i ndiaigh a gcúil.
-Bhí greim maith acu ar an bhfód.
-
-Ach bhí Clann Chais ábalta ar a ngreim a bhogadh ó’n bhfód. Bhí
-Murchadh ann agus a dhá chlaidheamh aige, mar ba ghnáth, agus nuair
-a thugadh sé aghaidh ar fhear do thuiteadh an fear san gan a thuille
-cáirde. Bhí Dúlainn ann agus é chómh tapaidh, chómh marbhuightheach
-leis an león. “Fear na mbuillí dtroma,” a thugadh na Lochlanaigh air.
-Bhí mac Mhurchadh ann agus an dá chlaidheamh aige, mar a bhíodh agá
-athair. Dar leis na Lochlanaigh bhí sé chómh h-olc le n’ athair. Ní
-h-aithneófaí ó chéile iad ach gan an fhéasóg a bheith ar an mac.
-
-B’é focal deirineach a dúbhairt Niamh ar maidin le Dúlainn ’ná, “A
-Dhúlainn, ná tabhair do cheann leat ó’n gcath so má leigean tú buille i
-gceann Chonnla!”
-
-Ní rabhdar abhfad sa cath nuair a chonaic Dúlainn nár ghádh d’ aoinne
-ceann Chonnla do chosaint; go raibh a lámh dheas féin ábalta ar a
-cheann do chosaint go feilimionta. Agus ar nós Clainne Chais go léir,
-is ag dul i bhfuinneamhlacht a bhí a chroídhe agus a ghéaga fé mar a
-bhí an cath ag dul i ndéine. Bhí an namhaid ag dul i ndiaigh a gcúil,
-agus iad ag tuitim, agus Dál gCais ag brúth ortha agus ’ghá leagadh;
-agus bhí an ghrian ag druidim suas ar an spéir, go mall. Bhí an ghaoth
-anoir agus í go maith láidir, ionfhuar, anamamhail, agus ba mhór an
-tairbhthe an méid sin dos na fearaibh, ar gach taobh, mar bhí allus
-ag teacht ortha agus teas an chómhraic ag cúr ortha, go mór mór ar an
-gcuid acu ná raibh taithighe ró mhaith acu ar an saghas san oibre. Níor
-ghoill teas an chómhraic puínn ar Dhál gCais. Do cruadhadh iad go maith
-leis an ngleacaidheacht a bhíodh ar siúbhal coitchianta i gCeann Cora.
-Nuair a bhíodar sa mhór-chath is amhlaidh a bhíodar ar nós an chapail
-ráis n-a mbíon an fholuigheacht ann. Nuair ba dhóich le duine gur
-cheart tuirse bheith ag teacht air is amhlaidh a bhíon buile nirt agus
-misnigh agus fuinnimh ag teacht ann.
-
-Bhí cuid des na Lochlanaigh a bhí ar an gcuma gcéadna, agus ba ró
-dheacair iad do chur i ndiaigh a gcúil. Ach bhíodar ag druidim siar
-agus bhí Dál gCais ag brúth ortha go dian. Bhí Maolmórdha ag déanamh
-a dhíchil chun iad do choimeád gan dul siar, ach ní fhéadadh sé é.
-Thugadh sé aire mhaith, ámhthach, gan teacht aghaidh ar aghaidh le
-Murchadh ná le Dúlainn. Mheasadh sé go bhfeiceadh sé dhá Mhurchadh ann,
-an Murchadh go raibh an fhéasóg air agus an Murchadh ná raibh, agus
-go raibh an Murchadh ná raibh an fhéasóg air chómh contabharthach de
-theangabhálaidhe leis an Murchadh go raibh.
-
-An fhaid a bhí san mar sin sa cheann san de’n chath, bhí neithe ar
-a mhalairt de chuma sa cheann eile. Bhí Lochlanaigh Átha Cliath agus
-an deich gcéad fear ó’n Ioruaidh go raibh na h-éidí práis ortha i
-gcoinnibh na Muímhneach eile (lasmuich de Dhál gCais), agus bhí lucht
-na n-éidí práis ag brúth na nGaedhal rómpa agus ’ghá marbhughadh go
-tiugh. Ba mhó go mór an t-éirleach a bhí ag lucht na n-éidí práis ’á
-dhéanamh ar Ghaedhlaibh an chinn sin de’n chath ’ná mar a bhí ag Dál
-gCais ’á dhéanamh ar Lochlanaigh an chinn eile. Bhí Bruadar ar tusach
-ar lucht na n-éidí, agus bhí na Muímhnigh ag tuitim ’n-a srathanaibh
-ins gach treó ’n-a dtugadh sé aghaidh.
-
-Bhí Béibionn agus Gormfhlaith thuas ar bara ríghtheighlaigh Shitric
-agus iad ag feuchaint ar an éirleach a bhí ag lucht na n-éidí ’á
-dhéanamh ar na Muímhneachaibh.
-
-“Is maith na buanaidhthe iad san, a Bhéibionn!” arsa Gormfhlaith. “Táid
-siad ag leagadh an arbhair go tiugh. Beidh uathbhás oibre déanta acu i
-gcóir na h-oídhche.”
-
-“Tá an lá óg fós, a Árdrígan,” arsa Béibionn. “Is ’mó cor a
-dh’fhéadfadh an saoghal a chur dé ’dir seo agus an oídhche.”
-
-Chonaic Murchadh conus a bhí lucht na n-éidí ag marbhughadh na
-Muímhneach rómpa. D’fheuch sé ’n-a thímpal. Ní raibh Caoilte abhfad
-uaidh.
-
-“Téanam, a Chaoilte,” ar seisean. “Ní mór cosg do chur leó súd thiar.
-Beir ar do thuaigh agus lean mé. Déin-se an rud céadna,” ar seisean le
-Dúlainn. “Agus tusa, a mhic,” ar seisean le Connla. “Seasuigheadh an
-chuid eile an fód anso.”
-
-D’imthigh an ceathrar siar as an gcath agus siúd siar ódheas iad chun
-na h-áite ’n-a raibh lucht na n-éidí agus iad ag marbhughadh rómpa.
-
-“An tuagh! An tuagh! An tuagh, a fheara!” arsa Murchadh.
-
-Le n-a linn sin do léim sé chun Lochlanaigh mhóir a bhí ag déanamh
-éirligh agus ná téidheadh aon bhuille chlaidheamh i bhfeidhm air. Dhein
-Murchadh dhá leath d’á cheann, idir phrás agus cloigean, le buille
-thuaigh. Bhí na tuaghana go léir anáirde láithreach. Ansan iseadh do
-chonacthas an obair.
-
-“Tugtar sleagh dhom!” arsa Murchadh.
-
-Do tugadh. Thug sé sádh d’fhear mhór eile de lucht na n-éidí. Do rith
-an tsleagh tríd an éide mar a ruithfeadh snáthad tré bhréid, agus do
-thuit an fear. Ansan iseadh do fíoradh an focal adúbhairt Brian ar
-maidin. “Ná cuiridh suim ’n-a gcótaíbh iarainn,” ar seisean. “Cótaí
-troma iseadh iad.” Chuimhnigh gach aoinne ar an bhfocal. Do sheasaimh
-na Muímhnigh an fód. D’oibrighdar an tuagh agus an tsleagh. Níor
-bh’fada go raibh lucht na n-éidí ag tuitim go tiugh. Níor chuadar i
-ndiaigh a gcúil mar ní ró mhaith a dh’fhéadfaidís é. Bhí tuirse agus
-allus ortha, agus bhí an éide ró throm. Níor dheineadar ach seasamh
-agus iad féin a chosaint chómh maith agus dob’ fhéidir leó é. Níor ró
-mhaith a dh’fhéadadar iad féin a chosaint, mar bhí an bhuile agus an
-fhearg ar na Muímhneachaibh nuair a fuaradar go raibh ar a gcumas na
-h-éidí uathbhásacha san do ghearadh le tuaigh nó do shádh le sleagh
-chómh saoráideach. Níor thuit puínn eile des na Muímhneachaibh an
-uair sin, agus do chosain lucht na n-éidí iad féin maith go leór. Do
-coireadh iad, ámhthach, agus fé mar a coirtí iad ní fhéadaidís aon
-chosaint a dhéanamh ortha féin, agus ansan do marbhuightí iad.
-
-Do lean an cómhrac, gan stad gan staonadh, ó cheann ceann de pháirc an
-chatha. Na h-Éireanaigh lán cheapaithe, fé mar a bhí socair go daingean
-acu abhfad roim ré, ar bhás a dh’fhághail sa chath san, pé taobh ar a
-mbéadh buadh an chatha. Iongnadh agus alltacht ar na Lochlanaigh go
-léir, idir ríghthe agus daoine, a rádh go raibh a leithéid de sheasamh
-ag na Gaedhil ’á dhéanamh. “Má seasuightear i n-ár gcoinnibh puínn eile
-aimsire ar an gcuma so buadhfar orainn!” a deiridís le n-a chéile,
-agus iongnadh a gcroídhe ortha. Ghéaruighdar sa chómhrac, mar ’dh eadh
-go sguabfaidís na Gaedhil rómpa. Do chaitheadar iad féin i gcoinnibh
-na nGaedhal díreach mar a chaithean an fharaige í féin i gcoinnibh
-na caraige lá gaoithe. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Do sheasaimh
-Clanna Gaedhal ’n-a gcoinnibh díreach mar a sheasuighean an charaig i
-gcoinnibh uisge na faraige.
-
-Thug na Lochlanaigh nídh eile fé ndeara. Thugadar fé ndeara ná raibh
-blúire eagla roimis an mbás ag na h-Éireanaigh, ná aon dothal acu
-roimis an mbás. I ndiaigh ar ndiaigh do chuaidh ’n-a luighe ar aigne
-na Lochlanach ná raibh aon tsúil go n-iompóchadh na h-Éireanaigh ó’n
-gcath. Go seasóchaidís an fód an fhaid a bheidís beó, agus gur le
-h-áthas a ghlacfaidís bás.
-
-Níor bh’fhéidir leis na Lochlanaigh an nídh sin do thuisgint. Do
-thuigfidís é, b’fhéidir, dá mbéadh ’fhios acu cad é an socarughadh
-aigne a bhí déanta ag na Gaedhlaibh abhfad sar a dtáinig lá an chatha
-san; do thuigfidís é dá mbéadh ’fhios acu go raibh Naomh Ídhbirt an
-Aifrinn d’á dhéanamh chun Dé, ó thainig an chéad leus de sholus an lae
-an mhaidion san, ins gach eaglais agus ins gach mainistir i n-Éirinn.
-Do thuigfidís é dá dtuigidís conus mar a bhí sagairt agus manaigh
-agus mná riaghalta ar fuid na h-Éirean, i gcaitheamh na maidine sin
-agus i gcaitheamh na h-oídhche roim ré, ag briseadh a gcroídhe ’ghá
-iaraidh ar Dhia na glóire, tré ímpídhe na Maighdine Muire, agus tré
-ímpídhe Phádraig agus Bhríghde agus Cholum Cille, gan buadh an chatha
-san do leigint leis na Lochlanaigh. Do thuigfidís é dá mbéadh ’fhios
-acu conus mar a bhí an t-Árdrígh aosta, an fear a thaisbeáin an Chrois
-Chéasda do’n tsluagh an mhaidion san, an fear a bhí ceapaithe ag Dia
-an uair sin chun cómhacht na Lochlanach do bhriseadh agus do chlaoidh
-i n-Éirinn, conus mar bhí sé ar a dhá ghlúin, istigh ’n-a chábán, ’ghá
-iaraidh go cruaidh ar an Slánuightheóir Gléigeal gan an buadh do
-leigint le namhaid an Chreidimh. Ní raibh aon phioc d’ fhios an méid
-sin go léir ag na Lochlanaigh, agus d’á bhrígh sin níor thuigeadar cad
-fé ndeara dos na Gaedhlaibh a leithéid de sheasamh a dhéanamh sa chath
-agus bás do ghlacadh le n-a leithéid d’ áthas.
-
-Do lean an cómhrac gan sos gan staonadh gan lagughadh, agus bhí an
-ghrian ag druidim, go ríghin, chun a h-áite ar an spéir i meadhan lae.
-Bhí an bualadh agus an t-éirleach cómh-dhian, ba dhóich le duine, ó
-cheann ceann de’n mhachaire. Bhí na mná agus na mion-daoine ar na
-h-árdánaibh ag faire. Bhí buairt agus eagla ag tusnughadh ar theacht
-ar na mnáibh a tháinig ar na loingeas. Ní raibh aon choinne acu go
-leanfadh an cath chómh fada, ná go seasóch’ na Gaedhil an fód chómh
-daingean. Bhí a lán d’á bhfearaibh féin, agus d’á macaibh, sínte marbh
-ar an bpáirc. Bhí ag dul ’n-a luighe ar a n-aigne gur bhaoghal ná raibh
-seilbh i dtalamh na h-Éirean le fághail acu chómh saoráideach agus do
-mheasadar. Ach do ghluais an cómhrac agus shamhluighdar gur ag dul i
-ngéire agus i ndéine agus i dtruime a bhí an chaismirt, agus gan aon
-chlódh lagachair ná aon deabhramh géille ar shlóightibh na nGaedhal.
-Dá ndúnadh bean acu a súile an uair sin agus éisteacht leis an ngleó,
-d’ aireóchadh sí an choill mhór tré theine agus an lasair ag búirthigh
-agus an t-adhmad ag cnagarnaigh, agus d’ aireóchadh sí mar a bhéadh
-dachad míle fear agus dachad míle tuagh acu agus iad ag gearadh na
-gcrann agus ’ghá leagadh!
