diff options
| author | Roger Frank <rfrank@pglaf.org> | 2025-10-15 04:48:11 -0700 |
|---|---|---|
| committer | Roger Frank <rfrank@pglaf.org> | 2025-10-15 04:48:11 -0700 |
| commit | 541f03495f856099f29b46c545f49567d12d6333 (patch) | |
| tree | 638bd00e92dad771e85a940c291e47c4909116a0 /16122-h | |
Diffstat (limited to '16122-h')
| -rw-r--r-- | 16122-h/16122-h.htm | 2053 | ||||
| -rw-r--r-- | 16122-h/images/image01.png | bin | 0 -> 15374 bytes | |||
| -rw-r--r-- | 16122-h/images/image02.png | bin | 0 -> 11496 bytes |
3 files changed, 2053 insertions, 0 deletions
diff --git a/16122-h/16122-h.htm b/16122-h/16122-h.htm new file mode 100644 index 0000000..ee96438 --- /dev/null +++ b/16122-h/16122-h.htm @@ -0,0 +1,2053 @@ +<!DOCTYPE HTML PUBLIC "-//W3C//DTD HTML 4.01 Transitional//EN"> +<html> + <head> + <meta http-equiv="Content-Type" content= + "text/html; charset=iso-8859-1"> + <title> + The Project Gutenberg eBook of Leabhráin an Irisleabhair.--III, by Various. + </title> + <style type="text/css"> +/*<![CDATA[ XML blockout */ +<!-- + P { margin-top: .75em; + text-align: justify; + margin-bottom: .75em; + } + H1,H2,H3,H4,H5,H6 { + text-align: center; /* all headings centered */ + } + HR { width: 33%; + margin-top: 1em; + margin-bottom: 1em; + } + BODY{margin-left: 10%; + margin-right: 10%; + } + .linenum {position: absolute; top: auto; left: 4%;} /* poetry number */ + .note {margin-left: 2em; margin-right: 2em; margin-bottom: 1em;} /* footnote */ + .blkquot {margin-left: 4em; margin-right: 4em;} /* block indent */ + .pagenum {position: absolute; left: 92%; font-size: smaller; text-align: right;} /* page numbers */ + .sidenote {width: 20%; margin-bottom: 1em; margin-top: 1em; padding-left: 1em; font-size: smaller; float: right; clear: right;} + + .poem {margin-left:10%; margin-right:10%; text-align: left;} + .poem br {display: none;} + .poem .stanza {margin: 1em 0em 1em 0em;} + .poem span {display: block; margin: 0; padding-left: 3em; text-indent: -3em;} + .poem span.i2 {display: block; margin-left: 2em;} + .poem span.i4 {display: block; margin-left: 4em;} + .ctr { text-align: center; } + .ctr img { margin-left: auto; margin-right: auto; } + // --> + /* XML end ]]>*/ + </style> + </head> +<body> + + +<pre> + +The Project Gutenberg EBook of Leabhráin an Irisleabhair--III +by "Chonán Maol", "Beirt Fhear", An tAthair Pádraig Ó Duinnín, agus "Gruagach an Tobair" + +This eBook is for the use of anyone anywhere at no cost and with +almost no restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or +re-use it under the terms of the Project Gutenberg License included +with this eBook or online at www.gutenberg.org + + +Title: Leabhráin an Irisleabhair--III + Seanaid na nGaedheal + +Author: "Chonán Maol", "Beirt Fhear", An tAthair Pádraig Ó Duinnín, agus "Gruagach an Tobair" + +Release Date: June 23, 2005 [EBook #16122] + +Language: Irish + +Character set encoding: ISO-8859-1 + +*** START OF THIS PROJECT GUTENBERG EBOOK LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR--III *** + + + + +Produced by Brendan O'Connor and the Online Distributed +Proofreading Team at https://www.pgdp.net + + + + + + +</pre> + + + +<p>[Transcribers note: There are two versions of the booklet in this +image. The first uses the dotted consonants, the latter a <a +href="#TransLit">transliteration</a> using 'h' to indicate +lenition. To see this text in its original form a Celtic font is +needed.]</p> + +<hr style="width: 100%;" /> + +<h1>LEAḂRÁIN AN IRISLEAḂAIR.—III.</h1> +<br /> + +<div class="ctr"> + <img src="images/image01.png" alt="Seanaid na nGaedheal" title="Seanaid na nGaedheal" /> +</div> + + +<h2>SCOIL ĠAEḊEALAĊ.</h2> + +<h3>Aistí ó<br /> +"ĊONÁN MAOL," "BEIRT ḞEAR," +"AN tAṪAIR PÁDRAIG Ó DUINNÍN," +Agus "GRUAGAĊ AN TOBAIR."</h3> + +<div class="ctr"> + <img src="images/image02.png" alt="Chonnradh na Gaedhilge" title="Chonnradh na Gaedhilge" /> +</div> + + +<h3>Ar n-a ċur amaċ<br /> +do<br /> +ĊONNRAḊ NA GAEḊILGE,<br /> +Baile Áṫa Cliaṫ.<br /> +1903.</h3> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="CLAR_AN_LEABHRAIN_SEO"></a><h2>CLÁR AN LEAḂRÁIN SEO.</h2> + + + <a href="#I_SCOIL_GHAEDHEALACH"><b>I. Scoil Ġaeḋealaċ, ó "Ċonán Maol."</b></a><br /> + <a href="#II_SGOIL_GAEDHEALACH"><b>II. Scoil Ġaeḋealaċ, ó "Ḃeirt Ḟear."</b></a><br /> + <a href="#III_SCOIL_GHAEDHEALACH"><b>III. Scoil Ġaeḋealaċ, ó'n Aṫair Pádraig Ó Duinnín.</b></a><br /> + <a href="#IV_CUIRTEAR_CORC_SA_BHAIRILE_FEASTA_A_UAISLE"><b>IV. Cuirtear Corc sa Ḃairile feasta, a Uaisle, ó "Ġruagaċ an Tobair."</b></a><br /> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="REAMHRADH"></a><h2>RÉAṀRÁḊ.</h2> +<br /> + +<p>Ṫáinig na haistí leanas annso amaċ i nIRISLEAḂAR +na GAEḊILGE, agus táimíd dá gcur i +gcló arís le súil go ndéanfaid tuilleaḋ maiṫeasa, +agus go gcaḃróġaid ċum brostuġaḋ ar an lá go +mbeiḋ scoileanna agus oideaċas na hÉireann go +fíor-Ġaeḋealaċ.</p> + +<p>Is é an rud atá 'gár lot agus gar gcoimeád siar +aċt ná fuilimíd ag déanaṁ úsáid dár dteangaiḋ +féin ċum gaċ éan-tsaġas gnóṫa do ċur i gcríċ. +Laḃraimís Gaeḋilg leis na leanḃaí scoile, múinimís +ealaḋna is eile dóiḃ tríd an nGaeḋilg, is annsoin +is gairid an ṁoill go mbeiḋ Éire Gaeḋealaċ amuiġ +'s amaċ.</p> + +<p>FEAR AN IRISLEAḂAIR.</p> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="I_SCOIL_GHAEDHEALACH"></a><h2>I. SCOIL ĠAEḊEALAĊ.</h2> +<br /> + +<p>Sula dtosnuiġṫear tiġ, léiriġṫear an +talaṁ, baintear an fód, róṁarṫar go +ḃfaiġtear bun daingean dlúṫ ⁊ cuirtear +an ċloċ-ċúinne annsoin. Támuid-ne ag +léiriuġaḋ na talṁan. Is gnó tairḃeaċ é +⁊ gnó trom. Támuid ag árduġaḋ tiġṫe +leis aċt i n-ionad a gcloċa cúinne do +ḋingeaḋ síos mar a ḃfuil an ċré ġlas +ċruaiḋ is eaḋ is baoġlaċ go ḃfuilmíd 'gá +gcur ar ṫalaṁ ḃog do ċriṫeann fá n-ár +gcosaiḃ.</p> + +<p>Tá bun is na ceanntraiḃ Gaeḋealaċa +agus má ṡuiḋtear tiġ air sin ní réabfaḋ +gaoṫ ġuairneáin na nIndiaṫa Ṫoir na +tiġ sin.</p> + +<p>Measaim gur ḃ'iascaire d'árduiġ an +ċéad tiġ i mBaile-Áṫa-Cliaṫ i ḃfad ins +na ciantaiḃ. Ní raiḃ aige ċuige aċt +cleaṫaċa aḋmaid ċum fallaí, ⁊ scraṫ an +tailṁ ċum dín a ṫiġe, aċt as an gcéad +ṫosuġaḋ soin d'ḟás Sráid Uí Ċonaill mar +a gcuireann Connraḋ na Gaeḋilge fúṫa +indiu.</p> + +<p>Cuirimís-ne leis tiġ ar bun—scoil +Ġaeḋealaċ, i gceanntar Ġaeḋealaċ—is +cuma cá mbeiḋ sí suiḋte, ṫiar, ṫuaiḋ nó +ṫeas, aċt go mbeiḋ an áit Gaeḋealaċ. +Caidé an cuma is fearr ċum a déanta? +Is eól d'ár dtimṫirí an áit is oireaṁnaiġe +le n-a leiṫéid do ċur ar bun aċt dála na +cuma is fearr ċum an ġnóṫa do ċur ċum +cinn ḃeinn buiḋeaċ do ċáċ a ċoṁairle +ṫaḃairt dúinn.</p> + +<p>Dar liom-sa tá an scoil curṫa suas +ċeana agus ní ḟuil againn aċt a cruṫ +d'aṫarruġaḋ. 'Sí an scoil Ḃéarlaċ úd í +do ṫóg an sagart paróiste le caḃair an +Ḃuird Oideaċais. Tá sé riaċtanaċ orainn +ar dtúis cead an tsagairt agus cead +tuismiḋe na leanḃ d'ḟaġáil agus an scoil +do ċeannaċ ó'n mBord. Díolfaiḋ an +bord í go mear má ḃeiḋ ḟios aca go +ḃfuilmíd dáiríriḃ agus go ḃfágfamuis a +scoil 'n-a foṫaraċ folaṁ aca ċum scáṫa +ṫaḃairt d'uanaiḃ lá fearṫainne. Muna +ḃfuil sí oireaṁnaċ d'ár ngnó ḋéanfainn +ceann nuaḋ. "Cad do ḋéanfar leis an +máiġistir mboċt atá annsúd?" adéarfaiḋ +duine éigin. An méid seo go +deiṁin. Má tá fios a ġnóṫa aige, sé sin +má tá sé 'n-a ċumas Gaeḋilg is léiġeann +maiṫ do ṁúineaḋ do'n aos óg, tógfar é +ó smaċt an Ḃuird Oideaċais, taḃarfar +tuarastal níos fearr dó ná tá aige agus +coinġill freisin go ḃfuiġiḋ sé an tuarastal +soin ar feaḋ a ḃeaṫaḋ aċt a ġnó do +ḋéanaṁ go maiṫ ⁊ aire ṫaḃairt dó féin.</p> + +<p>Déarfainn gur ḃ'ḟiú fear maiṫ tuarastal +200 púnt 'sa mbliaḋain, do ṁúinfeaḋ an +leanḃ ó ṫosaċ i nGaeḋilg, ⁊ do ḋéanfaḋ +clár oibre mar leanas:—</p> + +<p>GARSÚIN IS GEARRĊAILLÍ I n-ÉINḞEAĊT AMUIĠ +IS AMAĊ LE SÉ BLIAḊNA D'AOIS,</p> + +<p>An ċéad ḃliaḋain:</p> + +<div class="blkquot"><p>Gaeḋilg aṁáin is Teagasc Crióstuiḋe.</p></div> + +<p>An dara bliaḋain, ⁊ as soin go dtí an +t-aonṁaḋ bliaḋain déag:</p> + +<div class="blkquot"><p>Gaeḋilg, Stair, Teagasc Críostuiḋe, Áireaṁ, +léar-eólas, Béarla—gaċ níḋ múinte ṫre +Ġaeḋilg.</p></div> + +<p>An t-aonṁaḋ bliaḋain déag:</p> + +<div class="blkquot"><p>Ealaḋna eile, Tóṁas Cruinne, ⁊ Úclid.</p></div> + +<p>Ó'n t-aonṁaḋ bliaḋain déag suas:</p> + +<div class="blkquot"><p>Caiṫfear bean-ṁúinte do ṡoláṫar do na +cailíníḃ i dteannta an ṁáiġistir, do ṁúinfiḋ +Fuaġáil, Cniotáil, Niġeaċán, Cócaireaċt is gaċ +níḋ do ḃaineann le tiġ, is le héanlaiṫe.</p></div> + +<p>Ba ċóir go ḃfuiġṫiḋe a leiṫéid sin de +ṁúinteóir ar ċéad go leiṫ 'sa mbliaḋain +⁊ ar an oiread céadna fear do ṁúinfeaḋ +míniuġaḋ talṁan do na buaċaillíḃ.</p> + +<div class="blkquot"><p>Caiṫfear trí acra do ċeannaċ cois na scoile +i gcóir gaċ saġas míniuġaḋ talṁan do ṁúineaḋ +ḋóiḃ ní aṁáin as leaḃraiḃ aċt as obair láṁ. +Is leis na haosánaiġ toraḋ na talṁan soin ⁊ +cuirfear i dtaisce ḋóiḃ a luaċ, mar díolfar ar +an margaḋ na barraí.</p></div> + +<p>Is é míniuġaḋ talṁan an t-eólas is +oireaṁnaiġe d'ár ndaoiniḃ indiu. Níor +múineaḋ fós dóiḃ é, agus tá a rian air, +támuid creaċta ag tíorṫaiḃ deórata +toisc naċ ḃfuil an t-eólas cruinn againn +le soċar do ḃaint as an dtalaṁ. Deir +fir eólaċa go mbainfiḋe a ċúig n-oiread +soċair as an dtalaṁ so againn is baintear +as indiu. Dá mbainfiḋe féin ba +ḃeag an ḃriġ ḋúinn-ne é mar ḃeaḋ sé go +dtí seo ag an bpéist sin an máiġistir +talṁan. Tá breacaḋ an lae ċuġainn áṁ, +agus is miṫid d'ḟeirmeóiríḃ na hÉireann +iad féin do ġléasaḋ. Tá daoine eile +lasmuiġ ag déanaṁ airgid as a gcuid +talṁan agus ár dtír-ne ag dul ċum +fiaḋantais.</p> + +<p>Ṫall i nAlbain an t-am so de ḃliaḋain +is gnáṫaċ le feirmeóirí na sciolṫáin do +ċur i mboscaíḃ istiġ i dtiġṫiḃ agus iṫir is +aoileaċ do ċur leó go séideann na bog-ġais +ṫre ṡúiliḃ na sciolṫán soin. 'Sa ṁí +seo ċuġainn sáiṫfear na sciolṫáin sin i +dtalaṁ is beiḋ prátaí nua san Abrán atá +ċuġainn aca súd. Ċonnac fiċe púnt dá +ṫaḃairt ar ṫonna prátaí nua roiṁ Ḃealtaine +i gcaṫair Lúnduin. Ní áiteóṁaḋ +an saoġal orm 'ná go ḃfuil sé i gcumas +feirmeóirí na hÉireann an rud céadna do +ḋéanaṁ. Ṫáid siad ċoṁ gasta is ċoṁ +críoċnaṁail leó súd ṫall, aċt aṁáin naċ +ḃfuil eólas míniġṫe talṁan aca. Ní +féidir leó dá réir sin ḋá ḃarra prátaí do +ḃaint as an dtalaṁ i n-éin-ḃliaḋain aṁáin +⁊ an leasuġaḋ ceart do ċur ar n-ais ann +gcás ná raġaḋ an talaṁ soin i ndísc.</p> + +<p>"An as scoilín Gaeḋealaċ do ṁeasann +tú an t-eólas soin do ṁúineaḋ do na +feirmeóiríḃ?" adéarfaiḋ duine éigin, is é +ag leaṁ-ġáiriḋe. Go réiḋ, a ḋalta. Ni +ḟuil síol-ċnó na daire ċóṁ mór le +méaracán, aċt féaċ ar ḃile na coille +d'ḟásann uaiḋ, a ċeann go hárd, a ṗréaṁa +go doiṁin, a ċaḃail ṫoirteaṁail, a ġéaga +reaṁra, riġne. D'ḟás an crann uaiḃreaċ +soin as beagán, ní raiḃ deaḃaḋ 'ná deiṫneas +air, aċt níor staon sé riaṁ gur ḟás +sé. Féaċ go cruinn air, is maċtnuiġ!</p> + +<p>D'éis an ċéad scoil Ġaeḋealaċ do ċur +ar bun ⁊ taiṫiġe ḃeiṫ againn ar an ngnó, +is féidir linn scoileanna eile d'ḟaġáil +mar a múinfear gaċ uile ċéird do ṫeastóċaiḋ +uainn i nÉirinn, mar atá leasuġaḋ +leaṫair, gréasuiḋeaċt, fiġeadóireaċt, +táilliúireaċt, siúinéireaċt, ⁊ cearda eile. +Cuirfear árdscoil ar bun i mBaile Áṫa +Cliaṫ, nó gCorcaiġ, nó i nGailliṁ, le +haġaiḋ gaċ ealaḋa ṫairḃeaċ do ṁúineaḋ +as Gaeḋilg do'n aos óg do ṫoġfar as na +scolaiḃ Gaeḋealaċa. Ċuir ár sinsir +scoileanna na Teaṁraċ is Ċluana, Ḃeannċoir +is Árdmaċa ar bun, ⁊ leaṫ a gcáil ar +fuid an tsaoġail. Tá an ḟuil ċéadna +ionnainne. Misneaċ, a ċlann ó! Is linn-ne +tír ġeal-innseaċ na hÉireann, ⁊ is +gearr go mbeiḋ sí againn le congnaṁ Dé.</p> + +<hr style='width: 45%;' /> + +<div class="blkquot"><p>Mar a gcuireann C. na G. fúṫa, <i>where the G.L. +put up (reside)</i>. Tuismiḋe, <i>parents</i>. Áireaṁ, <i>Arithmetic</i>. +Léar-eólas, <i>Geography</i>. Tóṁas Cruinne, +<i>Geometry</i>. Míniuġaḋ talṁan, <i>Agriculture</i>. Aosánaiġ, +<i>youngsters</i>. Tíorṫa deórata, <i>foreign countries</i>. +Sciolṫáin, <i>"cut" potatoes for seed</i>. Iṫir, <i>earth-mould</i>. +Ní áiteoṁaḋ ⁊rl. <i>The world would not +persuade me</i>. Críoċnaṁail, <i>industrious</i>. Síol-ċnó +na daire (no daraċ), <i>the seed nut of the oak, acorn</i>.</p> + +<p>CONÁN MAOL.</p></div> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="II_SGOIL_GAEDHEALACH"></a><h2>II. SGOIL GAEḊEALAĊ.</h2> +<br /> + +<p>Tá an ceart ar fad ag Conán Maol. +Teastuiġeann sgoil Ġaeḋealaċ uainn. +Ní múineaḋ atá againn i nÉirinn anois +aċt creaċaḋ, ⁊ tá a rian orainn. Tá an +donas a' teaċt ar ár dtír. Ní'l againn +aċt bliaḋain níos measa 'ná a ċéile. Tá +muinntir na tuaiṫe a' scaipeaḋ agus a' +meaṫaḋ, ⁊ tá na sráid-ḃáiltí beaga ag +dul i n-olcas gan aonaċ gan margaḋ +foġanta.</p> + +<p>Féaċaimís ar an dtalaṁ agus ar ċuradóireaċt +na tíre. Tá an ċuid is mó de'n +talaṁ leaṫ-ḃáiṫte le huisge, ⁊ ní haṁáin +an talaṁ ísiol aċt leicne árda. Is orṫa +tá na barraí breaġṫa luaċra a' fás ⁊ gan +duine ná daoine a róṁarfaḋ díog ċun +iad a ṫiormuġaḋ. Féaċ feirmeóirí na +hÉireann a' díol a gcod' coirce ar ḋá +ṫeistiún an ċloċ ⁊ a' taḃairt sgillne ar +<i>Castalia</i> nó ar rud éicint eile go ḃfuil +ainm ṁór air.</p> + +<p>Féaċ ár dtír agus í maol ó ċrannaiḃ. +Nuair do b'ḟéidir leis na huaisliḃ crainn +a ċur níor ċuireadar iad. Dá gcuirfidís +ní ḃeidís anois mar ḃeaḋ bacaiġ a dúṫaiġ +ag iarraiḋ déarca ar Ḃuindeam. Ḃeaḋ +airgead i n-a bpócaíḃ aca ⁊ ḃeaḋ obair +ag luċt oibre atá anois a' teiṫeaḋ as +Éirinn. Agus cad is cionntaċ leis seo? +An saġas taḃairt suas a fuaireadar. +Níor ċeap éinne go mba ċeart d'uaisliḃ +na hÉireann eólas do ḃeiṫ aca ar ṫalaṁ +na hÉireann. 'Seaḋ! tá toraḋ a ndeaġ-oibreaċa +aca anois, ⁊ is baoġlaċ liom-sa +naċ ag dul i ḃfeaḃas a ḃeiḋ an sgéal aca +feasta.</p> + +<p>Aċt cad deir an feirmeóir? Ceapann +seisean ná fuil éan-ṁaiṫeas i gcrainn aċt +iad do ġearraḋ ⁊ a ḋóġaḋ. "Ní'l siad +aċt a' suġaḋ briġe an tailiṁ." Ní baoġal +dó-san crann a ċur. Gearrann sé an +crann mar ġeall ar a ḃeiṫ 'sa' tsliġe air, +aċt bíonn na mílte feóċadán ⁊ geósadán +a' fás i n-a ṗáirc aige.</p> + +<p>Nuair a ḃí sé seo 'n-a ġarsún a' dul ar +sgoil fuair sé árd-ṁúineaḋ. Ḃí ḟios aige +cia'ca an cnoc is aoirde 'sa' doṁan. Do +'neósfaḋ sé ḋuit an méid uisge ġaḃ le +fánaiḋ le bliaḋain i n-aḃainn ṁóir íoċtair +Aimeirice, ⁊ ḃí cúnntas cruinn aige ar +aṫair agus ar ṁaṫair ríoġ ḃí 'sa' Róiṁ na +mílte bliaḋan ó ṡoin. Baḋ ḋóiġ le duine +gur aḋḃar captaín a ḃí 'sa' ġarsún agus +an saġas foġluim a fuair sé ar sgoil. +Nár ċóir go mbeaḋ an ḃeag nó an ṁór +d'eólas le faġáil aige ar an tsliġe +ḃeaṫaḋ ḃí i ndán dó. Aċt ní mar sin a ḃí. +Ċonnaic sé na crainn a' fás; ċonnaic sé +an duilleaḃar a' séideaḋ ins an Earraċ ⁊ +a' tuitim 'sa' ḃFoġṁar; aċt níor ċuir +éinne 'n-a ċeann ná raiḃ ó'n gcrann úd +ar ṫaoḃ an ḃóṫair aċt greim ḟaġáilt ar +an dtalaṁ ⁊ go mbeaṫóċaḋ an t-aer é.</p> + +<p>Is cuiṁin liom-sa sean-daoine nár ċaiṫ +lá riaṁ ar sgoil, ⁊ geallaim ⁊ deiṁinġim +gur mó an t-eólas a bí aca ar ċuradóireaċt +⁊ ar niḋṫiḃ a ḃaineann le saoṫruġaḋ +na talṁan 'ná ḃíonn anois aca so a ċaiṫeann +na bliaḋanta ar sgoil.</p> + +<p>Ní héin-iongnaḋ an sgéal a ḃeiṫ mar +seo ag ógánaiġ na haimsire seo. Tagann +mórán d'ár gcuid eólais ċuġainn ó ḋúṫċas. +Pé eólas a ḃí ag ár seaċt-sinsearaiḃ +is i nGaeḋilg do b'ḟéidir leó é ċur i +n-uṁail dá gclainn; aċt ní raiḃ éin-ṁesa +aca-san ar Ġaeḋilg. Ċaiṫeadar uaṫa í, ⁊ +i n-a ṫeannta sgaradar le heólas na +sean-daoine a ṫáinig rómpa. B'ḟéidir go +raiḃ beagán d'eólas a ṡinsear ag an +bpáisde ar ḋul ar sgoil dó ar dtúis. Aċt, +má ḃí, níor b'ḟada gur stracaḋ as na +préaṁaċaiḃ an t-eólas so, ⁊ má ḟágaḋ +éan-ċuid de gan stracaḋ, do múċaḋ é le +carta an Ḃéarla sara raiḃ an leanḃ leaṫ-ḃliaḋain +ar sgoil. Ṫug na múinteóirí +iarraċt ar síol an Ḃéarla a ċur. Ní raiḃ +an iṫir ró-oireaṁnaċ, ⁊ ba ṁinic an síol +go holc, ⁊ ba ṁeasa é an leasuġaḋ, ⁊ b'é +deireaḋ an sgéil é gur ḟág an sgoláire +an sgoil ⁊ é gan Ḃéarla gan Ġaeḋilg.</p> + +<p>Ḃfuil leiġeas le faġáil ar an aicíd +seo? Tá, gan aṁras. Tá an leiġeas ag +an ndorus againn. Tá an leiġeas i +dteangain ár sinsear. Molaḋ le Dia! tá +an leiġeas ag oibriuġaḋ anois. Tá síol +curṫa i n-iṫir ṁaiṫ. Ba ṁaiṫ linn-ne dá +ḃfeicimís an geaṁar a' teaċt suas níos +treise ⁊ níos tiuġa 'ná atá sé. Aċt bíoḋ +foiḋne againn. "Tagann gaċ maiṫ le +cáirde," ⁊ "I ndiaiḋ 'ċéile ḋéantar na +caisleáin." Beiḋ barra maiṫ againn fós, +le congnaṁ Dé.</p> + +<p>Ní doig liom féin gur ṫáinig an t-am +fós ċun Sgoil Ġaeḋealaċ "Ċonáin +Ṁaoil" a ċur ar bun.</p> + +<p>'Sé is ceart dúinn úsáid a ḋéanaṁ des +na sgoileanna atá againn. Má is maiṫ +leis na stiúrṫóirí é, is féidir leó Sgoil +Ġaeḋealaċ a ḋéanaṁ d'éan-sgoil atá +fúṫa. Anois ní fuláir nó tá sagart le +faġáil i Gceanntar Ġaeḋealaċ a ċuirfeaḋ +Sgoil Ġaeḋealaċ ar bun. Agus muna +ḃfuil a leiṫéid seo le faġáil, cuirimís +sgoil oiḋċe suas. Tá airgead le faġáil +ó'n Riaġaltaċas ar an obair seo. Is féidir +linn-ne greim ḟaġáil ar ċuid de ċun na +Gaeḋilge a ṁúineaḋ ⁊ ní dóiġ liom-sa go +ḃfuil aon scairt 'sa' ḃearnain le cosg a +ċur orainn.</p> + +<div class="poem"><div class="stanza"> +<span>"An té ná bíonn láidir<br /></span> +<span>Ní fuláir do ḃeiṫ glic."<br /></span> +</div></div> + +<p>Ní'lmid-ne láidir fós, ⁊ nuair ná fuilmid, +'sé is fearra ḋúinn a ḋéanaṁ 'ná +greim a ḃreiṫ ar gaċ buntáiste ⁊ úsáid a +ḋéanaṁ díoḃ ar son na Gaeḋilge.</p> + +<p>"Glac a ḃfaiġir ⁊ díol a ḃféadfair."</p> + +<p>BEIRT ḞEAR.</p> + +<h3>Gluais.</h3> + +<p>Creaċaḋ, <i>spoiling</i>. A' scaipeaḋ ⁊ a' meaṫaḋ +<i>scattering and decaying</i>. Sráid-ḃailtí, <i>villages</i>. +Leicne árda, <i>high hill-sides</i>. Ḋá ṫuistiún an ċloċ, +<i>eightpence a stone</i>. Maol ó ċrannaiḃ, <i>bare of trees</i>. +Crainn a ċur, <i>to plant trees</i>. Ag iarraiḋ déarca, +<i>seeking alms</i>. Cad is cionntaċ, <i>what is to blame for +this</i>. Taḃairt suas, <i>up-bringing, education</i>. Ní +baoġal dó-san crann ċur, <i>no fear of his planting +trees</i>. Cia'ca an cnoc is aoirde, <i>which is the +highest mountain</i>. Ġaḃ le fánaiḋ, <i>went down</i>. An +ḃeag nó an ṁór d'eólas, <i>some little or much knowledge</i>. +Curadóireaċt, <i>agriculture</i>. Is i nGaeḋilg +do b'éidir leó, <i>in Irish they were able to make it +known to their children</i>. Stracaḋ as na préaṁaċa, +<i>torn out of the roots</i>. An iṫir, <i>the soil</i>. Geaṁar, +<i>young grass</i>. Scairt sa ḃearnain, <i>a bush in the +gap</i>.</p> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="III_SCOIL_GHAEDHEALACH"></a><h2>III. SCOIL ĠAEḊEALAĊ.</h2> +<br /> + +<p>Is beag an ṁaiṫeas dúinn ḃeiṫ ag tráċt +ṫar Ġaeḋilg ⁊ ag áiteaṁ ar ḋaoiniḃ +gur beó-ṫeanga í muna ḃféadfaimíd í +ṡaoṫruġaḋ mar ṡaoṫruiġṫear gaċ beó-ṫeanga +'san Eóraip. Is beag an +ṁaiṫeas ḃeiṫ ag iarraiḋ smaċt a ċur ar +ḋaoiniḃ boċta gáḃataraċa, ar luċt +iascaireaċta, ar luċt scláḃaiḋeaċta, is ar a +leiṫéidiḋiḃ, ḃeiṫ ag iarraiḋ maide a +ṫaḃairt dóiḃ muna laḃarfaid Gaeḋilg iad +féin is muna laḃarfaid Gaeḋilg le n-a +bpáistiḋiḃ ⁊ ḃeiṫ ag gearán ná fuil ruainne +do'n Spioraid Ġaeḋealaiġ fágṫa 'n-a +measc nuair a ṁoṫuiġtear an tuile ag +tráġaḋ ⁊ gan caoi ar ċasaḋ aici. Is beag +an ṁaiṫeas é sin go léir muna ḃféadaimíd +gaċ níḋ ḃaineann le n-a ngnó saoġalta do +ṁúineaḋ dos na daoiniḃ i nGaeḋilg. +Muna ḃfuil briġ 'san Ġaeḋilg fé láṫair +aċt ċum iasc do ċoṁaireaṁ nó cearca +do ḋíol ar ṁargaḋ nó déirc a lorg ó ṫiġ +go tiġ nó fós ċum aṁráin ṡultṁara do +ċanaḋ le hais na teineaḋ, ní fada ḟanfaiḋ +fiú na bríoġ soin féin innti, agus is beag +an ṁaiṫeas dúinn ḃeiṫ ag gaḃáil dí agus +ag taḃairt iarraċta ar í ċoimeád 'n-a +beaṫaiḋ. Ní féadfaiḋ daoine ḃeiṫ i +gcoṁnuiḋe ag díol cearc nó ag coṁaireaṁ +éisc nó ag lorg na déirce—caiṫfear a lán +rudaiḋe naċ iad a ḋéanaṁ, ⁊ muna mbeiḋ +sé i gcumas na ndaoine iad a ḋéanaṁ i +nGaeḋilg déanfar i mBéarla iad agus +léigfear an Ġaeḋilg le fuaċt is le failliġe. +Má ḟanann gaċ duine óg is aosta, a +laḃrann Gaeḋilg is ná fuil taḃairt suas i +mBéarla air, má ḟanann sé 'n-a <i>illiterate</i>, +má's éigin dó a ṁarc (×) a ċur i bpáipéar +i n-ionad a anma, má's éigin dó múinteóir +Béarla d'faġáil dá ċlainn nó iad a ḃeiṫ +'n-a n-<i>illiterates</i> mar é féin—má leantar +do'n ċleas soin, is gearr a ḃeiḋ a leiṫéidí +sin d'<i>illiterate</i> n-ár measc, is geárr a +ḃeiḋ Béarla ag éinne aċt draḃġail ḃeag +gan ḃriġ. Cad do ruaig an Ġaeḋilg as +Conntae Luimniġ, as Conntae Tiobrad +Árann, as ur-ṁór de Ċonntae Ċorcaiġe, as +Caṫair Ċorcaiġe agus as conntaeṫiḃ is +caṫraċaiḃ naċ iad? Cad do ċuir an fán +uirṫi, ó aimsir an droċ-ṡaoġail go dtí +seo? 