-
-Bhí na crainn ag tuitim, na crainn bheaga ar dtúis agus ansan na crainn
-mhóra, agus ní raibh aon taobh ag déanamh aon ghéille do’n taobh
-eile, nó má géilltí beagán ar taobh anois agus airís, do buaidhtí an
-beagán san thar n-ais gan puínn ríghnis; agus bhí an ghrian ag druidim
-siar. Bhí ceó éigin odhar ag eirighe ó’n machaire, agus bhí an ghaoth
-ag séideadh an cheóidh sin os cionn na bhfear a bhí ag troid, agus
-isteach fé ’n dtír. Ceó fola ab eadh an ceó san. D’ eirigh, leis, as
-an machaire, fuar-bhalaith grána trom, balaith na fola. Bhí an balaith
-chómh láidir, chómh trom san go mb’éigean do chuid des na mnáibh a
-bhí ar na h-árdánaibh imtheacht. Nuair a chuaidh an balaith sin fútha
-d’iompuigh a ngoile, bhí an balaith chómh trom san. Ach níor chuir
-faobhar ná fuil, ceó ná balaith, fhiachaint ar lucht an chómhraic
-staonadh ó’n gcath ar aon taobh. Chomáineadar leó ag bualadh agus ag
-leagadh agus ag tuitim, an duagh agus an saothar agus an cruadhtan ’ghá
-dtnáthadh agus an tart ’ghá losgadh, agus an ghrian ag druidim siar, go
-ríghin.
-
-Tá tobar breagh fíor-uisge sa mhachaire ar a raibh an cómhrac ar
-siúbhal. Deirtear go dtéidheadh na taoisigh Ghaedhlacha chun an tobair
-sin, ó am go h-am, chun a lámh a dh’ fhuaradh sa n-uisge agus chun
-díghe dh’ól, agus ansan go bhfillidís chun an chómhraic agus a lán
-neart acu. Thug na Lochlanaigh fé ndeara an nídh sin. Bhí buidhean
-chosanta ag na Gaedhlaibh ar an dtobar. Tháinig buidhean Lochlanach
-chun an tobair a bhaint díobh. Do throid an dá bhuidhean go fíochmhar.
-Do loiteadh an tobar. Nuair a tháinig taoiseach Gaedhlach chuige ar
-ball bhí sé lán d’fhuil agus de chré, agus na cuirp ’n-a gcruachaibh
-air.
-
-Ní fheadar féin conus fhéad na fir Ghaedhlacha imtheacht ó’n gcath chun
-díghe dh’ ól as an dtobar mura b’ amhlaidh a dheinidís uanuigheacht
-ar a chéile. Pé rud a dheinidís do lean an t-éirleach gan sos gan
-staonadh, agus bhí an ghrian ag druidim siar, go mall.
-
-Isé Sígurd, Iarla Ínsí h-Orc, agus a shluagh, a bhí i ngleic leis
-na Conachtachaibh. I dteannta na gConachtach a bhí ceapaithe do
-Mh’lsheachlainn Mhór seasamh. Nuair a dh’imthigh M’lsheachlainn agus
-a dheich gcéad as an gcath d’fhág sé easnamh mór agus leath-lámh mór
-ar na Conachtachaibh. Ach do sheasaimh na Conachtaigh an cómhrac, gan
-dul órlach i ndiaigh a gcúil, i gcaitheamh an lae go léir. Thug an
-dá shluagh fé ndeara na gníomhartha uathbhásacha a dhein Tadhg Mór ua
-Cealla i gcaitheamh an lae. Thug a lán des na fearaibh láidire a bhí
-ar na Lochlanaigh aghaidh air, i gcaitheamh an lae, ach do thuit gach
-fear díobh le n-a láimh. Fé dheire do thug Bruadar féin aghaidh air.
-Bhí éide ana chruaidh ar Bhruadar. Bhí a shleagh i láimh Thaidhg Mhóir.
-Thug sé sádh de’n tsleagh do Bhruadar. Níor chuaidh an tsleagh tríd an
-éide ach do caitheadh Bruadar siar ar fleasg a dhroma, bhí a leithéid
-sin de neart leis an sádh a tugadh dó. D’eirigh sé agus thug sé foghadh
-eile fé Thadhg. Do leagadh airís é ar an gcuma gcéadna. Thug sé an
-trímhadh foghadh. Do baineadh an trímhadh leagad as. D’eirigh sé agus
-do rith sé isteach i gcoill a bhí i n-aice na h-áite. Le n-a linn sin
-tháinig Sígurd i ngar do Thadhg, agus sar a raibh uain ag Tadhg ar a
-shleagh do bheartughadh airís do bhuail Sígurd sa cheann é le tuaigh.
-Do thuit Tadhg marbh. Is ar éigin a bhí sé ar lár nuair a bhí Sígurd
-ar lár, chómh marbh leis, agus a cheann agus a chabhail, síos go caol
-a dhroma, sgoilte glan le buille thuaigh ó Mhurchadh. Chonaic an dá
-shluagh an buille sin. Do bhrúigh sluagh Shíguird isteach chun báis
-a rígh do dhíoghalt. Bhí Dúlainn agus Caoilte agus Connla i n-aice
-Mhurchadh. Do dhruid na Conachtaigh amach ’n-a dteannta. Bhí sluagh
-Shíguird ag tuitim láithreach chómh tiugh agus do féadtí na buillí do
-tharang ortha. Chonaic beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe an t-éirleach
-san. Do ritheadar araon fé dhéin na h-áite. Le n-a linn sin tháinig
-Tadhg Óg ua Cealla chun na h-áite ’n-a raibh a athair sínte. Bhí bean
-ar a glúinibh ag ceann an athar agus a cheann idir a dhá láimh aici.
-
-Bhí Murchadh ag ruith fé dhéin na beirte a bhí ag teacht ’n-a
-choinnibh. Bhí na Conachtaigh ag déanamh an éirligh ar mhuintir
-Shíguird. Caroll Cnút an chéad duine de’n bheirt a tháinig i gcoinnibh
-Mhurchadh. Do thuit Caroll láithreach fé thuaigh Mhurchadh. Pé rud
-a bhí imthighthe ar láimh dheis Mhurchadh chaith sé uaidh an tuagh.
-Tháinig Anrud chuige agus é ar buile mar gheall ar mharbhughadh a
-dhrithár. Do chosain Murchadh é féin air leis an gclaidheamh a bhí n-a
-láimh chlé aige. Thug sé únfairt éigin dó i dtreó gur leag sé é. Ansan
-do chuir sé an claidheamh i gcoinnibh a uchta féin agus a bhara ar ucht
-Anruid agus do luigh sé le n’ucht ar an gclaidheamh agus chuir tré
-éide agus tré chliabh Anruid é. Nuair a chrom Murchadh chuige sin do
-thug Anrud snap ar an sgiain a bhí i gcrios Mhurchadh. Do tharaing sé
-an sgian as a truail agus sháidh sé suas i n-ucht Mhurchadh í, agus do
-thuit Murchadh anuas air.
-
-An fhaid a bhí an méid sin ar siúbhal bhí Tadhg Óg ua Cealla ag
-déanamh an éirligh, i dteannta na gConachtach, ar shluagh Shíguird, ag
-díoghailt bháis a athar ortha. Bhí a athair sínte lastiar dé agus an
-bhean ar a glúinibh agá cheann. Cé ’léimfeadh chuige amach a’ lár an
-namhad ach Amhlaoibh agus a thuagh ’n-a láimh aige.
-
-“Tabharfad a cheart féin do’n fhaobhar anois, a Thaidhg!” arsa
-Amhlaoibh, agus sar a raibh uain ag Tadhg ar an iongnadh a tháinig air
-do chur dé ná ar aon chosaint a dhéanamh air féin, do bhuail Amhlaoibh
-sa cheann é leis an dtuaigh. Do thuit Tadhg. Chómh luath agus do thuit
-Tadhg cé chífeadh Amhlaoibh ’n-a seasamh ar a aghaidh amach ach Niamh!
-
-D’fhéuch an bheirt ar a chéile. Níor bh’ ionan an fheuchaint sin agus
-an chéad fheuchaint úd a thug an bheirt chéadna ar a chéile. Pé rud a
-chonaic Amhlaoibh sa chéad fheuchaint chonaic sé sa tarna feuchaint rud
-éigin uathbhásach, rud éigin a bhain a mheabhair dé glan. Do thuit an
-t-arm as a láimh. Do leath a bhéal agus a dhá shúil. D’iompuigh sé ar
-a sháil agus do rith sé as an áit. Do rith sé i n-am agus ní raibh ann
-ach san. Bhí Connla díreach ag teacht agus a thuagh ’n-a láimh aige,
-tuagh a bhí chómh dian ar na Lochlanaigh an lá san le tuaigh Mhurchadh
-féin. Nuair a rith Amhlaoibh do rith Connla ’n-a dhiaigh.
-
-Bhí Amhlaoibh chómh cosmhail sin le Bruadar gur measadh go minic i
-gcaitheamh an lae gur bh’é Bruadar Amhlaoibh agus gur bh’é Amhlaoibh
-Bruadar. Do deineadh an dearmhad céadna go minic i gcaitheamh an lae i
-dtaobh Mhurchadh agus Chonnla, go mór mór nuair druideadh amach sa lá
-agus nuair a bhí na fir go léir clúdaidhthe le fuil agus le salachar i
-dtreó nár bh’fhéidir a dh’fheisgint cé ’cu a bhí féasóg ar dhuine nó ná
-raibh.
-
-Nuair a chonaic an dá shluagh an bheirt ag ruith do buaileadh
-isteach láithreach i n-aigne gach aoinne gur bh’é Bruadar a bhí ag
-teitheadh agus gur bh’é Murchadh a bhí ar a thóir. Nuair a chonaic na
-Lochlanaigh, dar leó, Bruadar ag teitheadh agus Murchadh ar a thóir
-d’iompuighdar go léir agus do theitheadar. D’ eirigh an liú fhiaigh ó-s
-na Gaedhlaibh mór-thímpal i dtreó gur chrith an machaire fé chosaibh
-na bhfear. Nuair airigh an deich gcéad a bhí ag M’lsheachlainn an liú
-uathbhásach san níor fhéadadar fanmhaint socair a thuille. Bhí páirc
-threabhtha idir iad agus an cath. Siúd amach iad, treasna na páirce
-agus siúd ar thóir na Lochlanach iad. Dheineadar obair mhaith, d’á
-dhéanaighe a thánadar. Mura mbéadh iad ní curfaí ar na Lochlanaigh an
-t-ár uathbhásach a cuireadh ortha. Bhí na fir a bhí sa chómhrac fan lae
-ró bhuailte amach le tuirse, an méid díobh ná raibh cneadhacha go tiugh
-ortha agus mórán fola caillte acu.
-
-Do ghluais an teitheadh agus an tóir agus an marbhughadh. Thug na mná
-aghaidh ar na bádaibh chun dul ar bórd na loingeas. Chuaidh an iomad
-acu isteach ins gach bád. Chómh luath agus dhruid na báid amach do
-chuadar fé uisge agus do báthadh na daoine a bhí ortha. Thug formhór
-na bhfear a bhí ag teitheadh aghaidh ar ríghtheighlach Shitric i n-Áth
-Cliath. Bhí an Tulcain ar an slígh rómpa, agus bhí sí ana dhoimhinn,
-mar bhí an taoide lán um an dtaca san. Do báthadh na céadta dhíobh sa
-n-abhainn sin.
-
-Bhí Gormfhlaith agus Béibionn thuas ar bhara an ríghtheighlaigh.
-Chonacadar an teitheadh agus an tóir.
-
-“Measaim,” arsa Béibionn, “gur fearr na buanaidhthe atá ag obair anois
-’ná iad súd a bhí ag obair i dtusach an lae.”
-
-Níor dhein Gormfhlaith ach buille dhorn a thabhairt sa bhéal di, agus
-cúpla fiacal a bhaint aisti.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XV.
-
-AN t-ÁR-MHÁGH.
-
-
-Nuair a rith Amhlaoibh do rith Connla ’n-a dhiaigh, agus ansan do rith
-an méid a bhí gan marbhughadh de mhuintir Shíguird. Do ghluais ar a
-dtóir an méid a bhí ábalta ar ruith des na Conachtachaibh. Do ghluais
-Caoilte sa tóir i n-aonfheacht leó. Níor chuaidh Caoilte abhfad. Bhí
-fhios aige go raibh Niamh sa n-áit ’n-a raibh a h-athair sínte marbh.
-Do chas sé thar n-ais le h-eagla go gcasfaí buidhean Lochlanach sa treó
-agus go mb’ fhéidir go mbéadh Niamh gan chosaint.
-
-Nuair a tháinig sé is amhlaidh a fuair sé a lán de mhuintir Uíbh Máine
-ann roimis, agus de mhuintir Mhaoilruanaidh na Paidre. Bhíodar ró
-chréachtnaidhthe chun leanmhaint ar an dtóir, ach bhíodar ábalta ar
-Niamh a chosaint go maith. Bhí sise ar a glúinibh ag ceann cuirp a
-h-athar. Bhí sagart ann, leis, agus manach. Ag tabhairt aire do Thadhg
-Óg ua Chealla iseadh bhí an sagart. Ní raibh Tadhg Óg marbh, bíodh go
-raibh sé gortuighthe go maith. Níor thug Amhlaoibh “a cheart féin
-do’n fhaobhar.” Bhí clogad maith láidir ar cheann Thaidhg. Do chuir an
-tuagh stangadh doimhinn sa chlogad agus do gortuigheadh an ceann, ach
-níor gearadh an clogad ná an ceann. Bhí Lonán ann agus níor bh’fhada go
-raibh Tadhg tagaithe chuige féin fé láimh Lonáin.