'Neosad-sa díḃ cad do ċuir fán +is ruagairt ar ár dteangain. Leaṫ-ċéad +bliaḋan o ṡoin nó ós a ċionn ḃí sí dá +laḃairt go flúirreaċ ag óg is aosta ar +fuaid na Muṁan, ⁊ ba ḋóiġ le duine ná +tiocfaḋ aon ḃriseaḋ go bráṫ uirṫi. Ḃí +filiḋeaċt le faġáil aisti, ḃí scéalta +fiannaiḋeaċta le faġáil aisti, ḃí coṁráḋ +suilt is grinn le faġáil aisti. Dar ndóiġ +ba ṁaiṫ an rud sain. Aċt ní ḟéadfaḋ +daoine maireaċtaint ar rannaiḃ filiḋeaċta, +is ní ḃainfeaḋ eaċtraiḋe ar Oisín is ar +Oscar an tart ná an t-ocras de ṁuiriġean +óg neaṁ-ċongantaċ. Níor féadaḋ dul +ċum cinn le gnó an tsaoġail gan taḃairt +suas éigin oireaṁnaċ, ⁊ ní raiḃ an taḃairt +suas soin le faġáil i nGaeḋilg, ⁊ ḃí sé le +faġáil i mBéarla. Dá ḃriġ sin cuireaḋ an +Ġaeḋilg i leaṫ-taoiḃ ⁊ tá a rian uirṫi indiu. +Tá an rud céadna soin ar siuḃal fá láṫair. +Táṫar ag cur na Gaeḋilge i leaṫ-taoiḃ +d'ḟonn taḃairt suas tairḃeaċ d'ḟaġáil i +mBéarla. Agus beifear dá cur i leaṫ-taoiḃ +go mbeiḋ sé 'n-ar gcumas teagasc +oireaṁnaċ tairḃeaċ a ṫaḃairt i nGaeḋilg +do'n aos óg a laḃrann í do réir ḋúṫċais. +Is maiṫ an rud timṫiriḋe do scaoileaḋ +amaċ fá'n dtuaiṫ; is maiṫ an sud +craoḃaċa do ċur ar bun annso is annsúd +'sna críoċaiḃ Gaeḋealaċa. Ní'l aon loċt +agam le faġáil orṫa, aċt creid mise leis +ní réiḋteoċaiḋ timṫiriḋe an ċeist go lá +an ċunntais. Dá mbeaḋ timṫire againn i +gcóir gaċ sráid-ḃaile nó gaċ baile +Gaeḋealaċ ⁊ gaċ timṫire a ḃeiṫ ag obair +go dian dúṫraċtaċ ó ċeann ceann na +bliaḋna, dá mbeaḋ craoḃ do Ċonnraḋ na +Gaeḋilge i ngaċ baile ⁊ na leaḃair is deise +'san doṁan dá gcur amaċ gaċ seaċtṁain +agus an ceól is bríoġṁaire i nÉirinn dá +spreagaḋ agus an rinnce is anamaṁla le +faġáil fá ġléas againn—ní ċuirfeaḋ na +neiṫe sin go léir sonas ná bail ar ár +dteangain dá mbaḋ rud é gur ḃ'éigin do'n +aos óg iompóḋ ar an mBéarla ċum an +taḃairt suas d'oireann dóiḃ dá ngnó +saoġail d'ḟaġáil. Is mar sin atá an scéal +fá láṫair, agus is mar sin a ḃeiḋ an scéal +go gcuirfear scoileanna fíor-Ġaeḋealaċa +ar bun. Aċt mar adeir Conán Maol, +tosnuiġtear le héan-scoil aṁáin. Bíonn +gaċ aon tosnuġaḋ lag. Lastaréan-ċoinneal +ḃeag aṁáin mar ṫosnuġaḋ, agus is gearr +go mbeiḋ soillse ar ndóṫain againn. An +ḃfeacaḃar riaṁ an ċuma i n-a lastar na +coinle 'sna heaglasaiḋiḃ. Nuair a ḃíonn +cruinniuġaḋ mór bailiġṫe le ċéile agus +coinneal i láiṁ gaċ duine aca, faġṫar +aon ḃuaiceas ḃeag aṁáin; lastar í; lastar +coinneal i láiṁ ḋuine éigin léi, druideann +an duine sin a ċoinneal ar lasaḋ ċum +coinle a ċoṁursan, ⁊ lasann a ċoinneal; +lasann siúd coinneal an té ḃíonn le n-ais, +agus dá réir sin riṫeann an teine ó ḋuine +do duine, agus is gearr an ṁoill go +ḃfeictear blaoḋm solais ag gealaḋ na +heaglaise go lonnraċ agus ag cur compórd +is áṫas ar na daoiniḃ ar fad. Is mar sin +a ḃeiḋ an scéal againn i dtaoiḃ na scoile, +cuirtear aon scoil aṁáin ar bun; lastar +an ċoinneal ḃeag aṁáin, agus is gearr le +congnaṁ Dé go mbeiḋ blaoḋm soluis ag +éirġe ó ċúig áirdiḃ na hÉireann ná múċfar +go deó na ndeór. Is miṫid dúinn +tosnuġaḋ. Is cuma cá gcuirfear an scoil +sin ar bun—i nDún na nGall, i gConntae +na Gailliṁe nó i gCiarraiḋe. Aċt ó's +Ciarraiḋeaċ Conán Maol, ó's Ciarraiḋeaċ +"Beirt Ḟear" agus ó's Ciarraiḋeaċ +mé féin, agus nuair ná fuil aon ċríoċ ná +Conntae eile ag taḃairt fá'n obair seo, is +dóiġ liom gur fearra ḋúinn tosnuġaḋ le +Ciarraiḋe—áit éigin ṫiar an fad i mBaile +an Ḟeirtéiriġ nó i nÍḃráṫaċ nó i nGleann +Beiṫe. B'ḟearr liom aon scoil fíor-Ġaeḋealaċ +aṁáin 'ná ḋá ṫimṫire. Caiṫfear +airgead do ṡoláṫar aċt ní dóiġ liom go +bfágfaiḋ na Ciarraiḋiġ cibé áit i n-a ḃfuil +siad aon easnaṁ orainn, agus ní'l aṁras +ná go dtaḃarfaiḋ an Árd-ḟeis congnaṁ +dúinn agus go mbeannóġaiḋ sí ár n-obair. +Tosnuiġmís le congnaṁ Dé agus do réir +mo ṫuairime níor rinneaḋ obair riaṁ ar +son ár dteangan níos fearr 'ná an obair +do ċeap Conán Maol.</p> + +<p>PÁDRAIG UA DUINNÍN.</p> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="IV_CUIRTEAR_CORC_SA_BHAIRILE_FEASTA_A_UAISLE"></a><h2>IV. CUIRTEAR CORC SA ḂAIRILE FEASTA, A UAISLE.</h2> +<br /> + +<p>Nuair ḃíos-sa ar scoil sa tseana-ṡaoġal, +ní raiḃ náṁaid ba ṁó agam ná bairile. +Seo mar a ṫárlaiḋ sin. An mí-ḟortún +máiġistir a ḃí againn, ní raiḃ oiread mo +ḋuirn ann, aċt ḃí béic asail aige, ⁊ rud +ba ṁeasa na soin, slat ċoṁ fada le slat +Ṁaoise. "Anois" adeireaḋ sé, agus é ag +rástáil síos agus suas, agus ag fáscaḋ na +slaite ar tí na súl a ḃaint asainn, "tá +bairile áiriṫe ann agus ḋá ṗoll ann—poll +'n-a ḃun agus poll 'n-a ḃarr, agus ḋá +corc ionnta. Dá mbeaḋ an bairle lán +d'uisce agus go dtarraiceoġṫá an corc +ṫíos do ḃeaḋ an bairile follaṁ i gcionn +deiċ nóimití; aċt dá mbeaḋ sé follaṁ ⁊ +go leogfá uisce isteaċ ann tríd an bpoll +ṫuas, do ḃeaḋ sé lán i gcionn ḋá nóimit +déag. Cuir i gcás anois go mbeaḋ an +bairile lán, agus go dtarraiceoġṫá an dá +ċorc i n-éinḟeaċt, cahuin a ḃeaḋ sé i +n-dísc?"</p> + +<p>Is ar an gceist seo do ċuiṁniġeas an lá +fé ḋeireaḋ nuair ċonnac aiste Ċonáin +Ṁaoil mar ġeall ar an scoil Ġaeḋealaiġ. +Mar is solaoid d'Éirinn an bairile úd. +Ḃí sí ar scéiḋe de Ġaeḋilg—cnuasaċ +saoṫair intinne ár sinsear roṁainn. +Annsoin, do ṫáinig an fealltóir Sasannaiġ, +⁊ do ḋein sé poll i dtóin an ḃairile, agus +siúd an t-uaċtar saiḋḃir le fánaiḋ. I +n-ionad an ṗuill a stop is aṁlaiḋ a +ḃíomar-na, ar nós ḃraisile leanḃ timċeall +loċáin ar ṫaoḃ sráide glagair, ag rinnce +⁊ ag bualaḋ bas le spórt nuair ċoncamair +na caisí geala ag gaḃáil síos, agus do rop +cuid againn ár méaranna sa ṗoll ġá ḟairsingiuġaḋ +i gcás go mbeaḋ tuile níos +mó againn.</p> + +<p>Sul a raiḃ an tubaist ar fad déanta +againn do ṫáinig fir ċalma Ċonnraḋ na +Gaeḋilge d'ár gcose. D'éis aġaiḋ béil a +ṫaḃairt orainne do ċuadar ag stop an +ṗuill. Aċt níor leog an Sasannaċ dóiḃ é.</p> + +<p>"Pé níḋ is mar a ḋeineann an Bairile," +ar sé, "is liom-sa an poll soin, agus ní +leóṁṫaiḋ siḃ barra méire a leogaint +air."</p> + +<p>"Déinimís poll i gceann an ḃairilie" +arsa na fir, "agus cuirimís tuilleaḋ +uaċtair ann."</p> + +<p>Do déanaḋ mar sin, agus do ċuireadar +fios ar uaċtar ar fuid na tíre le cur 'sa' +ḃairile; aċt, foríor! tá uaċtar gann i +nÉirinn anois. Cuireaḋ stranncán maiṫ +ó Ḃaile Ṁúirne ċúċa, cuid ó'n nGailiṁ, +cuid ó Ċiaraiḋe. Do ċuir an tAṫair +Peadar tuna uaiḋ féin ċúċa; agus do +ḃailiġ Cú Ulaḋ, an fear boċt lán poitín +dóiḃ ṫall 'sa aḃus i dTír Ċonaill. 'N-a +n-éaġmais sin, is minic ná raiḃ le faġáil +aca aċt an bainne géar, an lionn caol, ⁊ +an ḃláṫaċ. Ní ag loċtuġaḋ na ndaoine +n-a ṫaoḃ soin atáim, mar ṫugadar uaṫa go +toilteanaċ é, ⁊ ní raiḃ a ṁalairt aca.</p> + +<p>Tá aṫarraċ scéil le tamall againn, agus +ó tá is dóiġ liom-sa nár ṁisde ḋúinn +a ṫarrac ċugainn. D'ḟág na Sasannaiġ an +bairile fúinn féin. Naċ miṫid dúinn an +corc a ċur ann? Ḃí tuigsint ṁór i +mbairile ag an máiġistir úd a ḃí orm-sa, +agus déarfaḋ sé ná tiucfaḋ leis an +nGobán Saor féin é líonaḋ faid a fágfiḋe +a leogaint uaiḋ tríd an uaṫais ṁóir úd +'n-a ṫóin é.</p> + +<p>Ní ag dul i gcuṁainge atá an uaṫais seo, +tá seaċt gcoṁaċta ag caḃruġaḋ le ċéile +ċun í leaṫanuġaḋ ó ló go ló. Farsingi-ġeann +riṫ uisce poll ċoiḋċe. Ní'l éan-duine +a ṫógaḋ suas le galldaċas ná déanfaiḋ +sé na daoine a ḃeiḋ 'n-a ċoṁluadar +gallda mar é féin. Ċonnac-sa an lá eile +triúr leanḃ óga nár ċuaiḋ ar scoil riaṁ +ġá ḋéanaṁ so le na sean-ṁáṫair agus í i +n-aois a ceiṫre fiċid. Ḃí "<i>tiss</i>, a laoġ," +agus "<i>neo</i>, a laoġ," agus "<i>mindeen +yoursel</i>, a ċuidín," ar ḃarra a teangan ó +ṁaidin go hoiḋċe aici ḋóiḃ. Tá an traen +agus na camṫaí seirḃíseaċ a ḃíonn na feiḋil +á ḋéanaṁ; tá an post, ⁊ buaċaillí an +ṗuist a ṫéiḋeann ó ṫiġ go tiġ san tuaiṫ +dá ḋéanaṁ; tá páipéar na seaċtṁaine á +ḋéanaṁ; an gnó céadna ar siuḃal san +scoil ⁊ san séipéal; na timṫirí atá amuiġ +ó sna Bórdaiḃ seo a ḃíonn ag coṁairliuġaḋ +na ḃfeirmeóirí; na tiġṫe ósta ⁊ na +cuairteóirí ⁊ a luċt leanaṁana—tá siad so +uile ag méaduġaḋ an ṗuill úd, mar tá +siad ó ċeann ceann de'n ḃliaḋain ag +dingeaḋ Béarla isteaċ ár gcluasaiḃ.</p> + +<p>Féaċaimís anois an ḃfuil ár sciaṫ-ċosanta +leaṫan láidir a ḋóṫain ċun na +náiṁde uile seo a ċoimeád uainn amaċ. +Tá ár seasaṁ ar na páistíḃ. Ċíonn gaċ +éinne é sin. Caillimís iad, agus tá sé ċoṁ +maiṫ againn 'slán beó' ḟágaint ag ár +mbairile go deó. Coimeádamís Gaeḋealaċ +iad, agus tá an lá linn. Ní ḟeadar an +dtuigid do léiġṫeóirí deacraċt an níḋ +seo áṁṫaċ. Laḃraḋ éan-aṫair cloinne atá +ag casaḋ le n-a leanḃaí féin a ṫaḃairt suas +mar baḋ ċóir. Baḋ ṁaiṫ liom focal ó +Ṗeadar Ó Laoiḋléis ar an gceist seo. Sé +lóḃ is dóiġ liom adeir gur cogaḋ síoraiḋe +beaṫa ḋuine ar an saoġal. Aċt deirm-se +ná fuil sa ċogaḋ so aċt neaṁ-níḋ seaċas +an cogaḋ a ḃíonn ar gaċ teinteán i n-a +mbítear ag casaḋ le leanḃaí do ċoimeád +Geaḋealaċ i n-inḋeóin na náiṁde do +áiriṁiġeas ṫuas. Agur má's mar seo atá +an scéal ag leanḃaí na nGaeḋilgeóirí connus +atá sé ag an marcsluaġ ná taḃarfaḋ a +dtúismiḋṫe biorán buiḋe ar ciaca ḃeidís +Gaeḋealaċ nó Gallda! Cad do ḋéinimíd-na, +muinntir na Gaeḋilge, do sna leanḃaíḃ +seo.</p> + +<p>Múinimíd páidreaċa Gaeḋilge ḋóiḃ, aċ +is i mBéarla déanfaiḋ an sagart agus an +t-Easpog iad do ċeistiuġaḋ; múinimíd +dóiḃ connus Gaeḋilg do léiġeaṁ, aċt óir +is scoil Ḃéarla í, caiṫfiḋ an Béarla ḃeiṫ i +mbun 's i mbárr ár gcuid oibre. Múinimíd +rinnce Gaeḋealaċ ḋóiḃ, aċt is i mBéarla +ḋéanfaid siad cainnt air agus úsáid de +n-a ḋiaiḋ sin. Sé an scéal céadna ag gaċ +níḋ eile é. Ní'l an fear soin cruṫanta +fós a ḋéanfaḋ níḋ do ḃ'fearr de leanḃaíḃ +leis an saġas so oideaċais ná <i>Anglo Irishmen</i>. +Sin é go cruínn atá againn dá +ḋéunaṁ díoḃ. Ní'l ann aċt ag casaḋ +le baraile na tóna briste do líonaḋ.</p> + +<p>Ní'l réiteaċ na ceiste seo, ná sáḃáil na +teangan le faġáil taoḃ amuiġ de'n scoil +Ġaeḋealaiġ. Is éigin na leanḃaí do ċur +uirṫi, ⁊ gaċ níḋ d'oirfiḋ dóiḃ a ṁúineaḋ i +nGaeḋilg. Ní ḋéanfaḋ an galldaċas díṫ +ná doċair annsoin dóiḃ. Do ṫuitfeaḋ sé +siar síos díoḃ mar a ṫuiteann an braon +de'n laċain. Ní féidir an teagasc so +ṫaḃairt i n-éan-scoil náisiúnta indiu. Ní'l +sa ċeann is fearr aca so go fíor aċt scoil +ġallda. Caiṫfimíd féin, ar an aḋḃar soin, +costas na scoile d'ḟulang sa ċéad ḟáscaḋ.</p> + +<p>Ní'l aṁrus ar doṁan, ar a ṡon sain, má +ċuirfimíd suas í, ⁊ má ṫéiḋeann an obair +ċun cinn innti—má ṫigeann linn gnó tairḃeaċ +a ḋéanaṁ innti—níl aṁras ar doṁan +ná go ndíolfaḋ an bórd léiġinn asti i +gcionn ċúpla bliaḋain, ⁊ ná go leogfaidís +dúinne leanaṁaint do'n obair do ċuireamair +ar bun innti.</p> + +<p>Is dóiġ liom féin go mbeiḋ eagla an +ċostais ar an gCoiste Ġnóṫa; agus má +ḃíonn is dóċa gur ḃ'ḟéidir do ḋaoiniḃ +lasmuiġ de'n Ċoiste an t-airgead do +ḋéanaṁ suas. Táim ċoṁ cinnte go +ḃfuil an scoil ag teastáil uainn, ċoṁ cinnte +go ndíolfaḋ an Bórd i gcionn ċúpla +bliaḋan aisti, agus annsoin gur ḃ'ḟéidir +dúinn mórán dá saġas a ḃeiṫ againn; ċoṁ +cinnte go ḃfuil saoraḋ na teangan innte, +go dtaḃarfad £5 d'éan-ḟuireann Gaeḋilgeóirí +a ċuirfiḋ le ċéile ċun í do ṡoláṫar.</p> + +<p>Tá saoṫar mór déanta le deiċ mbliaḋna +againn. Ba ró-lag é ár dtosnuġaḋ: +Ní'l bliaḋain a ġaḃann ṫarainn ná tugamaoid +coiscéinn ċun cinn—ná téiḋimíd pas +beag níos aoirde. Is maiṫ é sin. Leanamís +de. <i>Excelsior</i> ċoiḋċe! Tá coiscéim na +bliaḋna so gan taḃairt fós againn. +Tugaimís ċun scoile Ċonáin í.</p> + +<p>GRUAGAĊ an TOBAIR.</p> + +<hr style="width: 65%;" /> + +<h3>AN CLÓ-ĊUMANN, (Teóranta),<br /> +Clódóirí Gaeḋilge, Sráid Ṁór na Tráġa,<br /> +Baile Áṫa Cliaṫ.</h3> + +<hr style="width: 100%;" /> + +<a name="TransLit" id="TransLit"></a> + + +<h1>LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR.—III.</h1> +<br /> + +<div class="ctr"> + <img src="images/image01.png" alt="Seanaid na nGaedheal" title="Seanaid na nGaedheal" /> +</div> + + +<h2>SCOIL GHAEDHEALACH.</h2> + +<h3>Aistí ó<br /> +"CHONÁN MAOL," "BEIRT FHEAR," +"AN tATHAIR PÁDRAIG Ó DUINNÍN," +Agus "GRUAGACH AN TOBAIR."</h3> + + +<div class="ctr"> + <img src="images/image02.png" alt="Chonnradh na Gaedhilge" title="Chonnradh na Gaedhilge" /> +</div> + + +<h3>Ar n-a chur amach<br /> +do<br /> +CHONNRADH NA GAEDHILGE,<br /> +Baile Átha Cliath.<br /> +1903.</h3> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="ZCLAR_AN_LEABHRAIN_SEO"></a><h2>CLÁR AN LEABHRÁIN SEO.</h2> + + + <a href="#I_SCOIL_GHAEDHEALACH"><b>I. Scoil Ghaedhealach, ó "Chonán Maol."</b></a><br /> + <a href="#II_SGOIL_GAEDHEALACH"><b>II. Scoil Ghaedhealach, ó "Bheirt Fhear."</b></a><br /> + <a href="#III_SCOIL_GHAEDHEALACH"><b>III. Scoil Ghaedhealach, ó'n Athair Pádraig Ó Duinnín.</b></a><br /> + <a href="#IV_CUIRTEAR_CORC_SA_BHAIRILE_FEASTA_A_UAISLE"><b>IV. Cuirtear Corc sa Bhairile feasta, a Uaisle, ó "Ghruagach an Tobair."</b></a><br /> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="ZREAMHRADH"></a><h2>RÉAMHRÁDH.</h2> +<br /> + +<p>Tháinig na haistí leanas annso amach i nIRISLEABHAR +na GAEDHILGE, agus táimíd dá gcur i +gcló arís le súil go ndéanfaid tuilleadh maitheasa, +agus go gcabhróghaid chum brostughadh ar an lá go +mbeidh scoileanna agus oideachas na hÉireann go +fíor-Ghaedhealach.</p> + +<p>Is é an rud atá 'gár lot agus gar gcoimeád siar +acht ná fuilimíd ag déanamh úsáid dár dteangaidh +féin chum gach éan-tsaghas gnótha do chur i gcrích. +Labhraimís Gaedhilg leis na leanbhaí scoile, múinimís +ealadhna is eile dóibh tríd an nGaedhilg, is annsoin +is gairid an mhoill go mbeidh Éire Gaedhealach amuigh +'s amach.</p> + +<p>FEAR AN IRISLEABHAIR.</p> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="ZI_SCOIL_GHAEDHEALACH"></a><h2>I. SCOIL GHAEDHEALACH.</h2> +<br /> + +<p>Sula dtosnuighthear tigh, léirighthear an +talamh, baintear an fód, rómharthar go +bhfaightear bun daingean dlúth & cuirtear +an chloch-chúinne annsoin. Támuid-ne ag +léiriughadh na talmhan. Is gnó tairbheach é +& gnó trom. Támuid ag árdughadh tighthe +leis acht i n-ionad a gclocha cúinne do +dhingeadh síos mar a bhfuil an chré ghlas +chruaidh is eadh is baoghlach go bhfuilmíd 'gá +gcur ar thalamh bhog do chritheann fá n-ár +gcosaibh.</p> + +<p>Tá bun is na ceanntraibh Gaedhealacha +agus má shuidhtear tigh air sin ní réabfadh +gaoth ghuairneáin na nIndiatha Thoir na +tigh sin.</p> + +<p>Measaim gur bh'iascaire d'árduigh an +chéad tigh i mBaile-Átha-Cliath i bhfad ins +na ciantaibh. Ní raibh aige chuige acht +cleathacha adhmaid chum fallaí, & scrath an +tailmh chum dín a thighe, acht as an gcéad +thosughadh soin d'fhás Sráid Uí Chonaill mar +a gcuireann Connradh na Gaedhilge fútha +indiu.</p> + +<p>Cuirimís-ne leis tigh ar bun—scoil +Ghaedhealach, i gceanntar Ghaedhealach—is +cuma cá mbeidh sí suidhte, thiar, thuaidh nó +theas, acht go mbeidh an áit Gaedhealach. +Caidé an cuma is fearr chum a déanta? +Is eól d'ár dtimthirí an áit is oireamhnaighe +le n-a leithéid do chur ar bun acht dála na +cuma is fearr chum an ghnótha do chur chum +cinn bheinn buidheach do chách a chomhairle +thabhairt dúinn.</p> + +<p>Dar liom-sa tá an scoil curtha suas +cheana agus ní fhuil againn acht a cruth +d'atharrughadh. 'Sí an scoil Bhéarlach úd í +do thóg an sagart paróiste le cabhair an +Bhuird Oideachais. Tá sé riachtanach orainn +ar dtúis cead an tsagairt agus cead +tuismidhe na leanbh d'fhagháil agus an scoil +do cheannach ó'n mBord. Díolfaidh an +bord í go mear má bheidh fhios aca go +bhfuilmíd dáiríribh agus go bhfágfamuis a +scoil 'n-a fotharach folamh aca chum scátha +thabhairt d'uanaibh lá fearthainne. Muna +bhfuil sí oireamhnach d'ár ngnó dhéanfainn +ceann nuadh. "Cad do dhéanfar leis an +máighistir mbocht atá annsúd?" adéarfaidh +duine éigin. An méid seo go +deimhin. Má tá fios a ghnótha aige, sé sin +má tá sé 'n-a chumas Gaedhilg is léigheann +maith do mhúineadh do'n aos óg, tógfar é +ó smacht an Bhuird Oideachais, tabharfar +tuarastal níos fearr dó ná tá aige agus +coinghill freisin go bhfuighidh sé an tuarastal +soin ar feadh a bheathadh acht a ghnó do +dhéanamh go maith & aire thabhairt dó féin.</p> + +<p>Déarfainn gur bh'fhiú fear maith tuarastal +200 púnt 'sa mbliadhain, do mhúinfeadh an +leanbh ó thosach i nGaedhilg, & do dhéanfadh +clár oibre mar leanas:—</p> + +<p>GARSÚIN IS GEARRCHAILLÍ I n-ÉINFHEACHT AMUIGH +IS AMACH LE SÉ BLIADHNA D'AOIS,</p> + +<p>An chéad bhliadhain:</p> + +<div class="blkquot"><p>Gaedhilg amháin is Teagasc Crióstuidhe.</p></div> + +<p>An dara bliadhain, & as soin go dtí an +t-aonmhadh bliadhain déag:</p> + +<div class="blkquot"><p>Gaedhilg, Stair, Teagasc Críostuidhe, Áireamh, +léar-eólas, Béarla—gach nídh múinte thre +Ghaedhilg.</p></div> + +<p>An t-aonmhadh bliadhain déag:</p> + +<div class="blkquot"><p>Ealadhna eile, Tómhas Cruinne, & Úclid.</p></div> + +<p>Ó'n t-aonmhadh bliadhain déag suas:</p> + +<div class="blkquot"><p>Caithfear bean-mhúinte do sholáthar do na +cailíníbh i dteannta an mháighistir, do mhúinfidh +Fuagháil, Cniotáil, Nigheachán, Cócaireacht is gach +nídh do bhaineann le tigh, is le héanlaithe.</p></div> + +<p>Ba chóir go bhfuighthidhe a leithéid sin de +mhúinteóir ar chéad go leith 'sa mbliadhain +& ar an oiread céadna fear do mhúinfeadh +míniughadh talmhan do na buachaillíbh.</p> + +<div class="blkquot"><p>Caithfear trí acra do cheannach cois na scoile +i gcóir gach saghas míniughadh talmhan do mhúineadh +dhóibh ní amháin as leabhraibh acht as obair lámh. +Is leis na haosánaigh toradh na talmhan soin & +cuirfear i dtaisce dhóibh a luach, mar díolfar ar +an margadh na barraí.</p></div> + +<p>Is é míniughadh talmhan an t-eólas is +oireamhnaighe d'ár ndaoinibh indiu. Níor +múineadh fós dóibh é, agus tá a rian air, +támuid creachta ag tíorthaibh deórata +toisc nach bhfuil an t-eólas cruinn againn +le sochar do bhaint as an dtalamh. Deir +fir eólacha go mbainfidhe a chúig n-oiread +sochair as an dtalamh so againn is baintear +as indiu. Dá mbainfidhe féin ba +bheag an bhrigh dhúinn-ne é mar bheadh sé go +dtí seo ag an bpéist sin an máighistir +talmhan. Tá breacadh an lae chughainn ámh, +agus is mithid d'fheirmeóiríbh na hÉireann +iad féin do ghléasadh. Tá daoine eile +lasmuigh ag déanamh airgid as a gcuid +talmhan agus ár dtír-ne ag dul chum +fiadhantais.</p> + +<p>Thall i nAlbain an t-am so de bhliadhain +is gnáthach le feirmeóirí na scioltháin do +chur i mboscaíbh istigh i dtighthibh agus ithir is +aoileach do chur leó go séideann na bog-ghais +thre shúilibh na sciolthán soin. 'Sa mhí +seo chughainn sáithfear na scioltháin sin i +dtalamh is beidh prátaí nua san Abrán atá +chughainn aca súd. Chonnac fiche púnt dá +thabhairt ar thonna prátaí nua roimh Bhealtaine +i gcathair Lúnduin. Ní áiteómhadh +an saoghal orm 'ná go bhfuil sé i gcumas +feirmeóirí na hÉireann an rud céadna do +dhéanamh. Tháid siad chomh gasta is chomh +críochnamhail leó súd thall, acht amháin nach +bhfuil eólas mínighthe talmhan aca. Ní +féidir leó dá réir sin dhá bharra prátaí do +bhaint as an dtalamh i n-éin-bhliadhain amháin +& an leasughadh ceart do chur ar n-ais ann +gcás ná raghadh an talamh soin i ndísc.</p> + +<p>"An as scoilín Gaedhealach do mheasann +tú an t-eólas soin do mhúineadh do na +feirmeóiríbh?" adéarfaidh duine éigin, is é +ag leamh-gháiridhe. Go réidh, a dhalta. Ni +fhuil síol-chnó na daire chómh mór le +méaracán, acht féach ar bhile na coille +d'fhásann uaidh, a cheann go hárd, a phréamha +go doimhin, a chabhail thoirteamhail, a ghéaga +reamhra, righne. D'fhás an crann uaibhreach +soin as beagán, ní raibh deabhadh 'ná deithneas +air, acht níor staon sé riamh gur fhás +sé. Féach go cruinn air, is machtnuigh!</p> + +<p>D'éis an chéad scoil Ghaedhealach do chur +ar bun & taithighe bheith againn ar an ngnó, +is féidir linn scoileanna eile d'fhagháil +mar a múinfear gach uile chéird do theastóchaidh +uainn i nÉirinn, mar atá leasughadh +leathair, gréasuidheacht, figheadóireacht, +táilliúireacht, siúinéireacht, & cearda eile. +Cuirfear árdscoil ar bun i mBaile Átha +Cliath, nó gCorcaigh, nó i nGaillimh, le +haghaidh gach ealadha thairbheach do mhúineadh +as Gaedhilg do'n aos óg do thoghfar as na +scolaibh Gaedhealacha. Chuir ár sinsir +scoileanna na Teamhrach is Chluana, Bheannchoir +is Árdmacha ar bun, & leath a gcáil ar +fuid an tsaoghail. Tá an fhuil chéadna +ionnainne. Misneach, a chlann ó! Is linn-ne +tír gheal-innseach na hÉireann, & is +gearr go mbeidh sí againn le congnamh Dé.</p> + +<hr style='width: 45%;' /> + +<div class="blkquot"><p>Mar a gcuireann C. na G. fútha, <i>where the G.L. +put up (reside)</i>. Tuismidhe, <i>parents</i>. Áireamh, <i>Arithmetic</i>. +Léar-eólas, <i>Geography</i>. Tómhas Cruinne, +<i>Geometry</i>. Míniughadh talmhan, <i>Agriculture</i>. Aosánaigh, +<i>youngsters</i>. Tíortha deórata, <i>foreign countries</i>. +Scioltháin, <i>"cut" potatoes for seed</i>. Ithir, <i>earth-mould</i>. +Ní áiteomhadh &rl. <i>The world would not +persuade me</i>. Críochnamhail, <i>industrious</i>. Síol-chnó +na daire (no darach), <i>the seed nut of the oak, acorn</i>.