-
-Bhí ceann Thaidhg Mhóir, ámhthach, ’n-a dhá leath, ach níor choruigh
-Niamh uaidh.
-
-Bhí Conn ann agus é tar éis teacht ó’n áit ’n-a raibh a athair féin,
-Maolruanaidh na Paidre, sínte marbh. Do mhair Maolruanaidh tamal maith
-tar éis a ghunta, agus bhí sagart i n’ aice ó fuair sé an ghuin go dtí
-go bhfuair sé bás.
-
-Nuair a chonaic Niamh Caoilte agus Conn do labhair sí leó.
-
-“Cá bhfuil Connla?” ar sise.
-
-“D’ imthigh sé ar thóir na Lochlanach, a rígan,” arsa Caoilte.
-
-“Is truagh san!” ar sise. “Má imthíghean aon nídh air tá Éire creachta
-glan.”
-
-Bhí tuille des na Conachtaigh ag teacht ó’n dtóir. Chuir sí tuairisg
-Chonnla ortha. Ní fheacaidh aoinne Connla ach do chonaic gach aoinne
-Murchadh agus é ar thóir Bhruadair agus Bruadar ag teitheadh uaidh.
-
-“Ní fhéadfadh Murchadh bheith ar thóir Bhruadair,” arsa duine a
-tháinig, “mar tá Murchadh ansúd thall sínte agus beirt shagart i n’
-fhochair. Do thuit Murchadh díreach nuair a bhí an teitheadh agus an
-tóir ag tusnú’.”
-
-“An é radharc mo shúl a mheasfá a bhaint díom!” arsa’n chéad duine. “Ná
-feacaidh mo dhá shúil Bruadar ag teitheadh agus Murchadh ar a thóir!”
-
-“Ní fheacaís Bruadar ag teitheadh,” arsa Niamh, “mar do leag m’ athair
-é trí h-uaire as a chéile, agus ansan do rith sé isteach sa choill
-bheag san thuas.”
-
-Le n-a linn sin d’fhéachadar suas agus cad a chífidís ach Bruadar féin
-ag ruith ’n-a dtreó ó’n áit ’n-a raibh pubal an Árdrígh, agus é ag
-liúirigh:--
-
-“Sgaoiltear an focal ó bhéal go béal!” ar seisean, “gur mhairbh Bruadar
-Brian!”
-
-Siúd chuige an bhuidhean chosanta do fágadh ar phubal Bhriain. Do
-ritheadar ar thóir na Lochlanach agus d’fhágadar an pubal gan chosnamh.
-Tháinig Bruadar amach as an gcoill, mar a raibh sé i bhfolach. Fuair
-sé an t-Árdrígh gan chosnamh, agus chuaidh sé isteach agus mhairbh sé
-an t-Árdrígh. Do rug an bhuidhean chosanta ar Bhruadar agus chuireadar
-chun báis é. Ba shuarach an leigheas é sin ar an ndíobháil a bhí
-déanta. Dá dtugaidís aire do’n ghnó a cuireadh ’n-a chúram ortha tá
-gach aon deabhramh go mbéadh a mhalairt de sgéal againn go léir, riamh
-ó shin agus indiu, seachas mar atá.
-
-Deir cuid de’n tseanachus gur chosain Brian é féin go cródha. Ní
-fheadar cé ’cu a dhein nó nár dhein, agus is cuma liom. B’fhearr
-liom go mór a bheith ar chumas an tseanachuis a rádh gur chosain na
-fir é n-ar cuireadh mar chúram ortha é chosaint. Is truagh gan a
-n-ainimneacha againn! Chuireadar pionós ar Bhruadar. Ba mhór go léir an
-leigheas é sin ar an bhfaillígh a dheineadar féin; nár bh’ eadh!
-
-Ag teacht thar n-ais ó thóir na Lochlanach a bhíodar nuair a bhuail
-Bruadar umpa agus an gníomh déanta aige. Dheineadar go h-aindeis a ngnó!
-
-Nuair a fuair Niamh go raibh Brian marbh d’ eirigh sí ’n-a seasamh:--
-
-“Téanam!” ar sise le Caoilte agus le Conn. “Caithfimíd Connla
-dh’fhághail. Tá Brian marbh, agus is dócha go bhfuil Murchadh marbh. Tá
-Árdrígh againn fós, ámhthach, má tá Connla beó.”
-
-Siúd chun siúbhail iad. Do leanadar an treó do lean na Conachtaigh sa
-tóir. Bhí cuid des na Conachtaigh ag teacht thar n-ais. D’iompuighdar
-i n-aonfheacht leis an dtriúr nuair a fuaradar cad a bhí uatha.
-Dheineadar gach aon tsaghas cuardaigh agus chuireadar gach aon tsaghas
-tuairisge, ach ní bhfuaradar aon bhlúire eóluis. D’inis fiche duine
-dhóibh go bhfeacathas Bruadar ag teitheadh agus Murchadh ar a thoir,
-ach ní fheacaidh aoinne Connla.
-
-Bhí an oídhche ag tuitim. Bhí an machaire go léir lán de chorpaibh,
-agus bhí a lán des na Lochlanaigh a leagadh sa tóir agus ná rabhdar
-marbh ar fad, agus go raibh fonn ortha sleagh nó tuagh nó sgian do
-chaitheamh le h-aon Éireanach a chífidís. Do tuigeadh go raibh sé
-ró chontabharthach leigint do Niamh dul níba shia sa chuardach. Do
-socaruigheadh ar dhul thar n-ais. Go mb’fhéidir go raibh Connla
-tagaithe ann um an dtaca san. Mura raibh go bhféadfadh na fir teacht
-airís ag cuardach agus Niamh a dh’fhágáilt ar a suaimhneas, i n-áit a
-bhéadh gan bhaoghal.
-
-Thánadar thar n-ais. Ní raibh aon tuairisg ar Chonnla. Bhí an oídhche
-dhubh ann um an dtaca san, agus chun na h-oídhche dhéanamh níba duibhe
-do leath ceó isteach ó’n bhfaraige i dtreó ná feicfeadh duine a lámh dá
-síneadh sé í.
-
-Ní raibh aon rud le déanamh ach dul fé dhéin an longphuirt i gCill
-Mhaighneann. Dhein muintir Thaidhg Mhóir agus muintir Mhaoilruanaidh
-dhá chróchar agus do rugadar leó an dá chorp chun an longphuirt. Bhí
-na sagairt agus na manaigh ann, agus bhíodar ag cantainn úrnuighthe
-na marbh ar an slígh. Nuair a thánadar go Cill Mhaighneann fuaradar
-go raibh a lán sochraidí beaga eile tagaithe ann rómpa, agus ag
-teacht ann ’n-a ndiaigh, agus an obair chéadna ar siúbhal acu. Bhí na
-sagairt agus na manaig go léir ann, ó Shórd Cholum Cille, agus an uile
-shaghas córacha tabhartha leó acu, mar atá, líon geal chun cneádhthach
-do dhúnadh agus fuil do chosg, agus deocha chun nirt, agus banndaí
-línéadaigh, agus cliathacha chun cnámh do chur, agus mar sin. Bhí
-flúirse des na neithibh sin tabhartha leó ó’n mbaile ag na mnáibh a
-tháinig, ach níor mhiste an tuille.
-
-Bhí na buidheana beaga ag teacht i gcaitheamh na h-oídhche agus a
-nduine marbh féin ag gach buidhin díobh. Tháinig cuid de theighlach
-Mhurchadh agus Murchadh ar chróchar acu, ach ní raibh sé marbh. Mhair
-sé go dtí amáireach a bhí chúghainn. Bhí na sagairt i n’ aice sa n-áit
-’n-ar thuit sé, anuas ar mhac rígh na h-Ioruaidhe. D’fhan sagart i n’
-fhochair go dtí gur tharaing sé an anál.
-
-Ní raibh aon bhuidhean a tháinig mar sin i gcaitheamh na h-oídhche ná
-raibh Niamh a’ faire ortha feuchaint cathin a chífeadh sí buidhean
-ag teacht agus Connla acu, nó feuchaint cathin a chífeadh sí Connla
-féin ag teacht ar bhuidhin acu agus duine aige ’á thabhairt leis. Níor
-tháinig sé mar seo ná mar siúd.
-
-Tháinig solus an lae. Do ghlan an ceó.
-
-“Téanamh,” arsa Niamh le Caoilte agus le Conn, “go gcuardaighmíd an
-machaire feuchaint a’ bhfaighmís Connla beó nó marbh.”
-
-Ghluaiseadar amach. Thánadar ar áit an chatha. Ba ghrána an radharc
-an uair sin é mar mhachaire. Bhí an talamh go léir, ó Bhinn Éadair
-go h-Ath Cliath agus ó chiúmhais na trágha abhfad amach sa tír,
-clúdaighthe le corpaibh daoine. Bhí, anso agus ansúd ar fuaid an
-mhachaire, rudaí beó ag gluaiseacht ameasg na gcorp. Daoine ab eadh
-cuid des na rudaíbh beó san, daoine a bhí ag lorg corp a gcarad féin.
-Bitheamhnaigh ab eadh cuid des na rudaíbh beó; bitheamhnaigh a bhí ag
-guid an tsaidhbhris agus na n-órnáidí a bhí ar chorpaibh na Lochlanach
-uasal agus na n-Éireanach uasal. Gaidhir ab eadh cuid des na rudaíbh
-beó, leis; gaidhir ghrána mhóra, chontabharthacha, a tháinig isteach
-ó’n dtír nuair a rug an ghaoth balaith na fola amach ag triall ortha.
-
-Shiúbhluigh Niamh agus a cualacht an machaire, soir agus siar agus
-anonn agus anall, ach ní bhfuaradar aon radharc ar aon chorp go raibh
-aon cosamhlacht aige le Connla. Do chíodh Niamh uaithe, go minic, corp
-a bhíodh, dar léi, cosmhail le Connla. Ansan nuair a thagaidís i n’
-aice chíodh sí nár bh’ é é, agus bhíodh áthas uirthi.
-
-Bhí an mhaidion ag gluaiseacht agus an ghrian ag druidim suas ar
-an spéir, agus fir ag teacht go tiugh, as gach aon treó baill, le
-h-órdúghadh na sagart, agus ráinní agus sluaiste acu, chun na gcorp
-do chur fé thalamh. Dó leath na fir sin iad féin ins gach aon bhall
-ar fuaid an mhachaire agus do chrom gach aon triúr nó ceathrar acu
-ar thrínse dh’ osgailt. Ba gheár go raibh oiread san acu ann go
-mb’éigean dos na gaidhir agus dos na bitheamhnaigh glanadh as an
-áit. Má bhí saidhbhreas le fághail ar chorpaibh na marbh do thuig na
-fir a bhí ag déanamh na h-oibre gur bh’ iad féin dob fhearr ceart
-chun an tsaidhbhris sin. Bhí an obair ar siúbhal ins gach aon pháirt
-de’n mhachaire, agus ins na h-áiteanaibh ’n-a raibh na cuirp ’n-a
-gcruachaibh anáirde ar a chéile b’ éigean trínsí móra leathana doimhne
-dhéanamh, agus na cuirp a chur ’n-a gcruachaibh fé thalamh, díreach mar
-a bhíodar ’n-a gcruachaibh os cionn tailimh. Bhí an taoide lán airís
-agus bhí cuirp na mban agus na leanbh aici ’á chaitheamh isteach ar an
-dtráigh. Fé mar a dhruid an taoide amach bhí sí ag fágaint na gcorp ar
-an dtráigh ’n-a diaigh. B’éigean trínsí móra leathana doimhne dhéanamh
-dóibh sin, leis, agus iad do chur ’n-a gcruachaibh fé thalamh. Nuair a
-bhí na trínsí sin lán des na corpaibh agus an chré curtha suas ortha is
-amhlaidh a bhí árdán mór árd sa n-áit ’n-ar deineadh gach trínse. Táid
-na h-árdáin sin le feisgint sa n-áit fós, nó cuid acu.
-
-Chonaic Niamh, agus an mhuintir a bhí le n-a cois sa chuardach, a lán
-daoine cruinnighthe tímpal na h-áite na dtéidhean an Tulcainn isteach
-sa bhfaraige. Thánadar chun na h-áite. Bhí an Tulcainn lán de chorpaibh
-na Lochlanach i dtreó go rabhdar ag coimeád uisge na h-abhan siar ó’n
-dtaoide do leanmhaint. Bhí na fir ag tógaint na gcorp as an abhainn
-agus ’ghá síneadh ar an bport i n-aice ’chéile. Nuair a tháinig Niamh
-chonaic sí dhá chorp sínte ar an bport i n-aice ’chéile. D’aithin sí
-láithreach iad. Amhlaoibh agus Connla isiad a bhí ann. D’ aithin gach
-aoinne Connla. Mheas cuid de’n lucht oibre gur bh’ é Bruadar an fear
-eile. D’innseadar do Niamh, agus do’n mhuintir a bhí le n-a cois,
-gur bh’ amhlaidh a fuaradh an bheirt agus cruach mhór de chorpaibh
-Lochlanach anuas ortha, agus dhá láimh Chonnla daingean i bhfolt
-Amhlaoibh, agus a chorp anuas ar chorp Amhlaoibh.
-
-D’fheuch Niamh ar an mbeirt agus iad sínte i n-aice ’chéile, go breagh
-socair. Bhí dhá shúil Amhlaoibh ar dian-leathadh, agus bhí ’n-a
-sheasamh ionta, agus ’n-a ghnúis ar fad, an sgeón millteach a chonaic
-sí ionta díreach nuair a thuit an tuagh as a láimh agus do theith sé.
-Bhí gnúis Chonnla chómh sámh, chómh socair, chómh suaimhneasach agus
-dá mba ’n-a chodla bhéadh sé. Chómh luath agus do chonaic sí iad do
-bhánuigh a h-aghaidh i dtreó go dtáinig Caoilte agus Conn ’n-a h-aice,
-duine acu ar gach taobh di. Mheasadar go raibh sí i riocht tuitim. Ní
-raibh. Do gháir sí nuair a chonaic sí an t-eagal ortha. Tháinig sí
-ar a glúinibh i n-aice Chonnla agus chrom sí ar phaidir a rádh le n’
-anam. Tháinig an bheirt eile ar a nglúinibh agus dúbhradar an phaidir i
-n-aonfheacht léi.
-
-“Go maithidh Dia do pheacaí dhuit, a Amhlaoibh!” ar sise, “agus dúinn
-go léir.”
-
-D’eirighdar. Dheineadar cróchar agus chuireadar corp Chonnla air, agus
-do rugadar leó é chun an longphuirt.
-
-“Dob’ uathbhásach an cath é!” arsa Conn agus iad ag teacht, “agus is
-fada a bheidh cuimhne i n-Éirinn air.”
-
-“Is fada,” arsa Caoilte, “agus an bhfuil fhios agat cad a chuirfidh
-iongnadh ar an saoghal go deó?”
-
-“Cad a chuirfidh?” arsa Conn.
-
-“An deich gcéad úd go raibh na h-éidí mitil ortha tá an uile dhuine acu
-marbh!” arsa Caoilte.
-
-“An uile dhuine acu?” arsa Conn.
-
-“An uile dhuine riamh acu,” arsa Caoilte.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XVI.
-
-I NDIAIGH AN CHATHA.
-
-
-Nuair a tháinig Niamh agus an mhuintir a bhí le n-a cois go dtí an
-longphort, agus corp Chonnla acu, bhí Donchadh, mac Bhriain, tagaithe
-thar n-ais ó Chúige Laighean agus mórán creach aige. Bhí iongnadh ar
-Dhonchadh nuair a fuair sé go rabhthas tar éis an mhóir-chatha do
-throid. Bhí iongnadh, leis, air féin agus ar gach fear des na fearaibh
-a bhí i n-aonfheacht leis, mar gheall ar dhéine an chatha agus ar mhéid
-an áir ar gach taobh. D’fhiafraigh sé conus a thárla gur deineadh a
-leithéid de dhísgiughadh ar Dhál gCais agus ar na Conachtaigh agus ar
-na Muímhneachaibh, agus M’lsheachlainn Mór agus a shluagh bheag do dhul
-as chómh maith.
-
-Do h-innseadh dó conus mar a tharaing M’lsheachlainn agus a dheich
-gcéad siar ó’n gcath i dtusach an lae agus conus mar a chuireadar an
-pháirc threabhtha idir iad agus an cath. Ach do h-innseadh dó conus
-mar a dheineadar rud maith um thráthnóna, gur ghluaiseadar ar thóir na
-Lochlanach, agus mura mbéadh iad go mb’ fhéidir ná brisfí an cath ar na
-Lochlanaigh chómh h-iomlán agus a deineadh. Pé’r domhan é ná curfaí ar
-na Lochlanaigh an t-ár a cuireadh ortha mura mbéadh M’lsheachlainn agus
-a dheich gcéad.
-
-“Ar ghluais sé ar thóir na Lochlanach,” arsa Donchadh, “sar a’ raibh
-fhios aige go raibh m’ athair marbh?”
-
-Níor fhéad aoinne an cheist sin do fhreagairt dó.
-
-Bhí sé i n-aigne gach aoinne, ámhthach, lasmuich de’n méid a bhí beó
-de Dhál gCais, gur bh’ é M’lsheachlainn Mór a bhéadh i n’ Árdrígh ar
-Éirinn i ndiaigh Bhriain.
-
-D’ oibrigh M’lsheachlainn agus Donchadh, agus na h-uaisle eile, a’
-láimh a chéile, go dtí go raibh gach aon rud déanta chun na marbh a
-dh’ adhlacadh mar ba chóir, agus go dtí go raibh corp Bhriain tabhartha
-suas do’n chléir le breith óthuaidh go h-Árdmhacha.
-
-Nuair a bhí corp Bhriain tabhartha do’n chléir do labhair Caoilte.
-
-“Bhí Murchadh le h-ais Bhriain,” ar seisean, “ins gach cath d’ár throid
-sé riamh ó chath Bhealaigh Leachta go cath Ghleanna Mháma. Is le láimh
-Mhurchadh do thuit laochra agus uaisle Lochlan agus Laighean i gcath an
-lae indé. Ní ceart Murchadh agus Brian do dheighilt ó chéile anois!”
-
-Do tugadh corp Mhurchadh do’n chléir le breith óthuaidh go h-Árdmhacha
-i n-aonfheacht le corp Bhriain.
-
-Ansan do labhair Niamh.
-
-“Tá sé chómh ceart,” ar sise, “gan a mhac do choimeád ó Mhurchadh agus
-atá sé gan a mhac do choimeád ó Bhrian.”
-
-Níor gádh dhi a thuille cainte dhéanamh. Do tugadh Connla do’n chléir
-agus do rugadh óthuaidh é go h-Árdmhacha, i n-aonfheacht le Murchadh
-agus le Brian, agus do h-adhlacadh thuaidh an triúr.
-
-Ansan do chruinnigh Donchadh an méid a bhí beó de Chlainn Chais, agus
-thug sé féin agus iad féin aghaidh siar ódheas fé dhéin Chinn Cora.
-
-Aoinne gur maith leis a fhios a bheith aige conus a dh’eirigh leó ar
-an slígh, ní’l aige ach leabhar an tseanachais do sholáthar agus do
-léigheadh. Chífidh sé raint neithe ná cuirfidh puínn áthais air sa
-tseanachas san. Chífidh sé gníomh grána ó Mhac Giolla Pádraig úd n-ar
-thrácht Brian ar a ainim nuair a bhí sé ag labhairt leis an sluagh
-maidion lae an chatha. Chuir sé i n-aice ’chéile Mac Giolla Pádraig
-agus M’lsheachlainn Mór. Isé cúis gur chuir sé i n-aice ’chéile iad
-mar bhí an gníomh céadna déanta acu araon. Do dhiúltuigh Mac Giolla
-Pádraig do’n chath nuair a chuaidh giollaí turais Bhriain ag triall
-air ’ghá rádh leis teacht. Do sheachain M’lsheachlainn an cath os
-cómhair súl fear Éirean go léir, maidion lae an chatha. Chuir Brian an
-bheirt i n-aice ’chéile ’n-a chaint ’ghá thaisbeáint go raibh gníomh
-Mh’lsheachlainn ar aon dul le gníomh Mhac Giolla Pádraig chómh fada
-agus a chuaidh náire agus aithis agus spriúnlaitheacht.
-
-Nuair a fuair Mac Giolla Pádraig go raibh Clann Chais lag d’eirigh sé
-chúcha agus cheap sé smacht a chur ortha. Níor eirigh leis, ámhthach,
-mar a chífir sa tseanachus má leighean tú é.
-
-Ní le Clainn Chais ná le Mac Giolla Pádraig a bhainean an sgéal so,
-ámhthach, ach le Niamh, agus le Caoilte, agus le Conn. Bhí Tadhg Mór
-ua Cealla marbh, agus bhí Niamh gan a h-athair. Bhí uirthi déanamh gan
-a h-athair fé dheire. Ba chruaidh an cás é. Ach ní raibh leigheas air.
-Bhí Maolruanaidh na Paidre marbh, leis. D’fhág san Conn gan athair
-chómh maith le Niamh. Agus bhí athair Caoilte marbh. D’fhág san Caoilte
-agus Lonán gan athair.
-
-Níor bh’ fholáir do Chaoilte agus do Lonán dul agus buidhean a n-athar,
-an méid a bhí beó acu, do chruinniughadh agus do chur i dtreó chun
-dul ódheas abhaile. Níor bh’fholáir do Chonn dul agus an rud céadna
-dhéanamh do bhuidhin Ua bhFiachrach Áidhne, do’n mhéid a bhí beó
-dhíobh, agus níor mhór é. Bhí a neart agus a mhisneach ag casadh ar
-Thadhg Óg ua Chealla i dtreó go raibh sé ábalta, maith go leór, é féin
-agus Niamh, ar mhuintir Uíbh Máine do ghleusadh agus do chur i dtreó
-chun dul abhaile.
-
-Ach níor mhaith le Conn ná le Caoilte sgaramhaint le Niamh go dtí go
-bhfeicfidís thiar sa bhaile i ríghtheighlach a h-athar í.
-
-“Socaruighmís an sgéal ar an gcuma so,” arsa Tadhg Óg ua Cealla.
-“Deinimís aon bhuidhean amháin des na trí buidhnibh agus gabhmís aon
-bhóthar amháin go dtí go mbeidhmíd i gCeann Cora.”
-
-“Déanfaidh san an gnó go h-áluinn,” arsa Caoilte, “agus ní chuirfidh
-sé aistear ar aon bhuidhin againn, mar tá aghaidh na mbóithre is fearr
-agus is díríghe, ar Cheann Cora, ó’n áit seo; agus ansan, is ó Cheann
-Cora atá na bóithre is fearr agus is díríghe ag gach buidhin dínn chun
-dul abhaile.”
-
-Bhí aithne ag Caoilte ar na bóithribh. Do socaruigheadh an sgéal ar an
-gcuma san. Do tugadh na trí buidheana chun a chéile. Níor ghluaiseadar
-chun bóthair ró thapaidh. Ghlacadar a suaimhneas go dtí go mbéadh na
-fir ghunta a bhí ortha láidir a ndóthin chun gluaiste. Ba mhór an
-mhaith dos na trí buidhnibh iad do thabhairt chun a chéile ar an gcuma
-san agus aon bhuidhean amháin a dhéanamh díobh. Bhí cuideachtanas a
-chéile acu, agus congnamh a chéile nuair ba ghádh é. Bhí na Conachtaigh
-beirthe go mór leis an socarughadh mar bhí an dochtúir acu. Dá
-n-imthigheadh na Muímhnigh leó féin ní bhéadh Lonán ag na Conachtaigh.
-Chaithfeadh sé imtheacht le n-a mhuintir féin. Nuair a bhí na trí
-buidheana i dteannta chéile bhí Lonán acu go léir. Ba mhaith an bhail
-ortha san. Bhí a lán acu, idir Chonachtaigh agus Muímhnigh, gunta go
-dian, agus gheóbhdís bás i n-aimhdheóin gach aon rud mura mbéadh Lonán
-a bheith ag feuchaint chúcha agus an t-eólus thar na beartaibh a bheith
-aige ar a ghnó. Fuair cuid acu bás i n-aimhdheóin a dhíchil.
-
-Bhí eólus maith ag Niamh, leis, agus tuisgint mhaith, agus bhíodh sí
-coitchianta ameasg na n-othar, ag tabhairt aire dhóibh, agus ag cur
-misnigh ortha, agus ag frithálamh ortha, agus mheasaidís ná bíodh
-aoinne ba thúisge thuigeadh cad a bhíodh i n-easnamh ortha ’ná mar a
-thuigeadh Niamh é. An t-áthas croídhe a thagadh ortha nuair a thagadh
-sí ag frithálamh ortha shamhluighdís go gcuireadh sé feabhas sláinte
-ortha. Bhí aithne aici ar gach duine fé leith de mhuintir Uíbh Máine
-agus Uíbh Fiachrach, agus níor bh’fhada go raibh aithne aici, leis, ar
-gach duine fé leith des na Muímhneachaibh.
-
-Bhí Lochlanaigh ann. De mhuintir Ospaic ab eadh cuid acu. Do
-marbhuigheadh Ospac féin sa chath. Dritháir do Bhruadar ab eadh é.
-Tar éis an chatha chuaidh cuid d’á mhuintir i mbuidhin Dhonchadh, mhic
-Bhriain, agus tháinig cuid acu i mbuidhin Thaidhg Óig uí Chealla.
-Bhíodh Caoilte mar fhear teangan idir iad agus na Gaedhil. Bhí cuid acu
-gunta go dian, agus do tugadh aireachas dóibh chómh maith díreach agus
-a tugadh dos na Gaedhlaibh féin.
-
-Cáirde ab eadh muintir Ospaic, ach bhí cuid de mhuintir a dhrithár ann,
-leis, agus do tugadh an t-aireachas céadna dhóibh, bíodh gur bh’é an
-dritháir sin a dhein an gníomh ba mheasa ar na Gaedhlaibh d’ár deineadh
-sa chath, .i. marbughadh Bhriain.
-
-Bhí aon fhear amháin ann agus níor féadadh a dhéanamh amach ar feadh
-abhfad cé ’r bh’é ná cár bh’ as é. Bhí sé ar éadtromacht. Bhain
-éirleach an lae sin a mheabhair shaoghalta dhé. Bhí focal éigin aige
-d’á rádh coitchianta, ach níor thuig aoinne é go dtí gur tháinig
-Caoilte chuige. Fuair Caoilte amach uaidh gur adtuaidh ar fad ó Inis
-Tuile a tháinig sé. Isé focal a bhíodh ’n-a bhéal aige, agus nár
-tuigeadh, ’ná: “A Pheadair Naomhtha tabhair saor ó’n lá so mé agus
-raghaidh mé trí h-uaire go dtí an Róimh ag triall ort am’ mhaidirín!”
-
-Do tugadh saor ó’n gcath é. Tháinig a mheabhair dó i ndiaigh chéile
-nuair a fuair sé an caradas agus an t-aireachas. Ansan ní shásóch’ aon
-rud é ach go gcaithfeadh Niamh an Creideamh a mhúineadh dhó. B’éigean
-do Chaoilte bheith sa mhúineadh, leis, go dtí go raibh an fear bocht
-ábalta ar an nGaeluinn a thuisgint.