</p> + +<p>CONÁN MAOL.</p></div> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="ZII_SGOIL_GAEDHEALACH"></a><h2>II. SGOIL GAEDHEALACH.</h2> +<br /> + +<p>Tá an ceart ar fad ag Conán Maol. +Teastuigheann sgoil Ghaedhealach uainn. +Ní múineadh atá againn i nÉirinn anois +acht creachadh, & tá a rian orainn. Tá an +donas a' teacht ar ár dtír. Ní'l againn +acht bliadhain níos measa 'ná a chéile. Tá +muinntir na tuaithe a' scaipeadh agus a' +meathadh, & tá na sráid-bháiltí beaga ag +dul i n-olcas gan aonach gan margadh +foghanta.</p> + +<p>Féachaimís ar an dtalamh agus ar churadóireacht +na tíre. Tá an chuid is mó de'n +talamh leath-bháithte le huisge, & ní hamháin +an talamh ísiol acht leicne árda. Is ortha +tá na barraí breaghtha luachra a' fás & gan +duine ná daoine a rómharfadh díog chun +iad a thiormughadh. Féach feirmeóirí na +hÉireann a' díol a gcod' coirce ar dhá +theistiún an chloch & a' tabhairt sgillne ar +<i>Castalia</i> nó ar rud éicint eile go bhfuil +ainm mhór air.</p> + +<p>Féach ár dtír agus í maol ó chrannaibh. +Nuair do b'fhéidir leis na huaislibh crainn +a chur níor chuireadar iad. Dá gcuirfidís +ní bheidís anois mar bheadh bacaigh a dúthaigh +ag iarraidh déarca ar Bhuindeam. Bheadh +airgead i n-a bpócaíbh aca & bheadh obair +ag lucht oibre atá anois a' teitheadh as +Éirinn. Agus cad is cionntach leis seo? +An saghas tabhairt suas a fuaireadar. +Níor cheap éinne go mba cheart d'uaislibh +na hÉireann eólas do bheith aca ar thalamh +na hÉireann. 'Seadh! tá toradh a ndeagh-oibreacha +aca anois, & is baoghlach liom-sa +nach ag dul i bhfeabhas a bheidh an sgéal aca +feasta.</p> + +<p>Acht cad deir an feirmeóir? Ceapann +seisean ná fuil éan-mhaitheas i gcrainn acht +iad do ghearradh & a dhóghadh. "Ní'l siad +acht a' sughadh brighe an tailimh." Ní baoghal +dó-san crann a chur. Gearrann sé an +crann mar gheall ar a bheith 'sa' tslighe air, +acht bíonn na mílte feóchadán & geósadán +a' fás i n-a pháirc aige.</p> + +<p>Nuair a bhí sé seo 'n-a gharsún a' dul ar +sgoil fuair sé árd-mhúineadh. Bhí fhios aige +cia'ca an cnoc is aoirde 'sa' domhan. Do +'neósfadh sé dhuit an méid uisge ghabh le +fánaidh le bliadhain i n-abhainn mhóir íochtair +Aimeirice, & bhí cúnntas cruinn aige ar +athair agus ar mhathair ríogh bhí 'sa' Róimh na +mílte bliadhan ó shoin. Badh dhóigh le duine +gur adhbhar captaín a bhí 'sa' gharsún agus +an saghas foghluim a fuair sé ar sgoil. +Nár chóir go mbeadh an bheag nó an mhór +d'eólas le fagháil aige ar an tslighe +bheathadh bhí i ndán dó. Acht ní mar sin a bhí. +Chonnaic sé na crainn a' fás; chonnaic sé +an duilleabhar a' séideadh ins an Earrach & +a' tuitim 'sa' bhFoghmhar; acht níor chuir +éinne 'n-a cheann ná raibh ó'n gcrann úd +ar thaobh an bhóthair acht greim fhagháilt ar +an dtalamh & go mbeathóchadh an t-aer é.</p> + +<p>Is cuimhin liom-sa sean-daoine nár chaith +lá riamh ar sgoil, & geallaim & deimhinghim +gur mó an t-eólas a bí aca ar churadóireacht +& ar nidhthibh a bhaineann le saothrughadh +na talmhan 'ná bhíonn anois aca so a chaitheann +na bliadhanta ar sgoil.</p> + +<p>Ní héin-iongnadh an sgéal a bheith mar +seo ag ógánaigh na haimsire seo. Tagann +mórán d'ár gcuid eólais chughainn ó dhúthchas. +Pé eólas a bhí ag ár seacht-sinsearaibh +is i nGaedhilg do b'fhéidir leó é chur i +n-umhail dá gclainn; acht ní raibh éin-mhesa +aca-san ar Ghaedhilg. Chaitheadar uatha í, & +i n-a theannta sgaradar le heólas na +sean-daoine a tháinig rómpa. B'fhéidir go +raibh beagán d'eólas a shinsear ag an +bpáisde ar dhul ar sgoil dó ar dtúis. Acht, +má bhí, níor b'fhada gur stracadh as na +préamhachaibh an t-eólas so, & má fhágadh +éan-chuid de gan stracadh, do múchadh é le +carta an Bhéarla sara raibh an leanbh leath-bhliadhain +ar sgoil. Thug na múinteóirí +iarracht ar síol an Bhéarla a chur. Ní raibh +an ithir ró-oireamhnach, & ba mhinic an síol +go holc, & ba mheasa é an leasughadh, & b'é +deireadh an sgéil é gur fhág an sgoláire +an sgoil & é gan Bhéarla gan Ghaedhilg.</p> + +<p>Bhfuil leigheas le fagháil ar an aicíd +seo? Tá, gan amhras. Tá an leigheas ag +an ndorus againn. Tá an leigheas i +dteangain ár sinsear. Moladh le Dia! tá +an leigheas ag oibriughadh anois. Tá síol +curtha i n-ithir mhaith. Ba mhaith linn-ne dá +bhfeicimís an geamhar a' teacht suas níos +treise & níos tiugha 'ná atá sé. Acht bíodh +foidhne againn. "Tagann gach maith le +cáirde," & "I ndiaidh 'chéile dhéantar na +caisleáin." Beidh barra maith againn fós, +le congnamh Dé.</p> + +<p>Ní doig liom féin gur tháinig an t-am +fós chun Sgoil Ghaedhealach "Chonáin +Mhaoil" a chur ar bun.</p> + +<p>'Sé is ceart dúinn úsáid a dhéanamh des +na sgoileanna atá againn. Má is maith +leis na stiúrthóirí é, is féidir leó Sgoil +Ghaedhealach a dhéanamh d'éan-sgoil atá +fútha. Anois ní fuláir nó tá sagart le +fagháil i Gceanntar Ghaedhealach a chuirfeadh +Sgoil Ghaedhealach ar bun. Agus muna +bhfuil a leithéid seo le fagháil, cuirimís +sgoil oidhche suas. Tá airgead le fagháil +ó'n Riaghaltachas ar an obair seo. Is féidir +linn-ne greim fhagháil ar chuid de chun na +Gaedhilge a mhúineadh & ní dóigh liom-sa go +bhfuil aon scairt 'sa' bhearnain le cosg a +chur orainn.</p> + +<div class="poem"><div class="stanza"> +<span>"An té ná bíonn láidir<br /></span> +<span>Ní fuláir do bheith glic."<br /></span> +</div></div> + +<p>Ní'lmid-ne láidir fós, & nuair ná fuilmid, +'sé is fearra dhúinn a dhéanamh 'ná +greim a bhreith ar gach buntáiste & úsáid a +dhéanamh díobh ar son na Gaedhilge.</p> + +<p>"Glac a bhfaighir & díol a bhféadfair."</p> + +<p>BEIRT FHEAR.</p> + +<h3>Gluais.</h3> + +<p>Creachadh, <i>spoiling</i>. A' scaipeadh & a' meathadh +<i>scattering and decaying</i>. Sráid-bhailtí, <i>villages</i>. +Leicne árda, <i>high hill-sides</i>. Dhá thuistiún an chloch, +<i>eightpence a stone</i>. Maol ó chrannaibh, <i>bare of trees</i>. +Crainn a chur, <i>to plant trees</i>. Ag iarraidh déarca, +<i>seeking alms</i>. Cad is cionntach, <i>what is to blame for +this</i>. Tabhairt suas, <i>up-bringing, education</i>. Ní +baoghal dó-san crann chur, <i>no fear of his planting +trees</i>. Cia'ca an cnoc is aoirde, <i>which is the +highest mountain</i>. Ghabh le fánaidh, <i>went down</i>. An +bheag nó an mhór d'eólas, <i>some little or much knowledge</i>. +Curadóireacht, <i>agriculture</i>. Is i nGaedhilg +do b'éidir leó, <i>in Irish they were able to make it +known to their children</i>. Stracadh as na préamhacha, +<i>torn out of the roots</i>. An ithir, <i>the soil</i>. Geamhar, +<i>young grass</i>. Scairt sa bhearnain, <i>a bush in the +gap</i>.</p> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="ZIII_SCOIL_GHAEDHEALACH"></a><h2>III. SCOIL GHAEDHEALACH.</h2> +<br /> + +<p>Is beag an mhaitheas dúinn bheith ag trácht +thar Ghaedhilg & ag áiteamh ar dhaoinibh +gur beó-theanga í muna bhféadfaimíd í +shaothrughadh mar shaothruighthear gach beó-theanga +'san Eóraip. Is beag an +mhaitheas bheith ag iarraidh smacht a chur ar +dhaoinibh bochta gábhataracha, ar lucht +iascaireachta, ar lucht sclábhaidheachta, is ar a +leithéididhibh, bheith ag iarraidh maide a +thabhairt dóibh muna labharfaid Gaedhilg iad +féin is muna labharfaid Gaedhilg le n-a +bpáistidhibh & bheith ag gearán ná fuil ruainne +do'n Spioraid Ghaedhealaigh fágtha 'n-a +measc nuair a mhothuightear an tuile ag +trághadh & gan caoi ar chasadh aici. Is beag +an mhaitheas é sin go léir muna bhféadaimíd +gach nídh bhaineann le n-a ngnó saoghalta do +mhúineadh dos na daoinibh i nGaedhilg. +Muna bhfuil brigh 'san Ghaedhilg fé láthair +acht chum iasc do chomhaireamh nó cearca +do dhíol ar mhargadh nó déirc a lorg ó thigh +go tigh nó fós chum amhráin shultmhara do +chanadh le hais na teineadh, ní fada fhanfaidh +fiú na bríogh soin féin innti, agus is beag +an mhaitheas dúinn bheith ag gabháil dí agus +ag tabhairt iarrachta ar í choimeád 'n-a +beathaidh. Ní féadfaidh daoine bheith i +gcomhnuidhe ag díol cearc nó ag comhaireamh +éisc nó ag lorg na déirce—caithfear a lán +rudaidhe nach iad a dhéanamh, & muna mbeidh +sé i gcumas na ndaoine iad a dhéanamh i +nGaedhilg déanfar i mBéarla iad agus +léigfear an Ghaedhilg le fuacht is le faillighe. +Má fhanann gach duine óg is aosta, a +labhrann Gaedhilg is ná fuil tabhairt suas i +mBéarla air, má fhanann sé 'n-a <i>illiterate</i>, +má's éigin dó a mharc (×) a chur i bpáipéar +i n-ionad a anma, má's éigin dó múinteóir +Béarla d'fagháil dá chlainn nó iad a bheith +'n-a n-<i>illiterates</i> mar é féin—má leantar +do'n chleas soin, is gearr a bheidh a leithéidí +sin d'<i>illiterate</i> n-ár measc, is geárr a +bheidh Béarla ag éinne acht drabhghail bheag +gan bhrigh. Cad do ruaig an Ghaedhilg as +Conntae Luimnigh, as Conntae Tiobrad +Árann, as ur-mhór de Chonntae Chorcaighe, as +Cathair Chorcaighe agus as conntaethibh is +cathrachaibh nach iad? Cad do chuir an fán +uirthi, ó aimsir an droch-shaoghail go dtí +seo? 