-
-Do ghlac na Lochlanaigh eile a bhí ann an Creideamh, leis, chómh
-luath agus do féadadh é mhúineadh dhóibh. Is amhlaidh a deiridís,
-an Creideamh a bhí ag Niamh go raibh sé maith a dhóthin d’ aoinne
-sa domhan; ná féadfadh sé gan bheith ’n-a Chreideamh fhóghanta agus
-é bheith ag Niamh. Ansan, nuair a múintí dhóibh é, do thuigidís a
-mhaitheas agus a thairbhthe ann féin.
-
-Fé dheire thiar thall bhí na daoine gunta, an méid ná fuair bás díobh,
-ag dul i bhfeabhas. Bhí an aimsir, leis, ag dul i bhfeabhas agus na
-laethanta ag dul i bhfaid, agus bhí an focal i mbéal gach aoinne
-gur mhithid bheith ag cuimhneamh ar an mbaile. Do gabhadh na capail
-agus do cuireadh na h-ualaí ortha. Do cuireadh na daoine leicthe ar
-charaíbh agus leapacha fútha. Bhí oiread san capal agus caraí acu nár
-ghádh d’aoinne beith ’n-a chuis. Bhí mórán lóin acu, agus mórán earaí,
-agus mórán stuic. Bhí ba agus caoire a ndóthin acu, loiligheacha chun
-bainne, agus ba seasga chun mairtfheóla. Chuireadar gach aon rud i
-dtreó chun gluaiste agus ghluaiseadar an bóthar siar ódheas fé dhéin
-Chinn Cora.
-
-Sar ar fhágadar an chómharsanacht chuaidh Niamh go Sórd chun go
-bhfeicfeadh sí uaigh Dhúlainn agus uaghna na n-uasal eile a bhí curtha
-ann. Chuaidh Tadhg Óg agus Caoilte agus Conn agus Lonán i n-aonfheacht
-léi. Ghoileadar a ndóthin ar uaigh Dhúlainn agus ar na h-uaghnaibh
-eile. Bhí uaigh Thaidhg Mhóir agus uaigh Mhaoilruanaidh i n-aice
-’chéile. D’fhan Niamh abhfad os cionn uagha a h-athar. Ba mhaith léi,
-dá mb’ é toil an Tighearna é, uaigh eile beith le h-ais na h-uagha san
-agus í féin a bheith sínte ann, agus a h-anam a bheith i bhfochair
-anama a h-athar. Ach do thuig sí nár bh’é toil Dé é, agus go raibh gnó
-eile curtha ’n-a chúram ag Dia uirthi, agus d’fhág sí an áit.
-
-Chomáin na trí buidheana leó, agus iad i n-aon bhuidhin amháin, an
-bóthar siar ódheas, go breagh réidh socair. Ní fhéadfaidís gluaiseacht
-ró mhear, dá mba ná béadh aon nídh chun ríghnis a chur ortha ach na
-slóighte daoine a bhíodh ag teacht rómpa ar an slígh ag fáiltiughadh
-rómpa agus ’ghá moladh agus ag cur gach aon tsaghas beannacht ortha.
-Bhí tuairisg an chatha tar éis leathadh ar fuid na h-Éirean um an dtaca
-san, agus bhí ualach tógtha de chroídhe na ndaoine. Bhí na daoine
-ag imtheacht as a meabhair le neart áthais agus le neart buidhchais
-ar Dhia agus ar na fearaibh do throid an cath agus do bhuaidh an
-cath. Bhí fhios acu go maith cad a bhí ’n-a gcóir go léir dá mba ag
-na Lochlanaigh a bhéadh an buadh sa chath san. Bhí fhios acu, leis,
-ag an uile dhuine acu, gur ag na Lochlanaigh a bhéadh an buadh mura
-mbéadh a thréine do throid na Gaedhil. Agus bhí fhios acu ná raibh
-fir sa chath ba thréine do throid ’ná na trí buidheana san a bhí an
-uair sin ag gluaiseacht an bóthar san siar ódheas, i n-aon bhuidhin
-amháin. D’á bhrígh sin is amhlaidh a bhídís ’n-a gcéadtaibh agus iad
-ar a nglúinibh, ar dhá thaobh an bhóthair, agus iad ag liúirigh agus
-ag gol agus ag gáirí, ag breith a mbuidhchais le Dia mar gheall ar an
-bhfuasgailt a tugadh ar Éirinn, agus ’ghá iaraidh ar Dhia na glóire
-a bheannacht do chur go deó, sa tsaoghal so agus ar an saoghal eile,
-ar na fearaibh a dhein an troid uathbhásach agus do bhuaidh an cath
-uathbhásach.
-
-Thar gach aoinne eile d’á raibh ann bhíodh na daoine a d’iaraidh
-radharc fhághail ar Niamh. Bhí a h-ainim i mbéalaibh daoine ins gach
-aon bhall. Bhí sé i n-aigne na ndaoine, pé cuma ’n-ar cuireadh isteach
-’n-a n-aigne é, gur mhó a congnamh chun slóighte Bhriain do ghleusadh
-agus do dhlúthughadh le n-a chéile, agus chun na h-árd-aigne a bhí acu
-do dhúiseacht ionta i gcóir an chatha, ’ná congnamh aon duine eile
-lasmuich de Bhrian féin. D’á bhrígh sin, pé duine eile a chídís ní
-bhídís sásta go dtí go bhfeicidís Niamh. Bhíodh na fir agus na mná ar
-na h-árdánaibh agus ar na clathachaibh agus iad ag iniúchadh agus ag
-cuardach le n-a súilibh go dtí go bhfeicidís Niamh. Ansan bhídís ag
-árdughadh n-a leanbh suas ’n-a lámhaibh i dtreó go bhfeicfidís Niamh.
-
-Níor ghádh do’n chualacht aon eagla bheith ortha go mbéadh aon rud
-i n-easnamh ortha ar an slígh. Bhí an t-im agus an bainne agus na
-h-uibhe, agus an uile shaghas toradh talmhan, ag teacht chúcha isteach
-ó gach taobh de’n bhóthar. Ní raibh aon ghádh acu leis. Bhí breis agus
-a ndóthin de gach aon tsaghas bídh acu féin. Thugadar san le tuisgint
-dos na daoine. Ní raibh aon mhaith ann. Tháinig an bia. Dúbhairt Niamh
-é chur i gcoimeád agus go bhféadfaí é thabhairt do dhaoine bochta ar
-ball.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XVII.
-
-“NA MÍLTE OLOGÓN.”
-
-
-Nuair a tháinig Niamh agus a cualacht go Ceann Cora bhí dubhadh na
-gcnuc agus na gcoillte de’n uile shaghas daoine cruinnighthe roímpi
-ann. Do h-airigheadh i n-Uíbh Máine go raibh na trí buidheana, i n-aon
-bhuidhin amháin, ag dul i n-aonfheacht go Ceann Cora, agus do ghluais
-an uile dhuine sa dúthaigh sin n-a raibh ann siúbhal i n-aon chor,
-soir ódheas go Ceann Cora. Do h-airigheadh an sgéal céadna i n-Uíbh
-Fhiachrach Áidhne agus do deineadh an ghluaiseacht chéadna. Tháinig, i
-n-aonfheacht leis an dá chine sin, gach aon treabhchas go raibh cuid
-d’á ndaoine sa chath, feuchaint an mór acu a bhí ag teacht abhaile
-slán, nó beó féin.
-
-An rud a h-airigheadh thiar i n-Uíbh Máine agus i n-Uíbh Fhiachrach
-Áidhne do h-airigheadh é theas i gCiarraighe Luachra agus ins na
-tíorthaibh mór-thímpal, agus do ghluais na daoine as na tíorthaibh sin,
-díreach mar a ghluais na daoine as na tiorthaibh thuaidh, fé dhéin
-Chinn Cora.
-
-Nuair a tháinig na trí buidheana do cuireadh trí gártha móra fáilte
-rómpa. Do tógadh na gártha airís agus airís eile, bhí a leithéid sin d’
-áthas ar na daoine a bhí ag feitheamh nuair a chonacadar tagaithe an
-mhuintir a bhí uatha. Bhí áthas an domhain ar an muintir andeas nuair
-a chonacadar Caoilte agus Lonán. Bhí áthas ba mhó ’ná an t-áthas san
-féin ar mhuintir Uíbh Máine nuair a chonacadar Niamh agus a dritháir,
-agus bhí áthas chómh mór leis an áthas san ar mhuintir Uíbh Fhiachrach
-Áidhne nuair a chonacadar Conn. Ní h-ar a mhuintir féin amháin a bhí
-áthas mór i dtaobh Chuinn do teacht slán, ach ar an uile dhuine d’á
-raibh tagaithe sa n-áit. Ógánach deagh-chroídheach, uasal, fóghanta,
-diadha, ab eadh é, mar ba dhual athar dó bheith, agus bhí cion ag gach
-aoinne, thuaidh agus theas, air.
-
-Tar éis na bhfáiltí do tháinig an fiafraighe. Fuair muintir Uíbh Máine
-amach gur fágadh Tadhg Mór agus formhór na bhfear a bhí le n-a chois
-sínte thíos i gCluain Tairbh. Fuair muintir Uíbh Fhiachrach amach gur
-bh’é an sgéal céadna acu féin é. Fuair muintir Chiarraighe amach gur
-fágadh a rígh féin agus na fir a bhí aige sa n-áit chéadna. Ar ball do
-fuair gach aoinne amach gur fágadh duine leis féin thíos, nó b’fhéidir
-beirt, nó b’fhéidir triúr. Ansan iseadh dh’ eirigh na gártha, agus
-níor ghártha áthais iad ach gártha goil. Ansan iseadh dh’ eirigh “na
-mílte ologón”! Na mná do thusnuigh é. Bhíodar ag sileadh ar dtúis ar
-feadh tamail. Ansan do chas bean ologón. Ansan do ghluais an t-éirleach
-lógóireachta ó n-a raibh de mhnáibh sa n-áit. Ní raibh bean ann gan a
-fear nó a mac nó b’ fhéidir an bheirt i n-aonfheacht i n-easnamh uirthi.
-
-Ansan dúbhairt duine éigin, “Ó! cá bhfuil Brian!”
-
-Dúbhairt duine eile, “Cá bhfuil Murchadh! Agus cá bhfuil Dúlainn! Agus
-cá bhfuil Connla!”
-
-Ansan do chas na fir “na mílte ologón,” agus bhuaileadar a mbasa. Fir
-láidire cruadha. Fir go raibh taithighe acu ar bhás agus ar chogadh
-agus ar ár, agus gur ró dheacair osna bhaint ó’n gcroídhe acu ná deór a
-bhaint ó n-a súilibh.
-
-Is ’mó duine a dh’fhéadfadh éisteacht le gol agus le h-ologón ó mhnáibh
-agus ná bainfí aon choruighe as a chuid fola. Ach nuair a bhainean
-buairt uathbhásach fásgadh a’ croídhe fir i dtreó go gcaithean sé
-an t-ologón do sgaoileadh amach ’n-a lán neart nó go bpléasgfadh a
-chroídhe istigh ’n-a chliabh, is deacair d’ aoinne éisteacht le gol
-an fhir sin gan tocht agus fásgadh do teacht ar a chroídhe féin ná
-sgarfaidh a chuimhne leis an chuid eile d’á shaoghal.
-
-Nuair a ghluais an gol bhí Niamh ag sileadh. Níor airigh aoinne a guth
-an fhaid ná raibh ag gol ach na mná. Ach nuair eirigh gol na bhfear,
-agus nuair airigh sí ainim Bhriain agus ainim Mhurchadh agus ainim
-Chonnla agus ainim a h-athair, do ghluais an t-ologón uaithi chómh
-h-árd agus do ghluais sé ó aoinne eile d’á raibh ann.
-
-Bhí Colla ann, agus cuid des na sagairt agus des na manaigh, aníos ó
-Inis Cathaigh. Do sgaoil sé leis an ngol ar feadh tamail. Ansan tháinig
-sé anáirde ar árdán agus chrom sé ar chaint. Do stad an gol i n-aice na
-h-áite ’n-a raibh sé ag caint. I ndiaigh ar ndiaigh do stad an gol ins
-gach aon bhall, agus bhí na daoine go léir ag éisteacht leis. Seo mar a
-labhair sé:--
-
-“A dhaoine,” ar seisean, “ní h-aon iongnadh dhúinn go léir buairt ár
-ndóthin a bheith orainn.” (Bhí a dhá shúil féin fliuch go maith.) “Tá
-cúis ghuil againn má bhí sé ag aon daoine riamh. Ach seo rud nách ceart
-dúinn a dhearmhad i lár ár mbuartha. Tá ádhbar áthais againn indiu má
-bhí ádhbhar áthais ag aon daoine riamh. Do buaileadh, thíos i gCluain
-Tairbh, an lá fé dheire, cath nár buaileadh a leithéid i n-Éirinn ní
-fios cad é an fhaid ó shin. Do buaileadh an cath san idir Ghaedhlaibh
-Éirean agus Lochlanaigh an domhain. Dá bhfaghadh na Lochlanaigh an
-lámh uachtair sa chath san is ag na Lochlanaigh a bhéadh an t-oileán
-so na h-Éirean indiu. Ní fágfaí oiread agus fód de thalamh na h-Éirean
-againn! Thug na Lochlanaigh leó a mná agus a gclann, bhíodar chómh
-ceapaithe sin ar thalamh na h-Éirean do ghlacadh chúcha féin agus
-ar shliocht Gaedhal do dhísgiughadh, do chur chun báis, do ghlanadh
-as an oileán gan oiread agus duine acu dh’fhágáilt beó ann. Thug Dia
-dhúinn, (moladh agus glóire agus buidhchas leis!) gur bhuaidh Brian
-agus a mhór-shluagh ortha. Do thuit Brian agus a lán d’á mhór-shluagh
-sa chath. Dá dtugadh Dia, mar geall ar ár bpeacaíbh-ne, an buadh dos
-na Lochlanaigh, do thuitfeadh Brian agus a mhór-shluagh go léir, agus
-ansan do thuitfimís-ne go léir, ins gach aon pháirt d’ Éirinn. Dá
-mbéadh an buadh ag na Lochlanaigh ní fhágfaidís Brian ná aoinne d’á
-mhór-shluagh beó, agus bhéidís ag gluaiseacht anois ar fuid na h-Éirean
-ag marbhú’ na bhfear aosda agus na mban agus na leanbh agus ní bhéadh
-Brian ná aoinne d’á mhór-shluagh ann chun iad do chosaint.
-
-“Má fheuchaim am’ thímpal anois anso agus má fhéadaim a dh’fhághail
-amach cé h-í an bhean is mó atá creachta leis an gcath so, deirim léi,
-agus is fíor dhom é, gur mó go mór an t-ádhbhar áthais atá tabhartha
-ag an gcath dhí ’ná an t-ádhbhar buartha atá tabhartha aige di. Is mó
-atá sí buaidhte leis an gcath ’ná mar atá sí caillte leis. Pé méid d’á
-muintir atá tuitithe sa chath, bhéidís tuitithe ann d’á ngabhadh an
-cath ’n-ár gcoinnibh, agus bhéadh sí féin agus an chuid eile acu marbh
-um an dtaca so ag an sluagh Lochlanach a bhéadh leathta anois ar fuid
-na h-Éirean agus iad ar buile ag déanamh díoltais orainn mar gheall ar
-dhéine an chatha.
-
-“Cuirimís uainn an gol, d’á bhrígh sin, agus an bhuairt, agus i n-inead
-bheith ag gol agus ag déanamh buartha tugaimís ár mbuidhchas ó chroídhe
-do Dhia na glóire mar gheall ar an gcuma ’n-ar thug sé saor sinn ó n-a
-leithéid de chontabhairt. Nuair a dh’eireóchaidh an bhuairt i n-ár
-gcroídhe cuirimís chúghainn féin an cheist seo. Conus a bhéadh an sgéal
-againn anois dá mb’ ag na Lochlanaigh a bhéadh an buadh?
-
-“Tá fhios agaibh-se chómh maith agus atá fhios agam-sa conus mar a
-bhí socair go daingean i n’ aigne ag an uile dhuine des na fearaibh a
-dh’fhág an baile chun dul sa chath so, ar gan teacht beó ó’n gcath pé
-taobh ar a mbéadh buadh. Tá sé buailte isteach am’ aigne mura mbéadh
-an socarú’ san a bheith déanta roim ré acu, ná déanfaidís an troid
-chómh dian agus dheineadar é. An beagán acu do tháinig ó’n gcath, bhí
-a n-aigne socair ar gan teacht chómh daingean agus bhí ag an muintir a
-thuit sa chath. Ach do tháinig as an socarú’ go raibh an troid chómh
-dian san gur briseadh an cath ar na Lochlanaigh sar ar thuit a thuille
-d’ár ndaoine. Áthas, d’á bhrígh sin, is ceart dúinn a bheith orainn
-indiu agus ní buairt.
-
-“Tá ádhbhar eile áthais againn, a dhaoine. Na fir a thuit sa chath so
-is ar son Creidimh Chríost do thuiteadar. Tá fhios againn go léir, an
-t-é a dh’ fhuilingean bás ar son an Chreidimh go dtugtar aoibhneas na
-bhFlathas dó láithreach. Ní ceart dúinn bheith ag déanamh buartha nuair
-a thuigimíd i n-ár n-aigne go bhfuil aoibhneas na bhFlathas anois, le
-congnamh Dé, ag an muintir a baineadh dínn sa chath so.”
-
-Dhein sé a lán cainte leó ar an gcuma san, níos fearr go mór ’ná mar
-a thagan liom-sa an chaint a chur síos anso. Chuir sé a n-aigne chun
-suaimhnis. Thuigeadar gur cheart bheith sásta le toil Dé.
-
-Le n-a linn sin cé chífidís ag teacht chúcha, an bóthar anoir, ach
-Donchadh, mac Bhriain, agus an méid a bhí beó de’n bhuidhin a tháinig
-leis ó’n longphort i gCill Mhaighneann. Bhí cuid mhaith acu ar
-chrócharaibh, mar ní rabhdar ábalta ar siúbhal, agus bhí an chuid eile
-’ghá n-iompar.
-
-Cuir Colla an cogar tímpal ameasg na ndaoine a bhí ann ’ghá rádh leó
-gan a thuille guil a dhéanamh. Níor bheag san. I n-inead aon ghuil a
-dhéanamh is amhlaidh a cuireadh suas go bríoghmhar gáir mholta agus
-fáilte.
-
-D’inis na fir a tháinig conus mar a chuir Mac Giolla Pádraig an
-ríghneas ortha ar an slígh, agus conus mar a mheas sé cath do chur
-ortha. Bhí fearg mhór ar gach aoinne mar gheall air sin. Do feuchadh
-chun na bhfear ngunta agus do cuireadh gach aon chóir ortha.
-
-Ní raibh Donchadh agus a chualacht abhfad tagaithe nuair a labhair
-Colla airís.
-
-“A ríghthe agus a uaisle agus a dhaoine,” ar seisean, “do thuit Brian
-i gcath Chluain Tairbh. Do thuit Murchadh sa chath, leis. Tá Árdrígh
-againn i n-inead an Árdrígh do thuit. Isé Donchadh mac Briain Árdrígh
-Éirean anois!”
-
-Ansan iseadh do cuireadh suas an liú mhólta i gceart. Do tógadh an liú
-airís agus airís eile.
-
-Ansan do tháinig a raibh de dhaoine ann chun na h-áite ’n-a raibh Bile
-Mór Mágha Adhair agus do h-óirdneadh Donchadh mac Briain i n’ Árdrígh
-ar Éirinn. Dhein Colla an obair i láthair na ndaoine, agus bhí áthas
-agus móráil ar gach aoinne.
-
-Níor ghlac fir Éirean, ’n-a dhiaigh san, ámhthach, Donchadh i n’
-Árdrígh ar Éirinn, ach do glacadh é ’n-a rígh ar an Múmhain.
-
-Nuair a bhí an méid sin déanta bhí gach aoinne sásta. Do sgar na
-daoine agus d’imthigh gach treabhchas abaile chun a ndútha féin.
-Chuaidh Caoilte agus Lonán abhaile go dúthaigh a n-athar. Chuaidh Conn
-óthuaidh go h-Uíbh Fhiachrach Áidhne. Chuaidh Niamh agus Tadhg Óg ua
-Cealla óthuaidh go h-Uíbh Máine. Bhí Conn agus iad féin i n-aonfheacht,
-ámhthach, an tslígh go léir nách mór.
-
-
-
-
-CAIBIDIOL XVIII.
-
-AN GATH GRÉINE CÉADNA.
-
-
-Do ghluais an dá bhuidhin, muintir Uíbh Máine agus muintir Uíbh
-Fhiachrach Áidhne, siar óthuaidh i dtreó a dhá ndúthaigh féin. Bhí i
-n-aonfheacht leis an méid acu a tháinig ó Chill Mhaighneann an méid
-a tháinig ’n-a gcoinnibh go Ceann Cora, i gcás ná raibh aon uaigneas
-ortha. Nuair a thánadar i gcomhngar do’n bhaile do sgaradar ó chéile.
-Ba bheag ná gur eirigh an gol agus “na mílte ologón” airís nuair a
-shroiseadar an t-aos óg agus na seandaoine nár fhéad dul go Ceann Cora.
-Ach do cuireadh cosg leis an mbuairt. Do h-innseadh cad ’dúbhairt Colla
-nuair a bhí sé ag caint leis an bpobal mór thíos ag Ceann Cora. Do
-cuireadh na seandaoine chun suaimhnis.
-
-Chómh luath agus bhí a dtuirse curtha dhíobh ag an muintir a tháinig
-abhaile ó’n gcath, thusnuighdar ar bhualadh um a chéile agus ar bheith
-ag caint agus ag cuimhneamh ar cad a déanfaí feasda. Bhí an saoghal ana
-chiúin, ana shuaimhneasach acu, agus an aimsir ag dul i mbreaghthacht.
-An phráing agus an bhruid agus an fásgadh aigne a bhí ar na daoine
-i gcaitheamh na h-aimsire an fhaid a bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal
-i gcóir an chogaidh, agus an fhaid a bhí na slóighte ag imtheacht ó
-bhaile agus ag cruinniughadh chun an chatha, agus an fhaid do lean
-an sgannradh i dtaobh conus a gheóbhadh an cath, bhíodar go léir
-imthighthe. Bhí gach aon rud ciúin, suaimhneasach, socair.
-
-Do h-óirdneadh Conn ’n-a rígh ar Uíbh Fhiachrach Áidhne, agus do
-h-óirdneadh Tadhg Óg ua Cealla ’n-a rígh ar Uíbh Máine. Bhí raint
-gnótha le déanamh acu araon ar feadh tamail ag socarughadh neithe
-idir chlainn na bhfear a fágadh i gCluain Tairbh. Do deineadh a lán
-cleamhnaisí sa tsocarughadh. Dhein Niamh dhá chleamhnas, cleamhnas do
-Thadhg Óg le drifiúr do Chonn, agus cleamhnas do Chonn le drifiúr di
-féin.
-
-Nuair a bhí an méid sin déanta thug Niamh agus a dritháir cuaird ódheas
-go h-Inis Cathaigh. Bhí áthas mór ar Cholla nuair a chonaic sé iad. Cé
-bhéadh ann rómpa, ar chuaird, ach Caoilte! Ba bheag ná gur baineadh
-radharc a shúl airís de Chaoilte nuair a chonaic sé iad, díreach mar
-a baineadh an chéad lá úd a chonaic sé Niamh. Bhí sé ’n-a rígh an
-uair sin ar Chiarraighe Luachra i n-inead a athar. D’innseadar dó
-conus a bhí gach aon rud socair lastuaidh i n-Uíbh Máine agus i n-Uíbh
-Fhiachrach Áidhne, agus d’inis seisean dóibh gach aon nídh a bhí aige
-le h-innsint i dtaobh a dhútha féin.
-
-“Ba mhaith liom an chailís úd a dh’ fheisgint, a Athair, má ’sé do
-thoil é. Ní fheaca riamh fós í,” arsa Niamh.
-
-Do rug sé isteach sa n-érdam iad agus thaisbeáin sé an chailís dóibh.
-
-Ba bhreagh an radharc le feisgint í. D’ fhéadfadh duine fanmhaint ar
-feadh leath an lae ag feuchaint uirthi agus ní bhéadh a shúile ná a
-aigne cortha dhi. D’á fhaid a bhéadh sé ag feuchaint uirthi is amhlaidh
-ba mhaith leis tamal eile thabhairt ag feuchaint uirthi. Choimeádfadh
-saidhbhreas an óir greim ar a shúilibh. Choimeádfadh uaisleacht agus
-ealadhntacht a h-órnáide greim ar a shúilibh, agus é ’ghá fhiafraighe
-dhé féin conus a dh’ fhéad lámh duine riamh a leithéid d’obair a
-dhéanamh. Choimeádfadh an crios, na clocha loghmhara, greim ar a
-shúilibh, agus iad ag taithneamh agus ag spréacharnaigh, agus eisean
-’ghá fhiafraighe dhé féin cá bhfuaradar an solus! D’á n-éaghmuis sin
-go léir bhí sa riocht ’n-a raibh an chailís sin cúmtha rud éigin a
-choimeádadh greim ar shúilibh an t-é a chíodh í, agus do chuireadh
-áthas isteach i n’ aigne tré n-a shúilibh.
-
-D’fheuch Niamh uirthi, go dlúth agus go daingean, ach níor labhair sí
-aon fhocal amach as a béal. D’fheuch an bheirt eile uirthi go dlúth
-agus go daingean, leis, agus níor stadadar ach ’ghá moladh.
-
-“Ba mhaith liom labhairt leat-sa, a Athair,” arsa Niamh le Colla.
-
-D’imthighdar i leith taoibh.
-
-“A leithéid seo, a Athair,” ar sise. “Tá m’ aigne socair agam le mórán
-aimsire ar mé féin a thabhairt suas do’n tSlánuightheóir i dtigh ban
-riaghalta. Ba mhaith liom do chómhairle dh’fhághail, a Athair, i
-dtaobh an teighlaigh ban riaghalta ionar ceart dom dul, do réir do
-bhreitheamhantais.”
-
-“Ar mhiste dhom a dh’fhiafraighe, a ’nghean ó,” ar seisean, “cad é an
-fhaid aimsire ó shocaruighis an nídh sin at’ aigne ar dtúis?”
-
-“Bhí sé am’ aigne, a Athair, ar feadh abhfad,” ar sise, “sar ar
-dhainginigh sé ann. Ní dóich liom go bhféadfainn a dh’innsint duit
-cruinn, a Athair, cad é an fhaid atá sé daingean, ach tá sé daingean le
-tamal maith.”
-
-Do stad sé ar feadh tamail.
-
-“An dóich leat, a ’nghean ó,” ar seisean, “an bhféadfá a dh’innsint dom
-cad a chuir an nídh sin isteach at’ aigne ar dtúis?”