'Neosad-sa díbh cad do chuir fán +is ruagairt ar ár dteangain. Leath-chéad +bliadhan o shoin nó ós a chionn bhí sí dá +labhairt go flúirreach ag óg is aosta ar +fuaid na Mumhan, & ba dhóigh le duine ná +tiocfadh aon bhriseadh go bráth uirthi. Bhí +filidheacht le fagháil aisti, bhí scéalta +fiannaidheachta le fagháil aisti, bhí comhrádh +suilt is grinn le fagháil aisti. Dar ndóigh +ba mhaith an rud sain. Acht ní fhéadfadh +daoine maireachtaint ar rannaibh filidheachta, +is ní bhainfeadh eachtraidhe ar Oisín is ar +Oscar an tart ná an t-ocras de mhuirighean +óg neamh-chongantach. Níor féadadh dul +chum cinn le gnó an tsaoghail gan tabhairt +suas éigin oireamhnach, & ní raibh an tabhairt +suas soin le fagháil i nGaedhilg, & bhí sé le +fagháil i mBéarla. Dá bhrigh sin cuireadh an +Ghaedhilg i leath-taoibh & tá a rian uirthi indiu. +Tá an rud céadna soin ar siubhal fá láthair. +Táthar ag cur na Gaedhilge i leath-taoibh +d'fhonn tabhairt suas tairbheach d'fhagháil i +mBéarla. Agus beifear dá cur i leath-taoibh +go mbeidh sé 'n-ar gcumas teagasc +oireamhnach tairbheach a thabhairt i nGaedhilg +do'n aos óg a labhrann í do réir dhúthchais. +Is maith an rud timthiridhe do scaoileadh +amach fá'n dtuaith; is maith an sud +craobhacha do chur ar bun annso is annsúd +'sna críochaibh Gaedhealacha. Ní'l aon locht +agam le fagháil ortha, acht creid mise leis +ní réidhteochaidh timthiridhe an cheist go lá +an chunntais. Dá mbeadh timthire againn i +gcóir gach sráid-bhaile nó gach baile +Gaedhealach & gach timthire a bheith ag obair +go dian dúthrachtach ó cheann ceann na +bliadhna, dá mbeadh craobh do Chonnradh na +Gaedhilge i ngach baile & na leabhair is deise +'san domhan dá gcur amach gach seachtmhain +agus an ceól is bríoghmhaire i nÉirinn dá +spreagadh agus an rinnce is anamamhla le +fagháil fá ghléas againn—ní chuirfeadh na +neithe sin go léir sonas ná bail ar ár +dteangain dá mbadh rud é gur bh'éigin do'n +aos óg iompódh ar an mBéarla chum an +tabhairt suas d'oireann dóibh dá ngnó +saoghail d'fhagháil. Is mar sin atá an scéal +fá láthair, agus is mar sin a bheidh an scéal +go gcuirfear scoileanna fíor-Ghaedhealacha +ar bun. Acht mar adeir Conán Maol, +tosnuightear le héan-scoil amháin. Bíonn +gach aon tosnughadh lag. Lastaréan-choinneal +bheag amháin mar thosnughadh, agus is gearr +go mbeidh soillse ar ndóthain againn. An +bhfeacabhar riamh an chuma i n-a lastar na +coinle 'sna heaglasaidhibh. Nuair a bhíonn +cruinniughadh mór bailighthe le chéile agus +coinneal i láimh gach duine aca, faghthar +aon bhuaiceas bheag amháin; lastar í; lastar +coinneal i láimh dhuine éigin léi, druideann +an duine sin a choinneal ar lasadh chum +coinle a chomhursan, & lasann a choinneal; +lasann siúd coinneal an té bhíonn le n-ais, +agus dá réir sin ritheann an teine ó dhuine +do duine, agus is gearr an mhoill go +bhfeictear blaodhm solais ag gealadh na +heaglaise go lonnrach agus ag cur compórd +is áthas ar na daoinibh ar fad. Is mar sin +a bheidh an scéal againn i dtaoibh na scoile, +cuirtear aon scoil amháin ar bun; lastar +an choinneal bheag amháin, agus is gearr le +congnamh Dé go mbeidh blaodhm soluis ag +éirghe ó chúig áirdibh na hÉireann ná múchfar +go deó na ndeór. Is mithid dúinn +tosnughadh. Is cuma cá gcuirfear an scoil +sin ar bun—i nDún na nGall, i gConntae +na Gaillimhe nó i gCiarraidhe. Acht ó's +Ciarraidheach Conán Maol, ó's Ciarraidheach +"Beirt Fhear" agus ó's Ciarraidheach +mé féin, agus nuair ná fuil aon chríoch ná +Conntae eile ag tabhairt fá'n obair seo, is +dóigh liom gur fearra dhúinn tosnughadh le +Ciarraidhe—áit éigin thiar an fad i mBaile +an Fheirtéirigh nó i nÍbhráthach nó i nGleann +Beithe. B'fhearr liom aon scoil fíor-Ghaedhealach +amháin 'ná dhá thimthire. Caithfear +airgead do sholáthar acht ní dóigh liom go +bfágfaidh na Ciarraidhigh cibé áit i n-a bhfuil +siad aon easnamh orainn, agus ní'l amhras +ná go dtabharfaidh an Árd-fheis congnamh +dúinn agus go mbeannóghaidh sí ár n-obair. +Tosnuighmís le congnamh Dé agus do réir +mo thuairime níor rinneadh obair riamh ar +son ár dteangan níos fearr 'ná an obair +do cheap Conán Maol.</p> + +<p>PÁDRAIG UA DUINNÍN.</p> + + + +<hr style="width: 65%;" /> +<a name="ZIV_CUIRTEAR_CORC_SA_BHAIRILE_FEASTA_A_UAISLE"></a><h2>IV. CUIRTEAR CORC SA BHAIRILE FEASTA, A UAISLE.</h2> +<br /> + +<p>Nuair bhíos-sa ar scoil sa tseana-shaoghal, +ní raibh námhaid ba mhó agam ná bairile. +Seo mar a thárlaidh sin. An mí-fhortún +máighistir a bhí againn, ní raibh oiread mo +dhuirn ann, acht bhí béic asail aige, & rud +ba mheasa na soin, slat chomh fada le slat +Mhaoise. "Anois" adeireadh sé, agus é ag +rástáil síos agus suas, agus ag fáscadh na +slaite ar tí na súl a bhaint asainn, "tá +bairile áirithe ann agus dhá pholl ann—poll +'n-a bhun agus poll 'n-a bharr, agus dhá +corc ionnta. Dá mbeadh an bairle lán +d'uisce agus go dtarraiceoghthá an corc +thíos do bheadh an bairile follamh i gcionn +deich nóimití; acht dá mbeadh sé follamh & +go leogfá uisce isteach ann tríd an bpoll +thuas, do bheadh sé lán i gcionn dhá nóimit +déag. Cuir i gcás anois go mbeadh an +bairile lán, agus go dtarraiceoghthá an dá +chorc i n-éinfheacht, cahuin a bheadh sé i +n-dísc?"</p> + +<p>Is ar an gceist seo do chuimhnigheas an lá +fé dheireadh nuair chonnac aiste Chonáin +Mhaoil mar gheall ar an scoil Ghaedhealaigh. +Mar is solaoid d'Éirinn an bairile úd. +Bhí sí ar scéidhe de Ghaedhilg—cnuasach +saothair intinne ár sinsear romhainn. +Annsoin, do tháinig an fealltóir Sasannaigh, +& do dhein sé poll i dtóin an bhairile, agus +siúd an t-uachtar saidhbhir le fánaidh. I +n-ionad an phuill a stop is amhlaidh a +bhíomar-na, ar nós bhraisile leanbh timcheall +locháin ar thaobh sráide glagair, ag rinnce +& ag bualadh bas le spórt nuair choncamair +na caisí geala ag gabháil síos, agus do rop +cuid againn ár méaranna sa pholl ghá fhairsingiughadh +i gcás go mbeadh tuile níos +mó againn.</p> + +<p>Sul a raibh an tubaist ar fad déanta +againn do tháinig fir chalma Chonnradh na +Gaedhilge d'ár gcose. D'éis aghaidh béil a +thabhairt orainne do chuadar ag stop an +phuill. Acht níor leog an Sasannach dóibh é.</p> + +<p>"Pé nídh is mar a dheineann an Bairile," +ar sé, "is liom-sa an poll soin, agus ní +leómhthaidh sibh barra méire a leogaint +air."</p> + +<p>"Déinimís poll i gceann an bhairilie" +arsa na fir, "agus cuirimís tuilleadh +uachtair ann."</p> + +<p>Do déanadh mar sin, agus do chuireadar +fios ar uachtar ar fuid na tíre le cur 'sa' +bhairile; acht, foríor! tá uachtar gann i +nÉirinn anois. Cuireadh stranncán maith +ó Bhaile Mhúirne chúcha, cuid ó'n nGailimh, +cuid ó Chiaraidhe. Do chuir an tAthair +Peadar tuna uaidh féin chúcha; agus do +bhailigh Cú Uladh, an fear bocht lán poitín +dóibh thall 'sa abhus i dTír Chonaill. 'N-a +n-éaghmais sin, is minic ná raibh le fagháil +aca acht an bainne géar, an lionn caol, & +an bhláthach. Ní ag lochtughadh na ndaoine +n-a thaobh soin atáim, mar thugadar uatha go +toilteanach é, & ní raibh a mhalairt aca.</p> + +<p>Tá atharrach scéil le tamall againn, agus +ó tá is dóigh liom-sa nár mhisde dhúinn +a tharrac chugainn. D'fhág na Sasannaigh an +bairile fúinn féin. Nach mithid dúinn an +corc a chur ann? Bhí tuigsint mhór i +mbairile ag an máighistir úd a bhí orm-sa, +agus déarfadh sé ná tiucfadh leis an +nGobán Saor féin é líonadh faid a fágfidhe +a leogaint uaidh tríd an uathais mhóir úd +'n-a thóin é.</p> + +<p>Ní ag dul i gcumhainge atá an uathais seo, +tá seacht gcomhachta ag cabhrughadh le chéile +chun í leathanughadh ó ló go ló. Farsingi-gheann +rith uisce poll choidhche. Ní'l éan-duine +a thógadh suas le galldachas ná déanfaidh +sé na daoine a bheidh 'n-a chomhluadar +gallda mar é féin. Chonnac-sa an lá eile +triúr leanbh óga nár chuaidh ar scoil riamh +ghá dhéanamh so le na sean-mháthair agus í i +n-aois a ceithre fichid. Bhí "<i>tiss</i>, a laogh," +agus "<i>neo</i>, a laogh," agus "<i>mindeen +yoursel</i>, a chuidín," ar bharra a teangan ó +mhaidin go hoidhche aici dhóibh. Tá an traen +agus na camthaí seirbhíseach a bhíonn na feidhil +á dhéanamh; tá an post, & buachaillí an +phuist a théidheann ó thigh go tigh san tuaith +dá dhéanamh; tá páipéar na seachtmhaine á +dhéanamh; an gnó céadna ar siubhal san +scoil & san séipéal; na timthirí atá amuigh +ó sna Bórdaibh seo a bhíonn ag comhairliughadh +na bhfeirmeóirí; na tighthe ósta & na +cuairteóirí & a lucht leanamhana—tá siad so +uile ag méadughadh an phuill úd, mar tá +siad ó cheann ceann de'n bhliadhain ag +dingeadh Béarla isteach ár gcluasaibh.</p> + +<p>Féachaimís anois an bhfuil ár sciath-chosanta +leathan láidir a dhóthain chun na +náimhde uile seo a choimeád uainn amach. +Tá ár seasamh ar na páistíbh. Chíonn gach +éinne é sin. Caillimís iad, agus tá sé chomh +maith againn 'slán beó' fhágaint ag ár +mbairile go deó. Coimeádamís Gaedhealach +iad, agus tá an lá linn. Ní fheadar an +dtuigid do léightheóirí deacracht an nídh +seo ámhthach. Labhradh éan-athair cloinne atá +ag casadh le n-a leanbhaí féin a thabhairt suas +mar badh chóir. Badh mhaith liom focal ó +Pheadar Ó Laoidhléis ar an gceist seo. Sé +lóbh is dóigh liom adeir gur cogadh síoraidhe +beatha dhuine ar an saoghal. Acht deirm-se +ná fuil sa chogadh so acht neamh-nídh seachas +an cogadh a bhíonn ar gach teinteán i n-a +mbítear ag casadh le leanbhaí do choimeád +Geadhealach i n-indheóin na náimhde do +áirimhigheas thuas. Agur má's mar seo atá +an scéal ag leanbhaí na nGaedhilgeóirí connus +atá sé ag an marcsluagh ná tabharfadh a +dtúismidhthe biorán buidhe ar ciaca bheidís +Gaedhealach nó Gallda! Cad do dhéinimíd-na, +muinntir na Gaedhilge, do sna leanbhaíbh +seo.</p> + +<p>Múinimíd páidreacha Gaedhilge dhóibh, ach +is i mBéarla déanfaidh an sagart agus an +t-Easpog iad do cheistiughadh; múinimíd +dóibh connus Gaedhilg do léigheamh, acht óir +is scoil Bhéarla í, caithfidh an Béarla bheith i +mbun 's i mbárr ár gcuid oibre. Múinimíd +rinnce Gaedhealach dhóibh, acht is i mBéarla +dhéanfaid siad cainnt air agus úsáid de +n-a dhiaidh sin. Sé an scéal céadna ag gach +nídh eile é. Ní'l an fear soin cruthanta +fós a dhéanfadh nídh do bh'fearr de leanbhaíbh +leis an saghas so oideachais ná <i>Anglo Irishmen</i>. +Sin é go cruínn atá againn dá +dhéunamh díobh. Ní'l ann acht ag casadh +le baraile na tóna briste do líonadh.</p> + +<p>Ní'l réiteach na ceiste seo, ná sábháil na +teangan le fagháil taobh amuigh de'n scoil +Ghaedhealaigh. Is éigin na leanbhaí do chur +uirthi, & gach nídh d'oirfidh dóibh a mhúineadh i +nGaedhilg. Ní dhéanfadh an galldachas díth +ná dochair annsoin dóibh. Do thuitfeadh sé +siar síos díobh mar a thuiteann an braon +de'n lachain. Ní féidir an teagasc so +thabhairt i n-éan-scoil náisiúnta indiu. Ní'l +sa cheann is fearr aca so go fíor acht scoil +ghallda. Caithfimíd féin, ar an adhbhar soin, +costas na scoile d'fhulang sa chéad fháscadh.</p> + +<p>Ní'l amhrus ar domhan, ar a shon sain, má +chuirfimíd suas í, & má théidheann an obair +chun cinn innti—má thigeann linn gnó tairbheach +a dhéanamh innti—níl amhras ar domhan +ná go ndíolfadh an bórd léighinn asti i +gcionn chúpla bliadhain, & ná go leogfaidís +dúinne leanamhaint do'n obair do chuireamair +ar bun innti.</p> + +<p>Is dóigh liom féin go mbeidh eagla an +chostais ar an gCoiste Ghnótha; agus má +bhíonn is dócha gur bh'fhéidir do dhaoinibh +lasmuigh de'n Choiste an t-airgead do +dhéanamh suas. Táim chomh cinnte go +bhfuil an scoil ag teastáil uainn, chomh cinnte +go ndíolfadh an Bórd i gcionn chúpla +bliadhan aisti, agus annsoin gur bh'fhéidir +dúinn mórán dá saghas a bheith againn; chomh +cinnte go bhfuil saoradh na teangan innte, +go dtabharfad £5 d'éan-fhuireann Gaedhilgeóirí +a chuirfidh le chéile chun í do sholáthar.</p> + +<p>Tá saothar mór déanta le deich mbliadhna +againn. Ba ró-lag é ár dtosnughadh: +Ní'l bliadhain a ghabhann tharainn ná tugamaoid +coiscéinn chun cinn—ná téidhimíd pas +beag níos aoirde. Is maith é sin. Leanamís +de. <i>Excelsior</i> choidhche! Tá coiscéim na +bliadhna so gan tabhairt fós againn. +Tugaimís chun scoile Chonáin í.</p> + +<p>GRUAGACH an TOBAIR.</p> + +<hr style="width: 65%;" /> + +<h3>AN CLÓ-CHUMANN, (Teóranta),<br /> +Clódóirí Gaedhilge, Sráid Mhór na Trágha,<br /> +Baile Átha Cliath.</h3> + +<hr style="width: 100%;" /> + + + + + + + + + +<pre> + + + + + +End of the Project Gutenberg EBook of Leabhráin an Irisleabhair--III +by "Chonán Maol", "Beirt Fhear", An tAthair Pádraig Ó Duinnín, agus "Gruagach an Tobair" + +*** END OF THIS PROJECT GUTENBERG EBOOK LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR--III *** + +***** This file should be named 16122-h.htm or 16122-h.zip ***** +This and all associated files of various formats will be found in: + https://www.gutenberg.org/1/6/1/2/16122/ + +Produced by Brendan O'Connor and the Online Distributed +Proofreading Team at https://www.pgdp.net + + +Updated editions will replace the previous one--the old editions +will be renamed. + +Creating the works from public domain print editions means that no +one owns a United States copyright in these works, so the Foundation +(and you!) can copy and distribute it in the United States without +permission and without paying copyright royalties. Special rules, +set forth in the General Terms of Use part of this license, apply to +copying and distributing Project Gutenberg-tm electronic works to +protect the PROJECT GUTENBERG-tm concept and trademark. Project +Gutenberg is a registered trademark, and may not be used if you +charge for the eBooks, unless you receive specific permission. If you +do not charge anything for copies of this eBook, complying with the +rules is very easy. You may use this eBook for nearly any purpose +such as creation of derivative works, reports, performances and +research. They may be modified and printed and given away--you may do +practically ANYTHING with public domain eBooks. Redistribution is +subject to the trademark license, especially commercial +redistribution. + + + +*** START: FULL LICENSE *** + +THE FULL PROJECT GUTENBERG LICENSE +PLEASE READ THIS BEFORE YOU DISTRIBUTE OR USE THIS WORK + +To protect the Project Gutenberg-tm mission of promoting the free +distribution of electronic works, by using or distributing this work +(or any other work associated in any way with the phrase "Project +Gutenberg"), you agree to comply with all the terms of the Full Project +Gutenberg-tm License (available with this file or online at +https://gutenberg.org/license). + + +Section 1. General Terms of Use and Redistributing Project Gutenberg-tm +electronic works + +1.A. By reading or using any part of this Project Gutenberg-tm +electronic work, you indicate that you have read, understand, agree to +and accept all the terms of this license and intellectual property +(trademark/copyright) agreement. If you do not agree to abide by all +the terms of this agreement, you must cease using and return or destroy +all copies of Project Gutenberg-tm electronic works in your possession. +If you paid a fee for obtaining a copy of or access to a Project +Gutenberg-tm electronic work and you do not agree to be bound by the +terms of this agreement, you may obtain a refund from the person or +entity to whom you paid the fee as set forth in paragraph 1.E.8. + +1.B. "Project Gutenberg" is a registered trademark. It may only be +used on or associated in any way with an electronic work by people who +agree to be bound by the terms of this agreement. There are a few +things that you can do with most Project Gutenberg-tm electronic works +even without complying with the full terms of this agreement. See +paragraph 1.C below. There are a lot of things you can do with Project +Gutenberg-tm electronic works if you follow the terms of this agreement +and help preserve free future access to Project Gutenberg-tm electronic +works. See paragraph 1.E below. + +1.C. The Project Gutenberg Literary Archive Foundation ("the Foundation" +or PGLAF), owns a compilation copyright in the collection of Project +Gutenberg-tm electronic works. Nearly all the individual works in the +collection are in the public domain in the United States. If an +individual work is in the public domain in the United States and you are +located in the United States, we do not claim a right to prevent you from +copying, distributing, performing, displaying or creating derivative +works based on the work as long as all references to Project Gutenberg +are removed. Of course, we hope that you will support the Project +Gutenberg-tm mission of promoting free access to electronic works by +freely sharing Project Gutenberg-tm works in compliance with the terms of +this agreement for keeping the Project Gutenberg-tm name associated with +the work. You can easily comply with the terms of this agreement by +keeping this work in the same format with its attached full Project +Gutenberg-tm License when you share it without charge with others. + +1.D. The copyright laws of the place where you are located also govern +what you can do with this work. Copyright laws in most countries are in +a constant state of change. If you are outside the United States, check +the laws of your country in addition to the terms of this agreement +before downloading, copying, displaying, performing, distributing or +creating derivative works based on this work or any other Project +Gutenberg-tm work. The Foundation makes no representations concerning +the copyright status of any work in any country outside the United +States. + +1.E. Unless you have removed all references to Project Gutenberg: + +1.E.1. The following sentence, with active links to, or other immediate +access to, the full Project Gutenberg-tm License must appear prominently +whenever any copy of a Project Gutenberg-tm work (any work on which the +phrase "Project Gutenberg" appears, or with which the phrase "Project +Gutenberg" is associated) is accessed, displayed, performed, viewed, +copied or distributed: + +This eBook is for the use of anyone anywhere at no cost and with +almost no restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or +re-use it under the terms of the Project Gutenberg License included +with this eBook or online at www.gutenberg.org + +1.E.2. If an individual Project Gutenberg-tm electronic work is derived +from the public domain (does not contain a notice indicating that it is +posted with permission of the copyright holder), the work can be copied +and distributed to anyone in the United States without paying any fees +or charges. If you are redistributing or providing access to a work +with the phrase "Project Gutenberg" associated with or appearing on the +work, you must comply either with the requirements of paragraphs 1.E.1 +through 1.E.7 or obtain permission for the use of the work and the +Project Gutenberg-tm trademark as set forth in paragraphs 1.E.8 or +1.E.9. + +1.E.3. If an individual Project Gutenberg-tm electronic work is posted +with the permission of the copyright holder, your use and distribution +must comply with both paragraphs 1.E.1 through 1.E.7 and any additional +terms imposed by the copyright holder. Additional terms will be linked +to the Project Gutenberg-tm License for all works posted with the +permission of the copyright holder found at the beginning of this work. + +1.E.4. Do not unlink or detach or remove the full Project Gutenberg-tm +License terms from this work, or any files containing a part of this +work or any other work associated with Project Gutenberg-tm. + +1.E.5. Do not copy, display, perform, distribute or redistribute this +electronic work, or any part of this electronic work, without +prominently displaying the sentence set forth in paragraph 1.E.1 with +active links or immediate access to the full terms of the Project +Gutenberg-tm License. + +1.E.6. You may convert to and distribute this work in any binary, +compressed, marked up, nonproprietary or proprietary form, including any +word processing or hypertext form. However, if you provide access to or +distribute copies of a Project Gutenberg-tm work in a format other than +"Plain Vanilla ASCII" or other format used in the official version +posted on the official Project Gutenberg-tm web site (www.gutenberg.org), +you must, at no additional cost, fee or expense to the user, provide a +copy, a means of exporting a copy, or a means of obtaining a copy upon +request, of the work in its original "Plain Vanilla ASCII" or other +form. Any alternate format must include the full Project Gutenberg-tm +License as specified in paragraph 1.E.1. + +1.E.7. Do not charge a fee for access to, viewing, displaying, +performing, copying or distributing any Project Gutenberg-tm works +unless you comply with paragraph 1.E.8 or 1.E.9. + +1.E.8. You may charge a reasonable fee for copies of or providing +access to or distributing Project Gutenberg-tm electronic works provided +that + +- You pay a royalty fee of 20% of the gross profits you derive from + the use of Project Gutenberg-tm works calculated using the method + you already use to calculate your applicable taxes. The fee is + owed to the owner of the Project Gutenberg-tm trademark, but he + has agreed to donate royalties under this paragraph to the + Project Gutenberg Literary Archive Foundation. Royalty payments + must be paid within 60 days following each date on which you + prepare (or are legally required to prepare) your periodic tax + returns. Royalty payments should be clearly marked as such and + sent to the Project Gutenberg Literary Archive Foundation at the + address specified in Section 4, "Information about donations to + the Project Gutenberg Literary Archive Foundation." + +- You provide a full