-
-“Féadfad,” ar sise. “Nuair a thusnuigh an t-ollmhúchán i gcóir an
-chogaidh mhóir seo atá curtha dhínn againn thugas fé ndeara conus mar
-a bhí na fir go léir ’ghá cheapadh agus ’ghá shocarú’ ’n-a n-aigne go
-ndéanfaidís ídhbirt anama ar son na h-Éirean agus ar son an Chreidimh.
-Ní raibh aoinne ba ghéire ’ghá gcur go léir suas chun na h-ídhbirte
-sin a dhéanamh ’ná mise. Ansan do thuigeas am’ aigne, nuair ná raibh
-ar mo chumas an ídhbirt a dhéanamh ar an gcuma ’n-a rabhdar-san ’ghá
-déanamh, gur bh’ é ba lúgha ba ghann dom í dhéanamh ar an gcuma ’n-a
-raibh ar mo chumas í dhéanamh. Dheineas ar an gcuma san í. Ghabhas orm
-féin i láthair Dé ceangal gan céile eile do ghlacadh choídhche ach an
-Slánuightheóir, moladh go deó leis! Siné mo chuid-se de ’n ídhbirt, a
-Athair. Tá an ceangal san orm. Ní fhéadfainn imtheacht ó m’ athair an
-fhaid a bhí sé beó. Ní’l aon rud anois chun mé chosg ar dhul isteach i
-dteighlach ban riaghalta agus an ídhbirt do chur i ngníomh.”
-
-“I dtreó ná béadh aon bhaoghal go ndéanfaí aon dearmhad, a ’nghean ó,”
-arsa Colla, “ba mhaith liom aon cheist amháin eile do chur.”
-
-“Cuir aon cheist is maith leat chúgham, a Athair,” arsa Niamh, “agus
-neósfad an fhírinne dhuit.”
-
-“Nuair a dheinis an ídhbirt sin; nuair a thugais tu féin suas mar sin
-do’n tSlánuightheóir, an dóich leat a’ raibh aon éileamh ag aoinne eile
-ort?”
-
-“Ní raibh, a Athair,” ar sise, “aon éileamh ag aoinne eile, ná ní’l
-anois.” Do stad sí.------“Ach is dócha,” ar sise, “gur ceart dom an
-méid seo a dh’innsint duit. Is cuimhin leat an t-ógánach Lochlanach úd
-a tháinig anso fadó, nuair a bhí mo dhritháir Tadhg anso?”
-
-“Is cuimhin liom é go maith,” arsa Colla.
-
-“Chuaidh sé suas go h-Uíbh Máine i n-aonfheacht le Tadhg. An chéad uair
-a chonac é tháinig ana chion agam air. Tháinig grádh agam dó. Siní
-an fhírinne. Thuigeas am’ aigne go dtáinig an grádh céadna aige-sean
-dómh-sa. Níor labhramair. Ach do tuigeadh an sgéal eadrainn.----Nuair
-a tháinig an sgéal go raibh sé ag glacadh an Chreidimh bhí áthas mór
-orm. Ansan, nuair a tháinig an sgéal go raibh sé chun bheith ’n-a
-shagart, níor bh’fhéidir liom an sgéal a thuisgint i n-aon chor.
-B’é deire mo mhachtnaimh ar an ngnó gur thuigeas am’ aigne go raibh
-ceangailte orm é chur as mo chroídhe ar fad. Do dheineas san.--Ní
-raibh aon bhaint i n-aon chor, a Athair, ag an méid sin sgéil
-leis an gceangal so adeirim leat do ghlacas orm féin i dtaobh an
-tSlánuightheóra.”
-
-“Tá go maith, a ’nghean ó,” arsa Colla. “Déanfad-sa an nídh seo atá
-agat d’á iaraidh orm. Ní mór dhom, ámhthach, beagán aimsire chuige.
-Cuirfead sgéala chúghat óthuaidh chómh luath agus bheidh an áit
-ceapaithe agam agus gach aon rud socair agam.”
-
-Do sgaradar. Bhí Tadhg agus Caoilte imthighthe ar fuid na mainistreach;
-Tadhg ag taisbeáint na mainistreach do Chaoilte, agus Caoilte ag cur
-aithne ar na manachaibh, go mór mór ar an muintir go raibh sean-aithne
-ag Tadhg ortha.
-
- * * * * *
-
-Seachtmhain díreach i ndiaigh an lae sin tháinig Colla féin go
-h-Uíbh Máine. D’imthigh Tadhg agus Niamh agus é féin soir go Cill
-Dara, go teighlach Bhríghde. Bhí áthas nár bh’fhéidir a dh’innsint
-ar Chómharba Bhríghde agus ar an uile dhuine des na mnáibh riaghalta
-nuair a fuaradar go raibh Niamh le fanmhaint acu. D’fhan sí acu, agus
-má ba ghath gréine í fadó, ag teacht i gcuideachtain, i dteighlach a
-h-athar, b’í an gath gréine céadna í ag gluaiseacht ameasg na maighdean
-naomhtha, i dteighlach Bhríghde, go dtí gur lean sí a h-athair.
-
- CRÍOCH.
-
-
-
-
- WORKS BY THE VERY REV. CANON O’LEARY, P.P.
-
-
- Niamh. 357 pages. Best Irish paper. Bound in Irish linen.
- Four shillings and sixpence net. Postage, fivepence.
-
- Séadna. 300 pages. Best Irish paper. Bound in Irish linen,
- with portrait of the author. Three shillings and sixpence
- net. Postage, fourpence.
-
- Séadna. Cheap edition, in paper boards. Two shillings net;
- postage, fourpence.
-
- An Craos-Deamhan. A modern version of an ancient comical
- story. Bound in Irish linen, two shillings net; postage,
- threepence. In boards, one shilling and sixpence net;
- postage, threepence.
-
- Sgothbhualadh. A series of Articles in Irish, reprinted
- from _The Leader_. Sixpence net; by post, sevenpence.
-
- Sgothbhualadh II. A second series of the same. Sixpence
- net; by post, sevenpence.
-
- An Bealach Buidhe. A short play of the time of Red Hugh
- O’Donnell. Fourpence net; by post, fivepence.
-
- An Soísgéal as Leabhar an Aifrinn. The Gospel, translated
- from the Missal. Sixpence net; by post, sevenpence.
-
- An Teagasg Críosdaidhe. The Catechism, as used in the
- Diocese of Cloyne. With a vocabulary. Twopence net; by
- post, threepence.
-
- Aesop a tháinig go h-Éirinn. Æsop’s Fables in Irish (with
- English Translation). Parts III., IV. and V. Each part
- complete, one penny; by post, three halfpence.
-
- Aesop a tháinig go h-Éirinn. School Edition. The five parts
- (Irish only) bound together, with a vocabulary. Sixpence;
- by post, sevenpence.
-
- ENGLISH TRANSLATION only, the five parts bound together,
- threepence net; by post, threepence halfpenny.
-
- Bás Dhalláin; agus Tadhg Saor. Two short plays. One penny;
- by post, three halfpence.
-
- An Sprid. A play in one act. One penny; by post, three
- halfpence.
-
- Mion-chaint. An Easy Irish Phrase Book (with English).
-
- Part I. On the use of is and tá. Threepence net; by post,
- fourpence.
-
- Part II. On the use of verbs. Threepence net; by post,
- fourpence.
-
- Part III. On the use of prepositions. Sixpence net; by
- post, sevenpence.
-
- Eólas ar Áireamh. Arithmetical tables in Irish (with
- English). One penny; by post, three halfpence.
-
- (Sanctioned for use in the National Schools.)
-
- _Works in English._
-
- Irish Prose Composition. A series of articles reprinted
- from _The Leader_. By the Very Rev. Canon O’Leary, P.P.
- Sixpence net; by post, sevenpence.
-
- The Trusty Vehicle of the Faith of the Gael. By the Rev. J.
- M. O’Reilly, Adm. Threepence net; by post, fourpence.
-
- THE IRISH BOOK COMPANY,
- 6 D’OLIER STREET, DUBLIN
-
-
-
-
- IRISH BOOKS FOR CHILDREN AND BEGINNERS.
-
-
- Aibgitir na Gaedhilge. An Irish Picture Alphabet.
- Illustrated by Norma Borthwick. One penny; by post, three
- halfpence.
-
- Ceachta Beaga Gaedhilge. Irish Reading Lessons. Compiled
- by Norma Borthwick. With illustrations by Jack B. Yeats.
- (Prescribed in the Programme for the National Schools.)
-
- Book I. Twopence net; by post, twopence halfpenny.
-
- Book II. Twopence net; by post, twopence halfpenny.
-
- Book III. Threepence net; by post, fourpence.
-
- An Macléighinn. For Conversational Teaching in Irish. By
- Feargus Finnbhéil. Sixpence net; by post, sevenpence.
-
- Staraidheacht. Pieces for recitation in Irish; prose and
- poetry. Sixpence net; by post, sevenpence.
-
- Gleann na Sidheóg. A fairy play for children. By Máire Ní
- Chinnéide. Twopence net; by post, twopence halfpenny.
-
- OTHER WORKS IN IRISH.
-
- Fáith-Sgéal. An Allegory. By Douglas Hyde, LL.D. (With
- English Translation.) One penny; by post, three halfpence.
-
- Seághan an Díomais. Shane the Proud. By Conán Maol. (With
- English Translation.) Twopence net; by post, twopence
- halfpenny.
-
- Mac Fínghín Dubh. A Story. By Conán Maol. With a
- Vocabulary. Sixpence net; by post, sevenpence.
-
- Curadh Glas an Eolais. A Connacht folk story. Edited, with
- vocabulary and notes, by the Rev. J. M. O’Reilly, C.C.
- Threepence net; by post, fourpence.
-
- IRISH SONGS.
-
- Ceól Sídhe. Parts I., II., and III., bound together,
- threepence net; by post, threepence halfpenny. Parts IV.,
- V., and VI., bound together, threepence net; by post,
- threepence halfpenny.
-
- THE IRISH BOOK COMPANY,
- 6 D’OLIER STREET, DUBLIN.
-
-
-
-
-
-End of the Project Gutenberg EBook of Niamh, by Peadar Ua Laoghaire
-
-*** END OF THIS PROJECT GUTENBERG EBOOK NIAMH ***
-
-***** This file should be named 50913-0.txt or 50913-0.zip *****
-This and all associated files of various formats will be found in:
- http://www.gutenberg.org/5/0/9/1/50913/
-
-Produced by David Starner and the Online Distributed
-Proofreading Team at http://www.pgdp.net (This book was
-produced from scanned images of public domain material
-from the Google Books project.)
-
-Updated editions will replace the previous one--the old editions will
-be renamed.
-
-Creating the works from print editions not protected by U.S. copyright
-law means that no one owns a United States copyright in these works,
-so the Foundation (and you!) can copy and distribute it in the United
-States without permission and without paying copyright
-royalties. Special rules, set forth in the General Terms of Use part
-of this license, apply to copying and distributing Project
-Gutenberg-tm electronic works to protect the PROJECT GUTENBERG-tm
-concept and trademark. Project Gutenberg is a registered trademark,
-and may not be used if you charge for the eBooks, unless you receive
-specific permission. If you do not charge anything for copies of this
-eBook, complying with the rules is very easy. You may use this eBook
-for nearly any purpose such as creation of derivative works, reports,
-performances and research. They may be modified and printed and given
-away--you may do practically ANYTHING in the United States with eBooks
-not protected by U.S. copyright law. Redistribution is subject to the
-trademark license, especially commercial redistribution.
-
-START: FULL LICENSE
-
-THE FULL PROJECT GUTENBERG LICENSE
-PLEASE READ THIS BEFORE YOU DISTRIBUTE OR USE THIS WORK
-
-To protect the Project Gutenberg-tm mission of promoting the free
-distribution of electronic works, by using or distributing this work
-(or any other work associated in any way with the phrase "Project
-Gutenberg"), you agree to comply with all the terms of the Full
-Project Gutenberg-tm License available with this file or online at
-www.gutenberg.org/license.
-
-Section 1. General Terms of Use and Redistributing Project
-Gutenberg-tm electronic works
-
-1.A. By reading or using any part of this Project Gutenberg-tm
-electronic work, you indicate that you have read, understand, agree to
-and accept all the terms of this license and intellectual property
-(trademark/copyright) agreement. If you do not agree to abide by all
-the terms of this agreement, you must cease using and return or
-destroy all copies of Project Gutenberg-tm electronic works in your
-possession. If you paid a fee for obtaining a copy of or access to a
-Project Gutenberg-tm electronic work and you do not agree to be bound
-by the terms of this agreement, you may obtain a refund from the
-person or entity to whom you paid the fee as set forth in paragraph
-1.E.8.
-
-1.B. "Project Gutenberg" is a registered trademark. It may only be
-used on or associated in any way with an electronic work by people who
-agree to be bound by the terms of this agreement. There are a few
-things that you can do with most Project Gutenberg-tm electronic works
-even without complying with the full terms of this agreement. See
-paragraph 1.C below. There are a lot of things you can do with Project
-Gutenberg-tm electronic works if you follow the terms of this
-agreement and help preserve free future access to Project Gutenberg-tm
-electronic works. See paragraph 1.E below.
-
-1.C. The Project Gutenberg Literary Archive Foundation ("the
-Foundation" or PGLAF), owns a compilation copyright in the collection
-of Project Gutenberg-tm electronic works. Nearly all the individual
-works in the collection are in the public domain in the United
-States. If an individual work is unprotected by copyright law in the
-United States and you are located in the United States, we do not
-claim a right to prevent you from copying, distributing, performing,
-displaying or creating derivative works based on the work as long as
-all references to Project Gutenberg are removed. Of course, we hope
-that you will support the Project Gutenberg-tm mission of promoting
-free access to electronic works by freely sharing Project Gutenberg-tm
-works in compliance with the terms of this agreement for keeping the
-Project Gutenberg-tm name associated with the work. You can easily
-comply with the terms of this agreement by keeping this work in the
-same format with its attached full Project Gutenberg-tm License when
-you share it without charge with others.