refund of any money paid by a user who notifies + you in writing (or by e-mail) within 30 days of receipt that s/he + does not agree to the terms of the full Project Gutenberg-tm + License. You must require such a user to return or + destroy all copies of the works possessed in a physical medium + and discontinue all use of and all access to other copies of + Project Gutenberg-tm works. + +- You provide, in accordance with paragraph 1.F.3, a full refund of any + money paid for a work or a replacement copy, if a defect in the + electronic work is discovered and reported to you within 90 days + of receipt of the work. + +- You comply with all other terms of this agreement for free + distribution of Project Gutenberg-tm works. + +1.E.9. If you wish to charge a fee or distribute a Project Gutenberg-tm +electronic work or group of works on different terms than are set +forth in this agreement, you must obtain permission in writing from +both the Project Gutenberg Literary Archive Foundation and Michael +Hart, the owner of the Project Gutenberg-tm trademark. Contact the +Foundation as set forth in Section 3 below. + +1.F. + +1.F.1. Project Gutenberg volunteers and employees expend considerable +effort to identify, do copyright research on, transcribe and proofread +public domain works in creating the Project Gutenberg-tm +collection. Despite these efforts, Project Gutenberg-tm electronic +works, and the medium on which they may be stored, may contain +"Defects," such as, but not limited to, incomplete, inaccurate or +corrupt data, transcription errors, a copyright or other intellectual +property infringement, a defective or damaged disk or other medium, a +computer virus, or computer codes that damage or cannot be read by +your equipment. + +1.F.2. LIMITED WARRANTY, DISCLAIMER OF DAMAGES - Except for the "Right +of Replacement or Refund" described in paragraph 1.F.3, the Project +Gutenberg Literary Archive Foundation, the owner of the Project +Gutenberg-tm trademark, and any other party distributing a Project +Gutenberg-tm electronic work under this agreement, disclaim all +liability to you for damages, costs and expenses, including legal +fees. YOU AGREE THAT YOU HAVE NO REMEDIES FOR NEGLIGENCE, STRICT +LIABILITY, BREACH OF WARRANTY OR BREACH OF CONTRACT EXCEPT THOSE +PROVIDED IN PARAGRAPH F3. YOU AGREE THAT THE FOUNDATION, THE +TRADEMARK OWNER, AND ANY DISTRIBUTOR UNDER THIS AGREEMENT WILL NOT BE +LIABLE TO YOU FOR ACTUAL, DIRECT, INDIRECT, CONSEQUENTIAL, PUNITIVE OR +INCIDENTAL DAMAGES EVEN IF YOU GIVE NOTICE OF THE POSSIBILITY OF SUCH +DAMAGE. + +1.F.3. LIMITED RIGHT OF REPLACEMENT OR REFUND - If you discover a +defect in this electronic work within 90 days of receiving it, you can +receive a refund of the money (if any) you paid for it by sending a +written explanation to the person you received the work from. If you +received the work on a physical medium, you must return the medium with +your written explanation. The person or entity that provided you with +the defective work may elect to provide a replacement copy in lieu of a +refund. If you received the work electronically, the person or entity +providing it to you may choose to give you a second opportunity to +receive the work electronically in lieu of a refund. If the second copy +is also defective, you may demand a refund in writing without further +opportunities to fix the problem. + +1.F.4. Except for the limited right of replacement or refund set forth +in paragraph 1.F.3, this work is provided to you 'AS-IS', WITH NO OTHER +WARRANTIES OF ANY KIND, EXPRESS OR IMPLIED, INCLUDING BUT NOT LIMITED TO +WARRANTIES OF MERCHANTIBILITY OR FITNESS FOR ANY PURPOSE. + +1.F.5. Some states do not allow disclaimers of certain implied +warranties or the exclusion or limitation of certain types of damages. +If any disclaimer or limitation set forth in this agreement violates the +law of the state applicable to this agreement, the agreement shall be +interpreted to make the maximum disclaimer or limitation permitted by +the applicable state law. The invalidity or unenforceability of any +provision of this agreement shall not void the remaining provisions. + +1.F.6. INDEMNITY - You agree to indemnify and hold the Foundation, the +trademark owner, any agent or employee of the Foundation, anyone +providing copies of Project Gutenberg-tm electronic works in accordance +with this agreement, and any volunteers associated with the production, +promotion and distribution of Project Gutenberg-tm electronic works, +harmless from all liability, costs and expenses, including legal fees, +that arise directly or indirectly from any of the following which you do +or cause to occur: (a) distribution of this or any Project Gutenberg-tm +work, (b) alteration, modification, or additions or deletions to any +Project Gutenberg-tm work, and (c) any Defect you cause. + + +Section 2. Information about the Mission of Project Gutenberg-tm + +Project Gutenberg-tm is synonymous with the free distribution of +electronic works in formats readable by the widest variety of computers +including obsolete, old, middle-aged and new computers. It exists +because of the efforts of hundreds of volunteers and donations from +people in all walks of life. + +Volunteers and financial support to provide volunteers with the +assistance they need, is critical to reaching Project Gutenberg-tm's +goals and ensuring that the Project Gutenberg-tm collection will +remain freely available for generations to come. In 2001, the Project +Gutenberg Literary Archive Foundation was created to provide a secure +and permanent future for Project Gutenberg-tm and future generations. +To learn more about the Project Gutenberg Literary Archive Foundation +and how your efforts and donations can help, see Sections 3 and 4 +and the Foundation web page at https://www.pglaf.org. + + +Section 3. Information about the Project Gutenberg Literary Archive +Foundation + +The Project Gutenberg Literary Archive Foundation is a non profit +501(c)(3) educational corporation organized under the laws of the +state of Mississippi and granted tax exempt status by the Internal +Revenue Service. The Foundation's EIN or federal tax identification +number is 64-6221541. Its 501(c)(3) letter is posted at +https://pglaf.org/fundraising. Contributions to the Project Gutenberg +Literary Archive Foundation are tax deductible to the full extent +permitted by U.S. federal laws and your state's laws. + +The Foundation's principal office is located at 4557 Melan Dr. S. +Fairbanks, AK, 99712., but its volunteers and employees are scattered +throughout numerous locations. Its business office is located at +809 North 1500 West, Salt Lake City, UT 84116, (801) 596-1887, email +business@pglaf.org. Email contact links and up to date contact +information can be found at the Foundation's web site and official +page at https://pglaf.org + +For additional contact information: + Dr. Gregory B. Newby + Chief Executive and Director + gbnewby@pglaf.org + +Section 4. Information about Donations to the Project Gutenberg +Literary Archive Foundation + +Project Gutenberg-tm depends upon and cannot survive without wide +spread public support and donations to carry out its mission of +increasing the number of public domain and licensed works that can be +freely distributed in machine readable form accessible by the widest +array of equipment including outdated equipment. Many small donations +($1 to $5,000) are particularly important to maintaining tax exempt +status with the IRS. + +The Foundation is committed to complying with the laws regulating +charities and charitable donations in all 50 states of the United +States. Compliance requirements are not uniform and it takes a +considerable effort, much paperwork and many fees to meet and keep up +with these requirements. We do not solicit donations in locations +where we have not received written confirmation of compliance. To +SEND DONATIONS or determine the status of compliance for any +particular state visit https://pglaf.org + +While we cannot and do not solicit contributions from states where we +have not met the solicitation requirements, we know of no prohibition +against accepting unsolicited donations from donors in such states who +approach us with offers to donate. + +International donations are gratefully accepted, but we cannot make +any statements concerning tax treatment of donations received from +outside the United States. U.S. laws alone swamp our small staff. + +Please check the Project Gutenberg Web pages for current donation +methods and addresses. Donations are accepted in a number of other +ways including including checks, online payments and credit card +donations. To donate, please visit: https://pglaf.org/donate + + +Section 5. General Information About Project Gutenberg-tm electronic +works. + +Professor Michael S. Hart was the originator of the Project Gutenberg-tm +concept of a library of electronic works that could be freely shared +with anyone. For thirty years, he produced and distributed Project +Gutenberg-tm eBooks with only a loose network of volunteer support. + +Project Gutenberg-tm eBooks are often created from several printed +editions, all of which are confirmed as Public Domain in the U.S. +unless a copyright notice is included. Thus, we do not necessarily +keep eBooks in compliance with any particular paper edition. + +Most people start at our Web site which has the main PG search facility: + + https://www.gutenberg.org + +This Web site includes information about Project Gutenberg-tm, +including how to make donations to the Project Gutenberg Literary +Archive Foundation, how to help produce our new eBooks, and how to +subscribe to our email newsletter to hear about new eBooks. + +*** END: FULL LICENSE *** + + + +</pre> + +</body> +</html> diff --git a/16122-h/images/image01.png b/16122-h/images/image01.png Binary files differnew file mode 100644 index 0000000..9ec54e8 --- /dev/null +++ b/16122-h/images/image01.png diff --git a/16122-h/images/image02.png b/16122-h/images/image02.png Binary files differnew file mode 100644 index 0000000..33cf37d --- /dev/null +++ b/16122-h/images/image02.png |