-
-1.D. The copyright laws of the place where you are located also govern
-what you can do with this work. Copyright laws in most countries are
-in a constant state of change. If you are outside the United States,
-check the laws of your country in addition to the terms of this
-agreement before downloading, copying, displaying, performing,
-distributing or creating derivative works based on this work or any
-other Project Gutenberg-tm work. The Foundation makes no
-representations concerning the copyright status of any work in any
-country outside the United States.
-
-1.E. Unless you have removed all references to Project Gutenberg:
-
-1.E.1. The following sentence, with active links to, or other
-immediate access to, the full Project Gutenberg-tm License must appear
-prominently whenever any copy of a Project Gutenberg-tm work (any work
-on which the phrase "Project Gutenberg" appears, or with which the
-phrase "Project Gutenberg" is associated) is accessed, displayed,
-performed, viewed, copied or distributed:
-
- This eBook is for the use of anyone anywhere in the United States and
- most other parts of the world at no cost and with almost no
- restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or re-use it
- under the terms of the Project Gutenberg License included with this
- eBook or online at www.gutenberg.org. If you are not located in the
- United States, you'll have to check the laws of the country where you
- are located before using this ebook.
-
-1.E.2. If an individual Project Gutenberg-tm electronic work is
-derived from texts not protected by U.S. copyright law (does not
-contain a notice indicating that it is posted with permission of the
-copyright holder), the work can be copied and distributed to anyone in
-the United States without paying any fees or charges. If you are
-redistributing or providing access to a work with the phrase "Project
-Gutenberg" associated with or appearing on the work, you must comply
-either with the requirements of paragraphs 1.E.1 through 1.E.7 or
-obtain permission for the use of the work and the Project Gutenberg-tm
-trademark as set forth in paragraphs 1.E.8 or 1.E.9.
-
-1.E.3. If an individual Project Gutenberg-tm electronic work is posted
-with the permission of the copyright holder, your use and distribution
-must comply with both paragraphs 1.E.1 through 1.E.7 and any
-additional terms imposed by the copyright holder. Additional terms
-will be linked to the Project Gutenberg-tm License for all works
-posted with the permission of the copyright holder found at the
-beginning of this work.
-
-1.E.4. Do not unlink or detach or remove the full Project Gutenberg-tm
-License terms from this work, or any files containing a part of this
-work or any other work associated with Project Gutenberg-tm.
-
-1.E.5. Do not copy, display, perform, distribute or redistribute this
-electronic work, or any part of this electronic work, without
-prominently displaying the sentence set forth in paragraph 1.E.1 with
-active links or immediate access to the full terms of the Project
-Gutenberg-tm License.
-
-1.E.6. You may convert to and distribute this work in any binary,
-compressed, marked up, nonproprietary or proprietary form, including
-any word processing or hypertext form. However, if you provide access
-to or distribute copies of a Project Gutenberg-tm work in a format
-other than "Plain Vanilla ASCII" or other format used in the official
-version posted on the official Project Gutenberg-tm web site
-(www.gutenberg.org), you must, at no additional cost, fee or expense
-to the user, provide a copy, a means of exporting a copy, or a means
-of obtaining a copy upon request, of the work in its original "Plain
-Vanilla ASCII" or other form. Any alternate format must include the
-full Project Gutenberg-tm License as specified in paragraph 1.E.1.
-
-1.E.7. Do not charge a fee for access to, viewing, displaying,
-performing, copying or distributing any Project Gutenberg-tm works
-unless you comply with paragraph 1.E.8 or 1.E.9.
-
-1.E.8. You may charge a reasonable fee for copies of or providing
-access to or distributing Project Gutenberg-tm electronic works
-provided that
-
-* You pay a royalty fee of 20% of the gross profits you derive from
- the use of Project Gutenberg-tm works calculated using the method
- you already use to calculate your applicable taxes. The fee is owed
- to the owner of the Project Gutenberg-tm trademark, but he has
- agreed to donate royalties under this paragraph to the Project
- Gutenberg Literary Archive Foundation. Royalty payments must be paid
- within 60 days following each date on which you prepare (or are
- legally required to prepare) your periodic tax returns. Royalty
- payments should be clearly marked as such and sent to the Project
- Gutenberg Literary Archive Foundation at the address specified in
- Section 4, "Information about donations to the Project Gutenberg
- Literary Archive Foundation."
-
-* You provide a full refund of any money paid by a user who notifies
- you in writing (or by e-mail) within 30 days of receipt that s/he
- does not agree to the terms of the full Project Gutenberg-tm
- License. You must require such a user to return or destroy all
- copies of the works possessed in a physical medium and discontinue
- all use of and all access to other copies of Project Gutenberg-tm
- works.
-
-* You provide, in accordance with paragraph 1.F.3, a full refund of
- any money paid for a work or a replacement copy, if a defect in the
- electronic work is discovered and reported to you within 90 days of
- receipt of the work.
-
-* You comply with all other terms of this agreement for free
- distribution of Project Gutenberg-tm works.
-
-1.E.9. If you wish to charge a fee or distribute a Project
-Gutenberg-tm electronic work or group of works on different terms than
-are set forth in this agreement, you must obtain permission in writing
-from both the Project Gutenberg Literary Archive Foundation and The
-Project Gutenberg Trademark LLC, the owner of the Project Gutenberg-tm
-trademark. Contact the Foundation as set forth in Section 3 below.
-
-1.F.
-
-1.F.1. Project Gutenberg volunteers and employees expend considerable
-effort to identify, do copyright research on, transcribe and proofread
-works not protected by U.S. copyright law in creating the Project
-Gutenberg-tm collection. Despite these efforts, Project Gutenberg-tm
-electronic works, and the medium on which they may be stored, may
-contain "Defects," such as, but not limited to, incomplete, inaccurate
-or corrupt data, transcription errors, a copyright or other
-intellectual property infringement, a defective or damaged disk or
-other medium, a computer virus, or computer codes that damage or
-cannot be read by your equipment.
-
-1.F.2. LIMITED WARRANTY, DISCLAIMER OF DAMAGES - Except for the "Right
-of Replacement or Refund" described in paragraph 1.F.3, the Project
-Gutenberg Literary Archive Foundation, the owner of the Project
-Gutenberg-tm trademark, and any other party distributing a Project
-Gutenberg-tm electronic work under this agreement, disclaim all
-liability to you for damages, costs and expenses, including legal
-fees. YOU AGREE THAT YOU HAVE NO REMEDIES FOR NEGLIGENCE, STRICT
-LIABILITY, BREACH OF WARRANTY OR BREACH OF CONTRACT EXCEPT THOSE
-PROVIDED IN PARAGRAPH 1.F.3. YOU AGREE THAT THE FOUNDATION, THE
-TRADEMARK OWNER, AND ANY DISTRIBUTOR UNDER THIS AGREEMENT WILL NOT BE
-LIABLE TO YOU FOR ACTUAL, DIRECT, INDIRECT, CONSEQUENTIAL, PUNITIVE OR
-INCIDENTAL DAMAGES EVEN IF YOU GIVE NOTICE OF THE POSSIBILITY OF SUCH
-DAMAGE.
-
-1.F.3. LIMITED RIGHT OF REPLACEMENT OR REFUND - If you discover a
-defect in this electronic work within 90 days of receiving it, you can
-receive a refund of the money (if any) you paid for it by sending a
-written explanation to the person you received the work from. If you
-received the work on a physical medium, you must return the medium
-with your written explanation. The person or entity that provided you
-with the defective work may elect to provide a replacement copy in
-lieu of a refund. If you received the work electronically, the person
-or entity providing it to you may choose to give you a second
-opportunity to receive the work electronically in lieu of a refund. If
-the second copy is also defective, you may demand a refund in writing
-without further opportunities to fix the problem.
-
-1.F.4. Except for the limited right of replacement or refund set forth
-in paragraph 1.F.3, this work is provided to you 'AS-IS', WITH NO
-OTHER WARRANTIES OF ANY KIND, EXPRESS OR IMPLIED, INCLUDING BUT NOT
-LIMITED TO WARRANTIES OF MERCHANTABILITY OR FITNESS FOR ANY PURPOSE.
-
-1.F.5. Some states do not allow disclaimers of certain implied
-warranties or the exclusion or limitation of certain types of
-damages. If any disclaimer or limitation set forth in this agreement
-violates the law of the state applicable to this agreement, the
-agreement shall be interpreted to make the maximum disclaimer or
-limitation permitted by the applicable state law. The invalidity or
-unenforceability of any provision of this agreement shall not void the
-remaining provisions.
-
-1.F.6. INDEMNITY - You agree to indemnify and hold the Foundation, the
-trademark owner, any agent or employee of the Foundation, anyone
-providing copies of Project Gutenberg-tm electronic works in
-accordance with this agreement, and any volunteers associated with the
-production, promotion and distribution of Project Gutenberg-tm
-electronic works, harmless from all liability, costs and expenses,
-including legal fees, that arise directly or indirectly from any of
-the following which you do or cause to occur: (a) distribution of this
-or any Project Gutenberg-tm work, (b) alteration, modification, or
-additions or deletions to any Project Gutenberg-tm work, and (c) any
-Defect you cause.
-
-Section 2. Information about the Mission of Project Gutenberg-tm
-
-Project Gutenberg-tm is synonymous with the free distribution of
-electronic works in formats readable by the widest variety of
-computers including obsolete, old, middle-aged and new computers. It
-exists because of the efforts of hundreds of volunteers and donations
-from people in all walks of life.
-
-Volunteers and financial support to provide volunteers with the
-assistance they need are critical to reaching Project Gutenberg-tm's
-goals and ensuring that the Project Gutenberg-tm collection will
-remain freely available for generations to come. In 2001, the Project
-Gutenberg Literary Archive Foundation was created to provide a secure
-and permanent future for Project Gutenberg-tm and future
-generations. To learn more about the Project Gutenberg Literary
-Archive Foundation and how your efforts and donations can help, see
-Sections 3 and 4 and the Foundation information page at
-www.gutenberg.org
-
-
-
-Section 3. Information about the Project Gutenberg Literary Archive Foundation
-
-The Project Gutenberg Literary Archive Foundation is a non profit
-501(c)(3) educational corporation organized under the laws of the
-state of Mississippi and granted tax exempt status by the Internal
-Revenue Service. The Foundation's EIN or federal tax identification
-number is 64-6221541. Contributions to the Project Gutenberg Literary
-Archive Foundation are tax deductible to the full extent permitted by
-U.S. federal laws and your state's laws.
-
-The Foundation's principal office is in Fairbanks, Alaska, with the
-mailing address: PO Box 750175, Fairbanks, AK 99775, but its
-volunteers and employees are scattered throughout numerous
-locations. Its business office is located at 809 North 1500 West, Salt
-Lake City, UT 84116, (801) 596-1887. Email contact links and up to
-date contact information can be found at the Foundation's web site and
-official page at www.gutenberg.org/contact
-
-For additional contact information:
-
- Dr. Gregory B. Newby
- Chief Executive and Director
- gbnewby@pglaf.org
-
-Section 4. Information about Donations to the Project Gutenberg
-Literary Archive Foundation
-
-Project Gutenberg-tm depends upon and cannot survive without wide
-spread public support and donations to carry out its mission of
-increasing the number of public domain and licensed works that can be
-freely distributed in machine readable form accessible by the widest
-array of equipment including outdated equipment. Many small donations
-($1 to $5,000) are particularly important to maintaining tax exempt
-status with the IRS.
-
-The Foundation is committed to complying with the laws regulating
-charities and charitable donations in all 50 states of the United
-States. Compliance requirements are not uniform and it takes a
-considerable effort, much paperwork and many fees to meet and keep up
-with these requirements. We do not solicit donations in locations
-where we have not received written confirmation of compliance. To SEND
-DONATIONS or determine the status of compliance for any particular
-state visit www.gutenberg.org/donate
-
-While we cannot and do not solicit contributions from states where we
-have not met the solicitation requirements, we know of no prohibition
-against accepting unsolicited donations from donors in such states who
-approach us with offers to donate.
-
-International donations are gratefully accepted, but we cannot make
-any statements concerning tax treatment of donations received from
-outside the United States. U.S. laws alone swamp our small staff.
-
-Please check the Project Gutenberg Web pages for current donation
-methods and addresses. Donations are accepted in a number of other
-ways including checks, online payments and credit card donations. To
-donate, please visit: www.gutenberg.org/donate
-
-Section 5. General Information About Project Gutenberg-tm electronic works.
-
-Professor Michael S. Hart was the originator of the Project
-Gutenberg-tm concept of a library of electronic works that could be
-freely shared with anyone. For forty years, he produced and
-distributed Project Gutenberg-tm eBooks with only a loose network of
-volunteer support.
-
-Project Gutenberg-tm eBooks are often created from several printed
-editions, all of which are confirmed as not protected by copyright in
-the U.S. unless a copyright notice is included. Thus, we do not
-necessarily keep eBooks in compliance with any particular paper
-edition.
-
-Most people start at our Web site which has the main PG search
-facility: www.gutenberg.org
-
-This Web site includes information about Project Gutenberg-tm,
-including how to make donations to the Project Gutenberg Literary
-Archive Foundation, how to help produce our new eBooks, and how to
-subscribe to our email newsletter to hear about new eBooks.
-